Is sochtheangeolaí í Ceil Lucas ó Ollscoil Gallaudet i Washington D.C. Bunaithe in 1864, is í seo an t-aon ollscoil ar domhan a bhfuil rochtain ar gach clár staidéir do na bodhair ann agus pléann Lucas le gothaíl agus le héagsúlacht na dteangacha comharthaíochta. Tá Spáinnis, Fraincis, Iodáilis, Gaeilge agus Béarla ar a toil aici chomh maith. Bíonn sí ag múineadh na hIodáilise ag scoil Iodáilise fosta. Casadh ar Maitiú de Hál í ag deireadh seachtaine ‘Daltaí na Gaeilge’ in Esopus, Stát Nua-Eabhrac.
MDH: Is é do bheatha go Beo.ie a Cheil. Caidé an chéad teagmháil a bhí agat leis an Ghaeilge?
CL: Go maire tú a Mhaitiú. An chéad teagmháil a bhí agam leis an teanga ná nuair a léigh mé na focail ó amhráin Chlannad i 1993. Spreag sé sin muid dul chuig Conradh na Gaeilge anseo i Washington DC agus chuaigh muid go deireadh seachtainí Gaeilge ar an chósta thoir agus ansin chuaigh muid go hOideas Gael i nGleann Cholmchille. Thosaigh muid ag déanamh stáidéir i ndáirire ar an teanga ansin.
MDH: Cá fhad siar a théann do chaidreamh le cúrsaí teanga?
CL: D’aistrigh muid go Cathair Guatamala nuair a bhí mé cúig bliana d’aois i 1956. Bhí m’áthar ag obair ansin. Thosaigh mé ar an scoil trí Spáinnis. Scoil dhátheangach a bhí intí. B’shin mar a bhí go dtí 1960 agus ansin a thosaigh mé ag foghlaim na Fraincíse. Bhí an-bhua ag an bhean a bhí i mbun na scoile. Bhí sí den tuairim go raibh teangacha éagsúla de dhíobháil ar pháistí. Ní mar sin a bhí sé sna Stáit ag an am. Measaim go raibh an t-ádh dearg orm.
MDH: An raibh tuairim agat ar choinceap na dteangacha ag an aois sin?
CL: Bhí, cinnte! Is é an dátheangachas cuid mhór dem’ fhéiniúlacht. Ba ghnách linn cluichí teanga a imirt nuair a bhí muid óg. Bhí an Béarla againn agus bhí an Spáinnis againn. Ina dhiaidh sin, chaith mé 12 bliain san Iodáil agus is múinteoir Iodáilise anois mé. Nuair a bhí muid óg, d’imríodh muid cluichí teanga le focail ghaolmhara. Ba ghnách linn códmheascú a dhéanamh i lár abairtí agus shíl muid go raibh sé iontach greannmhar ar fad! Ag an aois óg sin, bhí a fhios againn go raibh rudaí éagsúla ar siúl.
An Iodáilis
MDH: Inis dúinn faoin Iodáil.
CL: Bhí m’áthar ag obair do na Náisiúin Aontaithe, don Fhoras Bia agus Talmhaíochta. Bhí mise naoi mbliana d’aois ag an am. Chaith mé 12 bliain san Iodáil. Tháinig mé chun na Stáit fá choinne an choláiste. Tá neart cairde Iodálacha agam, mo chéad bhuachaill, b’Iodálach é. Tá blas láidir Rómhánach agam, ní bheadh a fhios agat gur Meiriceánach mé ar chor ar bith mar bhí mé naoi mbliana d’aois ag an am agus chuaigh mé go Campa Samhraidh ar Iodálaigh tromlach na bpáistí. Bhí mé tumtha go hiomlán ón tús.
MDH: Ar chuir sé sin buaireamh ar bith ort?
CL: Níor chuir ar chor ar bith. Bhí an Spáinnis agam cheana féin, mar sin, níor dhoiligh teanga Rómánsúil eile a fhoghlaim. Sin an fáth a mbím sáraithe nó a mbíonn frustrachas orm agus mé ag foghlaim na Gaeilge. Nuair a bhí mé deich mbliana d’aois, bhí ceithre theanga agam gan ceacht teanga ar bith agam ariamh. Ní raibh macasamhail leabhar, téipeanna ná ceachtanna ranga agam. Ní shin le rá nár fhoghlaim muid an léamh agus an scríobh, ach níor “ranganna teanga” a bhí iontú. Nuair a bhí orm suí isteach i rang chun an teanga seo a fhoghlaim, go tobann, bhí ionbhá agam do mo dhaltaí féin! Dá mbeadh seans agam trí mhí a chaitheamh i nGaoth Dobhair - mar nuair a chaith muid roinnt seachtainí ann, thug muid an difríocht faoi deara - tá a fhios agam go dtiocfadh feabhas mór ar ár gcuid Gaeilge!
Umhlaíocht is Gá don Oide
MDH: An bhfuil tú níos fearr mar mhúinteoir de thairbhe do thaithí as bheith ag foghlaim na Gaeilge? An bhfuil tú umhal dá bharr?
CL: Go díreach. Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i Mí na Samhna 1993 agus bhí mé ag teagasc na hIodáilise ag an am. Roimh an chéad Fhómhar eile, thuig mé an t-ualach a bhí ar mo dhaltaí teanga a fhoghlaim ar an bhealach seo! Bhí mé ábalta dearcadh mo dhaltaí féin a thuigbheáil de bharr mo thaithí le foghlaim na Gaeilge.
MDH: An bhfuil gnéithe éagsúla den teanga a chuireann níos mó dua ort ná gnéithe eile?
CL: Níor mhaith liom a admháil i ndiaidh domh 17 bliain a chaitheamh leis an teanga agus cosúil le mo dhaltaí Iodáilise féin, tá a fhios agam go bhfuil modh foshuiteach ann ach ní thig liom é a úsáid. Tá a fhios agam go bhfuil na foirmeacha éagsúla feicthe agam ach tá mé thar a bheith mall agus mé ag plé leo. Tá mé ag stracadh liom leis an mhodh choinníollach agus sílim go dtuigim an tuiseal ginideach ach níl mé rómhaith a n-úsáid sa chaint. Bíonn mo chuid Gaeilge ceart go leor is mé ag caint ach má chaitheann tú súil ghéar ar an chomhréir - an structúr - tá sé go holc! Arís, tá na deacrachtaí sin agam de bharr nach raibh mé tumtha sa teanga. Tchím mo dhaltaí Iodáilise agus i ndiaidh dóibh 12 bliain a chaitheamh leis an teanga níl gréim cheart acu ar an mhodh fhoshuiteach, agus tá sé an-tábhachtach san Iodáilis.
‘Bíonn Rath ar Ropaire’
MDH: An bac é ar fhoghlaimeoirí má smaoiníonn siad ar chúrsaí gramadaí i gcónaí?
CL: Sílim gurb é. Thug mé sin faoi deara nuair bhí muid i New Jersey fá choinne deireadh seachtaine Gaeilge. Tá buntáistí ag baint le fluirseacht gan fhoirfeacht sa teanga. Is tábhachtaí a bheith ábalta tú féin a chur in iúl ach arís is é an tumadh atá de dhíobháil mar thiocfadh na structúir agus an líofacht leat diaidh ar ndiaidh. Caithfear go mbeadh foghlaim mheasctha ann do dhaoine fásta chomh maith. Tá an modh foshuite agus an modh coinníollach agam san Iodáilis ach ní dhearna mé stáidéar orthu ariamh. D’fhoghlaim mé iad nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois mar bhí mé i measc daoine a bhí á n-úsáid. Tuigim nuair a chloisim iad, thig liom iad a úsáid sa chaint agus bheadh an tuiscint chéanna ann maidir leis an Ghaeilge. Is é cás mo bhuairimh don Ghaeilge ná go bhfuil a oiread sin cainteoirí neamhdhúchais ann anois. Ar an ábhar sin, tá an baol ann go dtiocfadh dúire ar an teanga.
MDH: An mbeadh pidsean Ghaeilge againn - an Ghaeilg a chodail amuigh - sa deireadh?
CL: Ní dóigh liom gur pidsean a bheadh ann sa chiall teangeolaíochta, ach teanga theagmhála a bheadh ann cinnte. Tá tionchar na teagmhála seo le feiceáil cheana féin, agus is dóigh go raibh sé amhlaidh glúin ó shin. Tá ailt léite agam a scríobhadh i nGaeilge ach nuair a léitear iad go faichilleach, tcífear tionchar an Bhéarla orthu. Ag pilleadh ar cheist na gramadaí ansin, b’fhearr go mbeadh eolas ag daoine ar an ghramadach ach caithfear a bheith réadúil faoin teorainn atá ar chumas daoine fásta agus leoga, níor mhaith leat iad a chur ó dhóras. Is doiligh an chothromaíocht a fháil idir an dá rud sin.
An Sochtheangeolaí
MDH: Inis dúinn faoin obair atá ar bun agat faoi láthair.
CL: Is sochtheangeolaí mé agus oibrím ar theangacha comharthaíochta. Déanaim achan rud a dhéanann sochtheangeolaithe agus úsáidim na prionsabail i leith teangacha comharthaíochta. Mar shampla, ilteangachas, dátheangachas agus teagmháil teanga agus éagsúlacht teanga, allagar - nó dioscúrsa - agus beartas teanga.
MDH: Cá huair ar thosaigh tú ag obair le teangacha comharthaíochta? Cad chuige ar roghnaigh tú a beith ag obair leis an teanga sin?
CL: I 1982. Bhí obair de dhíobháil orm agus bhí post fógartha sa roinn ina bhfuil mé anois. D’fhoghlaim mé an teanga agus mé ag obair.
MDH: Bhí tú tumtha an athuair?
CL: Bhí agus ba mhinic a d’fhriafraigh daoine díom an raibh mé féin bodhar. Bhí an deis agam oiread teanga comharthaíochta a fheiceáil is ba mhaith liom achan lá. Bhí mé tumtha go hiomlán ón tús. Bhí mé bliain is tríocha ag an am.
MDH: Caidé mar a bhí an t-athrú ó theangacha labhartha go teangacha comharthaíochta?
CL: Teangacha atá iontu uilig agus bíonn an cinéal structúir céanna le feiceáil iontu. Déanann muid tagairt do theoiricí teanga labhartha go minic. Chomh maith leis sin, bíonn teangeolaithe teangacha labhartha ag foghlaim an uafáis faoin dóigh a n-oibríonn teangacha ó theangacha comhartha.
Teagmháil na dTeangacha
MDH: Mar shampla?
CL: Geáitsíocht. Go díreach, caidé an difríocht idir comhartha agus geáitsíocht nó gotháil? Uaireanta tchífear daoine a bhfuil éisteacht acu ag déanamh geáitsíochta atá an-chosúil le comhartha. Déanann muid staidéar ar úsáid spáis. Dátheangachas ar an ábhar nach dtig leat sainmhíniú a dhéanamh ar dhátheangachas i dtearmaí teangacha labhartha amháin, ar an ábhar go bhfuil teagmháil teanga labhartha-comharthaíochta againn.
MDH: Caidé d’fhealsúnacht ó thaobh teangacha mar sin?
CL: Tá an nós agam a bheith an-liobrálach. Má thuigeann daoine a chéile ar bhealach leanúnach, mar sin tá córas de short éigin ann. Ní shin le rá gur teanga chaighdeánach í ó théacsleabhar ach an cheist a chuirim i gcónaí ná “caidé atá á dhéanamh ag gnáthdhaoine ar ghnáthlá”. Sílim go gcaithfidh ár dteoiricí ó thaobh teangacha a bheith bunaithe ar úsáid iarbhír na teanga agus éagsúlacht teanga a bheith ina measc agus chan a mhalairt a bheith i gceist. Ní Chomskyite mé ar chór ar bith. Níl suim aige i ngnáthúsáid laethúil na teanga ná in idirghniomhaíocht ach silím féin go gcaithfidh an díospóireacht tosnú leis na coincheapanna sin.
MDH: Cad ba chóir a dhéanamh ó thaobh éagsúlacht teanga chun í a chosaint agus a neartú? Ar chóir go dtabharfaí aitheantas don éagsúlacht i gcaighdeán scaoilte?
CL: Caithfidh muid an éagsúlacht a choinneáil agus sin é. Is trua é nuair a chailltear teanga. Níl mé ag rá gur cheart dúinn caighdeáin a chaitheamh amach le huisce na gcos. Tá gá le caighdeán don teagasc, do na mórmheáin. Tá mé tógtha le ceist chaighdeáin na Gaeilge, cé leis an teanga agus cad ba chóir a bheith inghlactha sa teanga. Ní dóigh liom go dtiocfadh le caighdeán a bheith chomh cuimsitheach le hionadaíocht a dhéanamh d’achan éagsúlacht atá ann. Ní hé sin feidhm an chaighdeáin. Caithfear caighdeán a bheith againn agus ag an am chéanna, caithfear aitheantas a thabhairt do na canúintí gan a rá go bhfuil ceann acu níos cirte ná an ceann eile.
MDH: Táimid faoi chomaoin agat a Cheil.
CL: Go ndéanaí mhaith duit.
Is as Tír Chonaill é Maitiú de Hál agus tá sé ag obair sna Stáit Aontaithe i mbliana.