Bhuail Shane Ó Curraighín le John Gleeson, Stiúrthóir Ionad an Léinn Cheiltigh in University of Wisconsin, Milwaukee agus é in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar na mallaibh. Cheistigh sé é faoina chuid oibre san ollscoil, faoi eagrais chultúrtha Milwaukee agus faoi phobal Gael-Mheiriceánach na cathrach.
Shane Ó Curraighín: ’Sé do bheatha go Beo.ie a John, An n-inseoidh tú dom faoi Sheimeastar Cholmcille atá á reáchtáil ag University of Wisconsin anseo in Éirinn?
John Gleeson: Go raibh maith agat a Shane. Tá na scoláirí ó Milwaukee anseo sa Ghleann faoi láthair. Ar dtús, téann siad go Coláiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath i gcomhair ranganna Gaeilge agus Béaloidis. Ansin, tagann siad a fhad leis an Ghleann le blas a chur ar a gcuid Gaeilge. Ar deireadh, imíonn siad go hOllscoil Uladh i nDoire Chomcille le staidéar a dhéanamh ar an tsíocháin agus ar ghnóthaí coimhlinte.
Bhíodh cuid mhór mac léinn ón Ollscoil ag dul thar lear ag staidéar sna nóchaidí, gan aon duine acu ag teacht go hÉirinn. Chuaigh mé ag caint le Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael agus le Joe Watson, COBÁC. Chuireamar le chéile Seimeastar Colmcille agus tá sé ar siúl anois le cúig bliana déag.
SÓC:Cá háit ar tógadh tú John agus cá ndeachaigh tú tar éis duit an scoil a fhágáil?
JG: Rugadh mé in Otharlann an Choim i mBaile Átha Cliath agus tógadh in Inse Chór mé. Chuaigh mé isteach ag obair i ngrúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath nuair a bhí mé ceithre bliana déag d’aois. Bhí dearmad beagnach déanta agam ar an Ghaeilge ón scoil.
Ruacain agus an Ghaeilge
SÓC:Is cuimhin liom nuair a chas muid ar a chéile i Milwaukee san Earrach, dúirt tú gur aisteach an dóigh ar músclaíodh do shuim sa teanga agus do chairdeas le Cathaoirleach an Údaráis? - Eachtra áirithe a thit amach.
JG: Ba ghnáth liom féin agus mo chairde siar sna seachtóidí imeacht go Dumhach Thrá ar lorg ruacan sa ghaineamh. Dhéanadh duine dár gcairde béile dúinn. Bhí cairde mo bhean chéile linn as Meiriceá an lá seo, agus mé ag moladh uisce ghlan an chuain, dúirt mé leis na Meiriceánaigh go bhféadfaí na ruacain a ithe díreach as an ghaineamh. D’ith mé cúpla ruacain le seo a thaispeáint dóibh agus d’ith an fear as Milwaukee cúpla ruacain. Chaith seisean aníos iad ach níor chaith mise mé féin aníos.
Bhí mé breoite tinn ina dhiaidh. Chuaigh mé go dtí an dochtúir, dúirt sé, “tá heipitíteas agat ó bheith ag ithe na ruacan.” Saghas quack a bhí sa dochtúir seo. Dúirt sé liom gan deoch mheisciúil a ól ar feadh trí mhí agus bia le neart siúcra a ithe. Nuair a bhí mé ag glacadh sosa mar gheall ar sin, chonaic mé ar chúl leathanach an Irish Times go raibh ranganna Gaeilge le Gael Linn i gCearnóg Mhuirfean gach oíche ó 6-10. Thóg mé an rang sin. Bhí fear óg as Dún na nGall ag teagasc. Bhí sé lán le fuinneamh, é ag léimt ó chúl an tseomra go dtí an table de shiota. Bhí sé tar éis teacht ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath - Liam Ó Cuinneagáin a bhí ann! D’fhan mé sa rang ar feadh an chúrsa.
Irish Fest Milwaukee
JG: Bhog muid go Milwaukee i 1980. Bhí mé mar Chomhairleoir Cultúrtha ag an Irish Fest i Milwaukee ar feadh píosa. Arís, san Irish Times, chonaic mé alt faoi Thaipéis Gael, meitheal fíodóirí atá ag cruthú taipéisí ealaíne tríd an seanchleachtas fíodóireachta. Rud suimiúil ab ea é, rud nach bhfeicfidh tú go hiondúil. Chuir mé glao ar Liam Ó Cuinneagáin, tháinig sé amach le cuid de na daoine óga as Gleann, ó Thaipéis Gael, lena saothar a thaispeáint.
SÓC:Inis dom faoin Irish Fest féin, cad é cúlra na féile?
JG: Bhí tionscal na hinnealtóireachta agus na ngrúdlann ag dul i léig sna seascaidí i Milwaukee. Chuir Ard-Mhéara na cathrach, Henry Maier, fleadh cheoil Mheiriceánach, saghas Summer Fest, ar siúl le turasóirí a mhealladh. Ansin, tháinig pobal na hIodáile chun tosaigh ag lorg Festive Italiano, tar éis sin lorg na Géarmanaigh German Fest. Ansin sna hochtóidí bhunaigh na hÉireannaigh Irish Fest. Anois tá Polish Fest, Fiesta Mexicana agus Afro Fest ann. Bíonn féile de shaghas éigin ar siúl san áit seo gach deireadh seachtaine le linn an tsamhraidh. Bíonn timpeall 130,000 duine ag an Irish Fest go bliantúil.
Ollscoil Wisconsin
SÓC:Cén uair ar thosaigh tú ag obair sa saol acadúil?
JG: Thosaigh mé ag obair i University of Wisconsin i 1986. Bhí siad ar lorg duine éigin le stair na hÉireann agus na dtrioblóidí a theagasc. Bhí mé san áit cheart ag an am ceart. D’fhiafraigh mé díobh cén fáth nach raibh cúrsa acu faoi ghné eile de shaol na hÉireann? Thosaigh mé ag múineadh ranganna Gaeilge.
SÓC:Conas ar tháinig Ionad an Léinn Cheiltigh i Milwaukee ar an fhód?
JG: Bhí an Ollscoil san am sin ag tosnú lárionad do chultúir eile; Léann na nGiúdach, Léann Aerach, an Léann Easpáinneach. Bhí mé ag caint le Déan na hOllscoile - Marshall Goodman an t-ainm a bhí air. D’fhiafraigh mé cén fáth nach raibh an Léann Ceilteach ann? Chas mé leis an Aire ag an am sin, Éamon Ó Cuív, agus thóg mé an Déan liom go hÉirinn. Dúirt mé leis go raibh Rialtas na Breataine ag cabhrú le muintir na Breataine Bige atá ina gcónaí sa Phatagóin agus iad ag iarraidh teanga s’acu a theagasc. Dúirt an tAire dá mbeinnse in ann an t-airgead a fháil i Milwaukee go dtabharfadh a Roinn an méid céanna dúinn. Bhí Seimeastar Cholmcille ar siúl againn sula bhfuair muid an deontas ón Rialtas. Sin siocair eile, is dócha, go bhfuair muid tacaíocht ón Aire.
SÓC:An bhfuil an tacaíocht airgid atá sibh ag fáil ón Rialtas ar bhonn conartha? An bhfuil sé geallta ar feadh roinnt blianta eile?
JG: Tagann sé gach tríú bliain. Tá muid sa dara bliain den ghealltanas reatha anois. Tá súil againn go leanfaidh sé ar aghaidh - ach sna laethanta atá ann, ní féidir brath air.
SÓC:Cé mhéad mac léinn atá ag freastal ar ionad an Léinn Cheiltigh i Milwaukee?
JG: Bíonn idir 200-300 ann ag aon am amháin. San fhómhar, bíonn dhá rang Ghaeilge againn agus 50 tosaitheoir cláraithe iontu. Téann sé sin síos go 25 sa dara séimhse. Má thagann siad don dara séimhse, tagann siad don tríú agus don cheathrú séimhse. Sa samhradh, bíonn dream ann ar feadh trí seachtaine i nGleann Cholm Cille. Tá ceangal déanta idir Milwaukee agus Gleann Cholm Cille.
SÓC:Thosaigh an ceangal sin leis an nasc rinneadh le Taipéis Gael, an ea?
JG: Sea, sin é.
Jeremiah Curtin
SÓC: Tuigim gur bhunaigh tú Craobh de chuid Chonradh na Gaeilge sa chathair, cén t-éileamh a bhíonn air agus cén tsiocair a spreagadh thú lena chur ar bun?
JG: Le Craobh Curtin i 1993, bhí mé ar lorg áit shóisialta do dhaoine ionas go mbeadh siad in innimh an Ghaeilge a chleachtadh taobh amuigh den choláiste; ag céilithe, damhsaí agus araile. Mar shampla duine de na baill, rinne sé aistriúcháin ar Dracula agus chuir siad ar siúl ar an ardán é as Gaeilge ag an Irish Fest.
SÓC: Tá roinnt gradam buaite i Meiriceá agat ar nós ‘Irishman of the Year,’ agus ‘Irish American Magazine – Top 100’. Cén fáth a gceapann tú go bhfuair tú na gradaim seo?
JG: Bhí mé an-ghnóthach le cúrsaí cultúir i Wisconsin. Bhunaigh mé Milwaukee Irish Arts; eagraíocht a chuireann drámaí Gaelacha ar siúl as Béarla. Bíonn drámaí a scríobh léithéidí Dermot Bulger, Billy Roche agus Marina Carr againn. Bhí mé i mo chónaí i Learpholl ar feadh trí bliana sna seachtóidí agus bhíos mar bhall de Chumann Drámaíochta na nGael ann. Chonaic mé an tslí ina raibh daoine cosúil liom féin ag teacht as Éirinn gan chairde, ach bhíomar in ann dul isteach sa ghrúpa sin agus saol sóisialta a bheith againn ann. Bhí an smaoineamh céanna liom nuair a chuaigh mé go Milwaukee. Tá an drámaíocht an-tábhachtach don diaspóra.
SÓC: An mbíonn drámaí Gaeilge ar siúl agaibh ar bhonn bliantúil?
JG: Bíonn de ghnáth ach ar nós gach eagraíocht, bíonn blianta ann agus bíonn a lán ar siúl agus blianta eile nach mbeidh an oiread sin. Sin an fhadhb leis an Ollscoil i Meiriceá, tar éis dóibh an chéim a fháil imíonn siad timpeall na tíre. Ansin, caithfidh tú a bheith ag féachaint romhat fá choinne daoine nua.
SÓC: An mbíonn aon cheangal ag Milwaukee Irish Arts le pobal Gael-Mheiriceánach na Stáit Aontaithe?
JG: Ar dtús bhíomar ceangailte le dreamanna eile i Saint Paul agus i Winnipeg. Chuireamar Acting Irish International Theatre Festival ar siúl i 1994. Gach bliain, bíonn an fhéile sna Stáit Aontaithe nó i gCeanada. Beidh sé ar siúl don chéad uair in Éirinn in Amharclann Axis i mBaile Munna i mí na Bealtaine i mbliana. Beidh seacht nó ocht gcinn de fhoirne Gael-Mheiriceánacha ag teacht go hÉirinn chun drámaí Béarla a chur ar siúl.
Muintir na hÉireann ar Deoraíocht
SÓC: Ag leanúint leis an diaspóra, inis dom faoi Chumann na gCurach i Milwaukee, an Cumann gníomhach iad?
JG: Tá a lán daoine as Conamara ina gcónaí i Pittsburgh agus bíonn siad ag iomramh curachaí ansin. D’iarr mé ar dhaoine i Pittsburgh teacht go dtí an Irish Fest agus curach a thabhairt leo. Tá muid ar bhruacha Loch Superior i Milwaukee. Chuir bunadh Milwaukee suim mhór san iomramh. Bunaíodh an Cumann fiche bliain ó shin agus tá sé ann fós. Téann siad go Philadelphia, Albany, Baltimore agus Pittsburgh ag iomramh.
SÓC: An Éireannaigh ar fad an dream a bhíonn ag iomramh na gcurach?
JG: Is as Milwaukee an chuid is mó díobh. Ní mórán acu a bhí in Éirinn riamh.
SÓC: Is oifigeach tú le seirbhís na n-imirceach Gaelach i Milwaukee; cén t-éileamh atá ar bhur gcuid seirbhísí?
JG: Nílimid chomh gnóthach is a bhíodh. Bhí níos mó ná fáth amháin ann gur bhunaigh muid é. Tháinig a lán Éireannach go Milwaukee ag obair do chomhlacht ríomhaireachta sna nóchaidí. Duine de na buachaillí, is dócha go raibh an galar dúlagair air. Chuaigh sé go dtí an otharlann ag lorg cabhrach. Dúradar leis teacht ar ais i gceann seachtaine. Thugadar glac piollaí dó agus mholadar ceann gach oíche agus ceann sa lá. Shlog sé iad go léir agus fuair sé bás. Féinmharú a bhí ann. Bhí aithne agam ar an fhear seo, bhí sé mar aisteoir i roinnt drámaí againn. Ní raibh a fhios againn go raibh an fhadhb seo aige. Bhí aithne againn ar dhochtúirí, ar aigneolaithe – Gael-Mheiriceánaigh. B’fhéidir dá dtagadh sé chugainn go mbeimis ábalta glaoch a chur ar dhuine éigin agus bheadh sé in ann cabhair a fháil. Sin an fáth gur chuireamar an tseirbhís ar bun.
SÓC: As an obair ar fad atá déanta agat ar son chultúr na nGael i Wisconsin, cén togra ar bhain tú an sásamh is mó as?
JG: Is breá liom a bheith ag múineadh. Ní raibh mé i mo mhúinteoir go dtí go ndeachaigh mé go Milwaukee. Bhí mé bliain is fiche ag obair i ngrúdlann Guinness roimhe sin. Gach Fómhar anois, bím ag múineadh séimhse na Freshmen, daoine atá ag teacht isteach san ollscoil don chéad uair. Is breá liom a bheith ag babaireacht orthu!
SÓC: Go raibh míle maith agat a John.
JG: Go ndéanaí ’mhaith duit.