CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
An Comhrá Inmheánach
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Chonaic John-Paul Mc Carthy lón machnaimh i leabhar le Louis de Paor a chíorann aigneolaíocht Mháirtín Uí Chadhain.

Íomhá
Cleanth Brooks
Íomhá
Louis de Paor
Íomhá
The Well Wrought Urn le Cleanth Brooks
Íomhá
Faoin mBlaoisc Bheag Sin
(le Coiscéim)
Íomhá
'Cúirt, Tuath & Bruachbhaile' le Seán Ó Tuama
(le CIC)

Le linn na nóchaidí tháining bláth ar phrós acadúil na Gaeilge. I 1990, chríochnaigh Seán Ó Tuama a chosaint cháiliúil a bhain le tionscnamh cultúrtha Daniel Corkery, b’é sin ‘Dónall Ó Corcora: Fealsamh Cultúrtha, Léirmheastóir Liteartha’ ina chnuasach, Cúirt, Tuath agus Bruachbhaile: Aistí agus Dréachtaí Liteartha. ‘Níorbh aon ghnáthstaraí an Corcarach’, dar leis an dTuamach ‘...ach litterateur’.

I 1996, foilsíodh Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an taos léinn, 1603-1788 de chuid Bhreandáin Uí Bhuachalla, leabhar a rinne iarracht a chruthú gurbh é:

‘a bhí i gceist ag an gCéiteannach nach mbeadh aon ‘luadh ná iomrádh’ ar Éirinn feasta mura gcuirfí foirm údarásach scríofa dá seanchas ar fáil: ní hé go mbáifí Éire nó go rachadh sí ar ceal ach go rachadh sí i ndíchuimhne. B’shin í an tuiscint chomhaimseartha Eorpach; níor náisiún go stair, is níor stair go stair scríofa.’

I measc na bhfoilsiúchán tábhachtach seo, scríobh Louis de Paor leabhar géarchúiseach ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Faoin mblaoisc bheag sin: an aigneolaíocht i scéalta Mháirtín Uí Chadhain i 1991. Iarracht oilte ab ea an staidéar seo cur chuige na scoláirí litríochta Meiriceánacha mór le rá cosúil le Cleanth Brooks a dhaingniú i scoláireacht na hÉireann. Cé go mbaineann an leabhar le scéalta casta ilghnéitheacha Uí Chadhain, cuireann de Paor níos mó suim sna léitheoirí ná sa scríbhneoir féin ar uairibh. Scríobhann sé in áit amháin: ‘Léitheoir is ea an criticeoir liteartha go bunúsach’, rud a chuireann seanáiteamh Brooks i gcuimhne dúinn óna leabhar cáiliúil mar gheall ar cheird léitheoir na filíochta, The Well Wrought Urn, ceird a bhí bunaithe ar chreathlach neamhspleách inmheánach an dáin féin, nó an ‘independent poetic structure’ a nochtfaidh an léitheoir stuama.

Droim Láimhe don Seanchas

Cromann de Paor fé mhionscagadh ar gach focal i ngach aon scéal dar chum an Cadhnach agus é ar thóir croílár a chuid intleachta liteartha. Cuireann sé béim ar leith ar Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca ó 1969. B’é seo an leabhar ina ndearna Ó Cadhain gearán mar gheall ar theip na Gaeilge nascanna intleachtúla dáiríre nua-aimseartha a chruthú le saothar liteartha de chuid na Mór-Roinne. Míníonn de Paor gur ghoil an ‘easpa fiosrachta intleachtúil’ seo go mór ar an gCadhnach, easpa ‘nach léir Freud in aon áit’.

Má tá rud ar bith thar a chéile uireasach ar chumadóireacht sa nGaeilge, sí an aigneolaíocht í.’

Thug an uireasa chéanna deis don Chadhnach saothar nua-aimseartha fiúntach a dhéanamh le cabhair Freud. Ach sula bhféadfaí an saol inmheánach aigneolaíochta sin a shoilsiú, cheap Ó Cadhain go gcaithfí droim láimhe a thabhairt do sheanchas an naoú aois déag, ‘sé sin litríocht aintraipeolach na mBlascaodach. Déanann de Paor cur síos ar smaointí Uí Chadhain anseo:

Níorbh aon mhúnla eiseamláireach é saothar na mBlascaodach ach go háirithe don té a bhí ag iarraidh tomadh faoi chraiceann an duine i bpoll guairnéain na haigne…’

B’ionann an leabhar is tábhachtaí dar chum Ó Cadhain, Cré na Cille, le hionsaí ar an dtraidisiún seo. Dar leis ansin, níorbh iad muintir na n-oileán ach:

Peártaí an Aois Saothair, an Phróletariat, an Aitheach Tuatha, Peártaí na nDaor agus na bhFuidhear, agus na sean-chleith, Peártaí an Ollphobail dhísheilbhithe…’

(Luann Ó Buachalla ráiteas brónach Pheig Sayers sa seoladh amach aige in Aisling Ghéar, ráiteas a fhíoraíonn imeagla Uí Chadhain:

‘Daoine bochta ab ea sinn ná raibh eolas ar rachmas ná ar éirí in airdre an tsaoil againn. Ghlacamair leis an sort saoil a bhí againn á chleachtadh; ní rabhamar ag súil lena mhalairt’).

Na Srutháin Inmheánacha a Mheas

Más ea, ní dhéanfadh an Cadhnach toil Dé, ná an tírdhreach ná an fómhar bliantúil a adhradh ina chuid cumadóireachta féin. Theastaigh uaidh na srutháin inmheánacha a mheas fé mar a rinne na cumadóirí ab fhearr sa Rúis le linn ré na Sáranna. ‘Mhúin réalachas sóisialach Gorky don Chadhnach’, dar le de Paor, ‘conas crot áirithe scéalaíochta a chur ar an mbáidh speisialta a bhraith sé lena mhuintir féin’. Agus is féidir rian cumhachtach Freud agus Gorky a bhlaiseadh fós ina scéal truamhéileach ‘An Strainséara’, ceann des na scéalta is fear uaidh. Baineann an scéal le bean, Nóra, a chailleann cúigear de pháistí agus iad á saolú aici.

Is treise an strus mothálach a chuirtear ar chroí Nóra mar sin, nach ceadaithe di, de réir riail na heaglaise, guí ar son na bpáistí a bhásaigh go hanabaí uirthi’.

Déanann an Cadhnach cur síos leochaileach ar an gcomhrá inmheánach a bhodhraíonn an bhean bhocht gach lá fé dheireadh. Agus í ag féachaint ar dhealbh na Maighdine Mhuire, ritheann an smaoineamh seo léi féna clann chaillte:

‘A bheith ró-shalach le slánú, ró-ghlan le damnú…Ar an stoc ronna nach raibh Dia ná an diabhal ag éiliú seilbhe air a bhíodar ‘in áit dorcha gan aon phian’.’

Ní léir ar chuir an Cadhnach aon spéis i scríbhneoireacht Hubert Butler, ach rinne Butler an téama chéanna a bhreacadh ina aiste ‘Little K’, aiste a dhéanann mionscagadh ar smaointí na n-údarás Caitliceacha Rómhánacha i leith bhás páistí agus a mhaíonn fé dheireadh

for the essence of law is impartiality and detachment, and those who are detached cannot judge the depth of love and the urgency of despair’.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.