CÚINNE NA nEALAÍON
Féile 2002 i nGaillimh
Eva Stack Eva Stack Eva Stack

Labhair Eva Stack le Breandán Ó hEadhra, duine den bheirt atá i mbun eagrú Féile 2002 a bheas ar siúl i nGaillimh i mí an Mhárta.

Íomhá
Padraic Ó Tuairisc agus Tommy Ó Nia in "Ualach an Uaignis", aistriúchán ón mBéarla le Micheál Ó Conghaile ar "The Lonesome West" le Martin McDonagh, a bheas le feiceáil le linn Féile 2002

Dhá bhliain ó shin reáchtáladh féile ealaíon comhaimseartha Gaeilge i nGaillimh den chéad uair. Is éard a bhí i gceist ag an am ná imeacht aon uaire, ach tá lucht eagraithe Féile 2000 ar ais i mbliana le Féile 2002, a bheas ar siúl sa chathair idir 26 - 31 Márta.

Tá an fhéile seo á heagrú ag beirt fhear gnó i nGaillimh, Breandán Ó hEadhra agus Michael Diskin, le tacaíocht ó dhreamanna éagsúla sa chathair, ina measc Conradh na Gaeilge, Féile Ealaíon na Gaillimhe agus Amharclann na Cathrach. Nuair a chuir mé ceist ar Bhreandán Ó hEadhra le déanaí cén fáth ar cheap sé go raibh féile mar seo ag teastáil, go háirithe díreach tar éis Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl ar fud na tíre idir 10 - 17 Márta, dúirt sé nach a leithéid d’fhéile ar fáil sa Ghaeilge faoi láthair. Tá féilte ann, a deir sé (Seachtain na Gaeilge ina measc), a dhíríonn ar nithe traidisiúnta; bíonn ceol traidisiúnta i gceist, sean-nós, comórtaisí, etc. ach tá Féile 2002 ag iarraidh dearcadh eile ar na healaíona Gaeilge a chur os comhair an phobail.

Ní gnáthfhéile, mar sin, í Féile 2002. Beidh páirt lárnach ag an drámaíocht inti, ach chomh maith leis sin, beidh ceol, scannáin agus siamsa ar na sráideanna i gceist. An príomhdhráma a léireofar i mbliana ná “Ualach an Uaignis”, aistriúchán le Micheál Ó Conghaile ar dhráma Béarla Martin McDonagh, “The Lonesome West”. Tá cáil dhomhanda ar an saothar seo, agus deir Ó hEadhra go bhfuil an leagan Gaeilge “níos dorcha, níos fírinní agus níos géire ná an bunleagan”.

Beidh “Aingilín” le hAlex Hijmans á léiriú chomh maith. Is dráma é seo a thiteann amach i mbialann agus ní bheidh a fhios ag an lucht féachana cé hiad na haisteoirí mar go mbeidh siad ina suí ina measc. “Is coincheap nua é seo don Ghaeilge,” a deir Breandán. “Is bealach difriúil é le bheith ag breathnú ar an ealaín: áit ar bith, am ar bith.” Léireofar leagan drámatúil le Macdara Ó Fátharta de mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, “Cré na Cille”, le linn na féile chomh maith.

Beidh ceithre scannán nua trí Ghaeilge á dtaispeáint freisin. Beidh ceardlanna, taispeántais ealaíne agus ceol traidisiúnta le blas comhaimseartha ann chomh maith.

Chaill an fhéile airgead an t-am deireanach, mar go mbíonn sé deacair i gcónaí airgead a thuilleamh ón ealaín. Ach, dar le Breandán, “caithfidh luach níos airde ná airgead a bheith ar an ealaín”. Tá sé thar a bheith sásta gur chuir Foras na Gaeilge in iúl ag deireadh mhí Eanáir go raibh siad toilteanach a bheith mar phríomhurra ar an bhféile.

Deir Breandán go bhfuil sé mar aidhm acu an ealaín a chur os comhair an phobail ar bhealach inaimsithe, comhaimseartha, a bheith neamhspleách agus ainm a chruthú dóibh féin. D’éirigh leo é sin a dhéanamh dhá bhliain ó shin agus gach seans go n-éireoidh chomh maith céanna leo an babhta seo.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Fhéile 2002 ach glaoch ar (091) 569777 nó teachtaireacht a sheoladh chuig tht@tinet.ie. Beidh eolas le fáil i dtaobh na féile i nDialann Imeachtaí na hirise seo go luath freisin.

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas í Eva Stack. Tá sí díreach tar éis céim a bhaint amach sa Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.