CÚINNE NA nEALAÍON
An ealaín é? Absolut-ely!
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chuir an taispeántas ‘Absolut Classics’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath le déanaí Ciara Nic Gabhann ag machnamh faoin cheangal idir an ealaín agus an fhógraíocht.

Íomhá
Pictiúr le Keith Haring
Íomhá
Andy Warhol
Íomhá
Grianghraf de chuid Pierre & Gilles

Is díospóireacht shuimiúil agus chasta í - an fíorealaín é saothar a chruthaítear go speisialta do chomhlacht idirnaisiúnta le táirge dá chuid a dhíol agus íomhá a chruthú dó? An gcailleann an saothar agus an t-ealaíontóir creidiúint de bharr go bhfuil siad ag tacú le fógraíocht nó an bhfuil an dá thaobh ag baint tairbhe as?

D’fhéadfá a rá gurb é Andy Warhol an saineolaí ó thaobh sochar a bhaint as cúrsaí tráchtála lena shaothar féin a chur chun tosaigh. Le linn a shaoil, bhain sé úsáid as íomhánna coitianta nó faiseanta ina chuid oibre.

Bhí sampla de seo le feiceáil sa taispeántas Absolut Classics, a bhí i nDánlann an Rubicon ar Fhaichne Stiabhna, Baile Átha Cliath ar na mallaibh. Ba é Warhol an duine a thosaigh an tsraith ealaíne do Absolut i 1985. De réir dealraimh, thit sé i ngrá leis an chuma a bhí ar an bhuidéal vodca agus spreag sé seo go mór é.

“Ní iontas ar bith é go bhfuil an fear céanna a thóg canna anraith Campbell’s agus a rinne íocón ealaíne as i ndiaidh an rud céanna a dhéanamh do Absolut,” arsa Marion Kahan, coimeádaí bhailiúchán Absolut, faoi Warhol.

Ó shin i leith tá breis is 500 ealaíontóir - péintéirí, grianghrafadóirí, dealbhóirí agus dearthóirí faisin - i ndiaidh a rian féin a fhágáil ar an chnuasach seo. An t-aon choinníoll atá ann ná go gcaithfidh an buidéal a bheith le feiceáil sa saothar ealaíne féin.

Fógra conspóideach

Sa Fhrainc roinnt blianta ó shin chuir an comhlacht cosmaidí Roc feachtas ar siúl chun uachtar a rinne cosc ar cheallailít a dhíol. Bhí an fógra dírithe ar mhná agus bhí sé le feiceáil ar leathanach dúbáilte in irisí ban. Is éard a bhí á léiriú san fhógra seo ar thaobh amháin ná bean mhealltach fheolmhar, a droim tiontaithe linn, agus í á folcadh féin. Is é an t-ealaíontóir clúiteach ón 19ú aois Gustave Courbet an rinne an pictiúr macnasach seo ("Les Baigneuses"). Bhí bean óg lomnocht le feiceáil ar an taobh eile agus a droim linn chomh maith, a corp tanaí agus foirfe. An teachtaireacht a bhí le léamh go soiléir ná: bain úsáid as an t-uachtar seo agus beidh tú ábalta an cheallailít (atá le feiceáil ar bhean Courbet) a sheachaint.

Spreag an fógra raic cheart i measc an phobail. Bhí fearg ar dhaoine áirithe go raibh beag is fiú déanta de phíosa ealaíne a bhí chomh tábhachtach sin. Sna meáin chumarsáide, cuireadh tuairimí in iúl go tréan. “Cad é mar a thig linn an chomparáid seo a dhéanamh?” arsa gearánach amháin. “Ní thig linn bean mhacnasach aibí a rinne ealaíontóir suntasach cosúil le Courbet a chur i gcompáraid le mainicín óg. Tá gach féidearthacht ann nach bhfuil muid fiú amháin ag amharc ar a fhíorchorp agus go bhfuil cibé smálneamhfhoirfeacht a bhí uirthi (i.e. an cheallailít) glanta ar shiúl le próiseas ríomhaireachta nó fiú go fisiciúil leis an scian.” Arsa duine eile: “Go minic má théitear i gceann tionscadail mar seo ar bhealach íogair tuisceanach, bíonn toradh ar an saothar don dá thaobh. Sa chás seo, áfach, tá an baol ann go bhfuiltear ag déanamh ábhar magaidh den ealaín.”

Gan dabht tá Absolut i ndiaidh íomhá cool, shofaisticiúil agus iontach faiseanta a chruthú dóibh féin agus is cinnte go bhfuil an ceangal ina bhuntáiste do na healaíontóirí atá i bpáirt leo. Tá an taispeántas a bhí le feiceáil sa Rubicon snasta, bríomhar agus éagsúil ach tá an cheist go fóill le freagairt: an ealaín é nó fógraíocht chliste? B’fhéidir go bhfuil ag éirí leis an dá thrá a fhreastal.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.