CÚINNE NA nEALAÍON
Na Seanfhocail i Saothar Pieter Bruegel
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tharraing dúil mhór an ealaíochtóra, Pieter Bruegel, sna seanfhocail aird Chiara Nic Gabhann. Is cuid dlúth de shaothar Bruegel na seanfhocail.

Íomhá
Brueghel agus an ceannaí
(le www.ibiblio.org ar Vicipéid)
Íomhá
Is rífhear leathshúil i measc dall
(le The Yorck Project ar Vicipéid)
Íomhá
Seanfhocail na hÍsiltíre
(le hEalaín Google ar Vicipéid)
Íomhá
Damhsa na bainise
(le Pieter-Bruegel.com & Bridgeman Art Library)
Íomhá
Desiderius Erasmus
(le Web Gallery of Art ar Vicipéid)
Íomhá
Cnoc Calvaire
(le Christian Vöhringer ar Vicipéid)

Is mór an saibhreas teanga atá sna seanfhocail a bhíonn in úsáid laethúil againn; ráitis ghonta a chuireann gaois, greann, léargais fealsúnachta nó comhairle fheidhmiúil in iúl dúinn. Meafair a bhíonn iontu go minic a thagann ó shaoltaithí thraidisiúnta an chine dhaonna agus ainneoin go bhfuil a gcuid seanfhocal féin ag gach tir, is minic a chluintear iad siúd, a bhfuil fírinne bhuan ag baint leo, á n-aistriú ó theanga go theanga.

Is fearr éan sa láimh ná dhá cheann ar an gcraoibh

A bird in the hand is worth two in the bush.

Meglio un uovo oggi che una gallina domani

Bhí an t-ealaíontóir Ísiltíreach, Pieter Bruegel, (1525–1569) an-tugtha don seanchas béil agus seanfhocail agus bhí sé ina cheannródaí maidir le pictiúir ‘genre’ a phéinteáil a léirigh seanfhocail choitianta ar bhealach cliste greannmhar chomh maith le pictiúir a léirigh saol laethúil lucht an tuaithe.

Tugtar Pieter Mór Bruegel air le idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus a mhac, Pieter Óg, a bhí ina ealaintóir fosta, agus ba mhór an léargas a bhí le fáil ina shaothar ar ghnéithe de chultúr dúchasach na hÍsiltíre nach ann dóibh níos mó.

Hieronymus Bosch

Bhí tionchar suntasach ag Hieronymus Bosch, ealaíontóir Isiltireach eile, ar a shaothair ach in áit claonadh gríosaitheach, morálta mar a bhí le feiceáil i saothar Bosch go minic, bhí fís nios leithne agus níos daonna ag Bruegel ar an saol thart timpeall air, fís atá le feiceáil go soiléir ina chuid oibre.

Ba mhór an dúil a bhí ag an lucht léinn, fir ghnó saibhre, saineolaithe ealaíne agus d aonnachtaithe ardréimeacha i saothar Breugel agus bhí éileamh mór dá réir ar a shaothar, go háirithe ar phictiúir a léirigh radharcanna beoga spleodracha den saol tuathánach. Is sampla maith den phictiúr genre seo ‘Damhsa na Bainise’ (1566), ina bhfeictear mná agus fír ag suirí agus ag ragairneach le chéile go bríomhar neamhchúiseach. Is sampla maith an saothar seo don tsúil ghrinn a bhí ag Bruegel agus é ag déanamh mionchur-síos ar ghnáthimeachtaí an phobail.

Is furasta a thuiscint cad é chomh tarraingteach is a bhí pictiúir den chineál seo do lucht leanúna Bruegel agus iad chomh lán sin de bhrí, spleodar agus de phléaráca. Léiríonn siad an bua mór a bhí aige scéal a léiriú i gceapacháin chasta agus úrna ó thaobh dearaidh de agus thugtaí Bruegel ‘ an Tuathánach’ mar leasainm air mar gheall ar an nós a bhí aige é féin a ghléasadh mar thuathánach le breathnóireacht níos cóngaraí a dhéanamh ar iompar agus ar bhéascna na ndaoine a bhí faoi scrúdú aige.

Sláimín Deas

Insíonn scéal scéal eile mar a deirtear, agus is amhlaidh é seo sa phictiúr ‘Seanfhocail Ísiltíreacha’, ina bhfuil radharc éagruthach bun os cionn léirithe ag Bruegel a chuireann in iúl cuid mhór seanfhocal Ollannach. Tá beagnach 112 nath cainte le feiceáil sa phictiúr agus ainneoin nach maireann cuid mhaith acu níos mó, tá go leor eile acu in úsáid laethúil go fóill.

Léiriú ar éigiall agus óinsiúlacht chomh maith le mioscais an chine dhaonna a bhí i saothar Bruegel go minic agus tugadh ann cuntas aorach in amanna ar choimhlintí an Athchruthú Creidimh a bhí faoi lánseol san Ísiltír lena linn.

Is mór an t-éileamh a bhí ar sheanfhocail le linn na tréimhse seo agus d’fhoilsigh an daonnachtaí Ollannach Desiderius Erasmus cnuasach ollmhór suntasach de sheanfhocail aitheanta, darbh ainm ‘Adagiorum chillades’ (na mílte seanfhocal). Bhailigh sé breis is trí mhíle seanfhocal ó fhoinsí Laidine agus Gréigise agus chuir sé aistí léirthuisceanacha leo ar chúrsaí morálta agus polaitiúla na linne. Is díol spéise gurb as ‘Adagio’ Erasmus a thagann seanfhocail choitianta mar:

Mar tá an t-athair, is amhlaidh don mhac. (Is slis den seanmhaide é)

Mórán lámh, beagán saothair.

Uisce / Fuil a fháisceadh as cloich.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.