AGALLAMH BEO
Agallamh le hUachtarán na hÉireann A Soilse, Máire Mhic Giolla Íosa
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Creideann Uachtarán na hÉireann, go dtiocfaidh muid slán as an ghéarchéim eacnamaíochta reatha agus go n-amharcfaidh muid siar air i gceann deich mbliana mar scrúdú a dtáinig muid fríd le honóracha. Toghadh Máire Mhic Giolla Íosa mar Uachtarán na hÉireann don chéad uair sa bhliain 1997 agus in athuair sa bhliain 2004 agus tiocfaidh deireadh lena tréimhse Uachtaránachta an bhliain seo chugainn.

Íomhá
An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa
Íomhá
Cluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda 2003
Íomhá
Geata Áras an Uachtaráin (Vicipéid)
Íomhá
Caorthann i nGleann Fhinne, mar a ndeachaigh an tUachtarán ar cúrsa Gaeltachta

BD: Tá chóir a bheith trí bliana déag caite agat mar Uachtarán na hÉireann. Cad iad na cuimhní is fearr atá agat le linn an ama seo?

Uachtarán na hÉireann: Tá liosta fada de chuimhní geala agam, ach dá mbeadh orm ceann amháin a roghnú as a measc, bheadh orm searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta i bPáirc an Chrócaigh a lua. Bhí Éire ar an chéad tír ar domhan, taobh amuigh de na Stáit Aontaithe, a fuair deis na Cluichí Speisialta seo a rith. Ba mhór an onóir é, agus ba mhór an fhreagracht é. Ach rinne muid é go snasta agus go foirfe, a bhuíochas sin do mhuintir na hÉireann: na hoibrithe deonacha, na hurraitheoirí, na bailitheoirí airgid, na traenálaithe, na meantóirí, na tacadóirí, agus do na lúthchleasaithe féin. Tá céad míle dea-chuimhne againn, cuimhní a bhí ar aon dul leis an chéad míle fáilte a d’fhear muid.

BD: Agus na cuimhní is measa?

Uachtarán na hÉireann: Bhí roinnt drochlaethanta againn in Éirinn agus thar lear le trí bliana déag anuas. Tagann uafás na hÓmaí chun cuimhne láithreach, chomh maith le 9/11. An deargolc ba chúis leis an fhulaingt mhillteanach sin – olc de bhun tola. Ní miste dóibh siúd a shaothraíonn an tsíocháin cuimhneamh air sin: gurb ann fós dá leithéid d’olc agus go mbeidh síorthroid ina éadan. I bhfad ó bhaile chonaic muid uafás an tsunami agus crith talún Háítí. Sa bhaile bhí na tuilte againn agus an reo mór a tháinig ina dhiaidh – rudaí a d’fhág mórán daoine i ndroch-chaoi amach is amach. Ach arís eile, ba iad gnáthmhuintir na hÉireann a sheas sa bhearna bhaoil le cuidiú agus le comhpháirtíocht le go dtiocfadh daoine tríd an uafaireacht. Tógáil croí don tír uile ab ea féile agus flaithiúlacht daoine córa maithe ó cheann ceann na tíre.

BD: Cén réimse oibre is mó a thug sásamh duit le linn d’Uachtaránachta?

Uachtarán na hÉireann: Tá mé ar dhuine den bheagán sa tír a fhaigheann tuiscint agus léargas ceart ar an obair dheonach a chothaíonn agus a chaomhnaíonn pobail agus iarrachtaí pobail ar fud na hÉireann. Tá an obair seo chomh mór de dhlúth agus d’inneach shaol na tíre go ndéanann muid talamh slán de. Agus mé ag taisteal na cruinne, buailim le daoine in áiteanna eile nach bhfuil a leithéid de ghníomhaíocht phobail acu, nach bhfuil an dlúthpháirtíocht shóisialta acu, agus ar bhreá leo é a bheith ina dtíortha féin. Is cúis mhór shásaimh dom fosta bláthú na síochána i dTuaisceart Éireann agus feabhsú an ghaoil idir pobail ar an dá thaobh den teorainn. Diaidh ar ndiaidh, tá seanchultúr na coinbhleachta ag imeacht, chomh maith leis an seicteachas agus an paraimíleatachas. Is iontach an rud é go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag obair ar son na síochána. Is é mo ghuí gur leo siúd an todhchaí.

Deireadh Ré

BD: Ag amharc chun tosaigh anois, an bhfuil aon rud a gcuirfidh tú béim air agus tú ag ullmhú do dheireadh an téarma Uachtaránachta?

Uachtarán na hÉireann: Agus cúrsaí geilleagair anois athraithe as éadan ar fad, ní miste dúinn, mar phobal, spiorad soirbhíochais a chothú sa tír, le cur i gcoinne na lagspride agus na gruaime.

Tá mé lánchinnte go dtig linn teacht tríd an ghéarchéim seo ag brath ar an athléimneacht aonair atá ionainn agus ar an neart pobail atá againn. Tá mé thar a bheith mórtasach as a bhfuil bainte amach againn le blianta beaga anuas, agus creidim go bhfuil sé d’acmhainn againn a thuilleadh fós a dhéanamh. Mar sin, déanfaidh mé gach iarracht cruthaitheacht agus dianobair a mhisniú. Iad siúd is mó a chuideoidh linn san iarracht seo. Leanfaidh mé orm fosta leis an obair a chuir mé romham an chéad lá riamh san oifig seo: droichid a thógáil, go háirithe chun teacht i gcabhair orthu siúd atá ar imeall na sochaí, nó a bhfuil sé deacair teacht orthu. I dtaca le cúrsaí thar lear, ba mhaith liom mo dhícheall a dhéanamh chun scéal nua-aimseartha na hÉireann a insint: an náisiún beag seo atá lasartha agus láidir; neodrach ach atá tugtha go mór don tsíochánaíocht ar fud an domhain; ag streachailt lenár gcuid fadhbanna eacnamaíochta féin, ach atá tógtha le cás na mbochtán ar fud na cruinne; ar imeall na hEorpa ach atá i gcroílár an Aontais Eorpaigh. Thar rud ar bith eile, is náisiún muid a bhfuil teacht aniar ionainn, a bhfuil réiteach ár gcuid fadhbanna againn, nach bhfuil eagla orainn roimh an dua ná roimh an dochma, agus a thógfaidh saol fónta in Éirinn do na glúine atá fós le teacht.

BD: An bhfuil cuairt ríoga ó Bhanríon Shasana mar thosaíocht ag d’Oifig?

Uachtarán na hÉireann: Is í an tosaíocht is mó atá agam ná forbairt agus daingniú a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach againn i bpróiseas na síochána ó thuaidh, neartú na nasc agus na ngréasán trasteorainn, agus cothú na gaolmhaireachta measúla atá ann idir Éirinn agus an Bhreatain. Tá mórán daoine den bharúil go mbeadh cuairt ó Bhanríon Shasana ina comhartha cinnte go bhfuil deireadh go deo le gortaithe agus leitheadais na staire, agus nach loitfidh siad riamh arís an gaol idir an dá oileán. Tá an dá rialtas tiomanta do chuairt ón Bhanríon Eilís, nuair a bheas an t-am fóirsteanach fána choinne. Ba mhaith liom féin go dtarlódh sé, ach fágfaidh mé am agus eile faoin dá rialtas.

An Geilleagar

BD: I dtaca le cúrsaí eacnamaíochta, cad a déarfá le daoine óga an lae inniu agus sinn i gceartlár géarchéim eacnamaíochta?

Uachtarán na hÉireann: Den chéad uair i stair na tíre seo, bhí chóir a bheith lánfhostaíocht againn tamall beag de bhlianta ó shin, agus bhí forbairt eacnamaíochta againn nach raibh riamh roimhe ann. Ar an drochuair, tá na laethanta sin imithe uainn, a bhuíochas sin don mheathlú geilleagair. Ach ní thig linn luí síos faoi ionsaithe an chúlaithe; ní thig linn dearmad a dhéanamh de na hinniúlachtaí agus de na cumais atá againn. Tá muintir óg na hÉireann saoithiúil, oilte, uaillmhianach agus ábalta. Tá féinmhuinín acu nach raibh ag glúin ar bith eile rompu. Tá deacrachtaí eacnamaíochta acu anois den chéad uair ina saol, cé nach raibh a mhalairt ag glúin ar bith eile. Tá gaois phobail ann, eolas pobail ar an dóigh le déileáil le deacrachtaí mar sin, atá againn ónár sinsir. Cé go bhfuil muid imithe céim ar chúl, tá muid imithe dhá chéim chun tosaigh. Tá géarghá acu siúd a bhfuil buairt na hiomarcaíochta agus na bhfiach mór ag goilleadh orthu le tuiscint agus le deimhniú ón chuid eile againn. Is dona linn a gcás, agus oibreoidh muid in éineacht leo. I gceann deich mbliana, le cuidiú Dé, beidh muid ag amharc siar ar na laethanta seo mar theist a dtáinig muid tríd le honóracha.

BD: Cén léirmheas atá agat ar an staid reatha sa Tuaisceart?

Uachtarán na hÉireann: Ba mhór an chéim chun tosaigh é nuair a cinntíodh an comhaontú ar na mallaibh faoi dhéabhlóid chumhachtaí póilíneachta agus cirt. An mhír dheireanach ailtireachta de Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhí ann. Is léir ón fhianaise atá ar fáil go bhfuil an tsíocháin ag neartú agus ag daingniú léi, go bhfuil an tacaíocht di ag méadú, agus go bhfuil seans ann faoi dheireadh go bhfeidhmeoidh an ‘dá thraidisiún’ mar aon phobal amháin. Ach tuigimid go bhfuil an tsíocháin seo leochaileach, fad agus is ann don seicteachas agus don pharaimíleatachas. Léiriú láidir dúinn ar cé chomh cíocrach agus atá na daoine ó thuaidh don tsíocháin is ea díchoimisiúnú airm na bPoblachtach agus na nDílseoirí. Ba bhreá liom m’óige a bheith agam arís i mBéal Feirste síochánta, in Éirinn athmhuinteartha.

BD: Toghadh tú faoin mhana ‘ag tógáil droichead’. Cad atá bainte amach agat faoin mhana sin?

Uachtarán na hÉireann: Bhí cúinsí ar leith i mo chúlra féin agus i gcúlra Mháirtín a chuidigh go mór leis an bheirt againn teagmháil fhónta a dhéanamh le daoine ó dhá thaobh an phobail i dTuaisceart Éireann. Tá cuid mhór eile fós le déanamh. Ba mhaith liom a bheith in ann leanúint ar aghaidh leis an obair, agus mo dhícheall a dhéanamh ar son na síochána.

An Teanga a Fhoghlaim

BD: Cén fáth gur bheartaigh tú an teanga a fhoghlaim? Cén tábhacht agus sásamh pearsanta a bhain tú as í a fhoghlaim?

Uachtarán na hÉireann: Tá, agus bhí, grá agam don teanga i gcónaí, agus feictear dom go bhfuil sí mar dhlúthchuid dár n-aitheantas mar náisiún. Is cúis mhór sásaimh dom a bheith in ann comhrá a dhéanamh le daoine i gcéad teanga na tíre.

BD: Tagann tú go Gleann Cholm Cille le freastal ar chúrsaí de chuid Oideas Gael gach bliain. Cad iad na cuimhní is fearr atá agat le linn an ama seo? An leanfaidh tú ort ag teacht nuair a bheas do thréimhse istigh?

Uachtarán na hÉireann: Is breá liom an tseachtain sin i nGleann gach bliain. Tá na tréimhsí a chaith mé ann i ndiaidh cur go mór le mo chumas sa Ghaeilge. Is iomaí cuimhne gheal atá agam ar chairde agus ar ócáidí ar leith ann, agus fanann áilleacht na háite liom ó cheann ceann na bliana. Bíonn an tseachtain sin gnóthach i gcónaí le ranganna agus léachtaí, damhsa agus cnocadóireacht, ceolchoirmeacha dochreidte agus comhrá le cairde. Imíonn an t-am ar cosa in airde. B’fhéidir, nuair a fhágfaidh muid an tÁras, go mbeidh muid ábalta dul ann ar feadh coicíse. Bíodh geall go mbeidh muid ar ais chomh minic agus a thig linn.

BD: Cén teachtaireacht a thabharfá do phobal na Gaeilge/Gaeltachta maidir le tábhacht na teanga?

Uachtarán na hÉireann: Tá teanga s’againne iontach luachmhar ach tá sí leochaileach fosta. Tá sé mar chúram agus mar phribhléid ag muintir na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge trí chéile an teanga a chaomhnú, a chosaint, agus a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Sin jab atá thar a bheith tábhachtach.

Mol an Óige

BD: Cad iad na cúraimí is mó atá ort mar Uachtarán?

Uachtarán na hÉireann: Is iomaí cúram foirmeálta atá orm faoin Bhunreacht. Mar shampla, tá dualgas orm an Bunreacht féin a chosaint agus a chinntiú go mbíonn gach dlí a ritear de réir an Bhunreachta. Fearaim fáilte roimh Chinn Stáit agus glacaim le dintiúir ambasadóirí ó thíortha eile. Bíonn an-chuid comhfhreagrais agam, agus bíonn orm mórán léitheoireachta a dhéanamh le bheith ar an eolas faoi áiteanna agus faoi dhaoine a dtugaim cuairt orthu. Tá ról ambasadóireachta agam féin agus déanaim gach iarracht Éire agus muintir na hÉireann, chomh maith lenár gcuid buanna, ár gcultúr agus ár gcuid gnóthaí a chur chun cinn ar an ardán domhanda. Is maith liom go mbíonn deis agam cuairteanna a thabhairt ar scoileanna. Bíonn teachtaireacht an-dearfach agam do dhaoine óga ar na hócáidí seo, mar atá, infheistiú a dhéanamh sa tír agus dúshlán an tsaoil a thabhairt. Ní fearr rud a dhéanfadh daoine óga atá in inmhe chuige ná tabhairt faoin ghradam Gaisce. Creidim go domhain i gcumhacht an phobail agus in éifeacht grúpaí pobail. Is maith liom iad a spreagadh agus aitheantas a thabhairt dóibh agus dá gcuid oibre chomh minic agus a thig liom. Tá sé thar a bheith tábhachtach misniú agus aitheantas a thabhairt dóibh siúd a éascaíonn an saol do dhaoine eile – dóibh siúd a chuireann maitheas agus suáilceas isteach i saol daoine, agus a neartaíonn muid mar phobal. Nár laga Dia iad.

BD: Nuair a bheas do thréimhse mar Uachtarán thart, an bhfuil sé i gceist agat dul ar scor go ciúin, nó an bhfuil a fhios agat fós cad atá i ndán duit?

Uachtarán na hÉireann: Níl plean cinnte ceaptha againn fós, ach tá súil againn go mbeidh muid in ann leanúint leis an obair atá ar siúl againn ar son na síochána in Éirinn.

BD: Caitheann tú cuid mhór ama i gContae Ros Comáin. Cén dáimh atá agat leis an cheantar sin?

Uachtarán na hÉireann: Sin an áit a bhfuil teach teaghlaigh s’againn anois, mar a bhí ag m’athair agus ag a shinsir roimhe. Is áil linn an contae. Tá an spiorad Gaelach an-láidir ann, agus tá an ceantar ar maos le ceol agus le damhsa traidisiúnta. Tá an tSionainn ar leac an dorais againn; tá na comharsana is fearr ar domhan againn; agus is breá linn gach nóiméad a chaitheann muid ann. Bíonn muid ag siúl agus ag bádóireacht ann, agus tá muid ag súil le smacht ar chur ar an ghairdín am éigin sa todhchaí, nuair a bheas an t-am againn fána choinne.

Naisc: http://www.specialolympics.ie/An Oscailt http://www.youtube.com/watch?v=-3Z6s0sW18E&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=J4p51S02Yws&feature=relatedUafás na hÓmaí http://www.omaghbombmemorial.com/Háítí http://www.nuacht24.com/tuairim/haiti-ceacht-do-gach-duine-againn/http://www.gaisce.ie/Beathaisnéis http://www.cic.ie/product.asp?idproduct=316http://www.siopagaeilge.ie/products/Beathaisn%E9is/product10-7.htm

http://www.president.ie/index.php?section=1&lang=ire

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.