AGALLAMH BEO
Liam Ó Dochartaigh, Cumann Merriman
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Cainteoir dúchais a tógadh sa nGalltacht, nó ‘cainteoir athdúchais’ i dtéarmaí teangeolais, é Liam Ó Dochartaigh a shaothraigh sna forais acadúla ó thuaidh is ó dheas. Iar-Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus é anois ar leathscor as saol riaracháin Ollscoil Luimnigh, glacann Liam páirt ghníomhach i gCumann Merriman, ina scoileanna samhraidh agus geimhridh. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige i Luimneach le roinnt ceisteanna a chur air faoin gcumann agus faoi ghnóthaí go leor eile.

Íomhá
Liam Ó Dochartaigh
Íomhá
Brian Merriman
Íomhá
Áras an Cheoil, OL
Íomhá
CIC ag reic na leabhar ag Scoil Gheimhridh 2011
Íomhá
Scéal an leachta
Íomhá
Ag crú leabhair
Íomhá
An teaghlach
Íomhá
Síniú Uí Uaithne agus Uí Thuama

SMM: Is é do bheatha go Beo.ie a Liam.

LÓD: Go raibh maith agat a Sheosaimh.

SMM: Tá tú tar éis blaiseadh de shaol riaracháin na hollscolaíochta le roinnt blianta anuas. Bíodh gur saol taitneamhach taisteal an domhain é sin, an gcrothnaíonn tú saol acadúil na Gaeilge?

LÓD: Tá deich mbliana caite anois agam ag plé ar fad le riarachán ollscoile. Is éard atá ann, rannóg san ollscoil ag plé le mic léinn ón iasacht a thabhairt isteach agus scéimeanna malartaithe ar fud an domhain. Mic léinn na hollscoile anseo ag dul amach ar feadh leath na bliana agus mic léinn in áiteanna eile ag teacht anall chugainne. Cronaím, ach níor thug mé uaim ar fad saol na hacadúlachta. Níl sé as an gceist go ndéanfainn beart éigin sa réimse sin go fóill cé go bhfuil mé ar scor agus mo shaol oibre mórán ag teacht chun deiridh.

SMM: Caithfidh mé tagairt d’alt a scríobh tú cúig bliana ó shin (Voces Diversae, Ollscoil na Banríona 2006) inar luaigh tú laghad lín na mac léinn as Éirinn a fhoghlaimíonn trí theangacha eile nuair a chaitheann siad tréimhse i roinnt ollscoileanna thar lear. An bhfuil aon athrú sa scéal sin?

LÓD: Níorbh shin é ba mhó a bhí ag déanamh tinnis dom ach na teangacha mionlaithe, abair an Bhreatnais, an Bhriotáinis, Gaeilge na hAlban agus iad sin ar fad. Scéim seo Erasmus, nuair a mhalartaíonn mic léinn ar fud na hEorpa, go háirithe sa Spáinn agus sa Fhrainc, is gnách gur mic léinn le Fraincis nó le Spáinnis iad agus ní minic na léachtóirí báúil leis an teanga áitiúil. B’fhéidir dá mba i Rennes nó ar Oileán Mallorca a bheadh na mic léinn, bheadh an Bhriotáinis i gceist nó an Chatalóinis. Is faoi na mic léinn féin a fhágtar é agus is mic léinn as an ngnách a mbeadh a dhóthain muiníne acu astu féin go ndéarfadh siad leis an léachtóir Fraincise, abair, “tá mé ag gabháil go Raozhon / Rennes agus déanfaidh mé Fraincis ach tá mé ag iarraidh Briotáinis a fhoghlaim chomh maith”. Nó go ndéarfadh siad, dá mba go dtí an Spáinn a rachadh siad, “teastaíonn uaim an Chatalóinis a dhéanamh, chomh maith leis an Spáinnis.” Tá roinnt agus déanann siad é sin, go háirithe má theastaíonn uathu fanacht i mBarcelona mar shampla, nó gabháil ar ais ann, caithfidh siad a dhéanamh.

Máire Ní Chéilleachair, RnaG

SMM: D’oibrigh tú ar feadh na mblianta le Máire Ní Chéilleachair a chuaigh chuig Raidió na Gaeltachta. Nár mhór an cailleadh do shaol na Gaeilge í?

LÓD: D’fhéadfá a rá, d’fhéadfá a rá. Nuair a tháinig mise go Luimneach i ’78, bhí Máire romham, togha an mhúinteora agus saibhreas dochreidte Gaeilge aici, ach bhí an-spraoi inti freisin, an-nádúr. Bhí an dúchas go smior inti agus fuinneamh, fuinneamh, fuinneamh. Bhí oiread geana ag na mic léinn corpoideachais le Gaeilge uirthi, dáiríre, agus rinne sí togha múinteoirí astu. Creidim fós gurb iad na múinteoirí Gaeilge ab fhearr a hoileadh in Éirinn iad, don chóras dara leibhéal. Ar ndóigh, is mór an rud é sin le rá. Ar bhealach éicint nuair a tharla an nascadh idir Coláiste Thuamhan agus Ollscoil Luimnigh i 1991, níor réitigh an foras nua léi. Níor thaitin an áit léi, Níor réitigh sé léi, agus fuair sí deis ansin imeacht. Sílim gur chaith sí bliain ins an ollscoil. Ba mhór an cailleadh dúinn é, ach ba mhór an saibhreas a thug sí léi go Raidió na Gaeltachta. Rinne sí an-obair ar fad sa raidió.

Duine eile a chuaigh i gcion orm, nuair a bhí mé i gCúil Raithin - ‘carraig’ a thug Séamus Ó Duilearga air - ba shin é Risteard Mac Gabhann as Doire. Chuir Risteard na cathanna luatha ar son na Gaeilge san ollscoil sin agus bhain sé na cathanna luatha. Bhí mé seacht mbliana i gCúil Rathain agus nuair a chuaigh mé go Baile Átha Cliath go Bord na Gaeilge, fear a chuaigh i bhfeidhm orm ansin, an tOllamh Séan Ó Tuama. Máistir mífhoighdeach ar bhealach a bhí ann, bhíodh sé ag súil le hardchaighdeán, agus an ceart ar fad aige. Duine eile a chuaigh i bhfeidhm orm, Helen Ó Murchú, leis na naíonraí agus le Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Bean an-tuisceanach agus bean an chroí mhóir agus bhí an-spraoi le bheith ag obair léi.

Cumann Merriman

SMM: Is tú Cathaoirleach Chumann Merriman. Bíonn an dá Scoil agaibh, Samradh agus Geimhreadh agus tá tú sáite in obair Chumann Merriman le cén t-achar blianta anois a Liam?

LÓD: Ní cuimhin liom leis an bhfírinne a rá, thart a 15 bliana déarfainn, ach bhí mé ag an gcéad scoil samhraidh in Inis i 1968 agus an chéad scoil gheimhridh ar an Aonach tús na bliana ‘69.

SMM: A’b é an t-am a raibh siad ag iarraidh an leacht cuimhneacháin a chrochadh?

LÓD: Ba shin níos luaithe i ’68, sílim, ach ní raibh mé aige sin. Bhí trí rud ag baint le Cumann Merriman. Theastaigh uathu leacht a thógáil i gcuimhne ar Bhrian Merriman. Ní fios go díreach cá’il a uaigh ach go bhfuil sé sa reilig ar an bhFiacail. Fiche bliain roimhe sin, rinne dream eile iarracht leacht a thógáil ach chuir Comhairle Chontae an Chláir ina choinne ag an am agus níor tharla sé. Nuair a theastaigh ó ghlúin nua tabhairt faoi arís sna seascaidí, an chéad rud a rinneadar, chuireadar Pádraig Ó hIrghile ag fiafraí d’Éamon de Valera ar mhiste leis dá dtógfaí an leacht. Thoiligh seisean agus anois bhí údarás acu. Taobh amuigh den reilig atá an leacht crochta agus is é Séamas Murphy, an dealbhadóir cáiliúil as Corcaigh a rinne é. Foilsíodh eagrán nua den Cúirt agus bhí an chéad scoil samhraidh acu ansin agus tá siad ag imeacht ó shin. Tá mé san ochtú bliain i mo chathaoirleach ar an gcumann anois agus táimid ag cur scéala amach go bhfuil athrú glúine ag teastáil - gur mhaith linn dream níos óige a theacht linn. Braithimid gur meascán maith de na scoláirí agus den phobal atá sa chumann. Is treise go mór fada an tOireachtas ar ndóigh ach tá gnéithe de shaíocht na Gaeilge, an amhránaíocht, an fhilíocht, an léann srl., bíonn sé sin ar siúl ag an Scoil Gheimhridh.

An Dá Scoil

LÓD: An Scoil Samhraidh, is bealach é leis na doirse a oscailt do phobal an Bhéarla éachtaint éicint nó léargas éicint a fháil ar shaibhreas na Gaeilge, nó ar shaibhreas an chultúir Ghaelaigh. Léiríonn sé chomh maith go bhfuil suim ag ‘Gaeilgeoirí’ i rudaí eile. Is féidir le daoine nach mbaineann go dlúth le Gaeilge tuiscint a fháil ar shaol na Gaeilge – agus ansin a bheith sásta go bhfuil a gcáin ioncaim á caitheamh ar an nGaeilge, ar an teilifís, ar an raidió, ar an bhfoilsitheoireacht, ar na leabhair, ar na gaelscoileanna agus nach miste leo a leithéid tarlú! Caithfidh muintir na Gaeilge dul amach i measc an phobail agus braithim gur cuid den obair sin a dhéanann an Scoil Samhraidh.

SMM: Bíonn an-chuid Gaeilge ag Fleadh Cheoil na hÉireann ag an té a labhrós í ina measc, ach is leath-Oireachtas ar bhealach í an Scoil Gheimhridh, braithim. An dream óg atá ag bá an Oireachtais le tamall gairid de bhlianta anuas, braithim go bhféadfaí iad a tharraingt. Tá an chuma orthu gur ag cuardach áit le Gaeilge atá siad.

LÓD: Is ceist í a bhíonn ag síordhéanamh scime dúinn agus bímid á cíoradh de shíor, cén bealach leis an dream óg a mhealladh chuig an Scoil Gheimhridh? B’fhéidir go bhfuil an fhoirmle seanaimseartha, an léacht agus an pobal ag suí agus ag éisteacht. D’éirigh linn rudaí an-deasa a dhéanamh le roinnt blianta anuas ar an Satharn le seimineár agus imeachtaí deasa thart ar sheoladh leabhair, le hamhráin ar an sean-nós i mbliana, agus arís, tagann roinnt de na daoine sin nach dtéann chuig an Oireachtas!

Tógáil le Gaeilge sa nGalltacht

SMM: Tógadh le Gaeilge i nGaillimh thú. Cén fáth nach dtógtar níos mó daoine san iar-Ghaeltacht le Gaeilge meas tú?

LÓD: An chéad rud is dóigh, go gcaithfidh an fear an bhean a aimsiú agus an rud céanna droim ar ais! (Gáire) Go gcaithfidh siad a bheith ar aon phort amháin. Sílim go mbíonn sciorta den ádh ag baint leis. Ba as Liatroim mo thuismitheoirí. Bhí suim acu sa nGaeilge agus nuair a tháinig siad le chéile, shocraíodar muide a thógáil le Gaeilge, i mbaile mór na Gaillimhe. Cineál príomhchathair na Gaeltachta a bhí ann agus bhí roinnt teaghlach eile ag déanamh amhlaidh. Muintir Uí Charra, Pádraig agus iad siúd. Aisteach go leor, nuair nach mbíonn ach roinnt teaghlach ann, ní gá go dtarlódh sé i gcónaí go mbeadh na gasúir mór le chéile. Má deirtear leat a bheith mór le duine, is minic a chuirfidh tú ina choinne, ach bhí aithne againn ar a chéile. Bhíomar ar scoil leob ar fad, na buachaillí, ar na scoileanna céanna. Bhí duine acub an-an-mhór le deartháir liomsa.

SMM: Agus tá an Ghaeilge imithe ar aghaidh glúin amháin eile?

LÓD: Tá. Leis an triúr acub. Is cuimhin liom Breandán Ó hEithir ag rá gurb é an dualgas atá ar aon Ghaeilgeoir a chinntiú go mbeidh Gaeilge ag an chlann. Ina dhiaidh sin, is faoin nglúin sin a roghanna teanga féin a dhéanamh. Tá mo bheirt ghariníonacha ag freastal ar ghaelscoil i Mainistir na Corann. Tá Gaeilge acu siúd agus labhraím Gaeilge leo.

An tAthrú Cinnireachta

SMM: Céard is suntasaí a chonaic tú, dar leat, i saol na Gaeilge le glúin anuas?

LÓD: An easpa cinnireachta ó fhoinsí oifigiúla!

SMM: An easpa cinnireachta ó fhoinsí oifigiúla?

LÓD: Is é sin, gan an chinnireacht a theacht ó pholaiteoirí sinsearacha ná ón mhaorlathas. Níorbh iad na polaiteoirí a bhain amach stádas mar theanga oifigiúil oibre don Ghaeilge. An pobal a d’éiligh é. Is aníos atá an t-éileamh ag teacht. Féach - le mo linnse - go bhfuil an Roinn Oideachais iompaithe ó bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge ar fad go bheith ag feidhmiú anois trí Bhéarla. Is mór an náire é sin, athrú bunúsach ar fad.

An Eaglais Chaitliceach, riamh ó bunaíodh Maigh Nuad, maidir le seasamh teanga, bhí sé mar atá sé. Is cuimhin liom nuair a tháinig duine de lucht pleanála teanga, teangeolaí mór as Ceanada sna seachtóidí, d’fhiafraigh sé ag cruinniú éicint, cén fáth nár iompaigh an Eaglais Chaitliceach in Éirinn, aimsir Vatacáin II, ar an liotúirge a bheith as Gaeilge?

Is cuimhin liom gur dhúirt Proinnséas Ní Chatháin, an tOllamh le Sean-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile BÁC, go mb’fhéidir gurbh é an deis ba mhó a cailleadh nár iompaigh na dlíodóirí agus na cúirteanna ar an nGaeilge nuair a bunaíodh an Saorstát. Dá mbeadh na rudaí móra sin déanta, níorbh ionann stádas na Gaeilge anois.

Is cuimhin liom an chaint sin faoin státseirbhís sna seachtóidí: “dá bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge, go mb’fhéidir go mbeadh an scéal níos fearr”, ach tá rudaí imithe siar go mór ó shin. An chinnireacht sa bpobal féin, is as sin a bunaíodh na gaelscoileanna agus chuile shórt, ach Dia dár réiteach, is troid í.

Saol Comhaimseartha na hÉireann

Rud amháin atá ag déanamh buartha dom faoi na ranna Nua-Ghaeilge sna hollscoileanna, nach mór do na léachtóirí, an fhoireann, ins na ranna Nua-Ghaeilge suim a chur in athréimniú na Gaeilge, i ndán na Gaeilge ins an saol comhaimseartha mar tá an dá rud fite fuaite ina chéile. An Ghaeilge a bheith á saothrú go léannta agus á cothú mar theanga bheo, is dhá thaobh den aon bhonn amháin iad.

Rud eile a chuireann imní orm, daoine a bheith ag cur na béime ar fad ar an nGaeilge sa nGaeltacht agus a bheith ag fágáil labhairt na Gaeilge agus cothú na Gaeilge sa gcuid eile den tír i leataobh.

Fiafraítear díom ar an leibhéal pearsanta céard a thug sásamh dom féin agus deirim gur shásaigh sé mé go raibh baint agam le bunú dhá roinn Nua-Ghaeilge in dhá ollscoil nua in Éirinn san aois seo caite, i gCúil Raithin agus i Luimneach.

SMM: Go raibh míle maith agat a Liam. Gura fada buan thú.

LÓD: Go raibh maith agat féin a Sheosaimh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.