CÚINNE NA nEALAÍON
Schama, Jews an BBC
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Is mór ag John-Paul Mc Carthy cumas agus cur chuige Simon Schama sa tsraith a réitigh sé don BBC le déanaí.

Íomhá
Simon Schama
(le David Shankbone ar Vicipéid)
Íomhá
Moses Mendelssohn le hAnton Graff 1771
(ag James Steakley ar Vicipéid)
Íomhá
Herzl ag teannadh le cósta na Palaistíne 1898
(le Iarsmalann Herzl ar Vicipéid)
Íomhá
Fuíoll áir Buchenwald ag teacht i dtír i Haifa 1945
(le hIarsmalann an Uileloscadh SAM ar Vicipéid)

Ina leabhar mór le rá, Aisling Ghéar (1996) mhol Breandán Ó Buachalla áiteamh cáiliúil an stairí Fhrancaigh La Popelimère dá chuid léitheoirí. Dar leis an bhFrancach seo, bhí trí riachtanais ag baint le gach leabhar staire, ‘modh, insint leanúnach is fealsúnacht’. Cé gur bhain rún an Fhrancaigh le ré ársa, is féidir linn na tréithe chéanna a aithint i saothar an stairí Bhriotanaigh Simon Schama, ach go háirithe ina chláracha teilifíse nua a chuireann scéal na nGiúdach fé chaibidil dúinn ar an mBBC, The Story of the Jews.

Ó thaobh modha de, is deacair tráchtaire níos fearr ná Schama a dh’fháilt. Teastaíonn ó Schama labhairt le gach earnáil daonna ina chuid scríbhneoireachta agus ina chuid abhcóidíochta ar an dteilifís, agus más ea, úsáideann sé foclóir sainiúil.

Is é an príomhdhúshlán a dhéanann tinneas do shaineolaithe cosúil le Schama ná an dúshlán a leanann daoine a dhéanann iarracht smaointí casta a scagadh le téarmaí simplí. Is fuath le Schama téarmaí teicniúla na staire, téarmaí cosúil le ‘historiographical’, ‘secondary source material’ nó longue durée. Fiú agus é ag míniú débhríochas oidhreacht Mhaois, nó fealsúnacht liobrálach Spinoza agus Mendelssohn san ochtú haois déag, labhraíonn Schama le daonnacht agus le líofacht. Oireann an meán teilifíseach dá chur chuige freisin toisc go mbaineann comhrá teilifíseach leis an sonra geal nó an ‘luminous detail’ mar a bhí ag Ezra Pound. Roghnaigh Schama agallamh corraitheach le Sigmund Freud ar an mBBC ó 1938 mar sheoladh isteach don chéad chlár aige, rud a bhíog croí an lucht féachana.

An Insint Leanúnach

Ó thaobh an tarna tréith stairiúil ansin a luadh ar barr, ‘insint leanúnach’, ní gá aon chomhairle a chur ar Schama anseo. Is breá leis scéalta leanúnacha a insint agus pictiúirí stairiúla ildaite a tharraingt. Ní maith leis stair leadránach mhionsonrach a mhúineadh. Fear na dtéamaí ollmhóra é, téamaí cosúil le Réabhlóid na Fraince, ré órga na hÍsiltírean nasc idir an tírdhreach fisiciúil agus an chuimhne dhaonna. Más ea, ba dheacair an rud é scéal níos leanúnaí ná oilithreacht na nGiúdach ó ré Pharaoh go dtí ré an tSoilsithe a dh’fháilt.

Cuireann sé béim ar théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.

Cuireann tráchtaireacht Schama ar Herzl an tríú tréith stairiúil i gcuimhne dúinn. Agus é ina shuí i gcafé galánta i lár na Víne ag léamh os ard ón leabhar is tábhachtaí dar chum Herzl in 1895, Der Judenstaat, nocht Schama a chuid fealsúnachta pearsanta. Glactar go forleathan leis gurbh é an leabhar seo príomhshíol Stát na hIosráile againne, leabhar inar mhínigh Herzl dá chomhghlacaithe cén fáth ná féadfaidís brath a thuilleadh ar thrócaire na liobrálaithe Gearmánacha.

Der Judenstaat le Bunú

Níorbh fholáir, dar le Herzl, stat dá gcuid féin a dhearadh as an gcloich agus as an ngaineamh. Is léir gur chorraigh an leabhar seo mothúcháin láidre i mbrollach (Giúdach) Schama féin, mothúcháin a chloíonn an fhuarchúis agus an neodracht intleachtúil.

We have sincerely tried everywhere’, a scríobh Herzl, ‘to merge with the nations in which we live, seeking just to preserve the faith, the religion of our fathers. But this has not been allowed to us. It’s been in vain that we’ve tried to enhance the fame of our countries in arts and sciences. It’s in vain that we tried to increase its wealth by commerce and trade. We are still in the place where we’ve lived for centuries, decried as aliens, and often by people who were not even here when the sighs of our fathers have been heard for centuries.

B’ionann an t-olagón seo agus an chéad achainí a rinne an náisiúnachas nua, Síonachas orainn. Ní foinse stairiúil príomhúil an leabhar seo do Schama, ach a mhalairt de scéal fiú. Mionscagadh fíorphearsanta ar riocht na nGiúdach is ea é.

Now Zionism has become a heavily-loaded term”, dar le Schama sa chafé, “for some people even a tragically loaded term - but not for me. I am a Zionist. I’m quite unapologetic about that. Because it comes down to this: Was Herzl, who had a sense of a catastrophic event just around the corner, telling the truth, or wasn’t he, about whether it was possible still the live the Enlightenment dream, here in the German world? Of course he was. With that knowledge, with that sense of the Jews having never had the power of their own national home, how could you not be a Zionist?

Múineann na cláracha breátha seo aige ceachtanna éagsúla dúinn, ceachtanna mar gheall ar iompar na nGiúdach san Éigipt agus mar gheall ar na foinsí Giúdacha a chruthaigh naimhdeas Wagner dos na Giúdaigh níos déanaí. Is é an ceacht is tábhachtaí áfach an ceann a fheictear i mothúcháin Schama: tagann an t-eolas ósna leabhair, ach tagann an stair ón gcroí amach.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.