CÚINNE NA nEALAÍON
Leabhar Mór na nAmhrán
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Tá Mícheál Ó hAodha an-tógtha le leabhar mór téagartha a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht anuraidh. Ní toirt eolais go dtí é.

Íomhá
Corn Uí Riada ag Pól Ó Ceannabháin, Oireachtas na Gaeilge 2012
Íomhá
Leabhar Mór na nAmhrán
(le Cló Iar-Chonnacht)
Íomhá
Mícheál Ó Conghaile, an scríbhneoir agus an foilsitheoir
Íomhá
Máirtín Tom Sheáinín ag cur i láthair
Íomhá
Seosamh Ó hÉanaí

Mícheál Ó Conghaile a chnuasaigh.

Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin a chuir in eagar.

Cló Iar-Chonnacht, (2012)

Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Ní Chonghaile:

Bíonn an saol ag athrú de shíor. Casann roth na beatha. Ní lú cás é i leith chúrsaí cultúir. Tá caoga bliain ó shin, bhí an sean-nós (mar a bhaist lucht na hAthbheochana ar an stíl áirithe amhránaíochta seo) i mbéal an bháis. Leis an fhírinne a dhéanamh, bhí daoine áirithe ag magadh faoi. B’fhéidir go raibh eagla ar dhaoine eile roimhe, toisc iad a bheith aineolach ar an stair agus ar fheidhm na hamhránaíochta coimhthíche seo a raibh cúlra na gcianta cairbreacha laistiar di. Cuimhnigh ar an easpa aitheantais a fuair Seosamh Ó hÉanaí ina thír dhúchais féin agus an t-éamh ina choinne mar aoi ag coirm cheoil na Dubliners. Bhí air an bád bán a ghlacadh le bheith ‘sa mbaile’ – más maith leat.

Inniu, tá an Ghaeltacht ag cúngú lá i ndiaidh lae, is ríchosúil, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an sean-nós chomh sláintiúil is a bhí ariamh, a bhuíochas sin den líon mór daoine óga atá ag gabháil di. Ní hamháin sin, ach tá amhránaithe sean-nóis níos feiceálaí sna meáin chumarsáide agus sa réimse sin a dtugtar an “ceol domhanda” air agus níos mó meas orthu dá réir.

Seachnaíonn Súil an Ní nach bhFeiceann

Nach ait an mac an saol fós féin? Is dream muidine, na Gaeil a fhógraíonn ár gcumas ceoil ar an ardán domhanda go rialta agus a bhfuil stádas faoi leith bainte amach sa réimse chultúrtha sin againn, le blianta beaga anuas go háirid. Ach fós féin, rinneadh neamhaird go hiomlán beagnach den sean-nós. Cé go ndéanaimid ceiliúradh ar oidhreacht Ghaelach ár gceoil agus ar an uilíochas a bhaineann leis – (cf. na leabhair spéisiúla a foilsíodh le tamall de bhlianta ar chúlra Gaelach na Beatles, Morrissey, Oasis agus eile i Sasana, fágaim - “Irish Blood, English Heart”: Second Generation Irish Musicians in England le Seán Campbell) is beag nár ligeadh don sean-nós dul i ndísc. Dar fia, is ait an dream sinn, gan aon agó! Cúinsí staire ba mháthair don neamairt seo ar feadh i bhfad is dócha. Bhain an sean-nós le mionlach teanga agus cultúir. Bhí cónaí ar na fonnadóirí sna chríocha is iargúlta in Éirinn, é sin nó bhí scaipeadh mionéan na himirce orthu.
Cuimsithe sa leabhar seo tá focail, stair agus cúlra os cionn ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ina measc amhráin a bhfuil eolas go forleathan orthu (Úna Bhán, Bean Sléibhe ag Caoineadh a Mic, An Bonnán Buí, An Draighneán Donn, fágaim, ach tá seodra a bhí i bhfolach go nuige seo ann chomh maith. Caithfear an leabhar a cheannach chun eolas a chur orthu seo!

Fáth eile nár bhac scoláirí leis an réimse amhránaíochta seo chomh minic ná go mba mhodh thar a bheith pearsanta a bhí sa sean-nós. Toisc na hamhráin sean-nóis a bheith á seachadadh ó ghlúin go glúin cois teallaigh, ba mhodh é a bhíodh de shíor ag athrú agus ag forbairt. Bhí an maisiú gutha go forleathan inti, maisiú a fheidhmíonn de réir mar is rogha don amhránaí é. Ciallaíonn sé sin go raibh deacrachtaí níos mó ag scoláirí an stíl ársa seo a rangú ó thaobh an cheoil de, agus go háirithe de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos sa cheol Eorpach i gcoitinne. Anuas air sin, cumadh cuid mhór de na hamhráin sin sular breacadh síos focail na n-amhrán seo, rud a chiallaigh go raibh daonra ann nárbh fhéidir bunús agus foinsí a n-amhrán a dheimhniú.

Saibhreas Tiomsaithe

Is iad na nótaí a théann leis na hamhráin seo, agus atá tiomsaithe ag saineolaithe aitheanta ar an sean-nós - ar amhránaithe cuid mhór díobh - (Meaití Joe Shéamais Ó Fátharta, Lillis Ó Laoire, Ann Mulqueen, Treasa Ní Mhiolláin agus Róisín Nic Dhonncha i measc daoine eile) cnámh droma agus buaic an chnuasaigh seo. Sna nótaí atá ag dul leis na hamhráin sa chnuasach seo, ní hé amháin go bhfuil eolas faoi na hamhráin iontu ach tá eolas freisin faoi leaganacha éagsúla i gcásanna áirithe, ábhar spéisiúil ann féin, agus faoi mar a chuaigh leaganacha áirithe ó fhoinsí áirithe i bhfeidhm ar an bpobal agus ar amhránaithe áirithe. Tá na nótaí go ginearálta lán de sheoda luachmhara eolais.

Tráthúil atá tiomnú an leabhair seo
do na fonnadóirí agus do na filí
a bhí ann ach a d’imigh,
a mhair ar an mbeagán,
ach a d’fhág mórán.

Is cinnte go bhfuil éacht curtha i gcrích ag Cló Iar-Chonnacht le foilsiú an leabhair mhórthaibhsigh seo agus go háirithe ag eagarthóirí an leabhair – Mícheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.