CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Nuair a bhí rudaí difriúil
Micheál Ó Conghaile Micheál Ó Conghaile Micheál Ó Conghaile

Aistriúchán le Micheál Ó Conghaile ar ghearrscéal do dhéagóirí le Nicola Davies. Beidh an scéal seo le fáil sa chnuasach Sách Sean agus Scéalta Eile a fhoilseofar go luath. Tá na scéalta ar fad sa leabhar suite sa Bhreatain Bheag.

Íomhá
Micheál Ó Conghaile

Tá Elin Roberts torrach agus tá sean-Miss Gulliver marbh. Táim in ann tithe na beirte acu a fheiceáil ó fhuinneog mo sheomra leapa. Tá cónaí ar Elin in uimhir a seacht déag, an teach leis an doras tosaigh buí, agus bhí cónaí ar Miss Gulliver in uimhir fiche a trí. Bhí cnagaire airgid ar a doras liath dorcha.

teagascóir baile ag Elin a thugann cúnamh di lena cuid obair scoile agus cuairteoir sláinte a thagann go rialta ós rud é go bhfuil sí torrach. Níl sí chun an t-athair a phósadh mar go bhfuil a Mam chun aire a thabhairt don pháiste ionas go bhféadfadh Elin filleadh ar an scoil. Tá sí ag iarraidh cúrsa a dhéanamh i gCúram Páistí agus Pleanáil Chlainne. Nuair a d’inis mé é sin do mo Neain, rinne sí gnúsacht bheag agus dúirt, “Beagáinín mall lena aghaidh sin anois, nach bhfuil?”

Bhí cat Siamese ag Miss Gulliver, séacla de chat le súile gorma a bhíodh ina shuí san fhuinneog aon uair a mbíodh sí amuigh, í ag faire amach do Miss Gulliver nó go bhfillfeadh sí abhaile arís. Murach an cat sin, a raibh sé de nós aige fanacht ag an bhfuinneog ní thabharfadh aon duine faoi deara go raibh tada as cor. Tá an cat úd ansin anois san fhuinneog ag faire, ainneoin nach dtabharfaidh an chónra a thug chun bealaigh Miss Gulliver abhaile choíche anois í.

Labhair mé léi Dé Sathairn seo caite. Bhí mé ar mo bhealach chuig oifig an phoist le cúig stampa a fháil agus bhí sí ag teacht anuas na céimeanna cloiche ag an nóiméad céanna. Mar ba nós léi, bhí éadaí liatha á gcaitheamh aici; cóta agus hata liath agus seanmhála láimhe liath faoina hascaill. Thug mé faoi deara go raibh ribí bána d’fhionnadh cait ar a cóta agus smaoinigh mé ag an am go gcaithfeadh sé go raibh sí buíoch as comhluadar an chait. De ghnáth, ba nós léi a bheith ag féachaint síos ar an talamh agus í ag siúl amhail is nár mhaith léi go dtabharfaí faoi deara í. Ach an babhta seo rinne sí caol díreach ormsa agus stán san aghaidh orm.

“Is tusa gariníon Bhet, nach tú?” a dúirt sí, is gan aon mheangadh ar a béal.

“Is mé, Miss Gulliver.” Bhí mé múinte, ach airdeallach. Ní shílim gur labhair mé i gceart riamh cheana léi, ach amháin le beannú di.

“Céard a ghlaonn tú uirthi? Gran, an ea?”

“Ní hea, Miss Gulliver. Neain a ghlaoim uirthi.”

“Tá tú cairdiúil leis an Elin Roberts úd, nach bhfuil?”

“Seanchairde,” a dúirt mise. Bhí imní ag teacht orm faoi Miss Gulliver. Ní raibh aon chiall lena cuid ceisteanna. Agus í ina cónaí léi féin mar sin, d’fhéadfadh sé go raibh dearmad déanta aici ar ealaín an chomhrá.

“An fíor a bhfuil á rá acu? An bhfuil Elin ag súil le páiste?” “Is fíor, Miss Gulliver. Tá sé go deas a bheith ag caint leat ach caithfidh mé imeacht anois. Tá na stampaí seo ó mo Mham láithreach. Agus tá aiste le scríobh agam.”

Bhí mé tosaithe ag caint cosúil léi féin anois.

“Tabhair teachtaireacht do do Neain dom, an dtabharfaidh?” a dúirt sí, ag leagan a láimhe go cineálta ar mo lámhsa. “Abair le do Neain go ndúirt Miss Gulliver go dteastaíonn a cairde ó Elin anois.”

Chuir sí faoi deara dom an teachtaireacht a athrá ina diaidh: “Dúirt Miss Gulliver liom a rá leat go dteastaíonn a cairde ó Elin anois.”

Gheall mé go dtabharfainn an teachtaireacht do Neain; gheallfainn rud ar bith di ag an nóiméad úd le go bhféadfainn imeacht uaithi. Ach faoin am ar shroich mé an cuntar, bhí sé imithe glan as m’intinn. Níor smaoinigh mé arís air go dtí anois, is í marbh.

Tá na cuirtíní tarraingthe acu ina seomra tosaigh agus tá a deartháir Elvet, nár thug cuairt riamh uirthi nuair a bhí sí beo, ag iompar a gléas teilifíse amach chuig a charr. Tá sé isteach is amach ina teach ó mhaidin ag crochadh rudaí leis sula bhfilleann a dheirfiúr eile, Bronwen, as Ceanada. Meastú céard a cheapfadh Miss Gulliver faoina troscán a bheith ag fágáil an tí i gcarr Elvet. Choinnigh sí í féin chuici féin, Miss Gulliver, agus bhí líon-chuirtíní aici ar chuile fhuinneog. Anois tá chuile dhuine in ann a cuid seod a fheiceáil; a cuid citeal copair lonrach agus a hotamán glas leathair. Tá siad ar fad ar an suíochán cúil i gcarr eastáit Elvet.

“Is é an video an chéad rud eile,” arsa mo Neain, atá ina seasamh le mo thaobh ag an bhfuinneog. “Tá a fhios aige nár thug Bronwen aon chuairt uirthi le blianta agus nach mbeidh a fhios aici céard a bheas ar iarraidh.”

“Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé leis an slám sin abhaile, agus go mbeidh sé ar ais ar thóir an video.”

Tagann Elin Roberts amach as a teach, féachann suas agus croitheann a lámh orm. Tá sí ag caitheamh blús pastal glas síoda agus bríste mór dubh. Croithimse mo lámh uirthise, áthas orm gurb ise is nach mise atá torrach. Níl aon chion faoi leith agam ar pháistí.

Le mo linnse,’ arsa mo Neain, “d’fhanadh cailín óg mar ise i bhfolach le náire, agus ní bheadh sí á taispeáint féin don saol mór. Caithfidh sé go bhfuil sí seacht mí anois, agus tá a chosúlacht uirthi. Shílfeá go bhfuil sí ag iompar cúpla.”

Bás agus saol nua ar an tsráid chéanna, agus iad i bhfoisceacht cúpla doras dá chéile. Cheapfá gur mó imní a chuirfeadh bás Miss Gulliver ar mo Neain agus an aois ina bhfuil sí féin, cheapfá sin. Ach is mó go mór an imní atá uirthi faoi chás Elin.

“Gan í sé déag fós, an bhfuil? I do rangsa, nach bhfuil, a Ceris?”

“Tá sí dhá mhí níos sine ná mé, a Neain. Sé déag an mhí seo chugainn.”

“Is é an tOideachas Gnéis úd is cúis leis seo ar fad; ag cur smaointe isteach ina gcloigne. An méid déagóirí atá ag iompar. Ní raibh tada de sin ann le mo linnse.”

“Sea, a Neain. Ní bhfuair aon duine torrach riamh i do lása, an bhfuair?”

Caithfidh sé go raibh an comhrá seo againn milliún uair cheana. Agam féin is ag Neain. Táim á freagairt mar seo i ngan fhios dom féin.

Smaoiním ar Miss Gulliver, agus scanraím. Bhí sise óg í féin tráth, nach raibh? Mo dhála féin. Chuaigh sí ar scoil agus smaoinigh ar ionad a aimsiú di féin sa saol, díreach cosúil liomsa. Agus tá sí marbh anois agus gan aon duine beo ann lena cronú seachas an cat.

“Ar ais a chodladh,” a deir Neain. “Nó tiocfaidh slaghdán ort arís.”

“Ní thiocfaidh. Beidh mé do mo ghléasadh féin chomh luath agus a imíonn tú síos an staighre!” B’fhearr liom mura ndéanfadh Neain an oiread peataireachta orm. Níl ann ach drochshlaghdán. B’fhearr liom mura n-iarrfadh mo thuismitheoirí ar Neain aire a thabhairt dom fad atá siad ag obair. Anois céard a déarfá! Féach Elin trasna an bhóthair ansin agus í torrach le seacht mí nuair atá feighlí linbh agamsa!

“Déanfaidh mé braon súip duit,” arsa Neain. “Rud éigin éadrom agus beathúil.”

“Cuireann tú fógra teilifíse i gcuimhne dom,” a deirimse. “Níl a shárú ann - snas bróg Mhamó, é éadrom agus beathúil.”

meadhrán i mo chloigeann tar éis trí lá sa leaba. Anois go bhfuil Neain cruógach sa chistin cuimhním ar an méid a dúirt Miss Gulliver liom an uair úd. Ós rud é go bhfuil sí marbh faoi seo, agus chuile chosúlacht ar an scéal nach labharfaidh sí choíche arís liom, braithim tábhacht faoi leith leis an uair úd ar labhair sí liom.

Tagann brón orm nuair a smaoiním air gur mhair sí ar feadh beagnach seachtó bliain agus nach bhfuil tada anois ann lena smaoineofaí uirthi. Bhí sí marbh le dhá lá sula ndearna aon duine iontas de go raibh an cat le feiceáil go fóill san fhuinneog.

B’fhearr liom gan Neain a bheith ag déanamh scéal mór díom. Dúirt mé nach raibh an súp trátaí uaim, so d’oscail sí canna súip uachtar sicín. Cé a dúirt go raibh mé ag iarraidh súip, ar aon nós?

“Breathnaigh, Neain, is féidir leatsa an súp a bheith agat. Táimse chun cúpla ubh scrofa a ullmhú dom féin. An ndéanfaidh mé ubh bhreise duitse? Is uibheacha saor-raoin iad.”

“Uibheacha saor-raoin ar fad a bhíodh ann le mo linnse,” a deir sí. “Níor ghá d’aon duine lipéad a chur ar bhosca; d’fhéadadh muid iad a fheiceáil ag rith thart.”

“Na huibheacha?” a d’fhiafraigh mé, go soineanta, mar dhea. “Bhí na huibheacha ag rith thart, a Neain?” “Ná bíodh tusa ag iarraidh a bheith glic!” a deir sí. “Sin an t-aos óg duit! Ní mórán ómóis a thaispeánann tú dom, a bhean óg uasal.” Ach tá meangadh gáire uirthi agus í á rá seo.

“Neain,’ a deirim. “Tá tú ar comhaois le Miss Gulliver, nach bhfuil?”

“Is fíor sin,” ar sise. “Shuigh muid taobh le chéile i rang na naíonán!”

“Ní dúirt tú riamh go ndeachaigh tú ar scoil léi.”

“Cheap mé go raibh a fhios agat go ndeachaigh,” a dúirt sí. “Chuaigh, go deimhin. Bhí Linwen i mo rang. Dlúthchairde a bhí ionainn tráth.”

Dlúthchairde? Mo Neain agus Miss Gulliver? Nárbh aisteach na cairde iad, a déarfainnse. Ní fhaca ná níor chuala mé riamh iad ag rá heileo lena chéile.

“Thug sí teachtaireacht dom le tabhairt duit an tseachtain seo caite ach rinne mé dearmad glan air go dtí anois.”

“Teachtaireacht?”

“Ní raibh mórán céille le baint as. Rud éigin fútsa agus go mbeadh ort a rá liom fanacht cairdiúil le Elin!”

Rinne mo Neain slogadh de chineál éigin agus tháinig dath bándearg ar a haghaidh.

“Neain,” a deirim, “an bhfuil tú ceart go leor?”

Shílfeá gur reoigh sí i lár gnímh éigin, a spúnóg shúip fágtha crochta san aer aici. Caithfidh sé gur fhan sí deich soicind iomlána ina staic ansin sular ísligh sí an spúnóg.

“Í féin a tharraing uirthi é,” a dúirt sí. “Bhí a fhios ag Linwen céard a tharlódh. Náirigh sí a teaghlach agus a cairde. Cuireadh cosc ormsa aon bhaint a bheith agam léi.”

“Neain, an bhfuil tú ag rá go raibh … go raibh páiste ag Miss Gulliver? Ach céard a tharla dó?”

Uchtaithe,” arsa mo Neain.

“Buachaill nó cailín?”

“Focal amháin eile níl le rá faoi mar scéal,” arsa mo Neain. “Beidh do thuismitheoirí ar ais faoi cheann leathuaire.”

An chéad lá eile, nuair a tháinig mo Neain bhí beart mór á iompar aici.

“Tabhair iad seo do do chara Elin,” a dúirt sí. “Roinnt éadaí olla atá ann don pháiste. Agus ná breathnaigh mar sin orm. Ní ormsa atá an milleán faoi Linwen. Bhí rudaí difriúil le mo linnse.”

Is as Gaillimh Micheál Ó Conghaile agus is scríbhneoir agus foilsitheoir é. Is é bunaitheoir agus stiúrthóir an chomhlachta Cló Iar-Chonnachta atá lonnaithe in Indreabhán, Conamara.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.