Ní aireoidh Aire Stáit na Gaeltachta rud ar bith coimhthíoch faoi Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne mar bhí sé féin, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, ag baint duaiseanna scéalaíochta ag an Oireachtas na blianta siar. Chas Seosamh Mac Muirí leis ar an lá ar seoladh Plean Forfheidhmithe na Roinne don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
SMM: Is é do bheatha go Beo.ie a Aire. An gcronaíonn tú saol an tsuaimhnis a bheadh agat fá Thír Chonaill anois ach a’b é gur thit sé ar do chrann arís seasamh san olltoghchan ar son Fhine Gael?
DMFh: Is cinnte go dtearn mé cinneadh i 2006 go raibh mé ag gabháil a éirí as an pholaitíocht, ach tháinig casadh gan mhoill ar an scéal ina dhiaidh sin agus bhí mé páirteach ins an toghchán in 2007. Bhuíochas do Dhia, d’éirigh go maith liom agus bhí mé páirteach ins an toghchán deiridh i mí Feabhra na bliana seo agus atoghadh mé. Bhí an Taoiseach cineálta go leor le mé a ainmniú mar Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta. Ar ndóighe, tá lúcháir mhór orm agus tá dúshlán mór romham. Tá mé ag coimhéad ar an Roinn sin le blianta fada. Mar sin féin, nuair a bhíonn tú i d’Aire, tchíonn tú ón taobh eile é agus is breá liom go bhfuil an deis agam a bheith mar Aire agus a bheith páirteach i bpolasaithe na Gaeilge is na Gaeltachta. Is cinnte go bhfuil sé i bhfad níos gnaithí ná dá mbeinn i mo shuí thuas sa bhaile ag dearcadh ar cibé a bhí beartaithe agam a dhéanamh dá n-éireoinn as an t-am sin. Tá lúcháir orm gur deis iontach é seo.
An Chéad Oiliúint
SMM: Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort le linn d’óige i nGaeltacht Dhún na nGall?
DMFh: Is dócha, cosúil le gach duine, mo theaghlach féin, mo mhuintir féin agus bhí seanaintín ina cónaí sa teach linn – bhí sí mar a bheadh seanmháthair againn ann – agus chuaigh sí sin i bhfeidhm go mór orainn, Máire Mhicí Nic Fhionnlaoich. Seanchaí a bhí inti agus chaith Máirtín Ó Cadhain seachtain ins an teach linn sna caogadaí agus ghlac sé síos cuid dena cuid scéalta ar téipeanna agus tháinig leabhar amach anuraidh, ‘Ó Cadhain i dTír Chonaill’. Chuir Pádraig Ó Baoill amach é agus tá cuid dá cuid scéalta ansin. Agus níos fearr ná sin, tá dlúthdhioscaí dá cuid cainte ansin agus tá sé cosúil le glór ar ais ón tsíoraíocht. D’inis mé féin cúpla scéal, ní raibh mé ach trí bliana déag ag an am. Tá mo ghlór féin ansin. Ní raibh ionam ach gasúr. Bhí sí sa teach linn i gcónaí. Bhí sí an-chineálta agus chuaigh sí i bhfeidhm go mór orm agus ar na deartháireacha eile a bhí sa teach.
Is dóigh taobh amuigh den teaghlach, bhí daoine eile a chuaigh i bhfeidhm orm, na múinteoirí a bhí againn. Bhí múinteoir amháin againn, Seán Mac Fhionnlaoich, príomoide na scoile a raibh mé ann, Cnoc an Stollaire, an Bun Beag. Scríbhneoir a bhí ann, as Oileán Gabhla. Múinteoir iontach díobhraicthe a bhí ann. Chuaigh seisean i bhfeidhm orm chomh maith. Mo theaghlach is b’fhéidir, na múinteoirí agus bhí daoine eile, na peileadóirí, Hiúdaí Beag Ó Gallchóir a d’imir do Dhún na nGall agus do Chúige Uladh, Hughie Tim Ó Baoill agus peileadóir mar sin, chuaigh siad sin i bhfeidhm orm. Tá cuimhní maithe agam ar m’óige ins an Ghaeltacht agus ins an bhaile.
SMM: Cé na daoine a raibh tionchar acu ort le linn do thréimhsí i mBaile Bhuirne?
DMFh: Bhí traidisiún i nDún na nGall san am go rachadh buachaillí go Baile Bhuirne. Bhí sé píosa fada ó bhaile, turas lae san am sin. Bhí scaifte againn ann, inár gcomrádaithe ag a chéile. Ní raibh na gutháin phóca ann. Ní raibh an chumarsáid go maith ag an am. Nuair a rachfá síos ansin, is dóigh go raibh cumhaí ort i ndiaidh an bhaile. Bhí comhluadar agat mar a gcéanna. Caithfidh mé a rá gur chuir siad oideachas fiúntach ar fáil dúinn a thug deis dúinn dul ar aghaidh ina dhiaidh sin go dtí na coláistí oiliúna agus i mo chás féin, bhí an coláiste ollscoile anseo i mBaile Átha Cliath.
Fine Gael
SMM: Cén fáth gur roghnaigh tú gabháil le Fine Gael an chéad lá riamh le hais páirtí polaitíochta ar bith eile?
DMFh: Sin ceist mhaith anois. D’fhéadfá a rá go raibh an teaghlach s’againne scoilte ó thaobh na polaitíochta de. Sin mar a bhí. Bhí suim agam i gcúrsaí polaitíochta. Bhíodh daoine istigh sna tithe ag airneál agus bhíodh siad ag caint ar pholaitíocht agus ar chúrsaí iascaireachta agus mar sin. Nuair a bhí mé i mo mhac léinn i gColáiste na hOllscoile i mBÁC, rinne mé eacnamaíocht, agus duine de na léachtóirí a bhí againn, beannacht Dé lena anam, Garrett Fitzgerald a cailleadh níos luaithe i mbliana, bhí seisean iontach tarraingteach san am sin. Is dóighe gur spreag seisean mé, comh maith, suim a chur i gcúrsaí polaitíochta agus chuaigh mé isteach i bhFine Gael anseo i mBÁC. Chuaigh mé abhaile ansin ar feadh tamaillt agus tháinig corrthoghchán ansin, 1980. Sin an chéad uair a chuaigh mé isteach i gcúrsaí polaitíochta.
SMM: Níor éirigh iarracht na hUachtaránachta le Gay Mitchell. An gcomharthaíonn a easpa tacaíochta go bhfuil am crua amach roimh an Rialtas seo agus roimh an pháirtí, Fine Gael, go háirithe?
DMFh: Níor éirigh le Gay Mitchell ins an toghchán, tá sé sin fíor. Dálta an scéil, tá lúcháir orm gur éirigh le fear eile, Michael D., a bhfuil aithne agam air leis na blianta abhus anseo, a bhfuil suim aige ins an Ghaeilge aige chomh maith. Bhí an bheirt againn ag comhoibriú le chéile nuair a bhí muid inár n-urlabhraithe ar chúrsaí Gaeltachta, eisean don Lucht Oibre, mise do Fhine Gael. Tá lúcháir orm gur éirigh leis-sean. Níor éirigh le Gay. Tá aithne agam air le blianta fada. Polaiticeoir éifeachtach atá ann. Bhí sé ar an Bhardas Cathrach. Bhí sé ina Ard-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ina Theachta Dála. Bhí sé ina Aire Stáit ins na nóchadaí agus anois tá sé ina Fheisire Eorpach iontach éifeachtach agus gníomhach. Ach de réir cosúlachta, bhí tréithe eile de dhíth ar mhuintir na hÉireann ins an Uachtaránacht. Is dóiche, de na hiarrthóirí go léir a bhí ansin, bhí níos mó de na tréithe sin ag Michael D. ná aon iarrthóir eile agus sin Gay Mitchell chomh maith. Tá Michael D. tofa, rinne muidinne ár ndícheall ach ní dheachaigh Gay i bhfeidhm ar an phobal agus tá sé ag dul ag leanúint ar aghaidh mar Fheisire Eorpach. Ní shílim gur toghchán polaitíochta a bhí ann. Bhí na daoine ag amharc fá choinne rud éigin eile seachas polaiticeoir den scoth. Bhí siad ag amharc fá choinne státaire nó duine a raibh fís, duine a raibh aisling aige don tír seo, agus file, cosúil le Michael D., go raibh sé níos fóirsteanaí i súile an phobail do phost an Uachtaráin, ná Gay agus na hiarrthóirí eile.
An Staidéar Teangeolaíoch
SMM: An bhfuil tú ar aon tuairim le tátal an Staidéir Teangeolaíochta a mhaíonn gurb é teann a dícheall go seasfadh an Ghaeltacht fiche bliain eile?
DMFh: Shuigh muid uilig suas nuair a chonaic muid sin, ach caithfidh mé a rá, mar fhear Ghaeltachta, gur dhúirt sé an rud a shíl mé féin, agus go leor eile, a bhí ag tarlú ins na ceantair Ghaeltachta, go bhfuil an teanga faoi bhrú ins an Ghaeltacht. Sin an fáth, ins an Dáil deireanach, gur chuir muid an polasaí seo le chéile agus tá anois mar aidhm ag an rialtas seo é a chur i bhfeidhm.
[Comharthaíonn an tAire Stáit do chóip den ‘Plean Forfheidhmithe na Roinne don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge’.]
Tá coistí rialtais bunaithe faoi cheannas, nó faoi chathaoirleacht an Taoisigh féin. Bhí cúpla cruinniú againn cheana féin, agus sílim, gan mhoill an tseachtain seo, go bhfuil muid chun a chur i bhfeidhm, is é sin, polasaí chéad bhliain na Straitéise. Beidh sé á fhógairt againn sna laethaibh seo. Tá an scéal seolta amach tráthnóna inniu. Is é an rud atá ann, Plean Forfheidhmithe na Roinne 2011. Is é sin, Straitéis na Gaeilge agus an rud atá ar intinn ag an rialtas i mbliana agus an bhliain seo chugainn agus tá sé á fhoilsiú inniu agus tá mé ábalta cóip a thabhairt duit! An chéad duine a fuair cóip de!
SMM: Go raibh míle maith agat!
Aithreacha an Stáit
SMM: Is iad Fine Gael a chéadlonnaigh an Ghaeilge sa chóras stáit in am Earnán de Blaghd agus Alastair Mhic Cába. Is cuimhin le cuid againn an Ghaeilg líofa a bhíodh ag Dick Burke agus John Kelly sna 1970/80aidí ach níl cáil na Gaeilge ar Fhine Gael inniu. Tharraing FF agus SF cáil na Gaeilge chucu féin. Do bharúil, nach mbeadh sé iontach furasta ag Fine Gael teacht chun cinn agus vóta na Gaeilge a ghnóthú daofu féin, chomh maith leis an dea-shampla a thabhairt trí ghníomh ínteach a eagrú do bhaill an rialtais cosúil leis an fheachtas atá acu ó thuaidh, Líofa 2015? An bhfuil fís ar leith agat a bheadh inchurtha leo ó thuaidh? – B’fhéidir go bhfuil sé anseo, ins an Phlean Fhorfheidhmithe?
DMFh: An rud a ba mhaith liom a rá ar dtúis, go n-aontaím ansin, na daoine a bhí ansin nuair a bunaíodh an Stát cosúil le Earnán de Blaghd, Eoin Mac Néill agus Mícheál Ó hAodha a bhí ina chéad Cheann Comhairle ar an Dáil, fear mór Gaeilge Uladh - bhí sé ina ollamh i gColáiste na hOllscoile thiar i nGaillimh; Risteard Ó Maolchatha a raibh tacaíocht mhór i gcónaí aige don Ghaeilg – sílim gur leag siad sin síos bunchloch Athbheochan na Gaeilge ins an stát úr. Tógadh ar sin ó shin, ins na tríochadaí agus ins na daicheadaí. Tá an stair sin againn agus mar Aire i rialtas a bhfuil Fine Gael ann, tá mé bródúil as an méid a rinne na haithreacha a bhunaigh an stát, más féidir liom a chur mar sin.
Is é an dearcadh atá agam féin, go bhfuil an Ghaeilge róthábhachtach le bheith ina cnámh spairne polaitíochta agus sin an fáth go dtearn muidinne gach dícheall, fad is a bhí mé féin anseo, comhoibriú a thabhairt do na rialtaisí a bhí istoigh, cé nach raibh muid féin iontu, comhoibriú daofu ar Bhille na Gaeilge – tacaíocht iomlán – thug muid comhoibriú daofu nuair a bhí siad ag iarraidh an Ghaeilg a bheith mar theanga aitheanta agus oibre ins an Eoraip. Ní raibh aon deacracht againn le sin. Thug muid comoibriú nuair a bhunaigh siad Coimisinéir na Teanga mar shíl muid i gcónaí go raibh sé iontach tábhachtach go mbeadh aontacht ansin chomh fada is a bhaineann sé leis an teanga. Sin an fáth anois go bhfuil muid ag beartú, go bhfuil sé socair againn, leanúint ar aghaidh leis an Straitéís a leag an rialtas deireanach síos, mar go raibh muid páirteach ann! Agus níl sé ach ceart.
An Aisling
Maidir leis an Ghaeilg féin, tá mé iontach bródúil go bhfuil an Taoiseach an-líofa ins an Ghaeilge agus go n-úsáidtear an Ghaeilg níos minice sa Dáil anois ná mar a úsáideadh le blianta fada. Tá Gaeilg ar a thoil ag an Taoiseach agus tá sé ag tabhairt a thacaíochta don teanga. Tá an Ghaeilg ar a thoil ag ceannaire Fhianna Fáil, ag ceannaire Shinn Féin agus ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, an Tánaiste, agus is breá an rud. Sílim gur rud stairiúil a bhí ann ag an olltoghchán deiridh go raibh díospóireacht eadar ceannairí na bpáirtithe ar TG4 agus é i nGaeilg. An chéad uair a tharla sé agus sílim go dteachaigh sé sin i bhfeidhm go mór ar phobal na hÉireann. Níl mé ag caint ar phobal Ghaeilge na hÉireann, ach ar phobal na hÉireann go ginearáilte agus go dtug sé stadas úr don teanga nach raibh aici roimhe sin.
An aisling atá agam féin, aisling na Straitéise, dúbailt ar an líon cainteoirí Gaeilge sna blianta le linn na Straitéise, dúshlán mór é sin. Caithfimid go léir cur chuige le haontacht fá choinne é sin a dhéanamh. Tá mé ag caint ar an Roinn atá mé féin ann, ag caint ar an Oideachas agus Scileanna, ar an Roinn Chumarsáide. Táimid ag caint ar gach roinn. Is iarracht rialtais agus is iarracht náisiúnta é seo agus tá dúshlán mór ann, agus mar a gcéanna, tá tobar mór Gaeilge ar fud na tíre, daoine a bhfuil an teanga acu ach nach mbíonn an deis acu an teanga a labhairt chomh minic agus a ba mhaith linn, agus deis a thabhairt daofu sin ar fud na tíre ar mhaith leo an teanga a labhairt. Agus nuair a fheicfidh siad cláracha déanta ar TG4 agus ar na meáin eile agus an rud atá sibh féin a dhéanamh ar an idirlíon, spreagann sé sin daoine leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid. Mar a deir an seanfhocal úr, ‘is fearr Gaeilg bhriste ná Béarla cliste’ agus tuigfidh an pobal é sin. Beidh meas ar an iarracht as seo amach, ní ar an chaighdeán atá acu, ach ar an iarracht.
An tAirgeadas
SMM: Rialtas Brian Cowan a bhí ann romhaibh, d’iarr siad comhairle ar Goldman –Sachs faoi cad é le déanamh? D’éist siad leo agus d’íoc siad airgead maith as an chomhairle sin.“Financial terrorists .... who should be taken up on financial terrorism charges .... who should be taken to the Hague” an cuntas a thug Max Keiser ar Goldman-Sachs. Tháinig rialtas úrnua i gcumhacht faoi Éanna Ó Cionnaith, agus sílim gur tú féin a dúirt ar Raidió na Gaeltachta, san am nach dtiocfadh linn “lámh mhuintir na hÉireann a chur i mbéal an mhadaidh.” An gcreideann tú go bhfuil Enda Kenny, Brian Hayes, Leo Varadkar agus baill eile an Rialtais in innimh an tír seo a thabhairt slán nuair a thiocfas an crú níos troime ar an tairne amach anseo?
DMFh: Tá mé i mo Theachta Dála le breis is deich mbliana fichead agus chonaic mé géirchéimeanna airgeadais agus dífhostaíochta sna blianta sin agus sílim gur seo an ceann is measa, tharla go bhfuil 460,000 duine dífhostaithe agus daoine óga ag imeacht as an tír. Tá sé ag cosnadh 18 billiún níos mó an tír seo a reáchtáil ná atá muid ag fáil. Mar a dúirt mé, tá ár lámh i mbéal an mhadaidh mar go bhfuilimid ag brath ar an Eoraip agus ar an CAI ó mhí go mí an t-airgead a thabhairt dúinn na seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag dul, na tuarastail a dhíol do na haltraí, do mhúinteoirí, do ghardaí, do shaighdiúirí, do sheirbhísí poiblí agus, ach amháin go bhfuilimid ag fáil an airgid sin, b’fhéidir go mbeas muid cosúil leis an Ghréig. Sílim go bhfuil an rialtas seo ag déanamh an-iarrachta srian a chur ar rudaí agus beidh pian leis sin. Táimid ag plé na meastúchán anois agus beidh an cháinaisnéis ag teacht amach ar an seisiú lá de mhí na Nollag agus tá mé cinnte go mbeidh ciorruithe ansin nach raibh, fiú amháin, daoine ag súil leis. Sílim go gcaithfimid sin a dhéanamh le teacht slán as seo.
Tá comharthaí ann go bhfuil ag éirí leis an pholasaí. Tá na meáin chumarsáide eadarnáisiúnta ag ráit go bhfuilimid ag déanamh cúis mhaith, go bhfuilimid ag dul i ngleic leis na fadhbanna atá againn agus go bhfuil ag éirí linn iad a cheansú de réir a chéile. De réir cosúlachta, beimid ábalta dul chuig na margaí eadarnáisiúnta airgid arís, b’fhéidir nach an bhliain seo chugainn, ach an bhliain ina dhiaidh sin. Beimid ábalta ár saoirse airgeadais a chaill muid anuraidh, nuair a tháinig an CAI isteach, má éiríonn linn é sin a fháil ar ais an bhliain seo chugainn nó an bhliain ina dhiaidh sin, sílim go mbeidh dul chun cinn mór déanta. Ach caithfimid seasamh le chéile agus an pobal a thabhairt linn. Ní bheidh sé furasta é sin a dhéanamh, ach mar sin féin, sílim go bhfuil an dearcadh i measc an phobail anois, “faigh rudaí i gceart; faigh ár saoirse eacnamaíochta ar ais dúinn agus má éiríonn libh é sin a dhéanamh, beidh, ar a laghad, dul chun cinn déanta. Sin an plean agus an cuspóir atá ag an rialtas agus an Taoiseach agus na hAirí atá tú i ndiaidh a lua. Srian ar rudaí, ár saoirse eacnamaíochta a fháil ar ais agus a bheith inár máistrí arís inár dtír féin.
Meitheal Forbartha na Gaeltachta
SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?
DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta. Is mór an trua go dteachaigh rudaí mar a chuaigh. Bhí siad bancbhriste. B’éigean dóibh éirí as margaíocht. Bhí mé ag caint leis an Aire Hogan inniu a bhfuil na cúraimí sin air. Baineann Pobal agus Meitheal na Gaeltachta anois leis an Roinn Chomhshaoil. Tá gach iarracht á dhéanamh leis na seirbhísí a bhí á gcur ar fáil ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta a chur ar fáil chomh gasta agus chomh luath agus is féidir. Thig liom a rá leat go bhfuil oifigigh ins an Roinn agus oifigigh i bpobail ag obair ar seo. Tá súil as againn go mbeidh réiteach na faidhbe sin againn chomh luath agus is féidir. Na daoine a bhí ag obair i Meitheal Forbartha na Gaeltachta, bhí 34 lánaimseartha, bhí daoine eile ar scéimeanna acu, caithfimid amharc i ndiaidh a gcuid cearta chomh maith.
Maidir le teilifís na Gaeilge, sílim, tá sé luaite agam cheana féin, tá obair iontach á déanamh acusean agus ag an tionscal scannáin agus físe. Tá dul chun cinn mór déanta acu; bhí mé ar cuairt i gConamara agus chonaic mé an obair iontach atá á cur ar fáil, ní hamháin dúinne, ach go hidirnáisiúnta, ag Telegael agus eile, tá go leor acu ann. Is cinnte gur tuar dóchais é. Tá daoine óga ansin, cruthaitheach, samhlaíoch agus tá cur chuige acu, b’fhéidir nach bhfuil ag daoine eile. Chuaigh siad i bhfeidhm ar an Aire Cumarsáide Pat Rabbitte, nuair a bhí sé thiar ar cuairt i mBaile na hAbhann. Tá súil as agam go mbeidh na hacmhainní curtha ar fáil a chuirfeas ar a gcumas leanstan ar aghaidh leis an obair fhiúntach atá ar siúl acu.
Oireachtas na Gaeilge
SMM: Tá tú ag súil le freastal ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne faoi dheireadh na seachtaine?
DMFh: Tá sé sin fíor. Tá mé ar an bhealach go Cill Airne. Tá mé ag tnúth go mór le sin. Is fada mé ag freastal ar an Oireachtas ó bhí mé i mo bhuachaill óg. Bhí mé mar scéalaí ag an Oireachtas mé féin na blianta ó shin. Níl mé ag iarraidh a bheith ag maíomh ná ag déanamh mórtais, ach d’éirigh liom an chéad duais a bhaint faoi dhó mar sheanchaí faoi chúig bliana is fiche d’aois agus tá sé d’onóir agus de phribhléid agam i mbliana agus tá mé ag tnúth go mór leis a bheith i gCill Airne amárach le oscailt oifigiúil an Oireachtais a dhéanamh. Agus bainfidh mé sult mór as gach gné de, cé acu scéalaíocht, amhránaíocht, na lúibíní, nó na hagallaimh bheirte, na rincí, cibé atá i gceist. Tá ar intinn agam cúpla lá a chaitheamh ina measc. Nuair a rachaidh mé síos ansin, braithfidh mé go bhfuil mé i measc mo chairde féin, muintir na gceantar Gaeltachta, beidh siad ansin as mo cheantar féin, as mo Ghaeltacht féin, as Gaillimh, Maigh Eo, Corcaigh, Ciarraí agus as an Ghaeltacht uilig. Chuala mé fear inniu ar RTÉ, ón tSiombaib, agus tá sé ábalta Gaeilge a labhairt agus tá sé curtha isteach ar an rince sean-nóis. Dúirt sé go bhfuil seans aige chomh maith le duine ar bith eile an comórtas a bhuachaint. Féile mhór na nGael is na Gaeltachta, agus tá mé ag súil go mbeidh mé anseo ar an bhliain seo chugainn nuair a bheas sé ar siúl inár gcontae féin i nDún na nGall.
SMM: Táimid faoi chomaoin mhór agat a Aire.
DMFh: Go raibh míle maith agat féin.