CÚINNE NA nEALAÍON
Tírdhreacha gan smál
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Labhair Ciara Nic Gabhann le David Farrell, grianghrafadóir atá díreach tar éis duais mhór idirnáisiúnta a bhuachan agus a mbeidh taispeántas dá shaothar le feiceáil i mBaile Átha Cliath go luath.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

D’fhógair an Dánlann Grianghrafadóireachta ar na mallaibh gur bhuaigh David Farrell as Baile Átha Cliath an European Publishers Award for Photography dá thionscadal tochtach Innocent Landscapes.

Is sraith grianghraf atá i gceist atá bunaithe ar na suímh inar adhlacadh ochtar i ndiaidh don IRA iad a fhuadach agus a dhúnmharú sna seachtóidí agus sna luathochtóidí. Nuair a cuireadh tús leis an phróiseas síochána sa chéad chuid de na nóchaidí cuireadh brú ar an IRA deireadh a chur leis an bhriseadh croí a bhí á fhulaingt ag gaolta na n-íospartach.

D’eisigh an IRA ráiteas ag gabháil leithscéil leis na teaghlaigh agus ag admháil go raibh suas le deichniúr dúnmharaithe acu agus curtha go rúnda in áiteanna éagsúla sa tír. Thóg David Farrell na grianghraif atá le feiceáil in Innocent Landscapes nuair a bhí an dianchuardach ann do na coirp.

Nuair a labhair sé liom le déanaí rinne David cur síos tochtach ar an dóigh ar mhothaigh sé agus é ag tógáil na ngrianghraf seo. Dúirt sé go gcosnaíonn an lionsa é go minic nuair a bhíonn air amharc ar rud tromchúiseach - oibríonn sé mar chineál sciath chosanta idir é féin agus an fíorshaol. Theip ar an chosaint sin an iarraidh seo, áfach. Dúirt sé gur paradacsa a bhí ann dó a bheith ina sheasamh i suíomh lán áilleachta agus ciúnais ach ag an am céanna brón a bheith le brath ann chomh maith.

Coilleadh na talún

=======

Ceann de na rudaí a thug sé faoi deara ná an dóigh ar coilleadh an talamh féin sna páirceanna ina raibh an cuardach ag dul ar aghaidh. Ag caint faoin suíomh ina bhfuarthas cnámha Brian McKinney agus John McClory duirt sé:

“I bpáirc amháin, bhí rianta garbha a bhí fágtha ag boinn cairr le feiceáil ar an talamh agus beith gheal a bhí tarraingthe amach ag na fréamhacha agus caite ar leataobh, a fréamhacha go fóill ag coinneáil greim daingean ar an talamh a tháinig amach léi. Shiúil muid go mall suas go dtí cloch mhór agus crois gharbh a bhí ag marcáil na háite ar thángthas ar na coirp. Chuaigh an t-atmáisfear i gcion go mór orm. Mhothaigh mé an chailliúint agus, i gcodarsnacht leis sin, bhí láithreacht ann ag an am céanna. Bhí a fhios agam go mbeadh orm pilleadh ar ais go minic le mo mhothúcháin a réiteach. Cuireann an talamh ár stair i bhfolach, an áilleacht agus an t-uafás le chéile.”

D’admhaigh David go raibh air a bheith cúramach agus cothromaíocht agus mothálacht a thaispeáint ina shaothar.

“Ba mhaith liom go mbeadh an saothar seo mar chuimhneachán ar na mairbh.”

Rugadh David Farrell i 1961 agus rinne sé staidéar ar an Cheimic i gColáiste na Tríonóide, áit ar bhain sé PhD amach i 1987. Tá sé ag obair mar ghrianghrafadóir neamhspleách agus chomh maith leis sin is múinteoir páirtaimseartha é san Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta i nDún Laoghaire. Bíonn sé ag obair i gcomhar lena chéile, an scríbhneoir Goga della Luna, ar thaispeántais éagsúla agus is é seo a chéad taispeántas aonair.

Tugann an European Publishers Award for Photography aitheantas suntasach agus domhanda do shaothar David Farrell. Is í seo an duais is mó a bronnadh ar ghrianghrafadóir Éireannach riamh, b’fhéidir.

Osclóidh an taispeántas Innocent Landscapes sa Dánlann Grianghrafadóireachta, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath ar an 11 Deireadh Fómhair. Seolfar leabhar den teideal céanna ag an taispeántas an lá roimhe sin.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.