Tá seanaithne ar Mhaidhc Dainín Ó Sé, go háirithe i measc phobal na Gaelainne agus i measc na gceoltóirí traidisiúnta. Leabhar is fiche atá scríte aige as Gaelainn go dtí seo agus é ag scríobh leis ar a shuaimhneas. Bhuail sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh agus ba léir go raibh féith na scéalaíochta go smior ann. Is ana-chomhluadar é, fear atá lán de bheocht is de chleachtadh. D’eachtraigh sé mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh sé isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.
CB: Dia do bheathasa go BEO.ie, a Mhaidhc. Táim ana-bhuíoch díot as teacht chun cainte liom inniu.
MDÓS: Go raibh míle maith agat.
CB: Tánn tú ag maireachtaint i gCarachán, i gceantar na Feothanaí, san áit inar tógadh tú, ach ní chaithis do shaol ar fad ansan.
MDÓS: Ní dheineas. Saolaíodh mé ann agus saolaíodh ar an mbaile féin mé mar ní raibh aon ospidéal ann an uair sin. Chuas ar Scoil Naomh Eirc ar an bhFeothanaigh agus as san go dtí an cheardscoil sa Daingean. Ní raibh aon tsuim fén spéir agam sa bhunscoil ach ba bhreá liom an cheardscoil. Bhí adhmadóireacht ann is bhíos ag obair le mo dhá láimh is bhí tarraiceoireacht is líníocht mheicniúil ann.
CB: Cad a dheinis nuair a bhís críochnaithe leis an gceardscoil?
MDÓS: Theastaigh uaim dul mar phríntíseach dtí siúinéir i 1958 ach ní raibh aon obair ag na siúinéirí féin ag an am. D’imíos go dtí na haon diabhal duine timpeall a bhí ag obair ar adhmad is ag siúinéireacht, ach ní raibh aon tigh á thógaint ón gCom anall. Bhí na caogadaí go hainnis. Déarfadh duine go bhfuil sé olc anois. Níl ná leatholc seachas mar a bhí sé an uair sin. An t-aon rud, áfach, ná bhí taithí aige daoine óga inniu ar an rud maith, ach ní raibh aon taithí againne ar faic. Bhíos sé bliana déag – gan steibhear im’ cheirt ach bhí deartháir thall i Sasana agam. Dúrt leo aige baile go rabhas ag dul suas go dtí an gcluiche leathcheannais – Ciarraí is Doire 1958. Lá fliuch, salach is buadh ar Chiarraí agus léimeasa ar an mbád an oíche sin.
An Bád Bán
CB: Is an raibh faic ráite agat aige baile?
MDÓS: Diabhal faic, ach dúrt leo go bhfanfainn i mBaile Átha Cliath ar feadh seachtaine le cara a bhí ag foghlaim Gaelainne i rith an tsamhraidh. Ach is amhlaidh a bhaineas amach mo dheartháir, Dónall, thall i Sasana.
CB: An raibh aon eagla ort dul sall – cá dtabharfá fé…?
MDÓS: Nuair ná bíonn pingin i do phóca, a chailín, níl faic le cailliúint agat. Fuaireas jab an chéad lá istigh i monarcha agus thugas timpeall le ceithre mhí ansan. Bhídís ag déanamh refrigeration do bháid mhóra is do thithe móra fuara ann. Fuaireas mo jab go deas dom féin. Thug san thar an ngeimhridh mé. Bhíos féin is mo dheartháir i lóistín i dteannta a chéile. Ansan ambaiste, fuaireas amach cá raibh na hallaí rince. Bhí seacht gcinn an uair sin i Londain – Galtymore is a leithéidí. Bhí mo chroí éadrom! Ar aon tslí thugas bliain i Sasana is thuilleas mo dhóthain ach bhí sé i mo cheann dul go Siceagó. Bhí beirt dearthár is deirfiúr liom i Siceagó. Is nuair a bhí mo dhóthain bailithe agam le chéile, dúrt le Dónall –“táimse ag cur dom”.
Siceagó
CB: An bhfan Dónall i Sasana?
MDÓS: Ní dhein. Chuaigh sé i mo theannta. Chuamar sall mar American citizens trí pháipéir m’athar. Bhí m’athair i Siceagó sna fichidí is sna triochaidí. Chuasa sall ansan agus thugas 10 mbliana i Siceagó – sin é an áit a thiteas isteach léi féin. Is ó Ghleanntán í Cáit ach bhuaileas léi thall. Cé ná rabhamair ach leathchéad míle ó chéile anso – ní raibh aon aithne againn ar a chéile. Is mó fear a fuair bean thall agus is mó bean a fuair fear.
CB: Cé na jabanna a bhí agat thall?
MDÓS: Bhíos ag obair le Sears Roebuck. Mail order ab ea é. D’ordófá tríd an bpost. Bhí timpeall le sé mhíle déag duine ag obair ann. Thosnaíosa amach ag folmhú leoraithe ach d’oibríos mo shlí suas agus fé cheann cúpla bliain - bhíos mar bhoss ann. Sara bhfágas, bhí timpeall trí fichead duine ag obair dom. Ach bhí aimsir na gCearta Sibhialta ana-chorraithe. Bhí leathghorm is leathgheal ag obair dom. Bhí cleas amháin ag rá “tá tú fábhrach leo seo is déarfadh cleas eile, tánn tú fábhrach leo siúd”. Dúrt le Cáit, tréis deich mbliana – haigh a chailín, díolfaimíd an tigh is baileoimíd linn abhaile. Ní theastaigh uaim mo chlann a thógaint i Meiriceá, ní raibh rudaí go maith ann an uair sin. Bhí na drugaí ag tosnú ar na sráideanna chomh maith.
CB: An raibh aon uaigneas ort nuair a bhís thall?
MDÓS: Ní raibh, mar is mó a bhuailfeá le daoine istigh i rince i Sasana nó i Meiriceá ná mar a bhuailfeá leo thiar i dTigh an Táilliúra i bParóiste Mórdhach. Imirce ab ea an rud ar fad an uair sin. Bhí beirt is triúr os na haon tigh i Londain, i New York i Siceagó nó i mBostún.
CB: Agus an gcloisfeá aon Ghaelainn?
MDÓS: Ní labhramarna riamh focal Béarla eadrainn féin. Tá mo dheartháir Johnny fós thall ann ó 1948 agus bím ar an bhfón ina theannta na haon tseachtain agus ní labharamar riamh Béarla le chéile. Tá an Ghaelainn mhaith ag cleas Mheiriceá chomh maith – níl aon truailliú uirthi. Tógaimse ceann do Johnny – tá Gaelainn ghlan aige… agus bheadh focail aige sin ná féadfainnse cuimhneamh orthu.
Éire an Athuair
CB: Thánamhair abhaile sa bhliain 1969?
MDÓS: Bhí rudaí corraithe i Meiriceá agus bhí na cearta sibhialta, is na haon rud trí chéile is bhí sé deacair oibriú ann. Bhí an ceart ag na daoine gorma gan dabht, a gcearta a lorg, ach bhí a lán daoine geala anuas ar na daoine gorma. Ní theastaigh uaim mo chlann a thógaint mar sin. B’fhearr liom iad a thógaint fé mar a tógadh mé féin. Ní thuigfeá cén rud neamhspleáchas nó go bhfágfá an áit seo is go raghfá go Meiriceá nó go Sasana.
CB: An mó leanbh a bhí agaibh an uair sin?
MDÓS: Bhí beirt i Siceagó againn agus ansan fuair Danny free transport abhaile! Ní caitheadh díol as aon ticéad dó!
CB: An raibh sé deacair oraibh socrú síos nuair a thánamhair abhaile?
MDÓS: Bhí an chéad bhliain deacair – bhí rudaí chomh tapaidh thall is rudaí chomh socair anso. Is cuimhin liom dul isteach dtí Foxy John’s triall ar rudaí éigint mar bhíos ag tógaint an tí. Thógfadh sé uair an chloig sula bhféadfá teacht amach as. Arsa mise leis tráthnóna amháin, “Foxy, tá deabhadh orm – táim ag tógaint tí is táim ag obair chomh maith”. D’fhéach sé sall ar Bheití – “líon piúnt is leathghloine ansan”. “Ól é sin!” arsa é “Ól piúnt na haon tráthnóna is tógfaidh tú an tigh leis”. B’shin é an ceacht is fearr a d’fhoghlaimíos tar éis teacht abhaile. Bhí cúrsaí breá socair is suaimhneach agus fé cheann bliana, thiteas féin isteach sa tslí chéanna. Bheadh deabhadh ort thall i Meiriceá is n’fheadraís canathaobh go mbeadh deabhadh ort.
CB: An raibh sé deacair jab a fháilt aige baile?
MDÓS: Bhí jab fachta agam le Ryan’s Daughter agus bhíos le tosnú ar an Luan. Ach ansan nár bhuail bainisteoir an chreamary liom agus dúirt sé “ tá dhá jab thíos sa chreamary is ní theastaíonn siad ó éinne”. Arsa é “beidh Ryan’s Daughter imithe is beir gan jab”. Síos liom maidin Dé Luain is fuaireas jab an chreamary agus bhíos ann nach mór 35 bliain. Thóg sé mo chlann. Jab maith ab ea é mar bhí fuílleach overtime leis chomh maith. Bhínn ag bailiú bhainne os na haon áit agus i rith an gheimhridh, théinn timpeall na dúthaí ar fad. Raghfá go Corcaigh lá amháin is an Ghaillimh nó go Luimneach lá eile. Saol breá ab ea é. Bhreá liom a bheith ag tiomáint mar bhíos mar bhoss orm féin.
Iníon Uí Riain Fial Flaithiúil
CB: An gceapais go raibh puinn athraithe anso nuair a thánaís abhaile?
MDÓS: Ní raibh an oiread san ach bhí rudaí fachta níos fearr. Nuair a chuasa tríd an nDaingean ag dul go Sasana, ní raibh faic ann – madra suite i lár na sráide agus ní raibh aon bhaol go marófaí é mar ní raibh aon chairt. Nuair a thána abhaile i 1969, bhí cartacha síos is suas is beocht san áit. Is cuimhin liom dul isteach dtí Tigh Mhic Cárthaigh, is bhí an tigh lán le stróinséirí i lár an lae – canúint Shasana is canúint Mheiriceá. Lorgaíos piúnt is chuireas punt ar an gcuntar. Ní raibh aon airgead á thógaint, bhí dhá phiúnt agam is ní tógadh aon airgead. Arsa mise ar deireadh “Cé atá ag ceannach an phórtair?” Ryan’s Daughter a dúirt sé. Bhíosa ag féachaint timpeall ach cérbh í Ryan’s Daughter. Sin scannán atá siad ag déanamh thiar ar an gcnoc. Sin é Robert Mitchum ansan thíos a dúirt sé, sin é Trevor Howard agus sin í Sarah Miles. Arsa mise liom féin, tá Hollywood aige baile agam!
CB: Is dócha gur mar cheoltóir is mar scríbhneoir is mó atá atá aithne ort?
MDÓS: Bhíos ag ceol riamh – ó bhíos seacht mbliana d’aois agus dheineas a lán airgid ar an gceol i Meiriceá is i Sasana. Bhínn ag seimint sna pubanna is sna hallaí. Hanley’s House of Happiness a thugaidís ar phub amháin i Siceagó. Tigh mór groí ab ea é agus tigh mór ceoil. Sheinneas i dteannta cuid des na ceoltóirí is fearr a tháinig as Éirinn an uair sin – bhí Joe Cooley ann, an ceoltóir ab fhearr riamh agus a dheartháir Séamus agus Kevin Keegan ón nGaillimh. Bhíodh Cooley ag seimint leis an Tulla Céilí Band. Bhí ceoltóirí le hanam na marbh i Siceagó agus obair dóibh. Bhí airgead le déanamh ar cheol i Meiriceá. Dhá nó trí oíche sa tseachtain a bhíos ag seimint is bhuailfeá le daoine os na haon chontae in Éirinn. Bhaineas ana-shásamh ar fad as an dtréimhse sin. Is fiú d’aon duine óg dul ar imirce ar feadh tamaill. Is dóigh liom gurbh é sin an ollscoil is fearr a d’fhéadfainn dul chuige.
Na Leabhair
CB: An mó leabhar atá scríte agat fén dtráth seo?
MDÓS: Tá an t-aonú ceann fichead curtha suas agam go dtí’n foilsitheoir inné. Is breá liom an scríbhneoireacht – tánn tú i ndomhan eile leat féin agus is tusa an boss.
CB: Tá do leabhar A thigh ná tit orm ar chúrsa na hArdteiste – an dtaitníonn san leat?
MDÓS: Táim ana-shásta leis. Sin é an leabhar a dhein mé is tá an leagan Béarla á úsáid mar théacsleabhar in Ollscoil i Meiriceá – áit éigin i Massachussetts.
CB: An mbeadh aon eagla ort go dtarraingeoidh sé droch-cháil ort fé mar atá ar Pheig bhocht i measc iarscoláirí áirithe?
MDÓS: An dtuigeas tú - ní dóigh liom go ndéanfaidh mar is leabhar éadrom é. Saol dochreidte a bhí aige Peig agus faigheann na daoine óga ana-dheacair é sin a thuiscint. Cuireann sé saghas eagla orthu. Is é Peig ceann de na leabhra is fearr a scríobhadh riamh. Ach an leabhar s’agamsa, tá sé oiriúnach do scoláirí mar baintear gáire astu.
CB: Cén tábhacht a chíonn tú le scríbhneoirí Gaeltachta, do leithéidí féin is Joe Steve Ó Neachtain?
MDÓS: Is dóigh liom go dtugann sé pictiúr dos na daoine lasmuigh den Ghaeltacht ar an saghas saoil a bhí is atá againn. Chíonn siad go bhfuilimid díreach ar nós iad féin ach go bhfuilimid á dhéanamh inár dteanga dhúchais.
CB: Tá A Thig, Ná Tit Orm aistrithe go Béarla? Ar mhaith leat go n-aistreofaí an chuid eile acu?
MDÓS: Ní chuireann sé aon mhairg orm. Táimse sásta ag scríobh as Gaolainn.
CB: An scríobhfá as Béarla?
MDÓS: Ní scríbhfinn litir as Béarla fiú amháin! Ní raibh aon mheas riamh agam ar an mBéarla ó thaobh scríbhneoireachta de. Ní bhainfinn aon sásamh as. Is féidir ár dteangana a ionramháil, a chasadh is a iompú agus táim cuíosach maith chuige. Fuaireas é sin óm’ athair – ana-scéalaí ab ea é agus fuaireas féith na scéalaíochta uaidh. Ana-amhránaí ab ea mo mháthair – is dócha gur uaithi a fuaireas an ceol. Anois bhí ana-Bhéarla aige mo mháthair chomh maith mar gur ó Bhaile na Buaile í sa Daingean agus fuaireamar beagán Béarla uaithi sin chomh maith, rud ná dhein aon díobháil dom nuair a chuas go Sasana.
An Péarla is Fearr Againn
CB: Cad a déarfá le staid na Gaelainne anso timpeall fé láthair?
MDÓS: Tá sí lag, ana-lag.
CB: An mbeidh sí á labhairt go nádúrtha mar theanga pobail anso timpeall fé cheann fiche, triocha bliain?
MDÓS: Beidh sí ann, ach n’fheadar an mbeidh sí á labhairt - bheadh dabht agam agus ní maith liom é a rá. Dá dtuigfeadh daoine go bhfuilimid ag cailliúint an péarla is fearr atá againn. Fiú amháin tá slí bheatha á baint amach aisti aige a lán daoine, ach fós cloisim mná tí ag caint eatarthu féin – is Béarla a bhíonn acu. Maraíonn sé mé. Ach dá ndéarfainn faic ansan, d’íosfaí mé. Tá an seoid againn ach má imíonn sí as na Gaeltachtaí, imeoidh an saibhreas. Bheinn amhrasach ach fós tá dóchas agam. Is maith liom na Gaelscoileanna – tá siad ag déanamh ana-mhaith.
CB: Is léir gur duine tú a bhaineann sásamh as a bheith os comhair an phobail ag seimint ar an stáitse is ag eachtraí scéalta…
MDÓS: Is breá liom é ach is breá liom ansan arís a bheith im’ aonar, go mórmhór nuair a bhím ag scríobh.
CB: An dóigh leat go bhfuil do mhac, Dáithí, ana-chosúil leat féin?
MDÓS: Is dócha go dtug sé búire leis. Téann búire leis na haon chlann is dócha.
CB: An mbeadh aon suim agatsa ‘Rós Thrá Lí’ a chur i láthair?!
MDÓS: Ní bheadh mhuis, ná ní raghainn isteach ann dá mbeadh sé sa ghort ansan amuigh! Ní bheadh aon tsuim fén spéir agam ann. B’fhearr liom dul ar an bPoc nó go Fleadh Cheoil, áit a mbuailfeá le ceoltóirí.
CB: Agus cad fén Oireachtas?
MDÓS: Ní chailleas Oireachtas ó thána abhaile ó Mheiriceá. Nuair a chífeá cúpla míle duine is gan faic ach Gaolainn acu, d’ardódh sé do chroí.
CB: Tá tú éirithe as obair le tamall anois, an bhfuil tú sásta?
MDÓS: Is breá liom é mar táim ag déanamh rudaí anois a theastaigh uaim a dhéanamh agus ní bhíodh a dhóthain aga agam nuair a bhíos ag obair. An rud is measa ar domhan nuair a thugann daoine suas obair is ná deineann siad faic. Táimse anois chomh gnóthach is a bhíos riamh ar mo shlí féin, ach níl aon strus orm.
An t-aon rud amháin a athróinn i mo shaol ná go mbeadh níos mó ama aige baile agam nuair a bhí na leaideanna beaga ag fás suas. Bhíos ag obair 76 uair an chloig sa tseachtain leis an mbainne i rith an tsamhraidh. Bhíodar fásta suas sula raibh fhios agam cá rabhas.
CB: Go raibh míle maith a Mhaidhc. Táimid fé chomaoin agat.
Is í Caitríona Budhlaeir bainisteoir Dhún Chíomháin, Ionad Oideachais Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar an mBuailtín.