Labhair Eva Stack le Breandán Ó hEadhra, duine den bheirt atá i mbun eagrú Féile 2002 a bheas ar siúl i nGaillimh i mí an Mhárta.
»»»Is fear é Dinny McLaughlin, an fidléir as Inis Eoghain i nDún na nGall, a bhfuil a rian féin fágtha aige ar an gceol traidisiúnta. D’éist Antaine Ó Faracháin lena chéad dlúthdhiosca aonair, a eisíodh ag tús mhí Eanáir.
»»»Féachann Antaine Ó Faracháin siar ar bhliain eile a bhí le ceol, comhluadar agus spraoi.
»»»Nuair a fógraíodh buaiteoir an Turner Prize ar an 9 Nollaig i Londain, bhí go leor daoine i saol na healaíne an-mhíshásta. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar dhá thaispeántas ealaíne i mBaile Átha Cliath a bhí an-éagsúil óna chéile.
»»»Bíonn féile ar siúl i gCúil Aodha i gCorcaigh gach bliain ag tús mhí na Nollag i gcuimhne ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin, an t-amhránaí agus an craoltóir a cailleadh go tragóideach deich mbliana ó shin. Tá Antaine Ó Faracháin i measc na ndaoine a thugann a aghaidh ó dheas don cheol agus don spraoi.
»»»Is minic daoine a thugann cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall ag gearán nach mbíonn go leor imeachtaí cultúrtha ar siúl. Ní bheidh aon chúis ghearáin as seo amach acu siúd a thabharfaidh aghaidh ar Ghort an Choirce in iarthuaisceart an chontae, mar a mhíníonn Colm Ó Dúlacháin.
»»»Aistriúchán le Micheál Ó Conghaile ar ghearrscéal do dhéagóirí le Nicola Davies. Beidh an scéal seo le fáil sa chnuasach Sách Sean agus Scéalta Eile a fhoilseofar go luath. Tá na scéalta ar fad sa leabhar suite sa Bhreatain Bheag.
»»»Tá Oireachtas na bliana seo ar siúl sa Daingean i gContae Chiarraí. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir na féile.
»»»Tá acadamh nua bunaithe i nDoire a bhfuil spriocanna ardaidhmeannacha leagtha amach aige. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Tá an fhéile Sean-nós Cois Life deich mbliana ar an bhfód anois agus, mar a mhíníonn Antaine Ó Faracháin, tá sí chomh bríomhar is a bhí riamh.
»»»Labhair Ciara Nic Gabhann le David Farrell, grianghrafadóir atá díreach tar éis duais mhór idirnáisiúnta a bhuachan agus a mbeidh taispeántas dá shaothar le feiceáil i mBaile Átha Cliath go luath.
»»»Tá club amhránaíochta an Ghóilín á reáchtáil i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath le breis is fiche bliain anois. Míníonn Antaine Ó Faracháin céard go díreach a tharlaíonn sa chlub.
»»»Chuir an taispeántas ‘Absolut Classics’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath le déanaí Ciara Nic Gabhann ag machnamh faoin cheangal idir an ealaín agus an fhógraíocht.
»»»Le ceiliúradh a dhéanamh ar bhoinn airgid na hÉireann, nach mbeidh á n-úsáid againn níos mó roimh i bhfad, rinne an t-ealaíontóir Annette Crump rilífeanna bunaithe ar an dearadh atá le feiceáil ar na boinn chopair.
»»»“Antaine,” a deir sé, “tá scéala agam duit. Ní chreidfidh tú é. Tá Ceol le dúnadh!” “Huh? Tá tú ag magadh!” “Nílim. Tá sé le dúnadh - ag deireadh na bliana, sílim.”
»»»Thóg sé tamall, cúig bliana is fiche ar fad, ach sa deireadh thiar thall beidh amharclann nua ag muintir Dhoire Cholm Cille. Beidh an Millennium Forum Theatre and Conference Centre ag oscailt a cuid doirse den chéad uair ag deireadh mhí Lúnasa le clár leathan, éagsúil agus bríomhar.
»»»Más mian leat saol breá sócúlach a bheith agat agus post le seasmhacht agus teacht isteach rialta, ná bí i d’ealaíontóir - sa tír seo go háirithe. Sin an rud a rith liom tar éis dom bualadh leis an phéintéir óg Rachel Kierans as Baile Átha Cliath.
»»»Bhí sé mar aidhm ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann nuair a d’oscail sé i 1991 faoi threoir an Stiúrthóra Declan McGonagle ardán a chur ar fáil do shaothar náisiúnta agus idirnaisiúnta agus nasc a chothú leis an phobal chomh maith trí chlár cuimsitheach oideachais a chur i bhfeidhm. Tá imeachtaí éagsúla ar siúl faoi láthair chun an chéad deich mbliana a cheiliúradh, taispeántais nua le Rebecca Horn agus Sol LeWitt ina measc. Is teist mhaith iad na taispeántais seo ar an fhís a bhí agus atá ag McGonagle agus ag a fhoireann.
»»»Níl rud ar bith níos deise ná a bheith suite le cairde i dteach tábhairne beag deas i gContae an Chláir san iarnóin ag malartú scéalta, ag seinm ceoil agus ag gabháil fhoinn. Ceol binn, comhluadar deas, pórtar fuar dubh agus gan cúram ná cás ar éinne. Agus ní fada uainn anois an méid sin, mar go bhfuil Seachtain Willie Clancy beagnach buailte linn arís.
»»»Beidh an dán seo ‘Teanga’ i mbailiúchán nua filíochta le Gearóid Mac Lochlainn as Béal Feirste atá le foilsiú san fhómhar. Sruth Teangacha/Stream Of Tongues an teideal a bheas ar an leabhar dátheangach seo (a mbeidh dlúthdhiosca ag dul leis) agus is filí eile a rinne na dánta a aistriú. Is iad Cló Iar-Chonnachta na foilsitheoirí.
»»»Tháinig an haitéir Philip Treacy ar ais go hÉirinn le bheith i láthair ag oscailt a thaispeántais nua ‘Unlikely Sculpture: Hatforms’ in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Aibreáin. Tá clú agus cáil idirnáisiúnta ar Treacy mar dhearthóir hataí a oibríonn le couturiers atá go mór i mbéal an phobail, leithéidí Karl Lagerfield, Helmut Lang, Alexander McQueen agus Theirry Mugler.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.