CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
An Góilín ag gabháil fhoinn arís!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá club amhránaíochta an Ghóilín á reáchtáil i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath le breis is fiche bliain anois. Míníonn Antaine Ó Faracháin céard go díreach a tharlaíonn sa chlub.

Íomhá
Len Graham agus a bhean Pádraigín Ní Uallacháin.

Tá An Góilín anois ar an saol le bliain is fiche anuas agus é ag seoladh leis go fuinneamhach agus go bríomhar. Club amhránaíochta atá ann a thugann deis do dhaoine amhráin dhúchasacha a chloisteáil agus a chasadh.

Ciallaíonn an focal “góilín” an inlet ach ar ndóigh tá imeartas focal i gceist leis an nath a úsáidtear i gConamara “ag gabháil fhoinn” chun canadh a chur in iúl. Agus tá an dá bhrí atá san ainm an-fheilúnach don rud a tharlaíonn ann. Buaileann daoine isteach go dtí An Góilín gach Aoine chun éisteacht leis na fonnadóirí, chun amhrán a chasadh b’fhéidir agus chun scíth a ligean i measc cairde.

Seisiún neamhfhoirmeálta a bhíonn ann, gan stáitse ná micreafón ná tada den tsórt sin i gceist. Tugtar tús áite don amhrán agus don amhránaí agus tugtar cluas éisteachta do chuile dhuine.

Tá mé ag ceapadh gurb é ceann de na fáthanna go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an gclub le hachar ama chomh fada sin ná mar gheall ar an taobh sóisialta. Ceann de na rudaí is tábhachtaí in aon seisiún i mo thuairimse ná an chumarsáid shóisialta a tharlaíonn ann. Agus sin gné amháin nach mbíonn riamh in easnamh ag an nGóilín!

Tugtar, mar a dúirt mé, tus áite don amhrán agus don amhránaí agus tugtar cluas éisteachta nach bhfuil a shárú le fáil in áit ar bith. Amhránaíocht dhúchasach de gach saghas agus de gach caighdeán a chloistear ann, Béarla agus Gaeilge, agus teangacha eile nach iad ó am go chéile. Fonnadóirí den chéad scoth agus iad siúd atá den dara scoth freisin - más féidir liom é a chur ar an gcaoi sin! Ach is cuma, mar go mbíonn meas ar chuile dhuine ann agus ar an amhrán atá aige nó aici.

Tharlódh sé go mbeadh amhrán mór fada ann faoi Napoleon ar nós “The Grand Conversation on Napoleon”, ceann greannmhar ar nós “The Ragman’s Wake”, ceann ar nós “An Draighneán Donn” ansin agus píosa aithriseoireachta ina dhiaidh sin de chuid Robert Service, leithéidí “The Cremation of Sam Magee”. Ní bheadh a fhios agat céard a bheadh ann. Tá mé féin ag freastal go rialta ar an gclub seo le blianta fada agus cuireann sé iontas orm i gcónaí an oiread amhrán is atá ann. Cloisim amhráin ann fós nach raibh cloiste agam riamh roimhe sin agus tá mé ag dul go dtí an club seo le fiche bliain!

Is in atmaisféar agus i gcomhluadar mar seo a chothaítear amhránaithe agus a bhfoghlaimíonn siad a gceird. Agus ar ndóigh, chomh tábhachtach céanna, nó b’fhéidir níos tábhachtaí fós, is ag seisiúin rialta mar seo a chothaítear lucht éisteachta do na hamhránaithe agus do na hamhráin féin.

Fonnadóir den chéad scoth

Is cuimhneach liom an chéad oíche a chuaigh mé féin isteach go dtí an Góilín, i bhfad siar. Bhí sé lonnaithe ar Shráid Thomáis ag an am agus, mar a tharlaíonn sé, bhí an t-ádh liom. Bhí aoi speisialta ann an oíche sin, Len Graham as Contae Aontroma, fonnadóir den chéad scoth. Bhí oíche iontach agam. Agus tá mé ag filleadh ar ais ó shin i leith.

Agus sin mar a tharlaíonn sé do go leor daoine. Téann siad isteach den chéad uair agus gan a fhios acu go díreach céard atá rompu. Agus filleann siad ar ais arís is arís eile ina dhiaidh sin. Tá lucht éisteachta dílis anois ag an gclub seo, ach chomh maith leis sin, bíonn daoine nua ag teacht isteach an t-am ar fad, rud atá sláintiúil.

Bíonn an club seo ar siúl gach Aoine ó 9.30 p.m. ar aghaidh ó thús Mheán Fómhair go deireadh mhí an Mheithimh. Faoi láthair tá sé suite i dTábhairne na Tríonóide ar Shráid na bPiarsach, Baile Átha Cliath 2. Maidir le táille ag an doras, bhuel is ar éigean gur fiú é a lua. Níl ann ach £1 amháin agus íocann gach duine, bíodh sé i gceist aige nó aici canadh nó ná bíodh.

De bharr an airgid seo a bhailítear gach seachtain is féidir leis an gclub aoi-amhránaí rialta a fháil isteach. Tarlaíonn sé seo gach trí seachtainí, nó gach mí, nó mar sin. Chomh maith leis sin, tá cúpla dlúthdhiosca agus leabhair eisithe ag an gclub agus tionscadail eile, a chuireann an amhránaíocht dhúchasach chun cinn, curtha i gcrích aige.

An mbíonn aon cheol ann? Bhuel, bíonn agus ní bhíonn. Is é sin, tugtar tús áite don amhránaíocht de bharr go mbíonn sé deacair uaireanta deiseanna a fháil amhráin a chasadh ag áiteacha nó ag ócáidí eile, agus de bharr gur féidir a bheith cinnte de go dtabharfar cluas éisteachta don amhrán anseo. Ach ó am go chéile seinntear ceol uirlise ann freisin, go speisialta más ceoltóir uirlise é an t-amhránaí atá ann mar aoi speisialta an oíche sin. Rud eile faoi sin ná go bhfuil go leor ceoltóirí uirlise ann gur spéis leo na hamhráin agus is anseo a thagann siad chun éisteacht leo!

Mar sin is cuma cé thú féin, má thaitníonn amhráin sa stíl dhúchasach agus comhluadar maith leat, cuirfear fáilte is fíche romhat.

Tosóidh An Góilín don séasúr seo ar an 7 Meán Fomhair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.