AGALLAMH BEO
An Dr. Daniel Bourgeois
Orla Ní Threasaigh Orla Ní Threasaigh Orla Ní Threasaigh

Chas Orla Ní Threasaigh, mac léinn cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, leis an Dr. Daniel Bourgeois saineolaí ar theangacha mionlaithe, sa Spidéal le déanaí tar éis dó léacht phoiblí a thabhairt ar “Stiúradh na scoileanna lán-gaeilge: Dúshláin & Riachtanais”.

Íomhá
Breandán Mac Cormaic, Daniel Bourgeois agus Pádraig Ó hAoláin
Íomhá
Cur i láthair, Daniel Bourgeois
Íomhá
Cearta mionlaigh i gCeanada
le JM Branum ar Picasaweb
Íomhá
Ag an crosbhealach
Íomhá
Tacaíocht
Íomhá
Vancover Isl. Logging Massacre
le Ingmar ar Picasaweb

Is saineolaí é an Dr. Daniel Bourgeois ar theangacha mionlaithe ó Nua-Bhrunsuic, cúige dátheangach i gCeanada. Deir sé gurb é “an t-oideachas an tseirbhís phoiblí is tábhachtaí a d’fhéadfadh Stát a chur ar fáil, chun tacú le tuismitheoirí agus leis an bpobal a dteanga mhionlaithe a chaomhnú”. Ba é Údarás na Gaeltachta a d’eagraigh an chomhdháil. Labhair sé faoi na Boird Oideachais atá i gCeanada agus faoin maitheas a d’fhéadfadh a macasamhail a dhéanamh do chaomhnú na Gaeilge.

Labhair an Dr. Daniel Bourgeois faoi na riachtanais a bhaineann le Bord Oideachais a bhunú, le bainistiú a dhéanamh ar oideachas na teanga mionlaithe. “Teastaíonn Boird Oideachais ó scoileanna teangacha mionlaithe”, a deir sé. Séard atá insna Boird Oideachais seo ná Coiste Bunreachtúil Dleathach le cumhachtaí, freagracht, agus le rialacha. I gCeanada is teanga mhionlaithe í an Fhraincis agus tá 31 Bord Oideachais ag freastal ar lucht na teanga sin. D’fhiafraigh mé den Dr. Bourgeois céard a bheadh le déanamh againn sa tír seo chun a leithéid de Bhord a bhunú.

ONT: Cén chaoi a dtabharfadh muid faoi Bhord Oideachas a bhunú agus a chur i bhfeidhm sa tír seo?

DB: “Bhuel ní dóigh liom go bhfuil a oiread sin de choiscéimeanna le tógáil agaibh, mar cheana féin tá COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta) socraithe suas agus tá eagraíochtaí eile cosúil le Údarás na Gaeltachta”. Faigheann muintir labhartha na Gaeilge deis ionadaithe faoi leith a roghnú don Údarás agus deir Bourgeois “má tá a leithéid sin againn [i gcúrsaí geilleagair] cén fáth nach bhfuil an rud céanna ann sa rannóg oideachais atá i bhfad níos tábhachtaí”? Sin é an argóint atá aige bunaithe ar an méid eolais atá aige faoin gcás in Éirinn. Buntáistí Oideachais do theangacha mionlaithe

  • Na 7 gCumhacht

  • Foras fostáit

  • Scoileanna & Oideachas = an ceann is tábhachtaí do mhionlach

  • Dúnghaois: aitheantas/pobail, cultúr, cúrsaí agus daonlathas

An Chéad Chéim

Deir sé go bhfuil COGG ann, atá ina bhord comhairleach, an chéad chéim eile atá le tógáil ná bord le cúraimí reachtúla ann a dhéanamh as. Mar chúnamh chuige seo tá na cásanna cúirte éagsúla i gCeanada, an cháipéis a chur an Dr. Bourgeois le chéile agus a aistríodh go Gaeilge ‘I dTreo Lánbhainistíocht Scoileanna Fraincise i dTimpeallacht Mhionlaigh’. Deir an Dr. Bourgeois go bhfuil a fhios againn cén chumhacht atá ag COGG, ’sé sin comhairle amháin, caithfidh muid breathnú ar céard ba cheart a bheith acu, ansin suí síos leis an Roinn Oideachais, a fhad agus a bhfuil tacaíocht taobh thiar dínn agus ár gcos a chur síos agus a rá leis an Roinn go bhfuil na seacht gcumhacht uainn agus “cuir an cheist ar an Roinn, cén fáth nár chóir do thuismitheoirí agus do phobal na Gaeltachta, a bhfuil, ar shlí, a dteanga féin a chailleadh, gníomhú? Ní na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath a bheidh thíos leis, ach na gasúir a seasann a dtuismitheoirí agus a bpobal dóibh”. Inseoidh muidne don Roinn cén fáth a dteastaíonn sé uainn, ach an inseoidh agus an míneoidh siadsan dúinne cén fáth nár chóir é a chur ar fáil. “Bíodh an díospóireacht seo agaibh, agus b’fhéidir go dtosóidh sibh le trí chumhacht in ionad seacht gcinn agus b’fhéidir nach mbeidh siad eisiach, agus seans go mbeidh siad le roinnt, ach beidh sibh in ann bhur mbealach a dhéanamh uaidh sin, ach ar dtús caithfidh sibh an choiscéim bheag sin a ghlacadh, caithfidh sibh breathnú ar na féidearthachtaí agus iarracht a dhéanamh an t-athrú céime seo a phleanáil agus ansin déanfaidh sibh é de réir a chéile.”

Na 7 gCumhacht Eisiach

  • Aimsigh riachtanas oideachais an phobail mhionlaigh

  • Caith maoiniú poiblí ar threorú agus ar scoileanna

  • Earcú agus stiúradh baill foirne múinteoireachta

  • Ainmniúchán agus stiúradh baill riaracháin

  • Beartaigh an curaclam

  • Breitheanna a chur i gcrích, treoir a thabhairt agus seirbhísí eile

  • Lonnú scoileanna mionlaigh a shocrú

Dar leis an Dr. Bourgeois, is é an rud is measa a d’fhéadadh tarlú ná i gceann cúig nó deich mbliana go gcasfadh an Rialtas timpeall agus go ndéarfadh siad “níl sé ag obair, filleadh muid ar ais ar COGG” agus beidh orthu ansin an fáth sin a mhíniú dúinn, ach ar a laghad beidh iarracht déanta acu. Níl an status quo ag obair, cén fáth mar sin nach mbainfear triail as rud éigin eile. Sin é dar ndóigh, má táimid ag iarraidh an teanga a chaomhnú; mura bhfuil, tá sé chomh maith againn deireadh a chur léi anois a deir sé. “Ní fiú fiche bliain eile a chur amú ar straitéis.” “Ní hé an freagra foirfe é”, tá uirlisí eile. Coimeád Údarás na Gaeltachta, cruthaigh níos mó gníomhaíochtaí, agus thar aon rud eile, caithfidh croí agus anam na ndaoine a bheith ann. “Níl a fhios agam cén chaoi a ndéanann tú sin”, níl aon cnaipe draíochta ach, ar a laghad, má tá foras a chosnóidh tú, ach go háirithe i rannóg oideachais, atá chomh tábhachtach, bhuel ar a laghad, tá uirlis amháin eile sa mbosca agaibh. Tá bosca mór uirlisí ann, líon é chomh maith agus is féidir más fiú an chúis, ach arís tagann an chúis ón gcroí agus “níl a fhios agam, ní fheicim an racht láidir sin i ndaoine in ainneoin an méid atá ráite sna suirbhéanna, ní fheicim daoine ag rá gur rud luachmhar atá á chailleadh againn agus sula gcaille muid é, caithfidh muid ár muinchillí a chrapadh suas agus aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Tá sé cosúil le bheith ag snámh in aghaidh srutha, tá sé an-deacair ach is fiú go mór an teanga agus caithfidh muid é seo a dhéanamh!”

Fógairt na hÉigeandála

ONT: Céard atá orainn déanamh le dul i ngleic le rudaí?

DB: “An chéad rud ná an cnaipe práinne a bhrú”. Caithfidh ceannaire gach pobal atá i mbaol, “socht” a rá, táimid ag dul síos le fána in ionad suas, beidh deireadh iomlán leis an teanga mura ndéanfa muid dianbhearta éigin”. Caithfidh tú a bheith dáiríre agus réalaíoch, mura n-athraímid rud éigin, leanfaidh rudaí mar atá siad agus níl an scéal go maith. Caithfimid iad a athrú mar sin, dar leis.

“An dara rud dar liom, ná seasamh siar agus féachaint ar na rudaí atá agaibh cheana agus tá a lán, tá Údarás na Gaeltachta, COGG na heagraíochtaí seo uilig, tá reachtaíocht, tá Coimisinéir do theanga oifigiúil na tíre, tá i bhfad níos mó agaibh sa tír seo ná mar atá i gCeanada.” Deir sé go bhfuil eagraíocht ann chun forbairt shóisialta agus gheilleagair a dhéanamh ar an nGaeilge in Éirinn. Níl a leithéid de thacaíocht sin i gCeanada. Ach tá ár mbealaí féin acu a deir sé, bíonn go leor gníomhaíochta, go leor eagraíochtaí agus dreamanna deonacha.

ONT: Mar sin má tá rudaí ag titim in ainneoin na n-eagraíochtaí go léir, céard atá mícheart, céard atá le cur leis, céard a chaithfear fáil réidh leis, agus cén deasadh beag a chaithfear a dhéanamh?

DB: “An moladh atá agamsa ná an Bord Oideachais, mar tá an t-oideachas chomh bunúsach san athrú céime ó theanga go cultúr.” Dúirt sé go mbeadh an t-athrú céime ó COGG comhairleach go COGG reachtúil, ag glacadh cuid den chumhacht ón Roinn Oideachais agus é a thabhairt do COGG agus seans a thabhairt do dhaoine vóta a chaitheamh dá n-ionadaithe i COGG mar a dhéanann siad leis an Údarás agus le heagraíochtaí eile. “Sílim go dtuigeann daoine céard atá i mbaol. Is é sin, a luaithe agus a imíonn teanga as amharc, agus a dhéantar foclóir di agus nach mbíonn sí le cloisteáil a thuilleadh ach ar dhioscaí agus ar cheirníní, agus ní ó lá go lá, tá deireadh leí.”

Mar is Toil leis an bPobal a Bheas an Lá

Deir sé más sin atá uainn, togha, leanaigí oraibh, ach mura bhfuil sin fíor, caithfear athruithe a dhéanamh, ach chun go dtarlóidh na hathruithe seo “caithfidh toil láidir a bheith taobh thiar den ghníomh mar sin an t-aon uair a dhéanfaidh polaiteoirí, forais agus eagraíochtaí rud éigin.” Ní chiallaíonn sé sin go mbeidh ar 100% de na daoine atá ag cur fúthu sa nGaeltacht máirseáil chun go dtarlóidh na hathruithe seo, ach más féidir leo tacaíochta a thabhairt, a bheith níos dóchasaí ina gcuid suirbhéanna, más féidir leo litir a scríobh chuig an TD, más féidir leo a bheith i láthair ag na cruinnithe poiblí agus a dtoil láidir a léiriú go bhfuil siad ag iarraidh an teanga Ghaeilge agus an tsaíocht ar fad a bhaineann leí a chaomhnú, mura dtaispeántar an toil láidir seo nó mura mbíonn sé ann, níl tú chun aon difríocht a dhéanamh do stádas na Gaeilge.

Ná dearmad go bhfuil straitéis fiche bliana againn, níl a leithéid i Nua-Bhrunsuic, deir sé go ndéanann chuile rannóg an méid is féidir leo as a stuaim féin chun an teanga Fraincise agus an tsaíocht a bhaineann léi a fheabhsú, ach níl aon straitéis chomhtháite amháin ann. “Tá ceann á cur le chéile acu, ach mar a sheasann sé, níl ceann ann faoi láthair, ach fós féin, tá ár seacht milliún Frainciseoirí má cuireann tú Quebec san áireamh, i bhfad níos rathúla i measc trí chéad milliún béarlóirí” [ná lucht na Gaeilge].

Na 5 Dhualgas Cúige i gCeanada

  1. Cuir i gceart aon ghníomh éagórach a tharla agus a leithéid a sheachaint sa todhchaí
  2. Oideachas trí Fraincis a chur ar fáil nuair a bhíonn na huimhreacha ann
  3. A dhéanamh cinnte go bhfuil an caighdeán céanna i scoil Fhrancach is a bheadh i scoil Bhéarla
  4. A dhéanamh cinnte go sroichfear riachtanas oideachais an phobail mhionlaigh
  5. Athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras oideachais, trí Bhoird Oideachais a bhunú agus na cumhachtaí eisiacha a chur i bhfeidhm

ONT: An bhfuil ceacht le foghlaim againn uaibh?

DB: “Nílim cinnte an bhfuil ceacht le múineadh againn daoibh ach níl aon amhras faoi go bhfuil ceacht le foghlaim agaibh ó áit éigin chun céard atá á dhéanamh agaibh a hathrú. Guím gach rath oraibh!’

Sular fhág mé slán leis an Dr. Bourgeois, d’ardaigh sé ceist:

“Ar cheart go mbeadh Bord Oideachais ar leith do scoileanna lán-Ghaeilge?” Fágfaidh mé faoi léitheoirí Beo! é a fhreagairt, ach machnaigh ar na pointí seo chun d’intinn a dhéanamh suas:

  • An gcabhródh a leithéid de Bhord Oideachais le múineadh na Gaeilge?

  • An gcuirfeadh a leithéid de Bhord níos mó leis an bpobal agus leis an gcultúr?

  • An méadódh a leithéid de Bhord páirtíocht tuismitheoirí agus an phobail?

  • An nginfeadh a leithéid de Bhord brí agus fuinneamh i saol na Gaeilge?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.