“Tá sé doiligh dánta polaitiúla a scríobh gan dul i mbaol agus i mbannaí na bolscaireachta. Sin dilemma an dáin go minic. Conas d’aghaidh a thabhairt ar mhairgí móra an tsaoil i bhfilíocht? Caidé mar is féidir é seo a dhéanamh go fírinneach nuair nach bhfuil á chaitheamh agat féin ach saol beag suarach, sábháilte, saor ó bhroid agus ó bhuaireamh? Níl de fhreagra agam air sin ach gur dóigh liom go mbíonn filíocht mhaith ar thaobh an tsolais agus ar thaobh na beatha i gcónaí. Tá claíomh solais na Saoirse ag soilsiú, ag glinniúint i gcroí an fhile. Tá a thír dhúchais i gcroí na ndaoine atá faoi dhaorsmacht.
Is é atá sa dán seo ná bean Phalaistíneach agus í ag cur síos go neamhbhalbh ar an éagóir atáthar a dhéanamh ar a daoine. Le déanaí bhí mé ag léamh dornán dánta le Tawfiq Zayyad, file óg Palaistíneach, a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Bhain siad siar asam le binb agus boirbe a ngutha. Shamhlófá go raibh nathair nimhe ag siosarnaigh agus ag slabhrú istigh i ngach ceann acu. Bhí ort a bheith ar d’fhaichill nó bheadh daor ort.
As an teagmháil sin le dánta Tawfiq Zayyad a tháinig an dán seo. Is é a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile. Caithfidh muid comharsanacht mhaith a dhéanamh lenár gcomhdhaoine, cé acu in Gaza atá cónaí orthu nó i nGleann an Átha. ‘All you need is love’, mar a dúirt na Beatles.”
Cathal Ó Searcaigh, Aibreán 2001
Mórtas na Mná Palaistíní
(i gcead do Tawfiq Zayyad)
Anseo i Lidda, i Ramla, i nGaililí, fanóidh muid ag buanú ár gcineáil is ár ndlí. Cha ruaigeann tú muid as do shlí.
Le súil nimhe an naimhdis dhéanfaidh muid tú a chiapadh. Le horthaí ársa an díoltais dhéanfaidh muid tú a shárú. Le gaineamh síobtha an tseachráin cuirfidh muid tú amú.
Fanóidh muid go buan ag sclábhaíocht, más gá, ó Luan go Luan; ag scuabadh agus ag sciúradh go béasach in bhur dtithe bodaigh; ag freastal agus ag friotháladh go dúthrachtach in bhur dtábhairní;
Inár searbhóntaí agus inár seirbhísigh, géilliúil agus cuideachtúil, sa chruth go dtig linn, mall agus luath, greim bídh a ghoid go tráthúil, deaslámhach, d’ár gcuid páistí gortacha ó chrúba craosacha bhur bhfuath.
Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
Cosnóidh muid an crann fige agus an crann olóige; cothóidh muid réabhlóid i gcroí na hóige mar an giosta seo atá ag éirí i dtaos aráin ar an tinidh.
Anseo i Lidda, i Ramla, i nGaililí gur beo a bheas muid, Palaistínigh i mbuanseilbh ár mbuanchónaí.