CÚINNE NA nEALAÍON
Bochtáin Luimnigh
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.

Íomhá
Pauper Limerick le David Fleming & John Logan
(Coimisiún Lsí. na hÉireann)
Íomhá
Scoil Cheartúcháin an Daingin, Uíbh Fhailí
(cc le Suckindiesel ar Vicipéid)
Íomhá
Cnap oibre
(Samuli Lintula ar Vicipéid)

Bhí an t-uafás díospóireachta, mionscrúdú agus iniúchadh anama ar siúl le blianta beaga anuas maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna forais éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt”agus na scoileanna ceartúcháin ina measc. Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sincén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.

I dtaca le ginealach na bhforas sin a bhí i mbéal an phobail le blianta anuas, tithe na ngealt, na neachtlanna Maigdiléana agus na scoileanna ceartúcháin san áireamh, foilsíodh leabhar spéisúil le déanaí, leabhar tinrimh dar teideal Pauper Limerick a thugann léargas thar a bheith spéisúil dúinn ar Theach na mBocht i gCathair Luimnigh ag deireadh an ochtú haois déag. Tá tagairtí sa leabhar seo do ghairmeacha beatha a raibh an fhánaíocht ag baint leo go minic agus atá dearmadta le fadalucht déanta sreangáin agus díoltóirí tae agus tobac, coirpigh agus striapacha, oibrthe lása, gréasaithe, súdairí, déantóirí folt bréagach, agus déantóirí pinn. Tugann an béaloideas léargas dúinn ar go leor acu agus ar a dteanga:

‘Tobac, tobac, a chailleacha,
tobac Bhaile Locha Riach
A cuireadh anuraidh
agus a baineadh i mbliana.”

An Lucht Siúil

Go leor de na créatúirí a cuireadh isteach i Scoil Cheartúcháin Luimnigh, lucht bóthair ab ea iad. Níor thaithin an fhánaíocht leis na coilínigh agus shocraigh siad deireadh a chur leis. B’eiseamláir den bharbarthacht agus den easpa sibhialtachta í an fhánaíocht dar leo. Ba chomhartha é go raibh de dhualgas ar na Sasanaigh sinn a smachtú agus a bhéasú. Rialaigh na húdaráis sa bhliain 1635 go mba cheart “tithe ceartúcháin” a bhunú i ngach baile mór in Éirinn. Bhíodar sin ag teastáil go géar i gcomhair “the able-bodied poor who refused to work and for other miscreants”.

Bheadh céad bliain eile ann sular cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm áfach. Ba é Bardas Luimnigh an chéad áit in Éirinn chun “house of industry” a thógáil agus tosaíodh ar na boicht agus fánaithe eile a bhaint de na sráideanna go brúidúil ón mbliain 1774 ar aghaidh. I mí na Bealtaine 1885, ghabh na húdaráis i Luimneach mná ar tugadh striapacha orthu agus sciobairí póca (idir fhir is mhná) agus bearradh gruaig na mban sular ligeadh isteach sa Teach Oibreachais iad, i.e. Teach Ceartúcháin).

Idir 1774 agus 1793 cuireadh 2747 duine isteach sa Teach sin i Luimneach; 51 faoin gcéad díobh ba fir iad, 49% ba mhná iad. Níor thóg sé rófhada ar na húdaráis an córas nua seo a dhaingniú in aigne na ndaoine. Deirtear gur tháinig 1207 de na daoine sin isteach sa Teach Ceartúcháin dá ndeoin féin – sin dhá dtrian de na daoine nó 64 faoin gcéad díobh. Spéisiúil go maith, d’iarr leath de na mná a cláraíodh mar striapacha iad sa tréimhse fiche bliain a bheith istigh dá ndeoin féin.

Bogaimis ar aghaidh dhá chead bliain go dtí blianta deireanacha an fhichiú haois agus an Magdalen Laundry i Luimneach – an teach ceartúcháin deiridh sa chathair agus na mná ann níos institúdaithe ann ná mar a bhí riamh. Gach aon bhean, nach mór, ar cuireadh striapachas ina leith agus a d’éalaigh thar an bhfalla, bhí sí ar ais arís laistigh de dhá lá. Cé a thug ar ais iad? Chuaigh siad féin ar ais mar nach raibh aon áit dóibh ach na sráideanna fuara.

Sa tréimhse sin a ndéanann an leabhar seo cíoradh air, ba pháistí iad beagáinín ós cionn 10 faoin gcéad de na daoine a fuair bás sa teach sin. Deir na figiúirí oifigiúla ár linne féin gur cailleadh 199 páiste agus iad faoi chúram an stáit in Éirinn idir Lá Eanair 2000 agus 30 Aibreán 2010. Déanaimid neamhchúram in aicme amháin nó eile i rith an ama is cosúil, faraor.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.