“Antaine,” a deir sé, “tá scéala agam duit. Ní chreidfidh tú é. Tá Ceol le dúnadh!” “Huh? Tá tú ag magadh!” “Nílim. Tá sé le dúnadh - ag deireadh na bliana, sílim.”
Sin mar a cuireadh in iúl dhom féin go raibh an t-ionad do chuairteoirí a bhfuil Ceol mar ainm air le himeacht de dhroim an domhain sul i bhfad. Is ionad é a bhfuil ceol dúchasach na hÉireann mar ábhar aige (go fóill ar chuma ar bith) agus atá suite in Óstán Chief O’Neill’s i Margadh na Feirme (Smithfield), i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.
Bhí iontas orm ar bhealach amháin nuair a chuala mé an nuacht ach, ar bhealach eile, ní raibh. Bhí iontas orm go bhféadfadh a leithéid tarlú agus gan Ceol ach achar gearr ar an saol agus tar éis d’oiread airgid a bheith caite ar an tionscadal. Ach tar éis na scéalta a bhí ag teacht chugam faoi ó fhoinsí éagsúla (ceoltóirí den chuid is mó), thar tréimhse fhada, bhí sé cosúil le seanchas a bhí scríofa i leabhar na tairngreachta a fheiceáil ag tarlú.
An oscailt
Ba ar an gCéadaoin an 14 Aibreán 1999 a osclaíodh an t-ionad seo le neart forógra. Caitheadh na mílte punt air agus gan ansin ach slis amháin den cháca. Lonnadh é taobh istigh d’fhorbairt mhór tógála ar caitheadh airgead dochreidte uirthi, é suite in áit lárnach i mBaile Átha Cliath a bhfuil tuilleadh forbartha pleanáilte di sna blianta beaga amach romhainn.
Cén chaoi a ndeachaigh sé in aimhréidh, mar sin? Ceist mhaith. Tá a fhios agam go bhfuil ábhar maith sa “taispeántas” atá in Ceol mar go raibh mé féin, in éineacht le roinnt eile, páirteach i roghnú, i leagan amach, agus i gcur i láthair an eolais atá ann. Bhí obair mhór ann don choiste comhairleach díograiseach a d’oibrigh beagnach dhá bhliain chun an t-ábhar a chur le chéile. Caitheadh oícheanta fada ag plé agus ag cíoradh, ag moladh agus ag snaidhmiú eolas leathan le chéile, a bhí cuimsitheach agus cruinn, faoi cheol dúchasach na tíre seo agus a bhaineann leis.
Chuir baill den choiste eolach seo a gcroí agus a n-anam isteach sa tionscadal, ar mhaithe leis an rud ab fhearr a d’fhéadfaidís a chur le chéile, rud a bheadh oideachasúil, taitneamhnach agus tarraingteach.
Agus ansin osclaíodh don phobal é. Duine ar bith a bhí ann a raibh mise ag caint leis, mhol sé chun na spéire é, fiú amháin iad siúd nach raibh cur amach ar chor ar bith acu ar an gceol. Bhí todhchaí mhaith roimhe, shílfeá.
Ach is cosúil nach raibh an seanchas sin greanta ar an gcloch feasa. Thosaigh deacrachtaí beaga ag teacht chun solais luath go leor. Bhí ráflaí ag teacht amach: foireann ag teacht is ag imeacht, deacrachtaí maidir le polasaí ceoil san óstán, ceoltóirí a cuireadh ó dhoras agus mar sin de.
“Tús maith leath na hoibre”, a deirtear, ach nach mbíonn deacrachtaí ag gach áit ag an tús? Shocródh rudaí síos.
Ach is cosúil nár shocraigh, go hiomlán ar aon chuma. Agus anois, caithfear an fhís sa gciseán!
Féidearthachtaí
Ceapaim féin gur mór an trua é. Shíl mé go raibh féidearthachtaí iontacha ag baint leis, go bhféadfadh rath a bheith air, go mba mhaith an rud é a leithéid d’áit a bheith ann le heolas cruinn faoin gceol dúchasach a roinnt le daoine, ar bhealach spéisiúil agus taitneamhach. Bhí mé ag samhlú páistí ag teacht chuige ar thuras scoile i mí an Mheithimh, daoine a bhí aineolach ar an gceol roimhe sin ag imeacht leo agus tuiscint níos doimhne acu ar an traidisiún. Ceol beo san áit, oideachas, beocht, forbairt. Ach ní raibh sa méid sin sa deireadh ach brionglóid a bhí agam is cosúil, brionglóid a shíl mé a d’fhéadfadh tarlú.
Ní fada go mbeidh Ceol imithe, mar sin. Céard a bheas ann ina áit? N’fheadar. Ionad comhdhála do lucht gnó? Club oíche? Dioscó? Fir le seaicéid dhubha agus cluasáin ina gcluas acu ina seasamh ag an bpríomhdhoras? Droch-Ghuinness ar phraghas ard?
Ní fios. Beidh orainn fanacht.
Ach tá rud amháin atá cinnte. Cé go mbeidh Ceol é féin imithe, leanfaidh taoide mhór an traidisiúin atá taobh amuigh, ag tuile is ag trá, gan stad gan staonadh. Ní féidir í a stopadh ná a smachtú. Tá an traidisiún rómhór, níos mó i bhfad ná aon ionad cuairteoirí, ná aon fhís ar leith, ná aon iarracht a dhéanfadh aon duine againn ar é a léiriú.
Tá eolas breise le fáil faoi Ceol ag www.ceol.ie.