AGALLAMH BEO
Anna Paluch
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Bhuail Alan Desmond le bean a tháinig anoir as an bPolainn bliana ó shin, d’fhoilsigh dhá leabhar Ghaeilge agus a bhfuil foilsitheoir aimsithe cheana féin don tríú leabhar Gaeilge óna méarchlár. i mbun obair aistriúchán agus a comhlacht féin bunaithe aici. tosaithe cheana féin, leis, ar theanga eile a fhoghlaim anois mar go mbeidh ag caitheamh an chéad chaibidil eile saol le Fraincis i Quebec.

Íomhá
Anna Paluch
Íomhá
Yr Wyddfa sa Bhreatain Bhig
le Kevin Chartier ar Vicipéid
Íomhá
Lámhleabhar na Gaeilge sa Pholainnis
Íomhá
Aistriúchán Anna
Íomhá
Saothar eile ó láimh Anna
Íomhá
Saol Fraincise feasta
Íomhá
Anna, ar bogadh arís

Is iomaí Polannach a tháinig go hÉirinn ó mhéadaigh an tAontas Eorpach na Bealtaine 2004, agus is iomaí duine acu atá fós anseo nach bhfuil ach smeadar Béarla acu. Béarla cruinn líofa ag Anna Paluch, áfach, Polannach mná a bhain Éire amach i bhfómhar 2004. hamháin sin ach Gaeilge chomh maith sin aici gur éirigh léi post a fháil i bhforas tríú leibhéal agus an Ghaeilge mar theanga oibre aici (2007-08), dúshlán a sháródh an chuid is de mhuintir na tíre seo a bhfuil 14 bliain tugtha acu ag foghlaim na teanga ar scoil. Mhínigh Anna dom le déanaí an dúspéis atá aici i gcultúr is i dteanga dhúchais na hÉireann, agus an chúis atá aici le slán a fhágáil againn in ainneoin a bhfuil bainte amach aici in Éirinn.

Is amhlaidh gurbh í an stair a tharraing Anna i dtreo na Gaeilge ar an gcéad dul síos agus í ina hiníon léinn i gcathair Lublin in oirthear na Polainne. “Bhí céim sa stair á déanamh agam i Katolicki Uniwersytet Lubelski (KUL), Ollscoil Chaitliceach Lublin. Bhí suim agam i stair na hÉireann, roghnaigh stair chomhaimseartha na hÉireann mar ábhar tráchtais MA is theastaigh uaim an Ghaeilge a fhoghlaim chun na hainmneacha go léir a bhí á léamh agam a thuiscint. Ar ndóigh, Rannóg Cheilteach mar chuid de Roinn an Bhéarla san Ollscoil Caitliceach ó lár na n-ochtóidí agus bhí cairde agam ann a thug uchtach dom tabhairt faoin teanga a fhoghlaim!”

Tréithe Teanga

Níorbh í an Ghaeilge an teanga Cheilteach ab ansa le hAnna ón tús, áfach. “Dáiríre, bhí suim níos agam sa Bhreatnais ach tharla go bhfuil Gaeilge níos fearr agam.” Déanaim iontas den phíosa eolais seo ós rud é go ndeir eachtrannaigh a bhfuil taithí acu ar an theanga gur fusa an Bhreatnais a shealbhú an Ghaeilge. Anna féin den tuairim gur teanga í an Ghaeilge atá i bhfad níos deacra teangacha iasachta eile. “Sea, gan dabht. Is ar éigean a bhí in ann comhrá a leanúint ag an tús. eagar na habairte éagosúil go hiomlán agus is dearmad a dhéanamh ar theangacha eile chun í a fhoghlaim. an fhoghraíocht thar a bheith casta. Ach níor éirigh liom mórán ama a chaitheamh i Gwynedd, sin an fáth go bhfuil Gaeilge níos fearr agam. Ach is breá liom rac-cheol na Breatnaise, an grúpa Datblygu go háirithe. An bhfuil a fhios agat go raibh cúpla seisiún le John Peel acu? Is trua nach bhfuil a léithéidí ag obair sa Ghaeilge.”

laghad an t-am atá tugtha ag Anna sa Bhreatain Bheag, tréimshe nach beag curtha isteach aici sa tír Cheilteach seo againne agus tairbhe bainte aici as. “Bhí fonn orm a bheith i mo chónaí thar lear, gar don Albain agus don Bhreatain Bhig agus theastaigh uaim tráchtas PhD a scríobh ar Óglaigh na hÉireann. Tar éis dom tosú ar chúrsa dochtúireachta i KUL mar sin, shocraigh go dtiocfainn go hÉirinn i bhfómhar 2004 chun ábhar a chuardach. Fuair post páirtaimseartha i gcaifé agus chaith am saor a bhí agam i leabharlanna na Gaillimhe agus na príomhchathrach.”

Níorbh fhada, áfach, gur chuir cúrsaí spóirt cor i gcinniúint na mná óige, rud nach ndéanfar iontas chomh mór sin de nuair a thuigtear go bhfuil cúrsa in iriseoireacht spóirt déanta aici. “Is cuimhin liom gur Déardaoin a bhí ann nuair a tháinig go hÉirinn agus an Domhnach ina dhiaidh sin bhí Corcaigh is Cill Chainnigh ag imirt i gcluiche ceannais na hiománaíochta agus coicís ina dhiaidh sin, bhí Ciarraí is Maigh Eo i gcluiche ceannais peile na hÉireann. Shíl mo thacaíocht a thabhairt do Chorcaigh agus do Mhaigh Eo, ach buíochas le Dia thiontaigh go tapathosaigh ag tacú leis an bhfoireann cheart! Is cuimhin liom gur Corcaíoch thú agus bíonn i dtrioblóid le muintir Chorcaí i gcónaí!” gurbh í an fhoireann peile is fearr le hAnna a rug an chraobh leo i 2004, ba iad ríthe na hiománaíochta, na Corcaígh, a bhuaigh ar Chill Chainnigh sa bhliain chéanna.

Ag Machnamh ar Imeall Dhún Chaoin’ (Ó Ríordáin)

Is léir go ndeachaigh na cluichí Gaelacha i bhfeidhm go mór ar Anna. “Caithfidh go bhfuil carachtar tréan ag na daoine a imríonn na cluichí sina deir le barr measa. Thosaigh ag léamh a oiread agus ab fhéidir mar gheall ar an bpeil Ghaelach agus an iomáint. Bhain an-taitneamh as scríbhneoireacht iriseora áirithe arbh as an Daingean agus chuaigh ar cuairt go Ciarraí chun an áit a fheiceáil. Níor thaitin an Daingean léi ach go measartha, áfach. “Shiúil amach ón Daingean cois cladaigh ar feadh tamaill agus go gairid ina dhiaidh sin tháinig ar Bhaile an Fheirtéaraigh. Chaith aon mhí dhéag i mo chónaí ann!” hionadh mar sin gur nós léiGaolainn’ a !

Bíodh is go dtéadh crua ar Anna comhrá as Gaolainn a leanúint nuair a tháinig go hÉirinn den chéad uair, is amhlaidh go bhfuil dhá leabhar Ghaeilge curtha amach aici anois. D’fhoilsigh Cois Life 500 Seanfhocal, Proverbs, Refranes, Przysłów i 2007 ina bhfuil leathmhíle seanfhocal Gaeilge mar aon lena macasamhla as Béarla, Spáinnis agus as Polainnis! Ba í Donla Bhraonáin a roghnaigh na seanfhocail Ghaeilge is a chuir Béarla orthu ach ba faoi Anna a bhí leaganacha Polainnise de na seanfhocail a sholáthar.

Scríobh Caoilfhionn Nic Pháidín, comhbhunaitheoir Cois Life, chugam mar gheall ar an tionscadal agus dúirt go raibh duine á lorg a d’fhéadfadh na seanfhocail a aistriú go Polainnis. raibh aithne agam ar Chaoilfhionn ag an am, ach bhí i dteagmháil le Cois Life uair amháin roimhe sin is bhí mo shonraí coimeádta acu. Bhí an-tógtha leis an tionscadal agus bhí lánsásta glacadh leis an tairiscint.” aistriúchán díreach a bhí i gceist le formhór mór na seanfhocal, ar ndóigh, mar nach mbainfeadh Polannaigh mórán céille as a leithéid d’aistriúchán mar gheall ar an imeartas focal, na tagairtí áitiúla is an íoróin. “Chaith an-chuid ama ar thóir na seanfhocal Polannach a bheadh ag freagairt do na seanfhocail Ghaeilge agus bhí dúshlánach go leor. Gan dabht, seanfhocail ghinearálta atá díreach mar a chéile i dteangacha éagsúla, agus bhí roinnt mhaith seanfhocal mar sin as Béarla, Spáinnis is Polainnis ach bhí a lán seanfhocal Gaeilge a bhí éagsúil ar fad, go háirithe na tréanna.”

Agus macasamhla 500 seanfhocal Gaeilge aimsithe ag Anna ina teanga dhúchais, ionadh go bhfuil cúpla ceann a bhfuil cion faoi leith aici orthu. “Níl leigheas ar an ngrá ach an pósadh, agus ceann de na tréanna sin a luaigh - trí a bhaineann le hól, é a ól, é a iompar agus díol as.”

Ag Obair in Éirinn

Is cinnte nach ndearna a leithéid de sheoid CV aon dochar d’Anna agus í ag cur isteach ar phost le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar a raibh ag obair 2007 – 08. Déanann beag de, áfach, go raibh ag obair trí mheán na Gaeilge agus gan ach trí bliana tugtha aici in Éirinn. “ gcloisfeadh bliain roimhe sin go mbeadh ag obair trí Ghaeilge, chreidfeadh é. Bhí deacair ag an tús. Chaithfeadh leathuair ag scríobh ríomhphoist, agus sin le cabhair an fhoclóra.” Is leasc liom é sin a chreidiúint, áfach, agus líofacht na mná óige seo soiléir sna píosaí iriseoireachta Gaeilge atá scríofa aici trí na blianta agus sa chaint atá déanta aici ar aerthonnta Gaeilge na tíre seo.

500 Seanfhocal, Proverbs, Refranes, Przysłów an t-aon éacht foilsitheoireachta atá ag Anna le bheith ag maíomh as. Ag deireadh 2008 cuireadh i gcló 500 cóip de Opowiadania, leagan Polainnise de Gearrscéalta an Phiarsaigh a d’aistrigh Anna, tionscadal ar chaith mórán dua leis. “D’aistrigh na scéalta ó Ghaeilge go Béarla ar dtús, agus ansin ó Bhéarla go Polainnis mar gheall ar an easpa foclóirí Gaeilge-Polainnis. Thug mhí san iomlán don obair sin.” Ach cad é a spreag í chun na hoibre sin ar an gcéad dul síos? “Bhí cúpla cúis leis. Ba bhreá liom a scéalta. siad an-chosúil le scéalta a bhí ag roinnt mhaith údar Polannach. Baineann siad le páistí agus le saol na tuaithe. Cheap gur leabhar breá é chun litríocht Ghaeilge a thaispeáint sa Pholainn. Bhí suim ag mórán Polannach i saíocht na hÉireann ag an am, go háirithe ag mic léinn i Lublin, Poznań, Wrocław. Is do na daoine sin, mo chairde féin ina measc, a dhírigh an leabhar sin.” Is deacair le hAnna aon scéal faoi leith a mholadh thar na cinn eile. “Bhí an-tógtha leis an scéal An Mháthair, ach chun an fhírinne a , taitníonn siad go léir liom.”

Agus an méid sin bainte amach ag Anna i réimse na Gaeilge amháin, measaim nach foláir go bhfuil bród as cuimse ar fad aici aisti féin. Ach mar a shíltear a bhítear. “ thagann bród orm ach go fíorannamh. Thug cúpla turas a rinne sásamh dom, go háirithe nuair a d’éirigh liom dul ón Bala go Bethesda ar an rothar agus Yr Wyddfa a dhreapadh an céanna.” Is léir go bhfuil carachtar Anna gach pioc chomh tréan leis na daoine sin a imríonn na cluichí Gaelacha a bhfuil meas chomh mór sin aici orthu.

Cathair Wrocław

neamhchoitianta na héachtaí atá déanta ag an bPolannach mná seo, níl aon rud as an ngnáth ag baint leis an sórt saoil a bhí aici sa Pholainn. Rugadh i gcathair Wrocław í i 1978. Bhog an teaghlach go Polkowice, baile beag in iardheisceart na Polainne, nuair a bhí seacht mbliana d’aois, áit a bhfuil a tuismitheoirí fós ag cur fúthu. In ainneoin an anró a thréithrigh deiridh an chórais chumannaigh a thit as a chéile i 1989, go hiomlán diúltach an chuimhne atá ag Anna ar na blianta sin. “Bhí saol suáilceach i ndáiríre agam, go dtí gur thosaigh an réamhscoil agus níos measa fós, an scoilchuir an réaltacht chumannach déistin orm. cuimhne agam go fóill ar cúpla imeachtaí, ach go ginearálta rinne mo thuismitheoirí gach rud chun muid a choinneáilamach.” Chruthaigh siad domhan beag timpeall orainn. Bhí mórán amhránneamhcheadaithe aguséiritheachagam ag an am sin, bhíomar ag canadh go minic sa tráthnóna. Bhí an-suim ag mo thuismitheoirí sa litríocht, go háirithe ag mo sheanathair. Léigh píosaí dúinn a bhí pléite níos déanaí sa scoil, sa mheánscoil fiú amháin! hionadh go raibh bailithe de mo mhúinteoirí féin!”

beag an t-athrú atá tagtha ar an bPolainn agus ar na Polannaigh ó chaith siad díobh cuing an chumannachais, ar ndóigh. “ an-chuid daoine athraithe ag an airgead agus saibhreas, cinnte. Ach seachas sin, dreach na tíre athraithe. Mo bhaile féin, Polkowice, seo sampla maith. Leagadh na seanfhoirgnimh a bhí i lár an bhaile sna hochtóidí agus tógadh cinn nua go díreach de réir na ngrianghraf a rinneadh sa 19ú céad. Is cuimhin liom Polkowice mar bhaile salach agus gruamaach mar sin atá anois. Ar mo shráid féin, bhí na tithe go léir mar a chéile, ach anois i bhfad níos éagsúlachta ann.”

Is léir ón gcaint a dhéanann Anna ar a hóige sa Pholainn go bhfuil cion faoi leith aici ar an seanathair a léadh litríocht di. “Is é an duine is a chuaigh i gcion orm nuair a bhí óg. Athair mo mháthar é. Mhúin dúinn mórán faoin stair, faoin tírghrá agus faoi chrainn. D’éag nuair a bhí aon bhliain déag.”

an seanathair seo an t-aon duine muinteartha amháin a chronaíonn Anna, áfach. “Mothaím uaim go mór mo dheartháireacha Łukasz agus Jakub mar go bhfuilimid an-mhór le chéile. Is ealantóir cáiliúil é Łukasz, bíonn an-ghnóthach i gcónaí. Oibríonn Jakub ar chórais aeráide. an bheirt acu níos óige mise ach difríocht mhór atá ann. Pléimid an litríocht sa bhaile agus ba bhreá liom mbeadh siad in ann Mícheál Ó Conghaile, Lorcán Ó Treasaigh Seán Mac Mathúna a léamh.” Buíochas le hiarrachtaí a ndeirféar siad in ann Gearrscéalta an Phiarsaigh a léamh ar a laghad.

Éire agus an Pholainn

Is minic a chloistear an tuairim go bhfuil Éireannaigh is Polannaigh an-chosúil le chéile, ach i ndiaidh di breis is cúig bliana a thabhairt in Éirinn, níl Anna sásta glacadh leis an tuairim sin. “Ceapaim nach féidir ráiteas ginearálta a dhéanamh. difríocht mhór idir muintir mo cheantair féinan tSiléisagus, mar shampla, muintir Vársá. cosúlachtaí ann, déarfainn go bhfuil na Ciarraígh níos dlúithe dom muintir Vársá. tuiscint ag muintir Chiarraí nach féidir a fháil i ngach uile áit sa Pholainn.”

Is amhlaidh gur fusa cur síos a dhéanamh ar na difríochtaí idir an thír. “ bia i bhfad níos fearr sa Pholainn, dáiríre! an ailtireacht go hiomlán difriúilgo háirithe na seantithe, seanphleananna na mbailte. Ceapaim go léiríonn seo nach bhfuil stair na Polainne cosúil le stair na hÉireann, murab ionann is an tuairim atá ag a lán daoine.”

Maidir le stair an thír, luaim le hAnna gur gnách le Polannaigh iontas a dhéanamh den mheath a tháinig ar theanga na Gaeilge. Dar leo go raibh cúrsaí díreach chomh deacair ag Polannaigh le linn na staire ach nár thréig siad a dteanga dhúchais riamh. tuairim níos meáite ag Anna, áfach. “Bhí fadhbanna móra ag Polannaigh le linn na staire cinnte, ach raibh ár dteanga i mbaol go ginearálta. Seachas in áiteanna áirithe mar Gdańsk, bhí láidir go deo. pobal na Polainne i bhfad níos líonmhaire pobal na hÉireann, bhí an Pholainn ina tír níos cumasaí agus níos láidre fadó, go háirithe sna 15ú agus 16ú haois. sin an-tábhachtach mar go raibh céannacht thréan i gcónaí ag na Polannaigh. an cheist seo i bhfad níos casta mar a fheictear do dhaoine.”

An Duine is Measa Liom

Is léir gur doimhne an tuiscint atá ag Anna ar Éirinn mar atá ag an ngnáth-Pholannach agus is cinnte go bhfuil an-chuid bainte amach aici sa tír seo laistigh de thréimhse réasúnta gairid. Ach ina ainneoin sin go léir, socraithe aici Éire a fhágáil. “Bhuail le hAlexandre i mBaile Átha Cliath Meán Fómhair seo caite agus ar an gcéad fhéachaint bhí a fhios agam go raibh fadhbanna romham. Scéal fada atá ann, ach d’athraigh mo shaol go hiomlán nuair a chuir aithne air. Is duine dáiríre agus ceanúil é agus ceapaim go bhfanfaidh muid an saol ar fad le chéile.”

go bhfuil an chuma ar an scéal gur san Fhrainc a bheidh amach anseo, súil ag Anna go n-éireoidh léi a cuid Gaeilge a choimeád. “Ba mhaith liom cúpla píosa litríochta a aistriú, rud éigin de mo chuid féin a scríobh b’fhéidir. Ach dóigh liom go mbeidh am agam níos a dhéanamh faoi láthair. An bhfuil tuairim agat chomh éilitheach is atá cuisine française? Tógann daichead nóiméad orm ar a laghad chun dinnéar a dhéanamh.”

Anuas ar an haute cuisine, ar ndóigh, an chéad teanga eile le foghlaim ag Anna agus tionscadail eile ar na bacáin aici, leis. “Faoi láthair táim chun mo chomhlacht féin a fhorbairt, comhlacht aistriúcháin atá ann. Táim gnóthach go leor leis anstuif teaghlaigh’ freisin. pleananna beaga eile agam, ach mórán ar siúl i láthair na huaire.”

Is cinnte go bhfuil an Polannach mná seo os cionn a buille.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.