Bhí John-Paul Mc Carthy ag blaiseadh de leabhar mór toirtiúil aistí le deireanas, leabhar a léiríonn gnéithe de shaol is d’ionramháil saíocht na hÉireann.
Ní minic a chruthaítear scoláire chomh ghéarchúiseach oilte le Gearóid Ó Crualaoich. Eisean a chur tús leis an iniúchadh stairiúil ar fhoclóir ait de Valera trí mheán an “primacy of form” aige siúd. Ó Crualaoich an fear a bhain feidhm as saothar Mháirtín Uí Chadhain chun laigeachtaí na sean-nósanna stairiúla a bhéimniú, ach go háirithe teipeanna éagsúla an chur chuige stairiúil sin a chuireann an iomad béime ar thionchuir sheachtaracha. Agus eisean an t-aon scoláire sinsearach Éireannach le fiche bliain anuas beagnach a chur ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar an mbearna leathan sin a sheasann os comhair an 20ú aois agus an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol. B’iad na dúshláin tuisceana seo príomhthéama a leabhair bhreá sheanchais ar an gCailligh Bhéarra, The Book of the Cailleach: Stories of the Wise-Woman Healer (Cork, 2004), áit a ndearna sé mionscagadh ar an gcultúr béil Gaelach.
Agus sinn ag iomrascáil leis an dtraidisiún ársa caillte seo, scríobh sé mar gheall ar “coimcne” nó “a shared universe of Irish cultural discourse and identification”, ré chaillte a chuireann iachall orainn “selective construction” a dhéanamh d’fhonn tús a chur leis an staidéar stairiúil ex post facto. Ní minic a léitear léargais agus áitimh chomh léannta agus chomh samhlaíochtúil leis an méid seo, ach mar a dúirt a bheirt pháirtí ó Roinn an Léinn Dhúchais i gColáiste na hOllscoile Corcaigh insa bhFestschrift breá seo, S. Ó Cadhla, D. Ó Giolláin (eagr.), Léann an dúchais: aistí in ómós do Ghearóid Ó Crualaoich (Corcaigh, 2012), ní féidir saothar Uí Chrualaoich a chur trína chéile gan dul i ngleic le smaointí uilíocha. Thug Joyce “myriad minded man” ar an bhfile Coleridge áit éigin i Ulysses, agus déanfaidh sé sin an chúis go breá dá chomhghuaillí béaloideasa.
Oidhreacht na Cruinne
Mar urraim dá gcara, thairg scoláirí éagsúla aistí speisialta. Ach is í aiste iontach Dhiarmuid Uí Ghiolláin an rud is luachmhaire sa bhFestschrift seo, gan trácht ar an seoladh isteach pearsanta a dhéanann achoimriú suimiúil ar éachtaí intleachtúla a charad le tríocha bliain anuas. Teastaíonn ón nGiollánach nascanna a dhéanamh idir saíocht na hÉireann agus cultúir ilghnéitheacha an domhain ina aiste, “Litríocht náisiúnta, aontaí idirnáisiúnta, oidhreacht dhomhanda”. Ní oileán iarghúlta sinn beag ná mór agus an aiste seo á leámh. Osclaíodh Páirc Mhic Gearailt i dTobar Rí an Domhnaigh i gCathair Chorcaí mar áis phoiblí i 1901 cúpla bliain gonta i ndiaidh an Exposition universalle de chuid mhuintir Phárais agus an tionól cáiliúil i Chicago Mheiriceá in 1893, an World Columbian Exposition, tionól dar chum an Pledge of Allegiance síoraí.
Agus athbheochan na Gaeilinne á míniú aige, baineann sé úsáid as comhairleoirí idirnáisiúnta chun eachtraí dúchasacha a thuiscint. Deir Herder na Gearmáine, Elias Lönnrott na Fionnlainne agus José Hernández na hAirgintíne fiú, nach bhfuil neart ag aon chultúr ar fhéinscrúdú cultúrtha. Agus téama an thírghrá á chíoradh anseo, dearbhaíonn Ó Giolláin: “Ba sa státnáisiún a cruthaíodh an chéad nua-aoiseacht”, léargas a chuireann argóintí níos seanda scoláirí éagsúla eile i gcuimhne dúinn. (Scríobh an saineolaí cultúir Carl Schorske mar shampla ina leabhar iontach mar gheall ar Vín de chuid Freud agus Klimt gur shlánú intleachtúil an náisiúnachas ann ós rud é gur sheas an bhrionglóid Grossdeutsch an fód os comhair an impiriúlachais ghránna in 1848).
Úsáideann Ó Giolláin réimse leathan de theangacha agus thaighde chun solas uilíoch a scaladh ar théamaí áitiúla, agus más ea, déanann sé cáineadh corraitheach sub silentio ar argóintí D. A. Binchey agus Shéamuis Uí Dhuilearga - an saineolaí béaloideasa is tábhachtaí roimis Ó Crualaoich féin - “nach raibh sé indhéanta ábhair léinn a theagasc trí mhéan na Gaeilinne.”
Aitheantas Seachtrach
Tugann Ó Giolláin an deis don Ghaeilge ábhair theibí, fealsúnachta, domhanda a scagadh, rud a chuireann beocht agus samhlaíocht nua i gcroílár na teangan. Ní theipeann air ach uair amháin le linn na haiste seo áfach nuair a dhéanann sé gearán mar gheall ar cháipéis tábhachtach de chuid UNESCO, .i. an coinbhinsean um chosaint na hoidhreachta cultúrtha neamhábhartha dar cuireadh i dteannta a chéile i bPáras i 2003. De réir dealraimh, dhiúltaigh an Bhreatain agus Rialtas na hÉireann é seo a shíniú agus theip orthu cosaint ón ndlí idirnáisiúnta a dh’fháilt do chultúr traidisiúnta Gaelach na tíre. (Rinne an Giollánach an coinbhinsean féin a aistriú go Gaeilge gan aon chostas sa bhreis san aiste!).
Seo seanghearán áfach, gearán a leagann an iomad béime ar chosaint riaracháin agus aitheantas seachtarach don Ghaeilge agus don choimcne Gaelach ginearálta. ’Sé seo cur chuige teibí na bhfichidí agus na dtríochaidí, eiseamláir brónach fiú den “primacy of form” sin aige Ó Crualaoich a chuireann ualach ar fhorais agus ar dhlíthe nuair ba chóir an t-ualach chéanna ar chur ar ghualainn dhaonna. D’fhéadfaí a rá gur cruthaíodh coinbhinsean cosúil le cáipéas UNESCO cheana féin agus thugamar an leagan Gaelach de Bhunreacht na hÉireann air, leagan atá lán go béal le difríochtaí i gcomórtas leis an leagan Béarla. Ní haoibhinn an ceol é sin ach an oiread toisc gur chruthaigh an t-aitheantas dleathach sin deacrachtaí ilghnéitheacha don choimcne Gaelach. Thuig Gearóid Ó Crualaoich é sin níos fearr ná aon scoláire eile dá linne. Nár lagaí Dia a pheann ná roinnt a léinn orainn riamh.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.