CÚINNE NA nEALAÍON
An tine nár múchadh fós
Ken Buckmaster Ken Buckmaster Ken Buckmaster
Íomhá
Íomhá

“There’s the known. And there’s the unknown. And what separates the two is the door and that’s what I want to be,” a dúirt Jim Morrison sa bhliain 1966 agus gaois William Blake á míniú aige do Ray Manzarek, duine den triúr ar bhunaigh sé an grúpa ceoil The Doors leo. Is é an téama céanna a bheadh le fáil i gcuid de na hamhráin a scríobhfadh sé, “Break on through” agus “End of the night”, cuir i gcás. Ach is mar gheall ar an sprioc seo an taobh eile den doras a bhaint amach ar bhain a chuid ama le The Doors le halcól, drugaí agus conspóid. Cheap Blake gurbh é an bealach ab fhearr chun an taobh eile a bhaint amach ná an intinn a athrú. Bhí tionchar nach beag ag an méid seo ar bhás mistéireach Morrison i bPáras na Fraince ag tús na seachtóidí.

Duine neamhghnách a bhí i Jim Morrison i gcónaí. Bhí na tréithe a luaitear fós leis le feiceáil agus é óg. Chuir sé in aghaidh rialacha dochta a athar, aimiréal de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe. Bhí sé ar an bpáiste ba ghlóraí, ba mhó a raibh aird air sa seomra ranga, ach freisin ar an bpáiste ba chliste. Tugann a chuid oideachais leid dúinn faoina phearsantacht agus faoin meon a bhí laistigh den duine. Bhí an méid seo le rá ag iarmhúinteoir bunscoile dá chuid fiche bliain tar éis dó an scoil a fhágáil: “Bhí ar léigh sé chomh neamhghnách go raibh orm múinteoir eile a chur chuig Leabharlann na Comhdhála chun a fháil amach an raibh na leabhair ar scríobh sé fúthu ann i ndáirire … mar bhíodar faoi dheamhaneolaíocht na séú agus na seachtú haoise déag.”

Albaim

Eanáir 1967: The Doors

Deireadh Fómhair 1967: Strange Days

Iúil 1968: Waiting For The Sun

Iúil 1969: The Soft Parade

Feabhra 1970: Morrison Hotel

Iúil 1970: Absolutely Live

Aibreán 1971: LA Woman

Samhain 1978: An American Prayer (Filíocht Morrison á haithris le ceol The Doors)

Nuair a bhí sé ar an ollscoil, rinne sé staidéar ar chúrsaí ar nós fhealsúnacht na hagóide agus shíceolaíocht na sluaite. Tá a chuid foinsí inspioráide le feiceáil go soiléir ina cheol: an fhealsúnacht, an litríocht, an béaloideas agus an mhiotaseolaíocht.

Ach ní hionann an duine seo agus an réalt a gcuimhníonn daoine air. Murab ionann agus an duine féin, níor tháinig deireadh le fás cháil Morrison i 1971. Is gné amháin den duine atá freagrach as formhór a chlú ach, ar an drochuair, ní hé an ghné sin a chuid filíochta ná a chuid amhrán. Bhí cáil nach beag ar The Doors mar gheall ar an nós a bhí acu a bheith spontáineach; níorbh fhéidir a thuar riamh cad go díreach a dhéanfadh an grúpa, agus Morrison go háirithe, le linn ceolchoirme.

Miotaseolaíocht

Bhain Morrison úsáid as miotaseolaíocht na Gréige agus bhundúchasaigh Mheiriceá ina shaothar agus cumadh go leor miotaseolaíochta faoi féin agus an dúil a bhí aige san alcól. Is éard a dúirt Ray Manzarek faoi cheolchoirm a bhí ag an ngrúpa sa Dinner Key Auditorium i Miami ag tús mhí an Mhárta 1969: “I’d say Miami Florida was the wildest night of all the performances … Wild is what we want.” Gabhadh Morrison gan mhoill ina dhiaidh sin as iompar gáirsiúil. Cuireadh ina leith go raibh sé ag eascainí, gur nocht sé é féin go poiblí agus go raibh sé ar meisce. Fuarthas ciontach é agus ghearr an Breitheamh Murray Goodman téarma príosúnachta sé mhí le daorobair agus fíneáil $500 air. Chuir a dhlíodóir achomharc faoi bhráid na cúirte ar an toirt agus ligeadh Morrison amach ar bannaí $50,000. Sula bhfuarthas seans na deacrachtaí seo leis an dlí a réiteach, áfach, fuair Morrision bás.

Na hamhráin is cáiliúla

Break on through

Riders on the storm

Light my fire

The end

People are strange

Love me two times

Hello, I love you

Touch me

Roadhouse blues

Love her madly

LA woman

De réir foinsí áirithe, d’éag Jim Morrison i dtobán folctha i bPáras ar an 3 Iúil 1971. Bhí sé seacht mbliana is fiche d’aois. Ach tá neamhchinnteacht ag baint lena bhás ó shin. Níor fógraíodh an nuacht go ceann sé lá tar éis a bháis. Faoin am sin, bhí sé curtha i Reilig Père Lachaise le dhá lá, áit ar thug sé cuairt uirthi cúpla seachtain roimhe sin chun uaigheanna Piaf, Wilde, Chopin, Balzac agus Bizet a fheiceáil. D’fhógair Bill Siddons, bainisteoir The Doors a bhás ach ní raibh an corp feicthe aige. Fuair sé an scéala ó Pamela, cailín Morrison.

Nuair a bhain Siddons Páras amach ar an 6ú lá, bhí séala ar an gcónra agus bhí an teastas báis sínithe. Scríobhadh ar an teastas gur éag Morrison de bharr taoma chroí. Ní bhfuair Ambasáid Mheiriceá fios an scéil go dtí an lá dar gcionn. Níor cuireadh scrúdú iarbháis ar an gcorp, cé nach raibh Morrison ach sna fichidí, rud a bhí neamhghnách. Níl ar eolas againn ach a ndúirt Pamela. Níor chuimhin léi cé a shínigh an teastas báis. Agus, mar a dúirt na beathaisnéisithe Hopkins agus Sugerman, is féidir síniú a cheannach nó a fhalsú.

Uaigh Jim Morrisoni Reilig Père Lachaise, Páras

Grianghraf: Ken Buckmaster

Tá tuairim eile ann go bhfuair Morrison bás de bharr an iomarca hearóine a bheith tógtha aige. De réir Patricia Kennealy-Morrison, bean a phós Morrison i ndeasghnáth Wicca nach raibh seasamh dlí aige, ba í Pamela an duine a mharaigh é go hindíreach nuair a thug sí hearóin dó. Is fusa é seo a chreidiúint ná cuid de na nithe eile a deirtear. Ba mhinic a chaith sé oícheanta sa Rock ‘n’ Roll Circus i bPáras, áit a bhí cáiliúil mar gheall ar an méid drugaí a tógadh ansin. Agus, freisin, is é an tobán folctha an chéad áit a gcuirtear duine chun é a spreagadh le teacht chuige féin tar éis dó an iomarca drugaí a thógáil.

Tionchar ar dhaoine óga

Tá an dream úd ann freisin a cheapann gur mharaigh an FBI Morrison de bharr gur ainrialaí ab ea é agus go raibh siad buartha faoin tionchar a bhí aige ar dhaoine óga. Agus, dar ndóigh, ní mór gan dearmad a dhéanamh ar na daoine atá lánchinnte go bhfuil sé in a chónaí san Afraic nó taobh leis an Amasóin, ag scríobh leis filíochta ar a shuaimhneas!

Cnuasaigh Fhilíochta Morrison

Earrach 1969: The Lords

Earrach 1969: The New Creatures

Bealtaine 1970: The Lords & The New Creatures

Samhradh 1970: An American Prayer

Más beo nó marbh go fisiciúil é, níl amhras ar bith go bhfuil sé an-bheo i measc lucht ceoil an lae inniu, idir cheolteoirí agus éisteoirí. Níl fuaim The Doors ceangailte le tréimhse ar bith agus tá téamaí na n-amhrán chomh hábhartha i saol an lae inniu is a bhí sna seascaidí agus sna seachtóidí.

Dúirt Ray Manzarek tráth, agus é ag caint le duine a bhí seacht mbliana déag d’aois: “It’s great to know that people your age are hip to the Doors. It means that you guys are all very intelligent because, let’s face it, the Doors are not thrash rock … They require some use of your mind to understand Jim’s words and the Doors’ music. So I’m very proud and very happy to be an influence on the young people of America.”

Tríocha bliain tar éis bhás Morrison, tá glúin nua ina lucht tacaíochta aige agus ní dócha go dtiocfaidh laghdú ar an méid suime a chuirtear ann go ceann i bhfad.

Is as Baile Átha Cliath é Ken Buckmaster. Tá sé díreach tar éis céim a bhaint amach sa Nua-Ghaeilge agus sa Tráchtáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.