Labhair Robert McMillen leis an bhfear a tháinig faoi sclamhairt aisteach ghoimhiúil nuair a bhunaigh sé Teilifís na Gaeilge > TG4, iarléachtóir, iar-Aire agus fear a bhfuil a shúil dírithe amach roimhe anois ar Áras an Uachtaráin, Michael D. Ó hUiginn.
Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
Admhaíonn Michael D Higgins nach raibh sé éasca a dheasc a fholmhú agus imeacht amach as Teach Laighean don uair dheiridh mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ach, ar ndóigh, tá dúshláin eile roimhe. “Thug mé mo chuid páipéirí uilig don Leabharlann Náisiúnta, mar sin b’éigean 50 bosca a bhogadh amach as m’oifig - i dteannta leis an 55 bosca as m’oifig i nGaillimh - agus níl ansin ach an chéad tráthchuid!” ar sé.
Ní hiontas é go bhfuil an oiread sin páipéarachais cruinnithe ag an Uigeannach a bhí ina léachtóir ollscoile ar feadh i bhfad go dtí gur roghnaigh sé bealach na polaitíochta. Theip air suíochán a bhaint in olltoghcháin 1969 agus 1973 ach shuigh sé sa Seanad idir 1973 agus 1977 nuair a ceapadh é ina uachtarán ar Pháirtí an Lucht Oibre agus chloígh sé le hobair inmheánach an pháirtí.
Toghadh Ó hUiginn don Dáil don chéad uair i 1981 ach níor choinnigh sé an suíochán i bhfad, á chailleadh do Fintan Coogan, sóisear, ó Fhine Gael in olltoghchán 1982.
D’fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
An Múnlú
D’fhéadfadh Michael D saol sona acadúil a chaitheamh. Cén fáth, mar sin, gur roghnaigh sé dul don pholaitíocht síos? Cá has a dtáinig an fonn seo a bheith ag freastal ar an phobal, a d’fhiafraigh mé de?
“Bhuel, thosaigh sé leis an taithí a bhí agam, is dócha,” a mhínigh sé. “M’athair agus m’uncail, ghlac siad páirt i gCogadh na Saoirse ach ina dhiaidh sin, bhí m’uncail ar thaobh an tSaorstáit agus m’athair ar thaobh na Poblachta.”
Cuireadh an t-athair i ngéibheann sa Churrach i 1923 agus bhí sé deacair aige post a fháil ina dhiaidh sin. (Thréig a athair - a daoradh chun báis as Droichead Mhala a phléascadh i 1922 - thréig sé an chlann nuair a bhí Michael D ina pháiste i Luimneach.)
“Nuair a theip ar shláinte m’athar, thit gach rud as a chéile agus bhí orainn, mé féin is mo dheartháir, bogadh amach chun na tuaithe le fuireach le mo mháthair. Bhí deacrachtaí againn ó thaobh tithíochta, ó thaobh sláinte agus ó taobh a lán nithe eile. Bhí sé an-deacair freastal ar chúrsaí oideachais - bhí mé féin ag obair mar chléireach agus roimhe sin i monarcha sarar imigh mé go dtí an Ollscoil.”
Chuaigh cúigear nó seisear ó bhliain Uí Uiginn sa Mheánscoil chuig institiúidí tríú leibhéal; cuid eile chuaigh siad isteach sa Státsheirbhís ach bunús acu, d’imigh siad ar an imirce. Cur amú mór daonna a thugann Michael D ar sin. An tréimhse chéanna, thosaigh sé ag dul ar mhórshiúlta le hagóid a dhéanamh in éadan na cinedheighilte agus ceisteanna eile an lae a bhí gar dá chroí ach thosaigh sé ag léamh cuid mhór fosta agus é i Manchain. Bhí an daonnacht seo agus an dáimh le daoine ar an ghannchuid ina chroí istigh sular fhoghlaim sé faoi na teoiricí polaitíochta a bhí taobh thiar den chur chuige a chleacht sé ó shin.
Poblacht Bunaithe ar Chearta
D’imigh an chinedheighilt san Afraic Theas, tháinig deireadh leis an chogadh i Vítneam ach b’iomaí locht a bhí ar na 26 Chontae. Tá ráite ag Higgins nár cuireadh an Poblacht i gcrích ó dheas riamh. “Má smaoiníonn tú ar Chlár Daonlathach na Chéad Dála nó ar Fhorógra na Poblachta, 1916, d’fhógair siad go mbeadh cearta iomlán ag gach saoránach. “Is í mo bharúil féin, i bhfíorphoblacht, tá an saol chomh maith agus is féidir bunaithe ar chearta. An ceart go mbeadh daoine saor ó leatrom maidir le cúrsaí tithíochta, cúrsaí bia, cúrsaí sláinte, cúrsaí cultúir agus go mbeadh cothromaíocht i gceist.”
“An chaoi ina nglactar cinntí, go mbeadh sé oscailte, daonlathach agus go mbeadh deiseanna ag daoine a samhlaíocht a chur i gcrích. Sin na rudaí is tábhachtaí, dar liomsa, i bpoblacht ar bith. Ní bhaineann sé le neamhspleáchas amháin, tá sé sin tábhachtach ach níl sé iomlán, tá sé bunaithe ar chothromaíocht agus ar dhínit an duine, na daoine i gcoitinne seachas an duine aonair. Tá sé lofa an dóigh a bhfuil an féiniúlachas á chur ar aghaidh ar fud na cruinne faoi láthair,” arsa Higgins.
Sula ndearna sé a aitheasc deireanach i dTeach Laighean ar an 25ú Eanáir 2011, chonaic Michael D Páirtí an Lucht Oibre ag dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael. Sna 1980í, vótáil sé in éadan comhrialtais le Fine Gael. Cad é an difir idir polaitíocht na tréimhse sin agus polaitíocht na linne seo. Síleann sé go n-éireoidh le comhrialtas Kenny/Gilmore má bhíonn an chumhacht chéanna ag an dá pháirtí s’acu, ainneoin go bhfuil 76 suíochán ag Fine Gael agus 37 ag Páirtí an Lucht Oibre.
“Tá sé an-deacair ar fad má bhíonn páirtí mór amháin ag baint úsáide as páirtí beag eile,” ar sé, ag rá nach ionann cás Pháirtí an Lucht Oibre sa Dáil agus cás na Lib-Dems i Westminster, atá mar mhaidrín lathaí an Pháirtí Coimeádach de réir gach cosúlachta. “Bhuel, thiocfadh leat cloí le do thuairimíocht féin amháin agus thiocfadh leat fanacht go dtí go dtabharfadh lucht vótála an móramh duit ach bheadh praghas le híoc as sin.
“Ar an taobh eile, caithfidh tú dreamanna agus daoine áirithe a chosaint fríd páirt a ghlacadh sa chóras. Níl sé éasca. Ní bheidh sé éasca go deo,” ar sé.
Bíonn Téagar i gCultúr
Ar ndóigh, tá clú ar Higgins, ní hamháin mar pholaiteoir ach mar fhear léinn agus mar fhear ar luachmhar leis cúrsaí cultúir, dearcadh a fuair sé ó thaobh na dtaobhann.
“Bhuel, téann sé i bhfad siar. Bhí suim riamh ag mo mháthair sa léitheoireacht agus, fiú, nuair a bhí na ‘family fortunes’ ag titim go tubaisteach, choinnigh sí na leabhair. Bhí suim aici sa cheol fosta, pianó agus veidhlín ainneoin nach raibh na huirlisí sin againn. Ach nuair a bhog mé go Gaillimh le freastal ar an ollscoil i 1962, scríobh mé roinnt gearrscéalta agus bhí mé an-ghníomhach i gcumainn chultúrtha na hollscoile ach is dócha gurb í an tionchar is mó atá orm ná mo bhean, Sabina Coyne, bean a bhí ar bhunaitheoirí Amharclann an Focus agus Stiúideo Stanislavsky i mBaile Átha Cliath. Bunús mo chairde, is léiritheoirí, aisteoirí, scríbhneoirí dífhostaithe iad,” ar sé.
Is léir go dtuigeann Michael D na healaíona, ní hionann agus tromlach na bpolaiteoirí. Bhí sé dubh in éadan an ruda a rinne an tAire Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta ó thuaidh, Nelson McCausland, nuair a dúirt sé gur ceart do Fhéile Bhéal Feirste, an fhéile ealaíne is mó sa tuaisceart, níos mó imeachtaí a reáchtáil a bheadh i bhfathach leis an Iosrael. Agus go mbeadh níos mó ceol soiscéalach le cluinstin lena linn.
“Tá sé sin dochreidte,” arsa Michael D. “Sin rud a fhoghlaimíonn tú fiú má bhíonn tú lá amháin sa phost. Caitheann tú fanacht siar ó gach rud as a bhfuil tú freagrach. Leag mé sin síos mar bhunphrionsabal. Mar shampla, ní dhearna mé gearán faoi chlár ar bith teilifíse a rinne craoltóir náisiúnta na tíre agus cúram na craoltóireachta orm. Bhí mo dhearcadh féin agam ach níor chuir mé in iúl é go poiblí,” ar sé.
Leoga, cuireadh fáilte ar leith roimh cheapachán Uí Uiginn ina Aire Cultúir. Reáchtáladh picéad fáiltithe dó taobh amuigh de Theach Laighean nuair a ceapadh é.
“Sin ceann de na rudaí ba phléisiúrtha a bhí agam,” ar sé ag gáire. “Sa chéad céad lá, chuir mé maoiniú ar fáil don Bhord Scannánaíochta; leag mé an dúshraith don ullmhúchán do Theilifís na Gaeilge agus mar sin de.”
Agus bhí Michael D ag iarraidh rudaí a chur ar siúl sa chomhthéacs idirnáisiúnta fosta. Bhí sé ina uachtarán ar Chomhairle na nAirí Cultúir agus ar ar Chomhairle na nAirí Craoltóireachta i 1996.
“An t-am sin, rinne mé iarracht díospóireacht a thoiseacht maidir leis an chraoltóireacht sa réimse poiblí,” ar sé. “Ar an drochuair, bhí an Eoraip ag bogadh i dtreo na heite deise agus bhí mise ag dul sa treo eile, mar sin, ní thiocfadh liom an díospóireacht a thionscnamh ar -, mar shampla, cad é ba cheart don Eoraip a bheith a dhéanamh le fórsa a chruthú a bhéarfadh dúshlán fhorlámhas chultúr chósta thiar Mheiriceá?”
Beith an Duine a Fhorbairt
Agus é ag caint i mBéal Feirste an mhí seo caite, labhair Michael D ar thábhacht na n-ealaíon don tsochaí. “Caithfidh tú cinneadh a dhéanamh, mar shampla, an bhfuil an chruthaitheacht le fáil i réimse beag daoine. Tá tráchtairí ann a chreideann sin agus a scríobh faoi, ach measaim féin gur rud sóisialta atá sa chruthaitheacht agus go bhfuil sé i ngach duine ag leibhéil éagsúla agus gur féidir i a fhorbairt i ngach duine.
“Má tá na healaíona agus an cultúr le bheith mar chuid de bhonneagar do bheithe, den dóigh a fhorbraíonn muid ár bpearsantacht ar bhonn pearsanta agus sa phobal, caithfidh tú a bheith ag riar air beagnach mar cheart.”
“Mar a mhinigh mé é san Aontas Eorpach, tá an spás cultúrtha níos leithne ná an spás eacnamaíochta. Le linn tréimhsí ina mbíonn cuid mhór daoine dífhostaithe, bíonn leabharlanna de dhíth ort agus bíonn fáil ar ábhair agus ar imeachtaí cultúrtha de dhíth níos mó ná riamh.”
“Nuair atá an spás cultúrtha saibhir, is iomaí deis agat do chuid ama a líonadh, rudaí éagsúla a thriail. Níl a mhalairt fíor. Gan a dhath a dhéanamh nuair a bhíonn an geilleagar lag agus maoiniú a thabhairt do corrthionscnamh ealaíne nuair atá an t-airgead ar fáil, sin dearcadh contúirteach, seanaimseartha, amaideach.”
An Mheanma a Mhúscailt
Labhair muid ar leabhar úr John Walsh, Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development, a léiríonn go bhfuil nasc idir cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt gheilleagair na hÉireann.
“Má fhorbraíonn tú cultúr ar mhaithe le do mhuintir féin is daoine suimiúla iad le cuairt a thabhairt orthu,” ar sé. “Sa deireadh thiar, ní chuireann sé stró ar bith ort mar tá daoine compordach agus cruthaíonn sé caidreamh níos eiticiúla idir an cuairteoir agus an duine ar a dtugtar an chuairt. Má chruthaíonn tú spás cultúir atá lán deiseanna mar thriail muid roimhe mura bhfuil an spás sin ceangailte go dlúth le traidisiúin agus le comhthéacs an cheantair, rud imeallach a bheas ann.”
Deir Michael go bhfuil áiteanna eile, seachas Gaillimh, atá ag plé leis an cheist chéanna, Toronto, cathair a bhfuil aithne mhaith aige uirthi, san áireamh.
“Tá an coincheap seo ann, an chathair chruthaitheach,” ar sé. “Thig le cathracha cuid mhór cultúir a onnmhairiú, faisean, ealaíona closamhairc, srl., ach cad é a dhéanann sin don phobal cruthaitheach sa bhaile sin?
Déanann sé difear an domhain má tá d’iarrachtaí dírithe ar thraidisiúin, ar chuimhne, ar shamhlaíocht áit ar leith agus ardaítear an leibhéal meanman ag an tréimhse sin. Tá cathair agat atá aitheanta mar chathair chruthaitheach agus is rud thar a bheith luachmhar é sin.
Ach, ar an láimh eile, má smaoiníonn tú “cén seort branda a dtig linn a dhíol thar lear cionn is gur de dhéantús na hÉireann é, cé atá ag baint tairbhe as sin? Cé atá rannpháirteach ann? Cad é chomh ceangailte is atá sé le cuimhne, le stair, le láthair atá sé?”
Dua na Dála
Aontaíonn sé liom nach dtuigeann polaiteoirí ach síleann sé go bhfuil locht ar an dóigh a bhfuil obair na dTeachtaí Dála leagtha amach.
Go minic, eagraítear vótaí sa Dáil do 8.30i.n., rud a chiallaíonn nach dtig le feisirí imeacht go dtí thart ar 9.15i.n. agus tá sé sin rómhall acu dul chuig coirm nó chuig dráma, mar sin ní bhíonn na taithí cultúrtha seo acu. Sin an fáth go gcreideann sé, i mblianta an drochshaoil, go bpillfidh polaiteoirí ar an seanmhúnla.
“Measann siad nach bhfuil an sprid daonna chomh tábhachtach le bia a chur ar an tábla, ach is dearcadh iontach cruálach é sin má deir tú le daoine ‘ní ligfidh muid duit do shamhlaíocht a úsáid ach nuair atá an OTN go hard ” ar sé.
Is dócha go raibh an argóint sin gur tábhachtaí sprid agus samhlaíocht ná na cláir chomhardaithe chun tosaigh nuair a bhí Michael D i mbun gnímh Teilifís na Gaeilge a bhunú. Deir sé gur fhoghlaim sé Gaeilge trí huaire, an chéad uair ar scoil - rinne sé na hábhair ardteistiméireacht uilig trí mheán na Gaeilge - an dara huair i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh, áit a ndearna sé ceann dá chéimeanna trí mheán na Gaeilge. Chuaigh sé go Meiriceá i ndiaidh na Gaillimhe, fuair sé deis a bheith ag éisteacht le muintir Chonamara agus le bunadh Árann agus in áit Gaeilge na Leabhar, chaith sé a dhúthracht ar Ghaeilge bheo bheathach na ndaoine a chleachtadh.
An Teilifís mar Cheart
Deir sé gur ar mhaithe leis an daonlathas agus le cúrsaí cultúir a bhunaigh sé TnaG.
“Ach anuas ar sin, mheas mé go dtabharfadh sé an dara deis do thuismitheoirí tíocht ar ais chun na Gaeilge,” ar sé.
“Nuair a bhunaigh mé TnaG, nó TG4 mar atá anois air, bhí sé ar intinn againn i bhfad níos mó a dhéanamh de réir mar a bhí an teicneolaíocht ag forbairt agus an ré dhigiteach ag teacht isteach, ach fiú len é a chur ar an aer sa chéad dul síos, bhí sé uafásach. Bhí feachtasaíocht inár gcoinne ó dhaoine áirithe a mhaígh gur cur amú airgid a bhí ann, dearcadh nár aontaigh mé leis, ach sin ráite, fuair mé tacaíocht ó na páirtithe Parlaiminte”
Tá an Uiginneach sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag an stáisiún ó bunaíodh é i 1996, a rá go bhfuil cláracha den scoth a dhéanamh acu ar sparán an-bheag ach go bhfuil níos mó ag teastáil, cinnte.
“Is breá liom an dóigh a bhfuil dearcadh idirnáisiúnta ag TG4, clárach as an Áis, nó as Meiriceá Theas nó as an Afraic, curtha i láthair ag Maolra Mac Donnchadha agus ag daoine eile. Tá na cláracha sin den chéad scoth, ceapaim.”
Deir sé gur maith le daoine gur ann don stáisiún ach go bhfuil a thionchar le mothú ar an taobh eile den domhan.
“Sa chéad bhliain de TnaG a bheith ar an aer, thug muid beirt de bhunadh na Maorach sa Nua-Shéalainn a theacht le staidéar a dhéanamh ar an méid a bhí ar siúl againn. Inniu, tá bealach teilifíse dá gcuid féin ag na Maoraigh agus é bunaithe ar chur chuige TG4.”
An Uachtaránacht
Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre. Glacfaidh a pháirtí cinneadh maidir lena iarrthóir an mhí seo (Bealtaine), beidh feachtas a reáchtáil ó lár an tsamhraidh go tús an Fhómhair agus beidh an toghchán ann i mí Dheireadh Fómhair 2011.
“Ceapaim ag an bpointe seo go bhfuil tacaíocht agam agus tá súil agam go mbeidh mé ag seasamh,” ar sé.
Má roghnófar é, deir sé go pléifidh sé le cuid de na hábhair atá faoi chaibidil san agallamh seo ach cad é na tosaíochtaí a bheadh aige?
“B’fhéidir an tsaoránacht a dheimhniú, is é sin an bhéim a leagan ar an tsaorántacht. Chomh maith leis sin, an tábhacht atá ag baint leis an réimse intleachta, an íomhá d’Éirinn atá bunaithe ar an chultúr a chur ar aghaidh agus, ar ndóigh, beidh m’fheachtas bunaithe ar an taithí atá agam agus mé ag feidhmiú mar Aire in Éirinn agus thar lear agus ar an taithí atá agam ag troid ar son cearta an duine. Níl an clár leagtha amach agam fós - níl mé tofa fós - ach beidh mé ag díriú ar a bhfuil bainte amach agam sa saol poiblí le 40 éigin bliain,” ar sé.
Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go mbeadh singil úr amuigh ag na Saw Doctors - Rocking in the Áras with Michael D.