CÚINNE NA nEALAÍON
Kino, an Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

Bhí Pat Butler ag faire ar roinnt scannán, scannáin a naisc Milwaukee leis an Vatacáin, Calais le hIfreann agus a naisc Connachta le Manhattan.

Íomhá
Alex Gibney
(le Uniondocs ar Flickr)
Íomhá
Bileog do Mea Maxima Culpa
Íomhá
Bruno Dumont
(le Caroline Bayet ar Flickr)
Íomhá
Seán & Éamonn Ó Cualáin
  • Mea Maxima Culpa’ (Alex Gibney)

  • Hors Satan’ (Bruno Dumont)

  • ‘Men at Lunch – Lón sa Spéir’ (Seán Ó Cualáin)

Sara chíoraim scannán faisnéise Sheáin Uí Chualáin, samhlaígí ar dtús an Drochrud Do-shamhlaithe………

Is iomaí miotas uirbiach a rug greim ar shamhlaíocht phobal Chorcaí sna naoidéag seascaidí. Ó am go chéile, is cosúil, d’fheictí an diabhal féinig i Halla Rince an ‘Majestic’ i Maigh Eala, sa ‘Lilac’ in Inis Céin, ins an ‘Arcadia’ - ardeaglais na drúise sa chathair - nó sa ‘Majorca’ págánta i mBun an Tábhairne cois cuain. Cé a bhíodh ar láimh leis ach stiúsaí óg mná. Mionsciorta míchiallmhar á chaitheamh aici. Gan leid dá laghad aici faoin bhfaopach. Go dtí go n-ardaíonn an deatach ón urlár aníos. Forloscadh agus dó, na crúba thíos faoi! Ó, a thiarcais! Anam an Diabhail!

Agus ní raibh aon éaló ó Fhear na gCrúb i bpictiúrlanna Éireann le seachtainí beaga anuas ach an oiread. An Fear Dubh ar staclaireacht arís ar a sheanléim. Ach más dúshlán eisiach é ‘Hors Satan’, aiste dhébhríoch Bruno Dumont, Francach, is scanrúla go mór ‘Mea Maxima Culpa’, le Alex Gibney. Ní hiad na crúba thíos faoi a sceith ar Bheelzebub i scannán an Mheirceánaigh, áfach. Ní hea, go deimhin, ach suirplís an tsagairt. Ó, a thiarcais! Anam an Diabhail! Dia idir sinn agus an drochrud.

‘Mea Maxima Culpa’

Ach, mar is gnách, más néata na meafair sin thuas, ní leor in ao’chur iad mar mhíniú ar an olc. Agus b’olc an buachaill é an tAthair Lawrence Murphy, uachtarán ar St.Paul’s, Scoil na bPáistí Bodhra i Milwaukee, Wisconsin. Má bhí na páistí bodhar, bí an daille a chuir isteach ar mhná rialta St. Paul’s, is cosúil. Bhíodar iomlán dall, mar ba ghnách dóibh san am, ar ‘pheacaí’ an tsagairt ‘naofa’. Omerta faoi imeachtaí oíchiúla an Uachtaráin i suanlann na mbuachaillí. Omerta san ard-dheoise freisin. Omerta, nó níos measa b’fhéidir, chomh fada le statseomraí na Vatacáine, go fiú Cathaoir Pheadair féinig.

’Sí is téis d’Alex Gibney ná gurb é meon na Vatacáine, nuair is gá ‘causa nobile’ na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí a chosaint, go gcaitear an tsúil chaoch, ar gach leibhéal, ar ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire. ’Sí paraidím lofa fhéinchosantach an tSuí Naofa ná, fiú go dtí an lá atá inniu ann, nach beart coiriúil é, ach ‘peacaí’ ainghníomhartha péidifíleacha na cléire. ‘Laigí’ daonna le maitheamh. Is treise an Dlí Canónta, agus araile. Port na bpúcaí dall.

Ní chuireann Gibney oiread agus braon meala ar an bhfiacail. ‘The system selects, cultivates, produces and protects sexual abusers’. Tá cásanna casta á dtógaint in éadan na Vatacáine, agus ‘coireanna in éadan na daonnachta’ i gcoinne an Phápa féin. Níl an Pápa, ina phearsa spioradálta, inchúisithe faoi aon dlí daonna, ach, ós rud é gur Ceann Stáit freisin é……..! Ó, a thiarcais!

I ndeireadh báire, ’siad na marthanóirí is treise a théann i gcionn orainn. Tugann siad fianaise chomharthaíoch dhoshéanta. Níor ghéilleadar don maistíneacht institiúideach, eaglasta. Fir chróga ar nós Gary Smith, Bob Bolger, Terry Kohut. Laochra bodhra. ‘Deaf Power’, arsa duine díobh, le mórtas, sa fráma deiridh. Voila! arsa ‘Kino’.

‘Hors Satan’

Is scéal ar fad eile é fear dubh ficseanúil Bruno Dumont. ’Sé sin, munar ‘slánaitheoir’ de shaghas éigin é an t-imeallaí ciardhubh iar-Kirkegaardiach a chuir David Dawaele, aisteoir, feoil air. Fear le cumhacht dhébhríoch, a chónaíonn faoin spéir sna dumhacha fiána ar an Cote d’Opale, Pas-de-Calais. An aimsir láithreach, ach saol eile, nó alltar, i bhfocla de Bhaldraithe, ar bhealaí áirithe.

mí-úsáid anseo freisin. Leasathair ar leasiníon‘Girl’ an script. Tugann an ‘Guy’ (Dawaele) cosaint di - a slánaitheoir? Ach nárbh eisean an péidifíleach le hiníon comharsan, agus nár bhodach é le síobaire mná lánfhásta a bhain di le fonn dó? Ar bheart dhíbeartha dheamhanta an tsuirí sa dá chás sin, nó sealbhú deamhanta? Sealbhú deamhanta, déarfainn.

Machnamh is ea an scannán ar an spioradáltacht pheacúil. Aiste scannánaíochta ar an maith agus an olc. Iomann lú ná naofa ar aonarachas an duine. Sionfóin ins na críocha aisteacha sin atá idir aithnidiúil agus coimhthíoch san am céanna dúinn, ina bhfuil glóranna cian is congar na dúichí ag bagairt orainn is ina sólás dúinn san am céanna.

Ach, ar a laghad, leagann Bruno Dumont an rogha ficseanúíl amach dúinn i dtearmann sábháílte na pictiúrlainne.

Rud nár dhein An tAthair Lawrence Murphy dóibhsean a fágadh fána anáil lofa i suanlann na mbuachaillí i St. Paul’s School for the Deaf, Milwaukee, siar i mblianta ‘sona’ na hEaglaise Fraochmhaire.

‘Men at Lunch – Lón sa Spéír

Níl ach an gile i scannán Sheáin agus Éamoinn Uí Chualáín, buíochas le Dia. An-scéal, inste agus stiúrtha go haiclí ag ceardaithe óga Chonamara.

Scéal an ghriangraif cháiliúíl ‘Men on a Girder’. Aon fhear déag, crochta ocht gcéad troigh os cionn chosáin Manhatten, 1932. Ag lón, ar nós chuma liom, ar ghiorda ceithre n-órlach ar leithead. Beirt, de réir dealramh, de bhunadh Oirthear na Gaillimhe ina measc.

Sin scéal, agus ’siad na Deartháireacha Uí Chualáin - muintir Coen agus Dardennes na hÉireann amach anseo b’fhéidir- an bheirt cheart chuige. Ar scáileáin Éireann ó Lá ’le Bríde go dtí an 7ú Feabhra.

San IFI; Movies@Dún Droma, Omnipleicseanna Gaillimh agus Loch Garman; An Scáileán ar Fhaiche an Choláiste, agus ag MovieWorld Guaire agus Caisleán an Bharraigh. Treise leo, agus fáilte.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.