CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Athair agus iníon
Aifric Mac Aodha Aifric Mac Aodha Aifric Mac Aodha

Réalt(ii)

D’inis sé di gur thit réalt ón spéir anuas isteach i bpróca a shocraigh sé ar thairseach a fuinneoige.

Go fóill féin, Ní bhainfidh sí an barr de ar fhaitíos go n-éalódh sé orthu.

Buaine(iii)

Mar bhlúirín uainolla é i bhfostú i ndriseog, Siúd mar a mhairfeadh A ghrá di.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.