Tugann Alan Desmond léargas i mbeagán focal ar bhunteachtaireacht Harvest of Empire, scannán faisnéise a ríomhann scéalta móra an chos ar bolg.
Naisc:
Cás-Staidéar a 1: Guatamala
Bhí Guatamala ar an líon beag tíortha i Meiriceá Laidineach a raibh tréimhse dhaonlathach ann i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Theastaigh ó Jacobo Árbenz, an t-uachtarán a thogh vótálaithe Ghuatamala, an bochtanas a bhí mar sciúirse ar a thír a mhaolú trí chóras na talún a leasú: bhí trí cheathrú den talamh arúil i seilbh 2% d’úinéirí agus ba é an comhlacht Meiriceánach, United Fruit Company, an t-úinéir talún ba mhó. Bhí 600,000 acra ag an gcomhlacht chomh maith le hiarnróid is cuideachta loingseoireachta dá chuid féin.
Ní róshásta a bhí lucht na dTorthaí Aontaithe le haidhmeanna uaisle an uachtaráin Árbenz, ar ndóigh. Bhí cairde sa chúirt ag United Fruit, áfach, is é sin, sa Teach Bán agus sa CIA. Rinne an CIA iarrachtaí chun tuairim an phobail a ionramháil trí íomhá a chruthú d’Árbenz mar radacach craiceáilte. Anuas air sin, rinne an CIA buíonta frith-Árbenz a armáil is a shlógadh agus faoi lár 1954 bhí Árbenz éirithe as mar uachtarán agus drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air.
Mar thoradh ar an coup d’état seo, cuireadh tús le cogadh cathartha i nGuatamala a mhair ó 1960 go 1996 inar maraíodh suas le ceathrú milliúin Guatamalach. Ós rud é gurb ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) a fuarthas roinnt mhaith de na hairm, na hacmhainní is an oiliúint a lig d’fhórsaí míleata Ghuatamala ár a dhéanamh ar mhuintir na tíre, tá sé sách oiriúnach gur ar na Stáit Aontaithe a thug na mílte Guatamalach aghaidh agus iad ag iarraidh teitheadh ón sléacht is ó na héagóracha a bhí ar siúl ina dtír dhúchais. Cé nár bronnadh tearmann polaitiúil ach ar 2% de na Guatamalaigh a rinne iarratas air le linn na n-ochtóidí, tá suas le milliún Guatamalach ag cur fúthu sna Stáit faoi láthair.
Cás-staidéar a 2: Pórtó Ríce
Sa bhliain 1898 ghlac SAM oileán Phórtó Ríce chuige féin i rith an chogaidh idir an Spáinn is na Stáit. Bronnadh saoránacht Mheiriceánach ar mhuintir Phórtó Ríce sa bhliain 1917, rud a chuir ar chumas SAM scór míle Pórtó Ríceach a choinscríobh chun dul ag troid sa chéad chogadh dhomhanda. Ba é an Béarla an teanga oifigiúil i gcúirteanna is i scoileanna Phórtó Ríce agus gearradh éiric ar leanaí a labhair as Spáinnis ar scoil.
Ó thús na forghabhála, bhí suim ag na Stáit i siúcra Phórtó Ríce mar go raibh sé níos saoire cána siúcra a tháirgeadh ar an oileán beag seo ná in áiteanna eile. Ní hionadh, ina fhianaise sin, gur ghairid go raibh táirgeadh siúcra i lámha comhlachtaí Meiriceánacha. Ós rud é go ndearnadh cána siúcra a fhás ar mhórscála ag tús na haoise seo caite, cuireadh le ráta na dífhostaíochta i bPórtó Ríce agus d’imigh roinnt de na daoine a fágadh díomhaoin go dtí na Stáit. Agus ní hé nár iarr SAM daoine a mhealladh ón oileán go dtí an mórthír. Tar éis an dara cogadh domhanda chaith comhlachtaí Meiriceánacha dúthracht le hearcú oibrithe ó Phórtó Ríce chun folúntais a líonadh i monarchana san Oirthuaisceart. Bhí na Stáit bainte amach ag breis is milliún Pórtó Ríceach faoin mbliain 1960 agus faoi 2003 bhí na Pórtó Rícigh ar tír mór níos líonmhaire ná daonra an oileáin féin sa bhaile.
Harvest of Empire
Níl sa dá scéal seo ach blaiseadh beag den chur síos a dhéantar sa scannán faisnéise Harvest of Empire ar roinnt de na cúiseanna leis an imirce ó Mheiriceá Laidineach go dtí na Stáit Aontaithe. Léiríonn an scannán, atá bunaithe ar leabhar faoin teideal céanna le Juan González, go bhfuil formhór na Laidin-Mheiriceánach atá sna Stáit tagtha ann as tíortha a bhí chomh mór sin faoi scáil is faoi anáil SAM gurbh ionann agus coilíneachtaí de chuid SAM iad, bíodh is gur minic nach dtuigtear é sin. Mar a deir González féin, arbh inimirce ó Phórtó Ríce é a athair, “ní mhúineann siad dúinn ar scoil go bhfuil an méid sin Laidin-Mheirceánach sna Stáit mar gheall ar ainghníomhartha rialtas SAM a thug ar na milliúin daoine a dtíortha dúchais a thréigean agus triall ar na Stáit Aontaithe.” Dá múinfí an cúlra is an comhthéacs seo i gcóras oideachais SAM, ar ndóigh, b’fhéidir go laghdófaí ar an aineolas is ar an gciníochas a imrítear ar Laidin-Mheiriceánaigh ó cheann ceann na Stát.
B’fhiú go mór eolas den saghas a roinntear linn sa scannán a chur ar a súile do mhuintir SAM agus dá n-ionadaithe poiblí agus iarrachtaí ar siúl i dTithe na Comhdhála i láthair na huaire chun an córas inimirce a leasú. Gné lárnach chonspóideach den chóras leasaithe seo ná an chóir is ceart a chur ar na 11 milliún inimirceach atá sna Stáit go neamhdhleathach, ar Laidin-Mheiriceánaigh iad a bhformhór. Dá dtuigfí i gceart na rudaí is cúis leo a bheith sna Stáit, bheifí níos báúla lena gcás.
Ach bíodh is gur dall ar na cúiseanna stairiúla leis an inimirce atá an chuid is mó de Mheiriceánaigh, tá gach seans gur gearr go dtiocfaidh athrú ar an scéal. Tá méadú ag teacht an t-am ar fad ar an sciar de dhaonra SAM a saolaíodh i Meiriceá Laidineach nó a shíolraíonn ó dhaoine as an gcuid sin den mhór-roinn. Is ionann Laidin-Mheirceánaigh agus 16% den daonra anois agus meastar go ndúblóidh an sciar sin faoi 2050. Níorbh fhéidir ná níor chóir neamhaird a thabhairt ar mhionlach chomh mór sin, ná ar an stair a bhaineann leis.