Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir David Foster Wallace le gairid. Bhreac John-Paul Mc Carthy an t-alt seo ina urraim.
Ní foláir an chéad leathanach den leabhar deireanach a chum David Foster Wallace a léamh fé dhó sula dtagann iarsma James Joyce chun solais. Cineál billet-doux do thírdhreach ildaite an American Midwest ab ea The Pale King, an leabhar a d’fhág Wallace ar a bhórd cúpla nóiméad sula bheartaigh sé é féin a chrochadh ina theach cónaithe i gCalifornia. Cé gur dianscagadh an leabhar féin ar an ndromchlár ar imeachtaí leadránacha rúnda an Internal Revenue Service sna hochtóidí, scrúdú ab ea é i ndáiríre ar fhisiciúlacht thimpeallacht ársa Mheiriceá. Deintear cur síos ar shuíomh oifige éigin de chuid an IRS ar an gcéad leathanach: “Past the flannel plains and blacktop graphs and skylines of canted rust, and past the tobacco-brown river overhung with weeping trees and coins of sunlight through them on the water downriver, to the place beyond the windbreak, where untilled fields simmer shrilly in the a.m. heat”.
D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig an sliocht íogair dianmhothaitheach seo as chuimhní cinn General Grant, fear eile a chuir spéis ghairmiúil i ndathanna na n-aibhneacha. Ach íomhánna Joysúla (aidiacht Uí Chadhain é sin) na boinn sin a luann Wallace, boinn an tsolais. Nuair a chríochnaigh beirt ag caint lena chéile i reilig éigin ag tús Ulysses, dúirt Leopold Bloom leis féin: “On his wise shoulders through the checkerwork of leaves the sun flung spangles, dancing coins.”
Scairteadh Seodra fén bhFannléas
Crann, duilleoga, bonn ór, íomhánna sainiúla an scríbhneora Joysúil. Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo. Deirtear gur chaith Wallace formhór a shaoil róghonta cromtha leis na leabhair, agus más ea, is deacair an rud é nascanna beachta a dhéanamh idir a chuid scríbhneoireachta agus na máistreacha a tháinig roimhe.
Ach ó thaobh Joyce de, feictear na cleasanna céanna i bprós Wallace is a fheictear in oeuvre an Éireannaigh: an bhéim chéanna ar an leadránacht nó “paralysis”, an íogaireacht chéanna dos na riachtanaisí fisiciúla daonna is bunúsaí, an diúltú céanna don íoróin agus don searbhas, mar aon le rialacha stairiúla liteartha a rinne iarracht guth an scríbhneora a chur fé smacht. Dhéanadh Joyce rud éigin fíorthábhachtach freisin ina chuid leabhair gur fiú cuimhneamh air freisin. D’fhonn nath nó íomhá nó léargas speisialta a dhaingniú i samhlaíocht an léitheora, chuireadh Joyce iad fé cheilt i lár aigéin próis. Theastaigh uaidh an léitheoir a bhodhrú le mionsonraí éigiallta agus díreach nuair a bheadh sé ar tí géilleadh don tuirse, chaitheadh Joyce na boinn órga sin ar an leathanach. Rud tobann ab ea í an ghalántacht ina phrós agus ní foláir nó gur fhoghlaim Wallace an tseift seo uaidh.
Leochaileacht Beatha Linbh
Caithfidh tú troid i gcoinne rabhartha na mionsonraí agus DFW á dhíleá, agus faigheann na léitheoirí a ghlacann leis an ndúshlán sin duaiseanna iontacha fé dheireadh. Is féidir an straitéis seo a bhrath san aiste a scríobh Wallace ar bhuanna fisiciúla Roger Federer, an laoch leadóige Eilbhéiseach, fé theidil, Roger Federer as religious experience. (Imreoir leadóige fíorchumasach ab ea Wallace féin ina óige). Tar éis cur síos gairmiúil ar an aimsir le linn chomórtas Wimbledon, agus ar an ndifríocht idir “the stretch back hand” agus an “top spin screamer”, faightear na líntí Joysúla ina measc.
Déanann sé iarracht sáinn na sonóige óige a chuireann tús le cluiche idir Federer agus Nadal a shamhlú dúinn, ’sé sin buachall seacht mbliana d’aois darbh ainm William Caines a thugann an cuireadh don bheirt imreoir ceann nó cruit a roghnú nuair a chuirtear ar chrannaibh é, sa ‘coin-toss’ (bonn arís), ag tús cluiche.
“According to reliable sources, honorary coin-tosser William Caines’s back-story is that one day, when he was 2½, his mother found a lump in his tummy, and took him to the doctor, and the lump was diagnosed as a malignant liver tumor. At which point one cannot, of course, imagine...a tiny child undergoing chemo, serious chemo, his mother having to watch, carry him home, nurse him, then bring him back to that place for more chemo. How did she answer her child’s question — the big one, the obvious one?”
Níor theastaigh páistí ó Wallace féin de réir dealraimh, ach ba mhór aige soineantacht na n-óg, rud a léiríodh ina scéal galánta, ‘Forever Overhead’, scéal fé cheiliúradh bhreithlá buachalla i lár linn snámha (“you are mostly good…though not without spine”).
Fé dheireadh déanann Wallace achoimre iontasach ar an leadóg; cluiche is ea í a thugann deis don áilleacht an chumhacht a shéimhiú beagáinín: “even just to see, close up, power and aggression made vulnerable to beauty is to feel inspired and (in a fleeting, mortal way) reconciled.”
Duine lách speisialta ab ea David Foster Wallace nár éirigh a mheabharghalar féin a shéimhiú fé dheireadh. Ní léir ar thuig sé riamh go raibh sé ag scríobh ar a shon féin nuair a mhaígh ceann dá phearsantachtaí sa scéal Westward the course of empire takes its way: “you are loved”.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.