Shiúil John-Paul Mc Carthy seal i ndomhan nár mhair aon ghreann riamh ann nuair a léigh sé an bheathaisnéis a scríobh Charles Moore ar Margaret Thatcher.
Agus Charles Moore ar an mbóthar chun aird an phobail a tharraingt ar a bheathaisnéis iontach nua ar Mrs Thatcher i mbliana, d’úsáideadh sé scéal ar leith chun príomhphearsa a leabhair a léiriú. Cúpla lá sula ndeachaigh Príomh-Aire Thatcher go dtí ardfheis na gCaomhach i mBrighton, rith scéal greannmhar le duine dá comhairleoirí. Mhol sé le Mrs Thatcher comparáid a dhéanamh idir ceannaireacht Michael Foot ar an Labour Party agus an t-éan marbh cáiliúil sin i Monthy Python. (Cheannaigh John Cleese éan breá ach nuair a shroich sé an tigh cónaithe ba léir dó go raibh sé tar éis bás a dh’fháilt go tobann. Filleann sé ar an siopa agus fonn air a chuid airgid a dh’fháilt thar n-ais). Ní fhaca Mrs Thatcher an clár seo riamh agus bheartaigh a rúnaí príobháideach téip a thabhairt isteach di i Sráid Downing.
D’fhéach sí ar an gclár agus thug sí cead dá comhairleoir an íomhá sin a úsáid ina haitheasc mór. Cúpla meandar sular thosnaigh sí a hóráid, chuir sí ceist imníoch ar an gcomhairleoir a bhí ina teannta. “Just one last question about the joke”, ar sise. “This Monty Python. He is one of us, isn’t he?”
Is féidir príomhthréithe an Fhir Iarainn (nath Yasser Arafat) a bhlaiseadh anseo: an t-easpa íoróine mar aon leis an neamhshuim sa ghreann inti, an míchumas a bhí inti freisin ó thaobh smaoinimh teibí de, agus tábhacht na coimhlinte agus an chomórtais ina haigne. Seo iad príomhthéamaí an leabhair oilte mhionshonraígh smachtaithe fiúntaigh seo ó Moore, iareagarthóir de chuid an Daily Telegraph a léiríonn mífhoigne lena laoch ar gach leathanach.
An Coimhthíos le Focal Marxach
Mar le greann treascartha de, ba dheacair le Margaret Thatcher í féin a shamhlú trí shúile éinne eile mórthimpeall uirthi. Thug Henry Adams “the aggravation of the self” ar an bhfadhb seo, agus sin a fheictear sna céadta litreacha dar scríobh Margaret dá deirfiúr Muriel ós na 40idí ar aghaidh. Níor fheil an féinscrúdú do Margaret óg, agus ba bheag a spéis, de réir dealraimh, i smaointí teibí fealsúnachta taobh amuigh dá páirtí caomhach muirneach. Ba bheag fairsinge a bhain lena pearsantacht dar le Moore, ach creideann sé gur thug sé sin cosaint di le linn a príomhaireachta. Ba chuma léi gur cháin rúnaí airgid nua na Stát Aontaithe a cuid beartais gheilleagair go poiblí i 1980. Ba chuma léi gur cheap formhór státseirbhíseach na hÉireann go raibh sí as a meabhair i 1981 nuair a chuir sí iachall orthu an focal “alienation” a bhaint de cháipéis oifigiúil. “Cén fáth nach réitíonn an téarma sin leat a Phríomh-Aire?” arsa rúnaí chomhaireacht na hÉireann Dermot Nally. Mhaígh sí, “Alienation is a Marxist word”. (Ba mhór an meas a bhí aici ar Nally agus aige siúd droim ar ais, ó 1980-1990, agus is léir ó nótaí Moore gur labhair sé le Nally sula bhfuair sé bás go tobann i 2009). Stracadh an focal as an gcáipéis ar aon nós, gan trácht ar gháire na nÉireannach.
Robert Armstrong
Ó thaobh smaointí teibí de, ba léir do Moore fé dheireadh an leabhair seo nárbh iad siúd na rudaí a chur isteach go rómhór uirthi. Chruthaigh an míchumas nó an fhuarchúis intleachtúil seo deacrachtaí dáiríre di ach go háirithe sa mhaorlathas i Whitehall. Scríobhann Moore go húdarásach mar gheall ar na sruthanna eolais inmheánacha i Londain go dtí 1982.
Cé gur mhaslaigh sí na státseirbhísigh go léir i gcoitinne, ba bheag an tsuim a bhí aici i structúirí riaracháin ná i leasú riaracháin. Chuir sí ionadh ar thráchtairí éagsúla nuair a roghnaigh sí Robert Armstrong mar rúnaí chomhaireacht na Breataine ó 1979 go dtí 1988, an post ba thábhachtaí a bhí le dáileadh aici. Ba chuma léi gur dhlúthchara agus gur phríomhchomhairleoir ag Edward Heath é Armstrong ó 1970-74.
Cách im’ Éadan
Thug Armstrong an díograis chéanna dá chuid oibre léi agus ní dhéanadh sí aon chinneadh tábhachtach gan a chomhairle a dhíleá i dtús báire. Déanann Moore cur síos ar an ngaol tábhachtach seo le scéal breá eile. Tar éis di dinnéar uafásach a eagrú le gach aon státseirbhíseach sinsearach i Whitehall ag tosach a réime, theith Thatcher óna gcuideachta gruama ag deireadh na hóiche i dtreo seomra Armstrong chun gearán a dhéanamh de profundis. “They are all against me Robert”, dar léi. “I can feel it.”) Roinneann Moore linn ábhair iontasacha mar aon leis an tsiamsaíocht agus an tsaíocht. Ní gá an nath sin mar gheall ar “one of us” a mhíniú i gcás Mrs Thatcher, an polaiteoir ba fhíochmhara san earnáil toghchánaíochta ó laethanta W. E. Gladstone.
Agus tugann Moore le fios dúinn go raibh meas thar na bearta aici ar roinnt áirithe sóisialaithe sna Coimíní, ach go háirithe na feisirí bochta cosúil le James Griffith agus Harold Wilson fiú a tháinig chun Londain ar son na “underdogs” (sin nath Thatcher). Ba ghráin léi na sóisialaithe a shíolraigh ón meánaicme bourgeois, daoine cosúil le Denis Healey, Tony Benn agus Roy Jenkins. Ní foláir nó go mbeidh léargais iontasacha eile le scagadh nuair a fhoilseofar an tarna sraith den tionscnamh breá seo sula bhfad.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.