CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Oireachtas na Gaeilge, An Daingean, 1 - 4 Samhain 2001
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá Oireachtas na bliana seo ar siúl sa Daingean i gContae Chiarraí. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir na féile.

Íomhá
Íomhá
Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais

Tá príomhfhéile chultúrtha na Gaeilge faoi lán seoil sa Daingean an deireadh seachtaine seo agus is dóigh faoin am go mbeidh tusa á léamh seo go mbeidh an Rógaire Dubh é féin ina shuí cois cuntair, pionta fuar fada dubh ina dhorn aige agus é ag caint agus ag cabaireacht le cairde maithe.

Ceann de na rudaí is deise liom faoin bhféile seo ná an dream a thagann chuici: daoine spraíúla a thuigeann conas scíth a ligean agus conas taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile. Ach le dearcadh eile a fháil ar an bhféile chuaigh mé chun cainte le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir na féile agus duine den fhoireann dhíograiseach a bhíonn ag obair go dian leis an rud ar fad a tharraingt le chéile.

AÓF: Cén fáth a gceapann tú féin go bhfuil Oireachtas na Gaeilge chomh tábhachtach sin i bhféilire na féilte?

LÓM: Bhuel, tá an-éagsúlacht inti, sin rud amháin, agus tá aitheantas náisiúnta bainte amach aici maidir le réimsí áirid, na comórtaisí don amhránaíocht ar an sean-nós mar shampla, an dreas cainte, an scéalaíocht agus, le blianta beaga anuas, tá fás agus forbairt le feiceáil sa rince ar an sean-nós. Tagann daoine ó chuile chearn den tír chuig an Oireachtas agus tuilleadh ó áiteacha thar lear. Tá ceann de na príomhchláracha náisiúnta raidió, clár Pat Kenny, á chraoladh ón Daingean ar an Aoine seo, rud a tharraingeoidh aird an phobail i gcoitinne ar an mbaile agus ar an bhféile. Ar ndóigh, bíonn Raidió na Gaeltachta linn chuile bhliain. Dúirt Lillis Ó Laoire, duine de na hamhránaithe sean-nóis is cáiliúla sa tír, liom go bhfuil sé féin ag súil go mór le bheith ag éisteacht le Corn Uí Riada ar an gcóras satailíte agus é i Nua-Eabhrac!

Tá rudaí eile ann ar ndóigh seachas na comórtaisí - seoltaí leabhar agus dhlúthdhioscaí, mar shampla, agus ansin Scléip na hÓige, féile taobh istigh d’fhéile, d’fhéadfá a rá. Anuas ar an 200 daoine óga a bheas ag glacadh páirte sna comórtaisí, beidh thart ar 600 eile ag freastal ar Scléip na hÓige. Beidh craic iontach acu. Beidh an fear geasa Zak Powers leo á gcur faoi dhraíocht, cluichí éagsúla, banna reggae na Gaeilge, Bréag, paráid sráide, ceardlanna ealaíne, caoladóireachta agus rince samba!

AÓF: Feicim go bhfuil trí Chlub na Féile ann i mbliana. Cén fáth sin?

LÓM: Brú spáis. Beidh thart ar mhíle duine i láthair ag Corn Uí Riada agus níl aon ionad ar an mbaile a bheadh in ann an oiread sin a thógáil. Mar sin beidh rogha ag daoine. Beidh céilí, seiteanna agus rince ar an sean-nós sa Hillgrove, ceol agus amhránaíocht in Óstán na Sceilge agus scata mór ceoltóirí amuigh i dTigh Pháidí Uí Shé. Rud éigin do chuile dhuine!

AÓF: An bhfuil tú sásta leis an bhféile mar atá sí, a Liam, nó ar mhaith leat aon athruithe a fheiceáil?

LÓM: Tá mé 90% sásta léi mar atá sí. Sílim go bhfuil rud éigin ann do réimse leathan daoine. Fiú daoine atá ar bheagán Gaeilge is féidir leo teacht agus taitneamh a bhaint as na himeachtaí. Is féidir leo dul go dtí Club na Féile, an taispeántas scannánaíochta nó drámaíochta agus taispeántais eile a bheas ar siúl.

AÓF: Céard iad na deacrachtaí a bhíonn agat á reáchtáil?

LÓM: Easpa airgid agus easpa foirne. Tá oiread a d’fhéadfaí a dhéanamh ach na hacmhainní cuí a bheith agat. Rud eile ná go bhfuil contúirt bheag ann go bhfuil sí ag éirí an-mhór. Caithfimid a bheith cúramach faoi sin. Níor mhaith liom go mbeadh daoine míchompordach sna hallaí, mar shampla, toisc iad a bheith lán go béal. Caithfimid freastal ar an lucht éisteachta atá againn.

AÓF: Cén rud is fearr leat féin ag an bhféile?

LÓM: An Luan ina diaidh, ar ndóigh, nuair a bhíonn gach rud thart! Nuair a bhíonn na hócáidí thart agus fios a bheith agam gur éirigh go maith leo. Thaitin an rince ar an sean-nós go mór liom anuraidh. Bhí atmaisféar iontach sa halla. Agus bíonn sásamh áirid ann nuair a fheiceann tú daoine ag baint taitnimh as na himeachtaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.