CÚINNE NA nEALAÍON/AN ÁIT IS ANSA LIOM
Saol dian an ealaíontóra
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Más mian leat saol breá sócúlach a bheith agat agus post le seasmhacht agus teacht isteach rialta, ná bí i d’ealaíontóir - sa tír seo go háirithe. Sin an rud a rith liom tar éis dom bualadh leis an phéintéir óg Rachel Kierans as Baile Átha Cliath.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bhí taispeántas dá cuid féin ag Rachel i nDánlann an Pepper Cannister i mBaile Átha Cliath i mí an Aibreáin agus bhí sí páirteach chomh maith i dtaispeántais i nDún Dealgan agus i Muineachán i gcaitheamh an tsamhraidh. Is beag brabús atá le déanamh as a leithéid, áfach.

“Tá cíos le híoc agam ar stiúideo go míosúil. Tá na hábhair costasach go maith freisin agus na frámaí do na pictiúir. Íocann tú Cáin Bhreis Luacha 21% ar gach rud chomh maith.” Lena chois sin go léir, nuair a bhíonn taispeántas i ndánlann, bíonn coimisiún le híoc ar gach pictiúr a dhíoltar - suas le 50% go minic.

“Ba cheart do na dánlanna a bheith ag obair don choimisiún sin. Tá tusa ag íoc as an liosta cliant atá acu. Sin rud intangible. Ní féidir leatsa teacht ar na ceannaitheoirí sin gan a bheith ag comhoibriú leis an dánlann.” Measann sí nach gcaitheann dánlanna áirithe dua ceart leis an obair seo. Bhí sí breá sásta leis an taispeántas sa Pepper Cannister agus le foireann na dánlainne sin ach ba bheag ab fhiú é ó thaobh airgid de. Cé gur díoladh níos mó ná leath na saothar a bhí ar taispeáint, ní raibh brabús i gceist. Bhí an t-airgead a shaothraigh sí caite cheana féin ag glanadh na gcostas atá uirthi go leanúnach mar ealaíontóir.

Ní féidir le Rachel maireachtáil ar an phéintéireacht amháin. Múinim sí an ealaín chomh maith do pháistí in ionad darb ainm The Life Centre i gCearnóg Phiarais i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. “Fiú dá mbeinn ag fáil go leor airgid ó mo shaothar, bheinn ag múineadh fós mar taitníonn sé go mór liom.”

Ní bhíonn ach aon dalta dhéag (buachaillí idir dhá bhliain déag agus sé bliana déag) sa scoil ag an am agus bíonn sí ag déileáil leo ina nduine agus ina nduine. Is páistí iad a bhfuil fadhbanna pearsanta acu, a caitheadh amach as scoileanna eile. “I ndáiríre, bíonn siad fiáin nuair a thagann siad isteach sa scoil.” Téann na múinteoirí agus na daoine óga i dtaithí ar a chéile de réir a chéile, áfach; ullmhaíonn na buachaillí an lón agus itheann siad féin agus an fhoireann le chéile ansin é.

“Níl a lán rialacha sa scoil i ndáiríre. Ní ghearrthar pionós ar na daltaí. Seo an chéad uair ina saol a bhfuil daoine ag caint leo, gan a bheith ag screadaíl, agus sásta éisteacht leo.”

Iomaíocht ghéar

Deir Rachal nach féidir a bheith ag brath ar thacaíocht stáit ach oiread. Cuireann sí isteach ar airgead de chuid na Comhairle Ealaíon ó am go chéile ach deir sí go bhfuil “iomaíocht ghéar idir ealaíontóirí. Ní bhíonn a lán airgid i gceist - ní bhfaighidh tú ach cúpla céad punt. Tá sé maith go leor ach ní dhéanann sé difríocht chomh mór sin. Ag an am céanna, is fearr é a fháil nó gan é a fháil.” Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d’ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.

Luann sí roinnt ealaíontóirí a dtaitníonn a saothar go mór léi (James Dixon agus péintéirí Thoraí, Tony O’Malley, an Meiriceánach Mark Rothko) ach deir sí nach dtéann sí riamh chuig taispeántais a bhíonn ar siúl in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA). Níl sí sásta, ach oiread, dul chuig ócáidí ar mhaithe le networking a dhéanamh agus bualadh le criticeoirí agus fostaithe de chuid na Comhairle Ealaíon, mar a dhéanann ealaíontóirí eile. “Tá daoine ann a théann chuig gach uile oscailt chun a bheith sóisialta. Níl aon am agamsa dó sin. Ní fhéadfainn é a dhéanamh. Níl mé ag iarraidh a bheith chummy le daoine ón gComhairle Ealaíon i gcomhthéacs sóisialta.”

Scileanna gnó

Cé go bhfuil sé deacair go leor maireachtáil mar ealaíontóir, tá Rachel sásta gur éirigh sí as an chúrsa sa dearadh a thosaigh sí i ndiaidh na hArdteiste sa Choláiste Margaíochta agus Deartha i mBaile Átha Cliath agus go ndeachaigh sí i dtreo na péintéireachta. Deir sí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh scileanna gnó ag an té atá ag obair sa ghairm sin ach nár fhoghlaim sí a leithéid agus an cúrsa Míndána á dhéanamh aici. “Sin easpa atá sa choláiste. Bhí rang staidéir ghnó againn, ach joke a bhí ann. Níor bhain sé le haon rud i saol an ealaíontóra.”

Tá na pictiúir a dhéanann Rachel a phéinteáil teibí go maith. Gach uair a dhéanann sí tírdhreach a phéinteáil, féachann sí le cur in iúl gur rud beomhar é, go bhfuil “presence eile” sa timpeallacht. “Ní fheicfidh tú aon chuid den tírdhreach ann, seachas na dathanna, b’fhéidir.” Seo an cur síos a thug sí féin ar a saothar i gclár taispeántais dá cuid a bhí ar siúl i Maigh Eo dhá bhliain ó shin:

This work explores the relationship between person, spirit and landscape. It suggests that the landscape has a separate and distinctive presence, one that is palpable among the mountains and bogs, seas and landscapes. To be aware of this “other-ness” that Nature suggests is to be aware of its sensuousness, its beauty and magic, and its power to make sense of the process of living and dying.

Ach an dtuigeann daoine a saothar? Tá sí sásta go mbainfeadh daoine a mbrí féin as a cuid pictiúirí - is cuma léi mura dtuigeann siad cad é go díreach a bhí sé i gceist aici agus í á bpéinteáil. Measann sí, áfach, nach bhfuil “go leor taithí ag daoine a bheith ag féachaint ar shaothar mar seo, mar sin cuireann sé as dóibh uaireanta nach bhfuil aon rud sna pictiúirí a aithníonn siad. Bíonn siad ag rá, ‘Is that a mountain?’ nó ‘That’s lovely, what is it?’

“Bheinnse sásta dá mbeadh daoine ábalta dul isteach chuig taispeántas agus a rá ‘Taitníonn na pictiúirí liom’ nó ‘Ní thaitníonn siad liom’ nó ‘Mothaím ciúin nuair a fhéachaim orthu.’ Is rud an-simplí é.”

Tarlaíonn sé in amanna nach mbíonn fonn uirthi a bheith ag péinteáil ach deir sí gur sin “cuid den phróiseas”. Oibríonn sí ar idir deich bpictiúr agus cúig phictiúr déag ag an am; bíonn suas le deich sraith de phéint i gceist ina cuid pictiúr, rud a chiallaíonn go dtógann sé tamall fada iad a chur i gcrích.

Tá Rachel breá sásta go ndeachaigh sí leis an phéintéireacht - in ainneoin chomh deacair is atá sí mar ghairm.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.