CÚINNE NA nEALAÍON
Freistadt Chorcaí
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Tá moladh nach beag ag dul don chompántas Corcadorca dar le John-Paul Mc Carthy as an gcomaoin mhór a chuireann siad ar shaol a chathrach máthardha féin ó dheas, Corcaigh.

Íomhá
Mark D'Aughton mar Chríost
(le Corcadorca, 2000, ar Flickr)
Íomhá
Cillian Murphy
(le oiff.com ar Vicipéid)
Íomhá
Venice Louisiana i ndiaidh Katrina
(le Storm05 ar Vicipéid)

Rinne Daniel Corkery gearán i leabhar amháin mar gheall ar an easpa ocrais a léirigh Cathair Chorcaí do smaointí teibí. ‘Inneall cealgachab ea a chathair dhúchais, dar leis. Is trua nach bhfuair an claonbholscaire sin an deis oíche a chaitheamh i gcuideachta le Corcadorca, an chomhlacht aisteoireachta agus amharclannaíochta iontach a shíolraigh as an ithir chéanna cois Laoi i 1991.

Inneall solasmhar is ea an chomhlacht seo a chuireann borradh faoi shláinte chultúir na cathrach gach samhradh. Aithríonn siad a gcuid taispeántas gach bliain, rud a chuireann lena gcuid bríomhaireachta. Chuireadar snas nua-aimseartha mar shampla ar sheanscéalta na nGréigeach - chromadar fé Medea i 2009 le medEia ar an urlár b’uachtaraí i Halla an Chontae.

Agus chuireadar tús lena gcuid saothar i 1999 le príomhdhráma an Nua Thiomna, ’sé sin céasadh Íosa ar an gcrois. Ghlac Martin D’Aughton le ról Íosa agus cuireadh chun báis é ar chrois mhór ag barr Chnoc Phádraig i mBell’s Field. Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór sa spéir é a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach, lig sé screadanna uafásacha as le linn bhuaicphoinnte an dráma seo. Freagra ní bhfuair. D’fhéach préacháin Sheandúin anuas air go fuarchúiseach. Bhí ar an slua mór oilidhreacht dheireanach Íosa a dhéanamh ina theannta sular cuireadh ar an gcrois é le linn oíche bhrothallach sa chathair.

Athchruthú na hEachtra

Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg?

B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang:

‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw’, he said, ‘was an obsession with order….this fierce denial of darkness, unreason, chaos.’ He laughed. ‘Easy to see why the Romans, usually so tolerant of foreign religions, persecuted the Christians mercilessly-how absurd to think a common criminal had risen from the dead, how appalling that his followers celebrated him by drinking his blood.’”

D’éirigh le Corcadorca an lá sin léargas seanda Aristotle sa Poetics a shoiléiriú do ghlúin eile. ’Sé sin, a thátal a mhaíonn gur chóir don drámaíocht iarracht a dhéanamh anam an duine a ghlanadhle trua agus le hár’. Cúpla bliain i ndiaidh dráma na Páise seo, fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar fiú ar aisteoireacht spleodrach D’Aughton. B’é sin The Merchant of Venice acu, dráma a cuireadh ar bun i 2005 in áitribh agus i bhfoirgnimh éagsúla fud fad na cathrach. Do thaispeáin Jerzy Gralek (Shylock) fuil agus mothúcháin daonna an Ghiúdaigh dúinn os comhair na habhann in aice le hOspidéal na Trócaire. Agus thaispeáin Eileen Walsh (Portia) fíochmhaireacht na gCríostaíoch i gCúirt Uimhir 1 ar Shráid Washington fé dheireadh nuair a rinne sí conradh Shylock a chrosadh. Ar feadh cúpla uair le linn na hoíche sin, Freistadt ab ea Cathair Chorcaí, saorchathair a thug a cuid eochracha do gach uile shaoránach ionas go bhféadfaidís aithne níos fearr a chur ar an bhfód dúchais.

Iarracht Luachmhar

I mbliana áfach, roghnaigh Corcadorca téama níos pearsanta príobháideach ná cruachás Shylock agus sáinn an adhmadóra ó Nazareth. B’é The Tallest Man in the World tionscnamh 2013, dráma a bhí fé stiúir triúir cumasach sa Triskel Arts Centre. Shuigh na haisteoirí Tadhg Hickey, George Hanover agus Daniel Reardon ar chathaoireacha sa dorchadas, agus sula bhfad, ba léir gur choda difriúla d’inchinn duine amháin ab ea iad, inchinn a bhí lán le cuimhní cinn truamhéileacha agus lúcháireacha. Iarracht sainiúil ab ea an dráma seo an id agus super-ego Freud a chur i riocht drámatúil dúinn. D’fhéach na coda difriúla den inchinn siar ar bhotúin an tsaoil, agus labhraíodar linn go tobann trí mheán chnaipe a bhí in aice lena gcosa a chur solas ar siúl.

Iarracht phianmhar luachmhar ab ea é seo a bhí an chosúil leis an ndráma Beckett a rinneadh i gclár teilifíse Treme ar HBO an bhliain seo a d’imigh tharainn, clár a bhain le héadóchas New Orleans tar éis Katrina. I gclár amháin den tsraith sin, déanann daoine áitiúla ardán beag lasmuigh san aer agus is é Waiting for Godot siamsaíocht na hoíche. Cuirtear an dorchadas, an dólás agus an greann trína chéile, rud a rinne aisteoirí sa The Tallest Man freisin. (Rith rian Bheckett liom tar éis an dráma nuair a fuair mé agus m’uncail seans comhrá a dhéanamh leis an id iontach, an t-aisteoir Daniel Reardon a B’leá’ Cliath, le gloine fíona).

Ó thaobh imeachtaí 2014, ní léir fós céard a dhéanfaidh siad. Mholfainn aghaidh a thabhairt ar na Meiriceánaigh, munar mhiste leo, agus snas Corcaíoch a chur ar Salem Arthur Miller nó The Best Man de chuid Gore Vidal. Is féidir le Corcadorca ceol agus solas a bhaint as foinse ar bith.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.