AGALLAMH BEO
Bríd Ní Neachtain
Catherine Foley Catherine Foley

Labhair Catherine Foley leis an aisteoir Bríd Ní Neachtain a bhí sa Ghaillimh le déanaí ag ullmhú d’oscailt an dráma, Doubt, sa Town Hall Theatre. Cheistigh sí í mar gheall ar a saol ar an ardán le hAmharclann na Mainistreach i rólanna mar Rose i Dancing at Lughnasa le Brien Friel agus Juno in Juno and the Paycock le Sean O Casey. Labhair Bríd mar gheall ar a rólanna os comhair an cheamara chomh maith sa léiriú den leabhar le Máirtín Ó Cadhain, Cré na Cille, agus sna sraitheanna teilifíse Ros na Rún agus Rásaí na Gaillimhe.

Íomhá
Bríd Ní Neachtain
Íomhá
Amharclann na Mainistreach
Íomhá
Joe Dowling
(le Max Sparber photos ar Picasaweb)
Íomhá
An Taibhdhearc
(le MaxPride ar Vicipéid)
Íomhá
Bríd mar an tSiúr Aloysius le Seóna Tully mar an tSiúr James, sa dráma Doubt le JP Shanley
Íomhá
Druid na Gaillimhe
Íomhá
Tús a cuid drámaíochta, an Spidéal
Íomhá
An Phéacóg

CF: A Bhríd, nuair a bhí tú óg, an raibh baint ag aoinne sa bhaile leis na healaíona? Cad é an jab a bhí ag d’athair nó cad as a dtáinig do chuid spéise sa drámaíocht an chéad lá.

BNN: Ní raibh aon bhaint acu leis na healaíona, feirmeoirí beaga a bhí iontu. D’fhan mo mháthair sa mbaile chun aire a thabhairt dúinn. Gnáthshaol tuaithe a bhí agam ag fás suas. Ní raibh aon rud eisceachtúil faoi. Tógadh mé i Ros Muc i gConamara i gCo. na Gaillimhe. Is mise an duine is óige sa gclann. Tá ceathrar againn ann. Chuala mé neart scéalaíochta agus seanchais cois tine ó mo mhuintir agus ó na comharsana. Chuaigh mé ag scoil chónaithe, Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Bhí bean rialta ann, an tSiúr Regina a raibh suim aici sa drámaíocht. Ise a mhúscail mo shuim ann.

CF: Cad é an sloinne a bhí uirthi.

BNN: An tSiúr Regina de Búrca a bhí uirthi. Ó, bhí sí tharr barr, mar bhí suim aici sna healaíona agus bhíodh sí ag déanamh drámaí scoile linn agus bhíodh sí ag cur na ndrámaí isteach ar chomórtaisí agus, i ndáiríre, sin í an chaoi inar thosaigh mise, a mhúscail mo shuim i ndrámaíocht i ndáiríre mar ní raibh aon chúlra drámaíochta i mo chlann ná aon rud mar sin taobh amuigh de scéalaíocht cois tine agus comharsana agus mar sin. Ach nuair a chuaigh mé ag scoil chónaithe, Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal, bhí an tSiúr Regina ann agus bhí an tsuim aici sa drámaíocht. Bhí sí thar barr agus thugadh sí go Baile Átha Cliath muid.

CF: An bhfuil sí beo i gcónaí.

BNN: Níl, fuair sí bás tuairim is sé bhliain ó shin. Agus chuir sí suim ionam thar na blianta agus nuair a chuas go Nua-Eabhrac le Dancing at Lughnasa bhí sí an-bhródúil agus choinnigh mé an teagmháil léi thar na blianta. Bean Gaeltachta a bhí inti, as na Forbacha. Bhí spéaclóirí uirthi agus bhí sí gealgháireach i gcónaí, i gcónaí agus bhí sí in ann smacht a choinneáil orainn freisin. Scríobhadh sí agam dá bhfeicfeadh sí m’ainm i rud éigin in Amharclann na Mainistreach agus déarfadh sí go raibh sí bródúil asam. Bíonn duine éigin i gcónaí i do shaol, agus sin rud tábhachtach atá ag baint le múinteoirí maithe a osclaíonn do shúile, a threoraíonn tú agus tuigeann tú gur seo é an rud atá mé ag iarraidh a dhéanamh. Thug sí spreagadh dom.

Amharclann na Mainistreach

CF: An cuimhin leat aon ról a bhí agat ar scoil sular chuaigh tú amach ag obair mar aisteoir ghairmiúil?

BNN: Bhí mé mar chailín sráide nó rud éigin. Rinne mé speech & drama le Traolach Ó hAonghusa agus Aisteoirí Mhic Easmoinn ar an gCeathrú Rua. Tá siad ann fós agus bhraith sé mar practical training go mbeadh sé go maith dom páirt a bheith agam sa dráma seo, mar sin, rinne mé an dráma seo. Anois ní chuimhin liom an t-ainm a bhí air ach cailín sráide a bhí ionam agus bhí Máirtín Mac Donnchadha as Raidió na Gaeltachta ann freisin agus bhuaigh muid duais éigin thuas i gCaisleán an Bharraigh agus bhí Mícheál Ó hUanacháin mar mholtóir ann. Rinne mé dráma amháin leob sin mar chuid den traenáil. Thaitin sé go mór liom. Chuaigh mé isteach in Amharclann na Mainistreach ansin.

CF: Conas a tharla sé sin?

BNN: Bhí deartháir agam i mBaile Átha Cliath ag an am agus bhí cailín darb ainm Nora Connolly, bhí sí mar ASM – assistant stage manager - in Amharclann na Mainistreach agus bhí aithne aige uirthi agus bhí sise ag imeacht go Londain agus thuig mo dheartháir go raibh suim agam san aisteoireacht agus dúirt sé cén fáth nach scríobhann tú chuig Tomás Mac Anna agus b’fhéidir go mbeadh folúntas éigin ann. Scríobhas ar aon chaoi agus dúirt Tomás Mac Anna liom theacht aníos an tseachtain dár gcionn. Chuas suas go Baile Átha Cliath. Tá mé ag ceapadh ag an am go raibh mé tuairim is seacht mbliana déag, ocht mbliana déag.

CF: Agus scrígh tú i nGaeilge, ar scrígh?

BNN: Scríobh mé i nGaeilge. Agus dúirt mé go raibh suim agam ann agus dúirt sé liom teacht aníos. Agus chuas suas. Agus is cuimhneach liom i mo shuí in Amharclann na Mainistreach agus bhí na suíochán thíos an staighre sa foyer agus is cuimhneach liom ag breathnú orthu ar fad ag teacht anuas ag cleachtadh agus chuas suas agus dúirt sé “bhuel tá folúntas agus tosóidh tú ar an Luain”. Agus bhí orm árasán a fháil le fanacht ach b’iontach an traenáil a bhí ann. Mar bhí tú ag obair ó dhráma go dráma, bhí tú ag obair le haisteoirí agus chonaic tú stiúrthóirí agus aisteoirí ag obair ó thús mar a déarfá, ó na cleachtaí go dtí an deireadh.

Ros na Rún

CF: Ar chuir tú aithne ar Tomás Mac Anna ansin.

BNN: O, chuireas, mar bhíos mar bhíodh sé ag stiúriú go leor drámaí ag an am. Agus bhí mise mar chúntóir bainisteoir stáitse. Chuir mé an-aithne air agus ansin nuair a bhíodh sé ag déanamh drámaí Gaeilge agus bhíodh páirteanna beaga agam, acting ASM a bhí ionam. Rinne tú do jab mar chúntóir stáitse agus ansin dá mbeadh páirt bheag sa dráma, bhí sé agamsa. As sin, chuaigh mé go páirteanna beaga níos mó agus ansin tháinig Joe Dowling isteach agus bhí dráma le Liam Donnelly, Silver Dollar Boy, agus bhí páirt agam ansin agus bhí mé ag déanamh an chailín óig ag tús an drama agus ansin i lár an dráma, pósann sí agus téann sé ar aghaidh go dtí go mbíonn sí níos sine. As sin, bhraith Joe go mba cheart mé a thabhairt isteach sa gcompántas agus fuair mé conradh agus tugadh isteach sa gcompántas mé. Bhíos ag obair leo ansin go dtí na nóchaidí, i ndáiríre, go dtí gur thosaigh TG4, gur thosaigh mé ag déanamh Ros na Rún. D’fhágas é chun Ros na Rún a dhéanamh.

CF: Thosaigh tú ag obair le Ros na Rún i 1999. An raibh tú leo ar feadh i bhfad agus tú ag obair go lánaimseartha leo, a Bhríd.

BNN: Rinne mé an chéad cheithre bliana. Ó bhíos ann ag an tús agus bhí na gasúr an-óg ag an am. Bhí Síofra trí bliana agus bhí Luisne trí mhí agus thosaigh Síofra ag an scoil i Scoil Sailearna. Bhíos ag obair go lán-aimseartha. Thánas anuas agus d’fhanas sa Spidéal. Ach toisc go gcríochnaíodh Ros na Rún i lár mí Meithimh ag an am agus gur chríochnaigh an scoilbhliain i mí Bhealtaine, agus caithfidh tú an stáitsíocht a choinneáil suas freisin, agus bhí a fhios agam nach raibh mé ag iarraidh é a dhéanamh go deo, dúras liom féin má theastaíonn na gasúir a fháil níos sine ag déanamh cairde buana agus rudaí mar sin, go raibh sé chomh maith dom éirí as. Rinneas bliain dá bhrí sin ag teacht as Baile Átha Cliath. Bhínn ag taisteal ar feadh na bliana sin agus ansin d’fhágas é.

Cré na Cille

CF: Abair liom mar gheall ar Chré na Cille.

BNN: Bhí cáil ar an leabhar, ceann de mhórshaothair an fhichiú céad agus dá bhrí sin bhí dualgas orm mar aisteoir is mar bhean as Conamara é a fháil i gceart. Deineadh é in Amharclann na Mainistreach ar dtús. Rinne Siobhan McKenna Cúirt an Mheán-Oíche in Amharclann na Mainistreach sna hochtóidí, sílim, agus bhí an stiúrthóir ag an am, Patrick Mason, sé ag iarraidh togra eile a bhí chomh mór leis a dhéanamh agus is cuimhneach liom bhí cruinniú beag againn … agus mhol Peadar Lamb dó breathnú ar Chré na Cille. Bhí Macdara (Ó Fátharta – a dhéanann Tadhg i Ros na Rún) sa gcompántas ag an am freisin agus cuireadh ceist air an ndéanfadh sé cóiriú air agus déanadh cóiriú air agus rinne muid é in Amharclann na Mainistreach ar dtús agus b’é an chéad uair dúinn. Nuair a d’oscail muid i 1996 bhí mé sé mhí torrach! D’oscail muid i gColáiste Connacht sa Spidéal agus b’é an chéad uair d’Amharclann na Mainistreach léiriú Gaeilge a oscailt taobh amuigh den chathair, mar a déarfá agus d’éirigh an-mhaith leis agus ansin shocraigh an Taibhdhearc é a dhéanamh arís cúpla bliain ina dhiaidh sin, mar sin, rinne muid sa Taibhdhearc é. Agus arís, d’éirigh an-mhaith leis ansin.

CF: Agus ainmníodh tusa do ghradam an Irish Times ESB Theatre Award an bhliain sin i 2003 dod ról.

BNN: Sea. Bhí áthas orm mar go mba é an chéad dhráma Gaeilge le hainmniúchán a fháil.

CF: An raibh sé an-dhifriúil é a scannánú ansin nuair a bhailigh sibh le Robert Quinn chun é a dhéanamh?

BNN: Bhuel, bhí i ndáiríre ach bhraitheas go ndearna Robert jab maith dó. Mar na carachtair, d’oscail sé amach é ar bhealach eile agus is dóigh gur deis do dhaoine nach bhfaca é ar ardán aithne a chur air, nó b’fhéidir daoine nach raibh Gaeilge acu, trí na fotheidil… Bhí na gasúir ag an am bhí siad ceathar déag agus a haon déag agus bhí mé féin agus Fiach (Mac Conghail, fear chéile Bhríd) an-ghnóthach. Ní raibh an oiread sin ama againn i ndáiríre chun an scannán a dhéanamh. Rinne muid i dtrí seachtainí é i 2006. Is achar an-ghearr é sin, dáiríre, nuair a bhreathnaíonn tú ar an time-line a bhíonn ag scannáin de ghnáth. Ach rinne muid é mar bhí eolas maith againn ar an ábhar ag an am is dócha agus bhí an chuid is mó den fhoireann a bhí ag obair air sa Taibhdhearc, bhí siad páirteach ann freisin. Seans gur chabhraigh sé sin linn.

Drámadóirí

CF: Cé hiad na drámadóirí móra go bhfuil aithne curtha agat orthu? Is dócha go bhfuil aithne agat ar Bhrian Friel, mar shampla. Cé hiad na daoine a sheasann amach duit?

BNN: Is breá liom aon rud a scríobhann Brian Friel. Agus tá sé an-mhaith d’aisteoirí. Bíonn sé i gcónaí nuair a bhí dráma nua á chleachtadh, bíonn sé i gcónaí sa seomra cleachtaidh agus is breá leis aisteoirí agus tá an-ghreann agus an-spraoi ag baint leis. Is breá liom Marina Carr, aon rud a scríobhann sí, sílim go bhfuil sí thar barr. Agus tá an t-ádh orm go ndearna mé ceithre chinn dá cuid drámaí. Is breá liom a bheith ag obair léise freisin mar is rí-annamh a fhaigheann tú drámadóir a scríobhann go maith do mhná agus tuigeann sí mná agus scríobhann sí go maith do mhná. Is maith liom drámaí Tom Murphy, dar ndóigh.

CF: Cad iad na rólanna is fearr leat?

BNN: ’Siad na rólanna a thaitin liom ná Rose i Dancing at Lughnasa, Pegeen Mike i ndráma Synge, Cúirt an Mheán-Oíche léirithe ag Siobhán Nic Cionnaith, Juno i Juno and the Paycock agus aon ról i ndrámaí Marina Carr.

CF: Cad iad na buaicphointí nuair a smaoiníonn tú siar ar na drámaí go dtí seo.

BNN: Turas Amharclann na Mainistreach go dtí an Rúis, Dancing at Lughnasa i Broadway, Cré na Cille i gCill Chiaráin agus in Árainn.

CF: An bhfuil aon rud os do chomhair amach, nuair a bheas Doubt thart?

BNN: Mar aisteoir, ní bhíonn a fhios agat riamh ach bhí an t-ádh orm anois le bliain go bhfuil mé ag obair seasta. Agus ní raibh saoire agam fiú amháin, mar sin, tá mé ag iarraidh cúpla seachtain nach mbeadh orm tada a dhéanamh.

CF: Rinne tú Rásaí na Gaillimhe i rith an tsamhraidh. Cén saghas páirte atá ann?

BNN: Carachtar. Thosaigh sé an tseachtain seo caite (ar an dteilifís). Is carachtar í, is dócha go bhféadfá a rá. Tá sí chomh dona leis an triúr atá ag plé léi. Tádar ag goid is ag fuadach ach tá sise san ospigéal agus tá sí ag fáil bháis i ndáiríre ach ag an am céanna she doesn’t miss a trick. Níl mé ag iarraidh an iomarca a rá.

Faoi Láthair

CF: A Bhríd, cad tá ar bun agat anseo sa Ghaillimh. Tá a fhios agam go bhfuil tú i do chónaí i mBaile Átha Cliath.

BNN: Tá mé ag cleachtadh Doubt, dráma le John Patrick Shanley agus tá mé ag déanamh páirt Sister Aloysius. Bím cineál spíonta amach ag deireadh na gcleachtaí mar a déarfá mar tá go leor ann. Tosaímid ag a deich a chlog ar maidin agus bímid ag obair go mbíonn sé leath uair tar éis a chuig nó ceathrú chun a sé.

CF: Tá sé dian, nach bhfuil.

BNN: Tá agus tá an dráma seo dian mar tá go leor ann agus Sr Aloysius, tá sí cineál crua. Is maith liom í. Is dúshlán í. Is dráma gearr atá ann, uair go leith, agus seans go rithfidh sé gan aon bhriseadh ach tá go leor i gceist agus bíonn tú traochta mar sin ag deireadh an lae. Is turas gearr atá ann i ndáiríre, ach b’fhéidir, braitheann cé mar a éiríonn leis agus b’fhéidir go mbeadh outing eile aige mar sin i lár na bliana, nó ag deireadh na bliana.

CF: An bhfuil tú cúthaileach i do phearsa féin, mar ghlactar le sin go mbíonn an-chuid aisteoirí cuthaileach iad féin.

BBN: Tá. Tá mé cuthaileach. Tá mé príobháideach freisin. Tá mé níos compordaí ar an ardán agus tá mé níos compordaí i saol na hamharclainne ná, abraimís, mar mhac léinn i saol na hollscoile. Agus tá sé scanrúil tar éis chuile dhráma agus nuair a thosaíonn tú ar dhráma nua, á, bím scanraithe agus bíonn na nerves ag imeacht agus de réir mar a éiríonn tú níos sine, silim go n-éiríonn siad níos measa. Agus is cuimhneach liom nuair a bhí mé óg in Amharclann na Mainistreach agus d’fheicfinn na haisteoirí níos sine agus bhídís an-imníoch agus níor thuigeas ag an am cén fáth an bhfuil siad imníoch, ach sin í an óige. Aineolas, ach de réir mar a théann tú in aois agus de réir mar a thuigeann tú an cheard agus rud mar sin, is é is measa a fhaigheann.

CF: Tá mé faoi chomaoin mhór agat, a Bhríd, gur labhair tú liom agus bhí tú chomh deas. Go raibh míle maith agat.

BNN: Tá súil agam go bhfuil rud éigin faighte agat.

CF: Tá cinnte. Go raibh maith agat.

BNN: Tá fáilte romhat.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.