AGALLAMH BEO
Caitríona Ruane, Feisire, An tAire Oideachais
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Bhí an saol ag múineadh Aire Oideachais na Sé Chontae, Caitríona Ruane, sa dóigh gur shiúil sí cuid de Mheiriceá Láir, taithí a thug uirthi a hamhail a dhíriú ina dhiaidh sin ar dheacrachtaí an Tuaiscirt. Chuaigh Robert McMillen chun cainte léi i mBeannchar, Contae an Dúin.

Íomhá
Caitríona Ruane sa Cholóim
Íomhá
An tAire Caitríona Ruane, ag tiontú an fhóid
Íomhá
Faoi agallamh
Íomhá
Caitríona Ruane ag Féile an Phobail
Íomhá
Suaitheantas 'Tabhair abhaile iad'
le Baldeadly, Ógra Shinn Féin, ar Vicipéid
Íomhá
Br. na Trá mí Feabhra agus fear ola cliste faoi iarrthóir SF aniar
Íomhá
An tAire Oideachais Caitríona Ruane

“Bhí tú i d’imreoir proifisiúnta leadóige ach anois tá tú i d’Aire Oideachais ó thuaidh. Cad é a chuaigh contráilte?” - Thuig Caitríona Ruane gur ag magadh a bhí mé - ar an dea-uair - ach is féidir a rá go bhfuil saol as an choitiantacht caite ag an bhean seo 49 mbliana d’aois as Contae Mhaigh Eo. Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae. Ainneoin gur Aire i rialtas Stormont í Caitríona Ruane, is Connachtach bródúil í.

“B’as Coillte Mach do mo mháthair ach ainneoin go raibh m’athair ag obair i Rinn Mhic Giolla Rua mar innealtóir sibhialta, i mBéal Átha na Muice a tháinig mé féin ar an saol,” arsa an tAire liom ina hoifig i dTeach Rathgael i mBeannchar, Contae an Dúín. “ach théimid ar ais go Coillte Mach, ceantar Raifteirí gach Samhradh agus gach Nollaig. Bhog muid go Baile Átha Cliath ansin sular phill muid ar Mhaigh Eo agus mé deich mbliana d’aois. Áit fhíorálainn atá inti ach siar sna 1970í agus mé ag fás anois, bhí féile ar siúl dar teideal Culchie Come Home, mar bhí oiread sin eisimirce ó Choillte Mach an t-am sin,” ar sí, ach ní sin an tsiocair ar thosaigh sí ag cur suime sa pholaitíocht. Athair a máthar, ba chathaoirleach Fianna Fáileach ar Chomhairle Chontae Mhaigh Eo é agus teaghlach mór Fianna Fáil a bhí i muintir Ruane riamh anall.

“‘Fianna Fáil, the best of them all, Fine Gael, Cic sa bhéal’ a cheoladh muid aimsir na dtoghchán,” ar sí ag gáire, “ach i bhfírinne, ní raibh mórán polaitíochta páirtí sa teach againn.” Deir Caitríona gur fhoghlaim sí faoin pholaitíocht óna hathair Michael, ach i ndiaidh é bás a fháil. “Bhíodh an-suim aige i gceisteanna sóisialta,” ar sí. “D’oibreodh sé le St Vincent de Paul agus cuid den mhóin a ghearradh sé, thugadh sé cuid de do na daoine a mbíodh sé ag obair leo. Ní raibh a fhios agamsa faoi seo mar rinne sé go rúnda é. Ag a thórramh a d’fhoghlaim mé don chéad uair an méid obair charthanachta a rinne sé. Tháinig bean amháin as Béal a’ Mhuirthead ar an bhus agus shiúil sí an dá mhíle go leith go teach s’againne agus d’inis sí dom fan méid a rinne m’athair dí-san agus dá pobal.”

An Leadóg Idirnáisiúnta agus Nicaragua

Bhí Caitríona i gcónaí maith ag an leadóg, ag imirt d’Éirinn sa Confederation Cup, agus mar imreoir proifisiúnta, thaistil sí an domhan. Ag tús na 1980í fuair sí scoláireacht le dul ar an Ollscoil i Meiriceá le bheith ag staidéar agus ag imirt leadóige ach in áit beatha aoibhinn an scoláire a chaitheamh, d’imigh Caitríona léi go Nicearagua agus go hEl Salvador, áit ar chuir sí faobhar ar a cuid polaitíochta.
Is cinneadh é nach nglacfadh cuid mhór daoine ach is cuimhin le Caitríona ceann de na cúiseanna ar ghlac sí an cinneadh an leadóg a fhágáil ina diaidh.

“Bhí mé ag féile i Los Angeles an uair seo agus chonaic mé scannán dar teideal Roses in December, a d’inis scéal triúr bean rialta agus cailín tuata, Jean Donovan, a éigníodh agus a maraíodh in El Salvador. I ndiaidh mé dul ann, am ar bith a d’fhág mé na shanty towns le dul chuig an aerfort, bhí mé buíoch beannachtach go raibh mo bheo liom,” ar sí.
 Bhí Ruane i Nicearagua in 1983, tráth a raibh na Sandanistas i réim agus chuidigh sí leis an fheachtas litearthachta agus uimhríochta a chuir an réimeas ar bun, feachtas a ghnóthaigh bonn ó UNESCO. (Ghnóthaigh feachtas leigheas coisctheach na Sandanistas bonn oir ón WHO chomh maith).  “Bhí scoilt riamh idir muintir na gcathracha agus muintir na tuaithe, ach san fheachtas seo, chuaigh muintir na gcathracha amach chun na tuaithe leis na daoine a theagasc agus b’ansin a chonaic siad saol na mbocht mar a bhí sé don chéad uair. “Tháinig an náisiún le chéile ar dhóigh nár tharla riamh roimhe sin,” arsa Ruane.

Ba léir go raibh an t-oideachas ar na clocha ba mhó ar phaidrín na Sandanistas.
Is cuimhin liom mé féin ag cur ceiste ar an Aire Oideachais, Fernando Cardenal, sagart Íosagánach, cén fáth go raibh siad ag caitheamh an oiread sin airgid ar chúrsaí oideachais agus dúirt sé liom ‘el education es muy importante”. Seo an bealach ina gcuirfidh muid feabhas ar shaol na ndaoine.’”

Pilleadh agus Athléamh

I ndiaidh trí bliana i Meiriceá Laidineach, tháinig Caitríona ar ais go hÉirinn i 1987 le post a ghlacadh le Trócaire i mBaile Átha Cliath. Thaitin dearcadh Trócaire léi cionn is gur thug sé cumhacht do mhuintir na háite ar an talamh.

Mar sin, seo í lán lúcháire go ndearna sí difear mór do shaol daoine agus í spreagtha ag ceann de na muirthéachtaí ba radacaí dá raibh riamh ann, dar léi, ach ba bheag radacachas a bhí le sonrú in Éirinn na linne sin.

“Bhí an choimhlint faoi lán seoil ó thuaidh ach ní raibh aon duine ag caint air ó dheas,” ar sí, “ach in oifigí Trócaire bhí saineolaithe ar na hOileáin Fhilipíneacha, ar Mheiriceá Láir, ar an Afraic Theas. B’ansin a thosaigh mé ag cur ceisteanna faoi Éirinn, faoi mo thír dhúchais féin. “Agus mé i Nicearagua, chuireadh daoine ceist orm faoin tuaisceart ach, creid é nó ná creid é, ní raibh a fhios agam cad é bhí ag dul ar aghaidh ansin.

Tamall gearr sular fhág mé, dúirt mé le fear amháin, ‘oh, Caitlicigh agus Protastúnaigh’ agus dúirt seisean: “Caitríona, cá mhéad trúpa Breataineach atá ansin? Ní chuireann mórchumhacht trúpaí go tír ar bith mura bhfuil sé lena leas. Cad é an leas atá ag na Breatnaigh?” Ní thiocfadh liom an cheist a fhreagairt ach bliain ina dhiaidh sin, nuair a labhair mé leis arís, bhí mo léamh athraithe ar fad. Ar an drochuair, idir an dá linn, maraíodh a pháirtí agus feallmharaíodh é féin tamall ina dhiaidh sin.”

In Éirinn, mhothaigh Caitríona go raibh an tuairimíocht a bhí á déanamh ó dheas róshimplí. “Ba é an tIRA an fhadhb, an t-aon mhíniú amháin a bhí ag daoine, ach ag an am céanna, bhí arm na Breataine ar na sráideanna, ag briseadh gach dlí dá raibh ann; bhí cinsireacht sna meáin; bhí Ceathrar Guildford agus Seisear Bhirmingham fós ar an leaba chláir ach bhí ruathair a ndéanamh ag an Chraobh Speisialta ar dhaoine a bhí ghníomhach ar son na córa in áiteanna ar nós Baile Bhútair féin!” arsa Ruane.

An CRD

Agus coimhlint ag dul ar aghaidh céad míle suas an bealach, chinn Ruane agus scaifte eile daoine macasamhail na n-ionad a bhí á maoiniú ag Trócaire thar lear a bhunú, ach é a lonnú in iarthar Bhéal Feirste. Ba é an toradh a bhí ar an athsmaoineamh seo ná an tIonad Taighde agus Cáipéisíocht (CRD).
Ba é an aidhm a bhí ag an CRD ná ceachtanna a fhoghlaim ó thíortha coimhthíocha a raibh coimhlintí iontu a socraíodh trí idirbheartaíocht agus iad a chur in oiriúint d’Éirinn, thuaidh agus theas.

“Ó 1988 go dtí 1996, thug muid daoine ón Afraic Theas, ó Phoblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir, Nicearagua, Guatamala, buaiteoirí Nobel ina measc. go hÉirinn, daoine a raibh taithí acu bogadh ón chogaíocht go socruithe idirbheartaithe. Thug muid cásanna in éadan na Breataine ag Cúirt na hEorpa. D’eagraigh muid fiosrúcháin faoi dhúnmharaithe conspóideacha. Rinne muid stocaireacht faoi chiapadh ag na Náisiúin Aontaithe, srl. Thug muid Noam Chomsky agus liobrálaigh eile anall agus iad ag caint ar an idirbheartaíocht ach eiriceacht ghlan a bhí ann ag an am sin!

“Is aisteach an rud é, ach ba é muintir an Tríú Domhain - mar dhea - a d’imir páirt bheag ach tábhachtach sna hathruithe a rinneadh in Éirinn an tréimhse sin.”

Féile an Phobail

Ról eile a bhí ag bean Bhéal Átha na Muice ná stiúrthóir Fheile an Phobail in iarthar Bhéal Feirste. Bhí cúpla imeacht eagraithe ag an CRD sna féilte luatha - measann daoine gurbh í an chéad stiúrthóir í ach bhí Deirdre McManus, Danny Power agus Kate Pickering gníomhach sa ról roimpi. Chonaic Ruane an fhéile mar cheiliúradh ar an chultúr a thug dúshlan don stát. Chuir muintir na háite an-dóchas san Fhéile a tháinig ar an saol nuair a bhí bunadh iarthar Bhéal Feirste in ísle brí i ndiaidh dhúnmharaithe Ghiobráltar, ionsaí Michael Stone ar an reilig agus marú thar a bheith poiblí bheirt shaighdiúirí ar Bhóthar Andarsain.

“Tá an fhéile ar na fáthanna gur chláraigh mé le Sinn Féin” arsa Caitríona.

Measaim gur físí (a visionary) nó fáidh atá in Gerry Adams sa mhéid is, an t-am b’uafásaí anseo agus muid ag déileáil le marú, le huafás, le tórraimh, bhí seisean ag smaoineamh ar bhealach amach as an duibheagán a aimsiú. “An tréimhse sin, bhí an Irish Times ag scríobh orainn mar “savages” ach tá Gerry Adams an-chumasach agus smaoinighar bhonn nualaíoch agus as sin a d’fháisc Féile an Phobail.” Tá Ruane an-mhórtasach as imeachtaí, ní hamháin a bhí mar cheiliúradh ar bhunadh na háite agus a thug siamsaíocht dóibh, ach as imeachtaí a thug orthu machnamh a dhéanamh chomh maith. Ar na himeachtaí is fearr, dar léi, bhí cruinniú dar teideal Irish, Queer and Equal, imeacht a thug dúshlán mór do dhaoine a bheith ag smaoineamh ar dhaoine aeracha ina bpobail féin.
“Tháinig Gerry chuig an chruinniú sin agus b’iontach an léiriu tacaíochta a bhí ansin,” ar sí.
 Tá Féile an Phobail ar an féilte pobail is mó san Eoraip inniu.

An Cholóim

I ndiaidh sé bliana de bheith ag plé leis an fheile agus í ag iarraidh bogadh ar aghaidh, go tobann, bhí Caitríona Ruane le feiceáil ar scáileáin ar fud na cruinne i ndiaidh do thriúr fear, Niall Connolly, James Monaghan agus Martin McCauley a bheith gaibhte ag aerfort Bogatá ar an 11ú Lúnasa 2001 agus pasanna bréagacha acu. Uaidh sin, tugadh The Columbia Three orthu. Mhaígh údaráis na Colóime go raibh an triúr, a raibh baint acu uilig le Sinn Féin - ag traenáil treallchogaithe den eite chlé, FARC.

Bhí an dlíodóir Peter Madden le dul chun an tíre agus bhí siad ag iarraidh duine a raibh taithí acu ar Mheiriceá Laidineach, a raibh Spáinnis líofa acu agus a thuig cearta daonna. Cé bheadh inchurtha lena raibh le déanamh? Caitríona Ruane. Ainneoin an jab atá déanta ag lucht a dtacaíochta, is beag duine nach gcreideann go raibh rud éigin rúnda ag dul ar aghaidh ag an triúir i Meiriceá Theas, ach tá Ruane diongbháilte go raibh obair fónta a déanamh ag Connolly, Monaghan agus McCauley. Mar fhreagra, tharraing sí chuici píosa páipéar agus rinne léarscáil den Cholóim dom. I lár báire, tharraing sí ciorcal.
“Seo San Vicente del Caguan, limistéar a ghéill an stát le gurbh fhéidir cainteanna síochána a eagrú ann,” ar sí.

“Bheadh ionadaithe an rialtais agus ionadaithe ó dhreamanna eile amach agus isteach san áit. Sin an áit ina raibh Niall, Martin agus James.

“Bhí siad ansin le staidéar a dhéanamh ar an phróiseas síochána ansin. “Bhí daoine as gach cearn den domhan ansin agus bhí sé beartaithe againn mar chuid den chás cúirte, cuairt a thabhairt ar Caguan le hagallaimh a dhéanamh le daoine a raibh a fhios acu faoin triúr Éireannach. Ach tháinig rialtas úr den eite dheis isteach agus druideadh síos San Vicente del Caguan mar ionad idirbheartaíochta, ach áit iontach suimiúil atá ann. Bhí rudaí thar a bheith suimiúil ag dul ar aghaidh i gCaguan ar cheart do dhuine scríobh faoi.”

Sin ráite, fuarthas Triúr na Colóime ciontach ach lá i ndiaidh a ndaortha, d’éirigh leo imeacht as an tír agus pilleadh ar Éirinn. D’éalaigh triúr a bhí ag déanamh staidéir ar phróisis shíochána ó cheann de na córais dhlíthiúla ba mheasa ar domhan an tuigbheáil atá ag Ruane agus í ag cur síos ar na cages inar coinníodh na fir i gcuideachta mangairí drugaí, agus paramilitares den eite dheis, gardaí armtha gach áit.

“Bhí mé maith go leor le linn dom a bheith sa Cholóim, ach nuair a tháinig mé ar ais go hÉirinn, chaoin mé agus chaoin mé mar chreid mé nach dtiocfadh na fir sin amach as príosún ach iad marbh,” ar sí.
Le linn di bheith ag plé le cás Thriúr na Colóime san eagraíocht Bring Them Home, chláraigh Ruane le Sinn Féin. Rinneadh MLA di i mí na Samhna 2003 agus rinneadh Aire Oideachais di i mí Bealtaine 2007.

An Scrúdú

Ar na ceisteanna is conspóidí dá bhfuil sí ag déileáil leo, tá an scrúdú aistrithe, an 11+. Chinn a réamhtheachtaí, Martin McGuinness, go gcuirfí deireadh leis an scrúdú, rud a chuir alltacht ar go leor daoine. Ach ní ar bhonn creidimh. Is mó an bhaint atá ag aicmeachas leis an scéal, dar leis an Aire Ruane.

“Thug mé mo chéad chuairt ar Bhóthar na Seanchille i 1998 agus is cuimhin liom beirt ghníomhaí dhílseacha, Plum Smith agus Billy Hutchinson, ag rá liom nár oibrigh an 11+ don phobal s’acusan ach ag éisteacht le hAontachtaithe ag Stormont - agus leis an BBC chomh maith - tá sé soiléir gurb é an rud is mó atá ag cur isteach orthu nó go bhfuil Aire Oideachais Shinn Féineach ann. Sin croí na faidhbe,” dar léi.
Tá scoileanna, idir Chaitliceach agus Phrotastunach, ag eagrú scrúduithe dá gcuid féin in éagmais an 11+ agus tá teannas leanunach idir an tAire agus dreamanna tábhachtacha eile.

An Scolaíocht Ghaeilge

Ceist eile atá go mór chun cinn is ea an Gaeloideachas. - “Sea, nuair a tháinig mé isteach anseo i Roinn an Oideachais ar tús, an chéad rud a thug mé faoi deara ná go raibh Aonad Gaelscolaíochta againn agus rannóga eile a bhí freagrach as foirgnimh nó as curaclam nó as rud éigin eile,” ar sí. “Chinn mé go mbeadh an Gaeloideachas mar chuid de remit gach rannóige agus nach mbeadh sé scoilte ó chinntí eile mo Roinne.

Mar shampla, tháinig siad a fhad liom le tuairisc iontach maith fá oideachas sna blianta luatha agus smaointe breátha ann faoi tástáil dhiagnóiseach (diagnostic testing) agus chuir mé ceist orthu an mbeadh a leithéid ar fáil do scoileanna Gaelacha agus dúirt siad liom nach mbeadh, go mbeadh an tástáil i mBéarla.
Dúirt mé leo nach raibh sin inghlactha agus tháinig siad ar ais le tástáil dhiagnóiseach Ghaeilge! Tá sé ráite ag daoine atá ag obair san earnáil go bhfuil an tástáil dhiagnóiseach ar cheann de na rudaí is tábhachtaí a tharla sa Ghaeloideachas riamh.

Ó thaobh ábhar (materials) de, chaith muid an dúrud airgid ar ábhair ghalánta Ghaeilge. Tá ábhair álainn déanta againn agus tá deireadh le ré na fótóchóipeála! Caithfidh páistí a bheith spreagtha agus ní leor seanrudaí seanaimseartha fótócóipeáilte a thabhairt dóibh.”
Measann sí go mbíodh bearna idir gnáth-Ghaeilgeoirí agus an Stát - níl sí ag caint ar Comhairle na Gaelscolaíochta nó ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta - ach is dócha gur sin toradh amháin ar an Riail Dhíreach agus réimeas Stormont roimhe, dar léi.

Leoga, deir sí go bhfuil iarsmaí den naimhdeas sin don Ghaeilge beo fós. “Tá mo Roinn ag comhoibriú inniu ar bhonn leanúnach le Chomhairle na Gaelscolaíochta agus ní mheasaim go bhfaigheann an Chomhairle an chóir. Tá obair mhór déanta againn maidir le caighdeáin an Ghaeloideachais a ardú le go bhfeicfidh tuismitheoirí, ní hamháin gur Gaelscoil atá i gceist, ach gur scoil mhaith í atá go hiomlán dírithe ar leas an pháiste. Tá mé iontach mórálach as a bhfuil bainte amach agam ó thaobh an Ghaeloideachais de,” ar sí.


Tá saol as an choitiantacht caite ag Caitríona Ruane. Agus í ag smaoineamh chun cinn ar an todhchaí, níl rud ar bith níos mó atá de dhíth uirthi ná seal fada a chaitheamh lena fear chéile Brian agus lena bheirt iníon agus í ag tabhairt aire do na glasraí agus do na cearca.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.