CÚINNE NA nEALAÍON
Martin Creed: ag cur dallamullóg ar dhaoine nó ag soilsiú an dorchadais?
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Nuair a fógraíodh buaiteoir an Turner Prize ar an 9 Nollaig i Londain, bhí go leor daoine i saol na healaíne an-mhíshásta. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
Martin Creed, buaiteoir an Turner Prize
Íomhá
Creed féin sa seomra ina bhfuil "The Lights Going On And Off" le feiceáil
Íomhá
Creed leis an amhránaí Madonna ag ócáid bhronnta an Turner Prize

cosc curtha ar bhean i Sasana dul ar ais go dtí aon cheann de dhánlanna an Tate an chuid eile dá saol mar gur chaith sí uibheacha ar shaothar an ealaíontóra íostaigh, Martin Creed.

Bhuaigh Creed, 33, as Wakefield Shasana an Turner Prize, duais shuntasach, as a phíosa lom, “The Lights Going On And Off”. Seomra mór sa dánlann atá i gceist sa saothar seo agus (ar eagla nár thomhais tú go fóill é) lasann agus múchann na soilse sa seomra seo gach cúig shoicind.

Dúirt Jacqueline Crofton, an sabaitéar, nach raibh sí i gcoinne Creed go pearsanta ach go raibh dearcrachtaí aici glacadh lena shaothar mar phíosa ealaíne.

“An rud is measa a thiocfadh leat a rá faoi ná gur píosa leictreonach atá ann, an rud is fearr ná gur ráiteas fealsúnach atá i gceist aige,” a dúirt sí.

Deir Creed “nach ndéanann sé ealaín” agus “go bhfuil go leor tranglaim i saol na healaíne cheana”. Creideann sé gurb iad na smaointe atá taobh thiar dá shaothar an rud is tábhachtaí.

Rinne Simon Wilson, Eagarthóir Cumarsáide an Tate, iarracht chróga míniú a thabhairt ar an saothar ag rá go raibh Creed, “b’fhéidir, ag déanamh ráitis mar gheall ar an bhriseadh le cúrsaí saolta atá le feiceáil san ealaín ó na seascaidí ar aghaidh”. Bhris fear amháin nach raibh sásta glacadh leis an mhíniú seo, agus a bhí ar crith le fearg, isteach ar chuid cainte Wilson le ceist shearbhasach ach shimplí: “An ealaín é seo?”

Glacann Creed leis go bhfuil a shaothar achrannach, go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh ach go ndéanann sé féin é níos fearr ná duine ar bith eile. Is fuath leis cur síos a dhéanamh ar a chuid oibre ach tugann roinnt dá shaothar leideanna dúinn ar a fhealsúnacht. I “Work No. 143”, píosa scríofa ó 1995, deir sé:

whole world + the work= the whole world

An rud is fiúntaí

Ag déanamh beag is fiú dá shaothar féin, admhaíonn sé nach fiú mórán é agus sa deireadh thiar thall gurb é a domhan atá thart orainn an rud is fiúntaí. Téann sé as a bhealach corruair chun an saothar a dhéanamh chomh beag agus chomh discréideach agus a thig leis. Don taispeántas “Wonderful Life” sa Lisson Gallery i Londain i 1993, cuir i gcás, ghearr sé suas 50 píosa beag elastoplast le 50 ciúb 2.5 x 2.5x 2.5 a dhéanamh agus ghreamaigh sé iad ar bhallaí na dánlainne. Dúirt Creed go raibh sé “ag lionadh na mbearnaí”.

Tuairimí faoi “The Lights Going On And Off”

“Sílim go n-ardaíonn an Turner Prize níos mó ceisteanna faoi na moltóirí agus an rún a bhí acu féin ná faoin ealaín nua-aimseartha sa Bhreatain faoi láthair.” - David Farrell, grianghrafadóir, Baile Átha Cliath

“An chúis go bhfuil an Turner Prize ann ná chun aird a tharraingt. Mar sin, b’fhéidir go bhfuil sé ceart go mbuafadh an t-ealaíontóir ar an ghearrliosta is mó a tharraingíonn aird air féin an duais.” - Tom Lubbock, The Independent

“Cé go bhfuil mé i gcoinne fhealsúnacht an Turner Prize, ar a laghad cuireann sé daoine ag plé na ceiste ‘Céard is ealaín ann?’. Ní raibh oiread plé ann riamh ar an ealaín chomhaimseartha is atá faoi láthair, mar sin tá maitheas déanta ag an duais sa chaoi sin … Ní ealaíontóir ró-iontach é Martin Creed ach tá a lán poiblíochta faighte aige.” - David Lee, eagarthóir na hirise ealaíne The Jackdaw

Bhí triúr eile in iomaíocht le Creed chun duais £20,000 an Turner a bhuachan: an grianghrafadóir Richard Billingham as Birmingham a úsáideann a theaghlach mífheidhmiúil mar fhoinse; an scannánadóir Isaac Julien as Londain a dhéanann scannáin, físeáin agus suiteálacha bunaithe ar bhunchruthanna ciníocha agus inscneacha; agus an t-ealaíontóir suiteála Mike Nelson a chruthaíonn timpeallachtaí bréagacha atá breac le tagairtí stairiúla, cultúrtha agus sóisialta.

Thosaigh an Turner Prize i 1984 chun aird a tharraingt ar ealaíontóirí faoi 50 bliain d’aois a chuir go mór leis an ealaín nua-aimseartha sa Bhreatain agus chun aitheantas a thabhairt dóibh. Tugann Channel 4 tacaíocht airgid don duais agus déanann siad an comórtas a phoibliú go hidirnáisiúnta.

Bhronn an t-amhránaí popcheoil Madonna an duais ar Mhartin Creed ag rá go conspóideach: “I want to support any artist who not only has something to say but has the balls to say it.”

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.