CÚINNE NA nEALAÍON
Amharclann cheart ag Doire sa deireadh
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thóg sé tamall, cúig bliana is fiche ar fad, ach sa deireadh thiar thall beidh amharclann nua ag muintir Dhoire Cholm Cille. Beidh an Millennium Forum Theatre and Conference Centre ag oscailt a cuid doirse den chéad uair ag deireadh mhí Lúnasa le clár leathan, éagsúil agus bríomhar.

Íomhá

Bhí sé mar chuspóir ag iontaobhaithe na hamharclainne imeachtaí a chur ar fáil a bheadh tarraingteach do gach cuid den phobal. Suite i lár na cathrach taobh istigh de na seanbhallaí stairiúla, is cinnte go mbeidh an suíomh lárnach seo an-tarraingteach do chuairteoirí go dtí an chathair chomh maith le bunadh na háite.

Táthar ag súil go rachaidh an amharclann nua i bhfeidhm ar dhaoine de gach aois agus cúlra agus go dtabharfaidh sí deis do dhaoine bualadh le chéile ar bhealach nádúrtha agus pléisiúrtha.

Tá an halla éisteachta leagtha amach ar dhóigh sholúbtha go leor le freastal ar lucht féachana beag nó mór. Tá suíocháin ann i gcomhair míle duine agus gealltar go gcuirfear coirmeacha ceoil agus damhsa den scoth ar fáil ann don chathair.

Tá béim curtha ar neamhfhoirmiúlacht i gcoincheap an fhoirgnimh seo. Tá i gceist go mbeidh daoine ábalta bualadh isteach agus sult a bhaint as na caifí agus tábhairní atá istigh san fhóram féin. Chomh maith leis sin tá cearnóg suite ina lár, a bheas in úsáid mar ionad neamhfhoirmiúil d’imeachtaí ceoil, filíochta agus performance agus tá áiteanna beaga thart ar an chearnóg d’imeachtaí níos ciúine, an scéalaíocht cuir i gcás. Beidh go leor de na himeachtaí seo taobh amuigh saor in aisce.

Beidh idir cheol (Ulster Youth Orchestra, Brodsky String Quartet, Phil Coulter agus na Mugenkyo Taiko Drummers), dhamhsa (Ballet Imaginaire, To Dance On The Moon - ceol agus damhsa Chiarraí) agus dhrámaíocht ("RENT: the musical”, “A Scene from the Bridge” leis an Ulster Association of Youth Drama) le feiceáil mar chuid de na himeachtaí idir Lúnasa agus Meán Fómhair.

Go n-éirí go geal leis an tionscnamh tábhachtach nua seo!

Tuilleadh eolais: www.millenniumforum.co.uk.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.