CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
An Afganastáin
Dán nua le Seán Hutton.



Titeann ceapairí is ollbhuamaí gan toirmeasc ó spéir bhagarthach lánarmtha; caitheann an dorn díoltasach bréagriocht an chirt is na trócaire.
In Afganastáin an áir tá bolscaire bladhmannach na saoirse ag beartú fiú nóiníní an fhásaigh sin a dhíothú.
Is tá scáth an iolair bhradaigh is scáth na baidhbhe ag leathnú mar fhrithsmál marfach thar críoch lomscriosta seo ár gcruinne.
Tá Seán Hutton ina chónaí i Londain. Tá sé ag obair leis an Federation of Irish Societies.