Níl rud ar bith níos deise ná a bheith suite le cairde i dteach tábhairne beag deas i gContae an Chláir san iarnóin ag malartú scéalta, ag seinm ceoil agus ag gabháil fhoinn. Ceol binn, comhluadar deas, pórtar fuar dubh agus gan cúram ná cás ar éinne. Agus ní fada uainn anois an méid sin, mar go bhfuil Seachtain Willie Clancy beagnach buailte linn arís.
Sea go deimhin. Creid é nó ná creid, tá bliain eile tar éis sciorradh tharainn. Agus tá muid ar ais arís ag séasúr na bhféilte ceoil in Éirinn. Tá go leor acu ann, is fíor. Ach, thar na féilte ceoil ar fad a bhíonn ar siúl i rith an tsamhraidh seo í an ceann is fearr liom féin.
Suite mar atá sí ar chósta thiar na hÉireann, bíonn boladh na farraige agus ceol an chonsairtín ag meascadh le chéile ar shiollaí na gaoithe. Agus is iomaí véarsa a bhíonn le cloisteáil ar an ngaoth chéanna.
Neart scléipe
Is deacair an samhradh a shamhlú gan Seachtain Willie Clancy a bheith ann. Agus ós rud é anois go bhfuil an chontúirt a bhí ann maidir leis an ngalar crúibe agus béil laghdaithe, is féidir a bheith cinnte go mbeidh an ghnáthscléip a bhíonn ann i gcónaí ag tarlú arís i mbliana. Agus más scléip atá uait, ní bheidh díomá ort ag an bhféile seo!
Ach cén chaoi ar féidir leis an ngnáthdhuine daonna maireachtáil trí sheachtain iomlán de cheol, d’amhráin agus d’oícheanta fada?
Grianghraf: Antaine Ó Faracháin
Bhuel, tá a bhealach féin ag gach duine, ach tá cúpla rud bunúsach ba cheart duit a choinneáil i do chloigeann agus tú ar do bhealach síos sa charr chuig an bhféile. Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú. Níor cheart go mbeadh orm é sin a rá ar chor ar bith ar ndóigh, ach ní chreidfeá an méid duine a cheapann go dtagann taitneamh ó áit éigin eile atá taobh amuigh díobh féin. Ná lig duit féin a bheith i gcónaí ag ceapadh go bhfuil seisiún níos fearr ag tarlú in áit éigin eile seachas an áit a bhfuil tusa. Tá daoine ann a chaitheann an tseachtain ar fad ag rith i ndiaidh a n-eireabaill de bharr an dul amú intinne seo. Is iad na seisiúin is fearr i gcónaí ná iad sin a bhfuil comhluadar maith iontu. Má tá a leithéid san áit a bhfuil tú, fan mar atá tú.
Rud eile atá tábhachtach a thuiscint ná go mbíonn na seisiúin is pléisiúrtha ag tarlú san iarnóin go minic, seachas san oíche. Cé go mbíonn go leor thart ag an am sin é féin, ní bhíonn an brú céanna ann is a bhíonn ann san oíche. Mar sin, déan pleanáil dá réir agus fan chun tosaigh ar an bposse!
An rud a dhéanaim féin ná fanacht sa leaba go dtí meán lae, éirí ansin agus bricfeasta mór a ithe. Suas go dtí an baile liom ansin chun bualadh le daoine, socrú síos más féidir faoi 1.30 p.m. nó 2.00 p.m. i seisiún beag deas a leanfaidh ar aghaidh go dtí a seacht a chlog, b’fhéidir. Abhaile liom ansin chun an dinnéar (a shocraigh mé nuair a bhí mé ag cócaráil an bhricfeasta) a théamh agus a ithe go sciobtha. Agus amach liom arís faoi 9.00 p.m.
Faoi 9.30 p.m. nó 10.00 p.m. bím suite ar mo thóinín arís i dteach tábhairne beag deas taobh amuigh den bhaile réidh le seisiún eile a chaitheamh sula dtagann an slua mór isteach. Coinnigh chun tosaigh ar an slua mór. Sin é an cleas!
Seisiúin mhaithe
Tá áiteanna áirid ar an mbaile a mbíonn seisiúin mhaithe iontu i gcónaí, má tá a fhios agat cén t-am le dul chucu. Más amhránaíocht a thaitníonn leat mar shampla, bíonn sin le cloisteáil beagnach gach iarnóin i dTigh Uí Mharranáin áit a bhfuil an pórtar is deise ar an mbaile! (Comhtharlúint?) Bíonn an ceadal amhránaíochta i gcónaí ar an Aoine thart ar 3.00 p.m. agus nuair a chríochnaíonn an rud foirmeálta tá sé de nós ag na fonnadóirí bualadh le chéile le haghaidh an fhíorsheisiúin ar chúl Thigh Uí Chléirigh (nó “The Blonde’s” mar is fearr aithne air).
Ag am lóin gach lá, bíonn seisiún álainn ceoil ann ar an taobh eile den bhaile i dTigh Uí Fhathaigh, le ceol ar sheanstíl an Chláir. Ná caill an ceann seo ar chuma ar bith. Agus ansin cá mbeadh muid gan Tigh Uí Chaolaigh in aice leis sin? Bíonn scoth an cheoil anseo i gcónaí. Ní nach ionadh. Tá fear an tí ar dhuine de na damhsóirí is deise atá ar an mbaile.
Maidir le clár foirmeálta na bliana seo, tá cúpla rud ann nár mhaith liom a chailliúint. Ar an Luan, 9 Iúil ag 3.00 p.m. tabharfaidh Éamon Ó Bróithe léacht dar teideal ‘Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus a chuid amhrán’ agus ag an am céanna ar an Déardaoin, 12 Iúil beidh Frank Harte ag caint is ag canadh faoi Napoleon Bonaparte. B’fhiú go mór éisteacht leis an dá chaint seo.
Bíonn scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí i láthair ag an bhféile seo gach bliain. Agus an gcreidfeá é?: seo í an 29ú Seachtain Willie Clancy. Rud a chruthaíonn gur maith le daoine ceol binn, comhluadar deas agus pórtar fuar dubh i gcónaí!
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Sheachtain Willie Clancy ag: www.setdancingnews.net/wcss
Is as Baile Átha Cliath é Antaine Ó Faracháin. Is múinteoir, ceoltóir agus fear mór spraoi é.