Labhair Catherine Foley leis an aisteoir Bríd Ní Neachtain a bhí sa Ghaillimh le déanaí ag ullmhú d’oscailt an dráma, Doubt, sa Town Hall Theatre. Cheistigh sí í mar gheall ar a saol ar an ardán le hAmharclann na Mainistreach i rólanna mar Rose i Dancing at Lughnasa le Brien Friel agus Juno in Juno and the Paycock le Sean O Casey. Labhair Bríd mar gheall ar a rólanna os comhair an cheamara chomh maith sa léiriú den leabhar le Máirtín Ó Cadhain, Cré na Cille, agus sna sraitheanna teilifíse Ros na Rún agus Rásaí na Gaillimhe.
»»»Bhuail Shane Ó Curraighín le John Gleeson, Stiúrthóir Ionad an Léinn Cheiltigh in University of Wisconsin, Milwaukee agus é in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar na mallaibh. Cheistigh sé é faoina chuid oibre san ollscoil, faoi eagrais chultúrtha Milwaukee agus faoi phobal Gael-Mheiriceánach na cathrach.
»»»Thug Catherine Foley cuairt ar Chliodhna Ní Anluain i seomra cúl ardáin sa Cheoláras Náisiúnta agus d’fhiosraigh scéal a cuid oibre le clár RTÉ 1an Sunday Miscellany. Is amhlaidh nach ag fanacht taobh leis an stiúideo atá an clár ach go dtugann ruaig faoi fhéilte ealaíne is pobail fud fad na tíre le blianta gairide anuas.
»»»Bhuail Catherine Foley isteach chuig an Ollamh Ríonach Uí Ógáin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath lena ceistiú faoina cuid oibre agus taighde i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. Thagair Ríonach ina cuid cainte do Mháirtín Ó Cadhain, do Shorcha Ní Ghuairim, do Séamas Ennis agus do mhórán nach iad.
»»»Ní aireoidh Aire Stáit na Gaeltachta rud ar bith coimhthíoch faoi Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne mar bhí sé féin, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, ag baint duaiseanna scéalaíochta ag an Oireachtas na blianta siar. Chas Seosamh Mac Muirí leis ar an lá ar seoladh Plean Forfheidhmithe na Roinne don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
»»»Is é seo an dara leath den Agallamh leis an gComhairleoir Contae agus an ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig. Nochtann sé a thuairim ar Shinn Féin, an ionadaíocht neamhspleách, an NUJ agus ar an bPlean 20 Bliain Don Ghaeilge.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí leis an gComhairleoir Contae agus an ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, oíche a raibh sé le freastal ar chruinniú mór le sealbhais agus cleachtais talúin, phortaigh agus tithíochta na Gaeltachta a chosaint ar dhlíthe nua BhÁC / na Bruiséile mar dhea. Labhraíonn Seosamh sa gcéad leath den Agallamh anseo faoi ré Chearta Sibhialta na Gaeltachta, ré Shaor-Raidió Chonamara faoi thairiscintí na hIoruaidhe d’Éirinn sna 70aidí. Foilseofar an dara leath in eagrán na míosa seo chugainn.
»»»Cainteoir dúchais a tógadh sa nGalltacht, nó ‘cainteoir athdúchais’ i dtéarmaí teangeolais, é Liam Ó Dochartaigh a shaothraigh sna forais acadúla ó thuaidh is ó dheas. Iar-Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus é anois ar leathscor as saol riaracháin Ollscoil Luimnigh, glacann Liam páirt ghníomhach i gCumann Merriman, ina scoileanna samhraidh agus geimhridh. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige i Luimneach le roinnt ceisteanna a chur air faoin gcumann agus faoi ghnóthaí go leor eile.
»»»Bhuail Robert McMillen le fear a bhfuil tionchar mór ar dhá thaobh na teorann i saol na craoltóireachta agus i saol an chomionannais, an fear a bhí ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ nuair a cuireadh TG4 ar bun. Tá Bob Collins sáite in obair an athraithe go córas digiteach craolacháin faoi láthair.
»»»Is sochtheangeolaí í Ceil Lucas ó Ollscoil Gallaudet i Washington D.C. Bunaithe in 1864, is í seo an t-aon ollscoil ar domhan a bhfuil rochtain ar gach clár staidéir do na bodhair ann agus pléann Lucas le gothaíl agus le héagsúlacht na dteangacha comharthaíochta. Tá Spáinnis, Fraincis, Iodáilis, Gaeilge agus Béarla ar a toil aici chomh maith. Bíonn sí ag múineadh na hIodáilise ag scoil Iodáilise fosta. Casadh ar Maitiú de Hál í ag deireadh seachtaine ‘Daltaí na Gaeilge’ in Esopus, Stát Nua-Eabhrac.
»»»Labhair Robert McMillen leis an bhfear a tháinig faoi sclamhairt aisteach ghoimhiúil nuair a bhunaigh sé Teilifís na Gaeilge > TG4, iarléachtóir, iar-Aire agus fear a bhfuil a shúil dírithe amach roimhe anois ar Áras an Uachtaráin, Michael D. Ó hUiginn.
»»»Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi in Oifigí Ghaillimh le Gaeilge chun fiafraí faoin eagraíocht agus faoina fód dúchais.
»»»Bhí an saol ag múineadh Aire Oideachais na Sé Chontae, Caitríona Ruane, sa dóigh gur shiúil sí cuid de Mheiriceá Láir, taithí a thug uirthi a hamhail a dhíriú ina dhiaidh sin ar dheacrachtaí an Tuaiscirt. Chuaigh Robert McMillen chun cainte léi i mBeannchar, Contae an Dúin.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge. Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.
»»»Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na ‘white collar unions’? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.
»»»Thug an Dr. Séamas Ó Direáin, cainteoir Liotuáinise, aghaidh ar an nGaeilge san Afraic agus é i mbun taighde ar an teanga KiSwahili sa Chéinia beagnach dhá scór bliain ó shin. Lonnaigh an Gael-Mheiriceánach sin in Éirinn dhá bhliain déag ó shin agus chuaigh Seosamh Mac Muirí chun cainte leis i nGaillimh le déanaí.
»»»Chas Orla Ní Threasaigh, mac léinn cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, leis an Dr. Daniel Bourgeois saineolaí ar theangacha mionlaithe, sa Spidéal le déanaí tar éis dó léacht phoiblí a thabhairt ar “Stiúradh na scoileanna lán-gaeilge: Dúshláin & Riachtanais”.
»»»Bhuail Alan Desmond le bean a tháinig anoir as an bPolainn sé bliana ó shin, d’fhoilsigh dhá leabhar Ghaeilge agus a bhfuil foilsitheoir aimsithe cheana féin don tríú leabhar Gaeilge óna méarchlár. Tá sí i mbun obair aistriúchán agus tá a comhlacht féin bunaithe aici. Tá sí tosaithe cheana féin, leis, ar theanga eile a fhoghlaim anois mar go mbeidh sí ag caitheamh an chéad chaibidil eile dá saol le Fraincis i Quebec.
»»»Tá seanaithne ar Mhaidhc Dainín Ó Sé, go háirithe i measc phobal na Gaelainne agus i measc na gceoltóirí traidisiúnta. Leabhar is fiche atá scríte aige as Gaelainn go dtí seo agus é ag scríobh leis ar a shuaimhneas. Bhuail sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh agus ba léir go raibh féith na scéalaíochta go smior ann. Is ana-chomhluadar é, fear atá lán de bheocht is de chleachtadh. D’eachtraigh sé mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh sé isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.
»»»Scríbhneoir ildánach é Micheál Ó Conghaile, as Inis Treabhair i gConamara, a bhfuil nach mór gach gné den litríocht treafa aige. Lena chois sin, tá sé ar cheann de na foilsitheoirí is bisiúla sa tír. Tá Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh cúig bliana fichead ar an fhód i mbliana. In agallamh cuimsitheach do Beo!, labhair sé le Breandán Delap faoi staid na litríochta agus na foilsitheoireachta Gaeilge, faoi cheol tíre na Gaelachta, faoin chlár conspóideach faisnéise Fairytale of Kathmandu agus faoin drochbhail atá ar dhrámaíocht na Gaeilge faoi láthair.
»»»“Ní féidir stad a chur le fás na Gaelscolaíochta má bhíonn an t-éileamh ann – is féidir an fás sin a mhoilliú, ach ní féidir stad a chur leis. … caithfear a aithint gur tháinig cuid mhór de sin ón phobal féin gan tacaíocht stáit. Ní raibh deontas ar bith, cuirim i gcás, ar Chumann Chluain Ard, agus tógadh Gaeltacht Bhóthar Seoighe gan deontas de chineál ar bith. Níl deontas de dhíth le mogalra teanga a fhorbairt, níl de dhíth ach daoine a theacht le chéile. Níl deontas de dhíth le teaghlach a thógáil le Gaeilge, agus sin an áit is mó a bhfuil dul chun cinn le déanamh go fóill – cur le líon na dteaghlach Gaeilge. Caithfidh muid oibriú níos cliste agus níos straitéisí; ní deontais ach toil phobail a thógfas pobail úra Gaeilge, ….”
»»»Labhair Colm Mac Séalaigh le Curadh na hEorpa agus Curadh an Domhain dornálaíocht, Katie Taylor. Ní hé amháin gur scoth an domhain sa dornálaíocht í Katie, ach chaith sí cúig bliana ag imirt do fhoireann sacair na hÉireann san iliomad cluiche idirnáisiúnta, éacht ann féin mura mbeadh ann ach é. Tá a haird dírithe ar an mbliain seo chugainn, 2011, bliain cháilithe do na cluichí Oilimpeacha i Londain, 2012. Thagair Katie san agallamh don Chumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann, dá creideamh láidir agus don eachtra a shaighdigh í i mbun athfhoghlaim na Gaeilge.
»»»Tá sé i gceist ag an Aire Gnóthaí Pobal, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey moltaí a réiteach sula scoire an Dáil don Samhradh, le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta a chur siar go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le hathstruchtúrú na heagraíochta sin. Lena chois sin, tá súil aige go mbeidh moltaí an fhreasúra agus na n-eagras Gaeilge i leith Dhréachtstraitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge curtha i dtoll a chéile aige i dtrátha an ama chéanna agus go mbeidh leagan leasuithe den straitéis aontaithe ag an Rialtas. Thug sé an méid seo le fios, agus mórán eile chomh maith, in agallamh cuimsitheach le Breandán Delap do BEO!
»»»Creideann Uachtarán na hÉireann, go dtiocfaidh muid slán as an ghéarchéim eacnamaíochta reatha agus go n-amharcfaidh muid siar air i gceann deich mbliana mar scrúdú a dtáinig muid fríd le honóracha. Toghadh Máire Mhic Giolla Íosa mar Uachtarán na hÉireann don chéad uair sa bhliain 1997 agus in athuair sa bhliain 2004 agus tiocfaidh deireadh lena tréimhse Uachtaránachta an bhliain seo chugainn.
»»»Iar-phríomhoide meánscoile, duine de Chúigear Ros Dumhach agus fonnadóir agus ceoltóir é Mícheál Ó Seighin. Tháinig sé ar an saol i gContae Luimnigh ach tá a shaol oibre caite aige i gceann de sheoda áille rúnda na tíre seo, in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige le gnaithí na tíre a spíonadh in éineacht leis ina theach os cionn na farraige idir céibh na Rinne Ruaidhe agus Sruth Fada Con. Nocht Mícheál a thuairim ar an iliomad rudaí sa taobh tíre álainn sin, ina measc ar Pat ‘the Chief’ O Donnell atá anois ar an leaba chláir sa gCaisleán Riabhach, ar an mBord Pleanála, ar an iriseoir Paul Williams, an Betelgeuse a pléasc i gCuan Bheanntraí, ar Lloyds Marine, ar Acht Airgeadais 1992, Ray Burke agus Bobby Molloy agus ar airgead na Gaeltachta a bheith dá roinnt ar Bhéal an Mhuirthead.
»»»Cad is brí le hathneartú teanga nuair nach bhfuil ach cúigear cainteoirí, nó níos lú, fágtha ag do theanga? Sin í an cheist a chuir John Walsh air féin sular bhuail sé le Leanne Hinton, Ollamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Berkeley i gCalifornia, bean atá ag plé le teangacha sa cheantar ar nós Karuk, Kawaiisu agus Yurok. An bhfuil ceacht le foghlaim ag cuid againn ón mbean seo? Deirtear go múineann gá seift agus chuir Leanne Hinton tús le seifteanna athghabhála teangacha, an Master Apprentice Program ina measc, do theangacha bundúchais i gCalifornia a bhfuil rath orthu anois.
»»»Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.
»»»Ní hamháin gur fear gnaoiúil é, fear na Feothanaí, Dáithí Ó Sé, ach is fear machnamhach é chomh maith. Fear é a thugann am gach bliain do charthanachtaí go leor leis, ach mórán i ngan fhios do dhaoine, tá gné pholaitíochta ann a thabharfar fé deara amach anseo, dar le Seosamh Mac Muirí a bhuail isteach chuige i gceannáras TG4. Ní beag íomhá Fhear na Feothanaí fén am seo i measc lucht féachana teilifíse trí chéile in Éirinn. D’fhéadfaí a mhaíomh gur oidhre íomhá é ar Mhícheál Ó Muircheartaigh, fear a bhfuil ardmheas ag Dáithí air, agus go bhfuil a dhóthain freagrachta air dá réir. Braitheann Fear na Feothanaí freagracht air cheana féin agus liosta fada le háireamh de chláir éagsúla á éileamh i rith an ama.
»»»Is bean teilifíse í Bláthnaid Ní Chofaigh atá os comhair súile saol Fódlach le blianta anuas ar RTÉ a hAon agus ar TG4. Buaileadh go dona tinn í níos luaithe i mbliana ach tá sí ar a seanléim isteach is amach go Domhnach Broc arís. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach ina hionad oibre le fiafraí di cén chaoi a bhfuil an saol ag caitheamh léi anois. Tá biseach ar a sláinte agus is breá léi an saol, a saol oibre san áireamh. Is léir gur aoibhinn léi an fhoireann atá thart uirthi in RTÉ. Is fearr léi an fhírinne a insint ná an íomhá bhréagach a roinnt le daoine.
»»»Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuig Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga leis an chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí a chur faoi agallamh. Bhí deis ag Rónán bualadh soir chuig a theach Cois Claidigh, braon tae is caife a réiteach don bheirt acu, aghaidh a thabhairt ar an mhicreafón agus labhairt amach, rud a bhfuil Rónán go maith in ann a dhéanamh. Cúrsaí ceoil, an Cabaret Craiceáilte, Oileán Thoraigh, Poblachtachas agus Aontachtachas, Raidió na Gaeltachta agus an iliomad gné eile de réabhlóid Rónáin, tháinig siad faoi thrácht aige.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.