AGALLAMH BEO
Cliodhna Ní Anluain
Catherine Foley Catherine Foley

Thug Catherine Foley cuairt ar Chliodhna Ní Anluain i seomra cúl ardáin sa Cheoláras Náisiúnta agus d’fhiosraigh scéal a cuid oibre le clár RTÉ 1an Sunday Miscellany. Is amhlaidh nach ag fanacht taobh leis an stiúideo atá an clár ach go dtugann ruaig faoi fhéilte ealaíne is pobail fud fad na tíre le blianta gairide anuas.

Íomhá
Cliodhna Ní Anluain
Íomhá
I seomra chúl ardáin an Cheolárais Náisiúnta
Íomhá
Domhnach Broc
Íomhá
I measc na ndaoine
Íomhá
Le hEilis
Íomhá
Babhtáil sonraí

Catherine Foley Bhí Sunday Miscellany ag Cúirt sa Ghaillimh, ag Féile Ealaíne Chill Chainnigh, ag Féile Iarthar Chorcaí, ag Féile Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail agus sa Cheoláras Náisiúnta do sheó speisialta na Nollag. Cathain a smaoinigh tú dul amach ar an mbóthar leis an gclár raidió seo an chéad lá?

Cliodhna Ní Anluain Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach, b’fhéidir, clár beo a dhéanamh ach theastaigh uaim é a dhéanamh i gcomhthéacs ina n-aithneodh daoine an clár agus nach rachaimid amach linn féin ach go rachaimid amach i lár an mhargaidh i bhféile éigin agus shíl mé go mbeadh Lios Tuathail feiliúnach dó sin, mar tugann Lios Tuathail aird ar údair nua agus ar mhórúdair agus ar ábhar. Ní ar an scríbhneoir cruthaitheachta amháin a dhírítear an aird. Bíonn gach cineál scríbhneora i gceist i Lios Tuathail. I ndeireadh an lae, sin atá i Sunday Miscellany chomh maith, gur míreanna eolais atá i gceist, slámanna staire, sleachta dialainne, gach aon chineál scríbhneora, polaitíocht le ‘p’ beag, is dóigh agus taisteal, gach aon chineál ruda. Bhí mise i Lios Tuathail cúpla bliain roimhe sin nuair a cailleadh John B Keane i 2002 agus tugadh an jab domsa sé n-uaire an chloig a dhéanamh ar RTÉ ar Lá ’le Stíofáin mar chomóradh ar John B Keane agus chuaigh mé go Lios Tuathail agus chaith mé cúpla lá le muintir Keane agus timpeall an bhaile le daoine. Is cuimhin liom, bhí sé ina gheimhreadh nuair a chuaigh mise ann mí na Nollag. Cailleadh John B Keane ar an lá sular thosaigh Lios Tuathail. Bhí an tsochraid mar chuid den fhéile agus thaitin sé sin le daoine go mór mar bhí sé i lár na féile, go rabhadar á chéiliúradh ar shlí. Ach bhí aithne agam ar mhuintir Keane agus bhí sé sin go deas nuair a chuaigh mé i dteagmháil leis an bhféile agus leis na Keanes. “Ó yeah, tar aníos, tá sé sin iontach ar fad” agus ba rud nua é.

Lios Tuathail 07

CNíA: Agus chuireas glaoch ar mhuintir na féile i Lios Tuathail, mar bhíos ag smaoineamh go díreach ar chéard é atá i Sunday Miscellany, cén cinéal scríbhneoirí, cén cinéal lucht éisteachta, cén cineál físe atá aige mar chlár agus is dóigh le léiritheoirí éagsúla anuas tríd na blianta, tá físeanna éagsúla i gceist cé go bhfuil an rud bunúsach céanna ag tarlú an t-am ar fad ó 1968. An rud a bhí ag teastáil uaimse ná go mbeadh muid mar chuid den chlár, mar chuid den chlár oifigiúil, den fhéile. An fáth atá mé a rá sin, téann muid (RTÉ) go bailte, go cathracha, go hócáidí timpeall na tíre go minic, is cuid dár n-obair é ach theastaigh uaim go mbeadh muid mar imeacht féile ann seachas a bheith ann le tuairisciú a dhéanamh nó le clár ar an bhféile a dhéanamh.

CF: Bhí an chéad seó beo agat i Lios Tuathail i 2007. Cé bhí agat an chéad bhliain sin?

CNíA: Bhí idir dhaoine móra agus dhaoine nua. Ina measc bhí Colm Toibin, Cyril Kelly, Joseph O Connor agus Andrew Motion. Rud a bhí deas faoi ná go raibh daoine idirnáisiúnta ann chomh maith le dream na hÉireann. Thuig mise láithreach go raibh sé seo ag obair mar rud ann féin, mar go raibh sciatháin eile ag Sunday Miscellany, mar gur thaitin sé chomh mór leis na daoine a bhí ag glacadh páirte ann agus leis an lucht féachana. Scríbhneoirí idirnáisiúnta go háirithe, thánadar aníos chugam ag rá nach bhfuil a leithéid in áit ar bith eile, go dtagann sé údar, nó mar sin, agus go léann siad os comhair lucht féachana rud úrnua nach bhfuil cloiste ag éinne eile agus go ndéanann siad é os comhar a chéile agus go bhfuil an mhuinín sin ag gach éinne ina chéile. Agus ansin go dtagann ceol nó amhrán agus go bhfuil gach rud ag teacht le céile. Sin an fhís a bhí agamsa gur rud é a theastódh ó dhaoine freastal air. Níl aon chaint idir gach mír, ní chuirtear éinne ar strae le comhrá. Tá siad ag plé go díreach leis an scríobh, agus leis an gceol agus b’fhéidir leis an amhrán.

An Coipeadh

CF: Tá mé féin tar éis aithne a chur ar go leor scríbhneoirí agus ceoltóirí ó thosaigh mé ag ghlacadh páirt ann. An raibh a fhios agat go raibh saghas gréasáin á fhorbairt agat i measc na scríbhneoirí, go raibh cumarsáid ar siúl eatarthu nach mbíonn de ghnáth istigh sa stiúideo nuair a bhíonn siad ann leo féin? An bhfaca tú é sin ón tús chomh maith?

CNíA:Is dóigh gur tharla sé go nádúrtha. Tarlaíonn sé seo idir na ceoltóirí agus na scríbhneoirí. Is cuimhin liom nuair a bhí Alex Miller, an t-údar Astrálach, amuigh i nDún Laoghaire, nuair a rinneamar Mountains to Sea, go ndeachaigh sé i dteagmháil leis an ceoltóir ó Planxty, Andy Irvine agus chasadar le céile san Astráil. Sin bunús le healaín ar bith, ná go ndéantar ‘fusing’.

Agus an chéad uair i Lios Tuathail ag cur na gcathaoireacha le céile agus níl aon fhoireann mhór againn agus ag cur gach éinne ina suí san ord ina mbeidís ar an stáitse agus i St John’s Theatre, tá sé beag, ach ní raibh muid cinnte an mbeadh an amharclann sin lán nó nach mbeadh. Ach ar ndóigh bhí an áit lán go doras agus daoine amuigh ina scuaine ag iarraidh teacht isteach.
Is cuimhin liom briefing a dhéanamh. Bhí mise ag obair in amharclann ar feadh blianta roimhe seo agus an rud sin cúl stáitse sa green room ag labhairt leis na haisteoirí sula dtéann siad amach ar an ardán, mar a dhéanann an stiúrthóir, go bhfuil nótaí gach aon oíche, agus nótaí ag deireadh oíche, déanaim é sin, agus tá sé sin an-deas mar tugann sé leibhéal cothrom do gach éinne. Is dóigh liom go bhfuil sé sin an-tábhachtach chomh maith. Go dtabharfaí aire do na daoine nua chomh maith leis na húdair a bhíonn ag an-chuid féiltí. Cuireann siad aithne ar a chéile agus is breá liom é sin a fheiceáil.

An Amharclann

CF: Abair liom mar gheall ar an jab a bhí agat in Amharclann de hÍde. Cén fhaid a chaith tú leis an gcomplacht? Bhí tú i do stiúrthóir ar an gcomplacht - cé hiad na scríbhneoirí a bhí agat?

CNíA: Thugas cúig bliana i mo stiúrthóir ar an gcomplacht. Rinne mé deich léiriú agus is nuascríbhneoirí a bhí i gceist ansin. Ina measc bhí Liam Ó Muirthile, Eilis Ní Dhuibhne, a bhíonn ar Sunday Miscellany, Michael Harding, a bhíonn ar Sunday Miscellany chomh maith, Tom Sailí Ó Flaithearta, Brian Ó Ríagáin. Is dóigh nuair a bhí mé ag smaoineamh ó thaobh Lios Tuathail de, agus Sunday Miscellany a bheith beo de, go raibh an taithí amharclainne agam le muinín a bheith agam as rud éigin nua agus go dtógfaidh tú seans le rud éigin, go dtarlaíonn draíocht éigin; tosú go beag, gan scéal mór a dhéanamh de, agus a rá go ndéanfaimid an chéad cheann. Ní hé go bhfuilimid ag tosú ar rud éigin nua, déan rud amháin an-mhaith agus féach cé mar a thugann daoine taitneamh dó agus as sin, b’fhéidir, rud éigin eile a dhéanamh agus go mall, rud éigin a fhorbairt, agus gan a bheith ag tarraingt aird air ach go dtarraingeodh sé aird ar féin.

CF: An mbraitheann tú uaireanta go bhfuil tú mar cheannaire ar ghluaiseacht ollmhór agus go bhfuil tú mar shagart ar altóir os comhair an phobail?

CNíA: Is dóigh go dtaitníonn sé liom ar shlí go bhfuilim ar cúl staitse, níl fonn ormsa a bheith os comhar an lucht féachana. Ach le chuile rud a thabhairt le céile, is léiritheoir mé sa deireadh agus an rud is tábhachtaí domsa ná go bhfuil gach rud ag tarlú, go bhfuil gach aon rud ag teacht le céile an t-am ar fad agus má chiallaíonn sé sin ag amantaí go bhfuil tú os comhair an ardáin nó ag cúl na fuinneoige, sa stiúideo, cibé áit ina bhfuil tú, caithfidh tú a bheith ag déanamh do dhíchill agus ag cur gach ruda le céile san áit sin. Agus tarlaíonn sé amantaí go bhfuilimd in áit éigin ollmhór cosúil leis an gCeoláras Náisiúnta, amantaí eile bímid go dlúth le céile ins an stiúideo i nDomhnach Broc.

An Rud a Chí Leanbh a Ní Leanbh

CF: Cad as a tháinig do spéis sa litríocht agus sa cheol an chéad lá.

CNíA: Is dóigh go raibh sé ar fad sa bhaile ar shlí éigin i nganfhios. Tá a fhios agat, an t-atmaisféar ina bhfuil daoine atá sa bhaile, is iontach cé mar a théann sé i bhfeidhm ar dhaoine i nganfhios.

CF: Abair liom mar gheall ar d’athair, Eoghan Ó Anluain?

CNíA: M’athair, ní raibh suim ar bith aige sa ghairdín nó i rudaí den tsaghas sin, ach bhíodh seisean, ag obair sa seomra bia, sin an áit ina mbíodh a chuid leabhar.

CF: Údar agus léachtóir Gaeilge, nach ea?

CNíA: Sin é agus bhíodh sé in UCD; agus é ina eagarthóir ar Chomhar, agus ag plé le Gael Linn, agus ag plé le RTE go minic ag déanamh Buntús Cainte agus a leitheid, agus é ina aoi ar a lán cláracha Ghaeilge…. Is B’Átha Cliathach é agus an-bhródúil as. …Thaitin sé leis i gcónaí a bheith ag léamh litríochta os ard, an fhilíocht agus á rá os ard. Dheineadh sé é sin agus léadh sé an-chuid filíochta Meirceánach, Béarla. Déantar an gaol ar leith le litriocht na Gaeilge ach i ndáirire dá mbeifeá ag breathnú ar na seilfeanna sa bhaile leis, tá an-chuid filíochta Béarla. B’shin rud a deireadh mic léinn a bhí leis ina dhiaidh sin go raibh sé i gcónaí ag plé litríocht i mBéarla chomh maith le litríocht i nGaeilge. Thaitin litríocht leis seachas litríocht i dteanga amháin nó i dteanga eile. ..Is cuimhin liom an guth agus go raibh bealach deas cainte aige nuair a bheadh sé ag léamh litríochta.

CF: Agus cad faoi do mháthair, Bernie Uí Anluain?

CNíA: Léigh mo mháthair an-chuid dúinn nuair a bhíomar beag. Thug mo mháthair an-chuid fuinnimh dom, caithfidh mé a rá, tá fuinneamh aici agus í fós óg sa tslí sin agus is deas sin. Agus i ndáiríre, tá mé buíoch di i gcónaí ó thaobh gach aon rud a choinneáil ar an ród, an taobh eile, an saol ó lá go lá, agus tá mé á rá sin le hómós is le meas.

Gaeilge ón gCliabhán

CF: Tógadh le Gaeilge thú agus chaith tú samhradh i ndiaidh samhraidh ar Inis Oírr. Cad iad na rudaí a d’fhoghlaim tú uaidh sin ar fad, a bheith ar an oileán, an t-aon chlann amháin ó Bhaile Átha Cliath. Cad iad na rudaí a fuair tú uaidh sin.

CNíA: An rud is mó is cuimhin liomsa ná an taisteal trasna na tíre, amanta bhíodh sé dorcha, agus go rabhamar ag dul in áit éigin eile agus nach raibh an-aithne ag a lán daoine ar an áit ina rabhamar ag dul…. Bhí sé an-deas mar ní raibh san oileán ach gaineamh. Is cuimhin liom ag an am mar ní raibh aon charr ar an oileán. Agus bhí mise an-bheag agus chaithinn a lán ama ag spraoi sa ghaineamh. Is cuimhin liom cathracha agus tithe agus bailte á ndéanamh as an ngaineamh. Chaithfinn uaireanta an chloig á ndéanamh sin. …Thógaimis teach an Mháistir ar cíos ansin. Sin an t-ainm a bhí air, ní dóigh liom go mbíodh máistir ina chónaí ansin faoin am sin níos mó. Agus bhí an teach in áit an-mhaith ó bheith ag suí ar an mballa taobh amuigh go bhfeicimis na báid ar fad ag dul ó Chontae an Chláir, trasna go dtí oileáin eile, Inis Meáin agus Inis Mór. Agus d’fheicimis cósta na Gaillimhe amach romhainn, agus dá mbeadh an lá go deas d’fheicfeá cathair na Gaillimhe, agus an Spidéal.

Bhí coláiste Gaeilge ar an oileán, agus bhí an t-ádh linne mar bhí an t-oileán roinnte ina dhá leath – na tithe ina mbíodh na cailíní agus na tithe ina mbíodh na buachaillí agus bhí muide ar thaobh na mbuachaillí. Thaitin sé sin go mór liomsa mar sin. Agus bhí cead againne dul go dtí an céilí. Agus chuir mé aithne ar bhuachaill nó dhó ansin. Bhí an tsaoirse sin againn agus bhí an ceol beo ag na gcéilithe.

Rogha

CF: Cad é an ghné den chlár is fearr leat?

CNíA: Tá sé an-deas nuair a fheiceann tú rudaí ag teacht le céile mar cuirim an ceol le céile agus is mise a roghnaíonn an ceol. Agus má fhaighim píosa ceoil a théann an-mhaith le rud éigin is breá liom é sin.

CF: Bíonn ceathrú milliúin éisteoirí ag an gclár gach seachtain, an sciar is mó d’éisteoirí i réimse na gclár sna healaíona ar RTÉ Raidió 1. Cad tá á lorg agat i ndáiríre, cad é an tslat tomhais atá agat nuair atá piosa scríbhneoireachta nó ceoil á lorg agat.

CNíA: Is dóigh go mbeadh sé nua an t-am ar fad, go bhfanfadh duine ag éisteacht agus go mbeifeá tógtha leis; agus go mbeadh rogha le fáil in aon chlár ar leith; go dtógfadh na míreanna éagsúla sa chlár thú in áiteanna éagsúla. Dá mbeadh gach éinne ag caint faoi tráth amháin dá saol agus seisear á rá san i ndiaidh a chéile, ní dóigh liom go mairfeadh an clár.

CF: Tá an dá thaobh ann. Bíonn tú amuigh sa phobal ag ócáidí an-oscailte, an-phoiblí agus ansan istigh sa stiúideo, go bhfuil sé an-chiúin.

CNíA: Tá sé an-deas ó thaobh an stiúideo de, tá sé an-siabhialta ar shlí éigin, tá sé deas ciúin, tá sé dlúthchairdiúil. Is breá liom an taobh sin de chomh maith. Bíonn innealtóir fuaime agam go hiondúil agus …déanaim mo chuid taifeadta ar maidin Déardaoin, i nDomhnach Broc agus tagann daoine isteach ansin.

Is dóigh liom rudaí atá deas ná ar an Déardaoin sin, abair lár an téarma, bíonn a lán daoine istigh, ceathrar nó cúigear agus cúpla píosa acu ach rud atá álainn faoi is cuimhin liom innealtóir fuaime a rá liom dá mbeadh unplugged againn mar an comhrá a bhíonn idir na daoine sula dtéann siad ag taifeadadh nó ina dhiaidh, bíonn sé iontach. Is breá liom iad a chur in aithne dá chéile.

CF: Go n-éirí leat féin is leis an gclár is go raibh maith agat as do scéala a roinnt linn.

CNíA: Tá fáilte romhat a Catherine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.