CÚINNE NA nEALAÍON
Ealaín faoin aer
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann
Íomhá
Íomhá

Ceann de na portráidí atá le feiceáilar Shráid Rossville i lár chathair Dhoire

Grianghraf: Ciara Nic Gabhann

clár ealaíne forbartha ag an Orchard Gallery i nDoire a bhfuil meascán suimiúil ann den ealaín nua-aimseartha idirnáisiúnta agus saothar ón cheantar féin. Tá sé mar pholasaí ag an dánlann ó bunaíodh í i 1978 go mbeadh an ealaín le feiceáil taobh amuigh chomh maith le taobh istigh, mar sin tá saothar le feiceáil thart timpeall na cathrach; ní hamháin go músclaíonn an saothar seo suim daoine san ealaín ach spreagann sé díospóireachtaí chomh maith i measc bhunadh na cathrach.

Eagraíonn an Orchard suas le fíche taispeántas/imeacht sa bhliain a thagann ó fhoinsí éagsúla, náisiúnta agus idirnaisiúnta. Tá gaol speisialta fadbhunaithe ag an dánlann le go leor ealaíontóirí agus leis an phobal agus is dá bhrí seo atá saothar dúshlánach úr - tionscadail phoiblí, ealaín bheo (performance) agus taispeántais dánlainne - á chur ar fáil anois.

Ar an 19 Meitheamh, lainseáladh píosa dealbhóireachta poiblí a rinne an t-ealaíontóir áitiúil Locky Morris. Atlantic Drift an t-ainm atá air agus tá sé suite taobh amuigh d’oifigí Chomhairle na Cathrach. Ghlac sé níos mó ná deich mí an saothar a thógáil. Bhain Morris úsáid as adhmad, a tháinig as seanché sa chathair, a glanadh agus a cuireadh suas.

Grianghraf: Ciara Nic Gabhann

Spreagann an píosa go leor cuimhní agus machnaimh. Déanann na marcanna atá fágtha ag an taoide tagairt don stair atá ag an chathair ó thaobh na heisimirce de. Tá an struchtúr 34 troigh ar airde agus chuirfeadh sé tithe spéire nó clocha cora i gcuimhne duit. Tá an t-adhmad cosúil leis an lasta a bhíodh le feiceáil thíos ar na céanna san am a chuaigh thart. Léiríonn an píosa seo dóchas agus muinín mhuintir Dhoire as an todhchaí.

athbhreithniú agus ceiliúradh ar ghníomhaíochtaí éagsúla an Orchard le feiceáil sa taispeántas Citizens Showcase a osclóidh ar an 6 Iúil. Nuair a thosaigh an dánlann sna seachtóidí bhí sé mar aidhm lárnach i gcónaí acu go mbeadh dlúthcheangal aici le cúrsaí oideachais agus leis an phobal. Tá torthaí an chaidrimh leanúnaigh seo le feiceáil sa taispeántas úr. I measc an tsaothair a bheidh ar taispeáint, beidh péintéireacht ó Ollscoil an Tríú hAois, installation ó thionscadal a thosaigh an dánlann le hionad áitiúil ban agus saothar ar páipéar a tháinig ó dhaoine atá ag obair faoi choimirce an Bhoird Shláinte sa chathair, atá ceangailte le fada leis an dánlann ar scéimeanna den chinéal seo.

portráidí ann chomh maith a tháinig as tionscadal a thosaigh an dánlann le páistí bunscoile. Tá na portráidí seo le feiceáil ar Shráid Rossville i lár na cathrach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.