Is fánach an áit a bhfaighfeá uaigh Éireannaigh agus níl an Róimh gann san aicme sin. D’aimsigh Ciara Nic Gabhann ceann i seanteampall galánta Naomh Stiofán i lár na Róimhe.
Is minic agus is fada Gaeil ag tarraingt ar an Róimh ag déanamh a n-anamacha, mar is léir ón rann seo ó ré luath na Críostaíochta:
Dul don Róimh,
mór saothar, beag tairbhe;
an rí a iarrann tú i bhfus,
mur’ dtug tú leat, ní bhfaighir.
Tá fianaise ar cheann de na samplaí is luaithe den turasóireacht spioradálta seo le fáil i gceann de na heaglaisí is ársa sa chathair, chomh maith le mórán gnéithe inspéise eile. Is díol spéise é an Rotunda di Santa Stefano al Monte Celio i lár na Róimhe. Tógadh an eaglais stairiúil seo in omós an chéad mhairtírigh Chríostaí Naomh Stiofán, nuair a tógadh a iarsmaí chun na Róimhe as an Talamh Naofa sa 5ú aois. Tá ailtireacht an Chruinntí múnlaithe de réir Eaglais an Adhlactha Naofa i Iarúsailéim agus ba í an chéad eaglais chiorclach a tógadh riamh sa Róimh í. Thógtaí teampaill chiorclacha den chineál seo go speisialta mar ionaid ómóis mairtíreach agus is ar téama na mairtíreachta atá formhór ealaín na heaglaise seo bunaithe.
Mac le Brian Bóraimhe
Tá saibhreas staire agus ailtíreachta ag baint le Rotunda Santo Stefano ag toiseacht leis an suíomh é féin, áit ar sheas teampall Mithraic sa dara haois. Tá tochailt leanúnach ar siúl san eaglais faoi láthair agus tá cuid de na hiarsmaí seo le feiceáil inniu. Níos cóngaraí don bhaile is mór an spéis a bheadh ag cuairteoir Éireannach in uaigh Dhonnchaidh mhic Bhriain Bhóraimhe (Ardrí Éireann, re freasúra, sa 10ú aois) atá le feiceáil sa séipéal. Fuair sé bás sa Róimh agus é ar oilithreacht ansin sa bhliain 1064. Is iomaí tagairt dó le leathchéad bliain roimhe sin, ach aon abairt amháin a bhí faoi i mbliain a bháis in Annála Inis Faithleann: Donnchad mc. Briain do dul do Róim.
Tá ríchathaoir an Phápa Gréagóir Mór (580) le feiceáil ann fosta chomh maith le mósáic óir ón 6ú aois a léiríonn Críost agus na naoimh Primus agus Felicianus ar a dhá thaobh. Tá cruth na heaglaise laghdaithe ón bhunfhoirgneamh a tógadh ar dtús i gcruth croise Gréagaí ach ina ainneoin seo, tá meascán sainroghnaithe ailtíreachta le feiceáil go fóill ann a thagann ó thréimhse na luath-Chríostaíochta chomh maith le haimsir na sean-Róimhe.
Ballaí an Uafáis
Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
Léiríonn na 34 freascó atá thart timpeall ar bhallaí na heaglaise na modhanna éagsúla a gcuirtí mairtírigh chun báis – ceann amháin níos measa ná an ceann eile ó thaobh brúidiúlachta agus uafáis de. Rinne na healaíontóirí Antonio Tempesta agus Niccolo Circignani don Phápa Gréagóir XIII (1572-85) iad agus déanann a gcuid pictiúirí réalaíocha nasc le mairtíreacht Naomh Stíofán. I bhfreascó amháin feictear saighdiúirí ag doirteadh tinne leáite síos scornach mairtíreach agus i bpictiúr eile tá mairtíreach ina sheasamh go séimh i gcorcán lán le huisce bruite. Tháinig an scríbneoir Charles Dickens ar na freascónna seo agus é ar cuairt sa Róimh i 1846 agus chuir na híomhánna foréigin seo an oiread sin isteach air gur scríobh sé:
“A leithéid de bhrúidiúlacht agus d’uafás, ba dhoiligh le héinne a shamhailt ina chuid brionglóidí, fiú dá mbeadh muc iomlán ite aige dá shuipéar agus í amh. Seandaoine á mbruith, á bhfriochadh agus á róstadh ar ghrille, á ndó agus á n-ithe ag beithigh allta, á n-ionsaí ag madraí, á n-adhlacadh beo, á dtarraingt as a chéile ag capaill …….. cuireann achan íobartach cráite i gcuimhne duit an t-iontas a bhí ar Lady Mac Beth faoin oiread fola is a bhí i sean-Duncan.”