AGALLAMH BEO
An tOllamh Leanne Hinton, UC Berkeley
John Walsh John Walsh

Cad is brí le hathneartú teanga nuair nach bhfuil ach cúigear cainteoirí, nó níos lú, fágtha ag do theanga? Sin í an cheist a chuir John Walsh air féin sular bhuail sé le Leanne Hinton, Ollamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Berkeley i gCalifornia, bean atá ag plé le teangacha sa cheantar ar nós Karuk, Kawaiisu agus Yurok. An bhfuil ceacht le foghlaim ag cuid againn ón mbean seo? Deirtear go múineann gá seift agus chuir Leanne Hinton tús le seifteanna athghabhála teangacha, an Master Apprentice Program ina measc, do theangacha bundúchais i gCalifornia a bhfuil rath orthu anois.

Íomhá
Leanne Hinton, Teangeolaí
Íomhá
An Clár Master Apprentice idir lámha
Íomhá
Oiliúint i Wonder Valley, Leanne ar dheis
Íomhá
Obair sa rang Navajo
Íomhá
Ábhar don rang Navajo

Tá an tOllamh Leanne Hinton ó Ollscoil Chalifornia, Berkeley, ar dhuine de na saineolaithe is iomráití ar theangacha bundúchais Chalifornia, leithéidí Karuk, Kawaiisu agus Yurok. Ceaptar go maireann suas le caoga teanga fós ach is baolach nach bhfuil oiread agus ceann acu á sealbhú ag páistí. Ba cheart mar sin gurb é an bás a bheadh i ndán dóibh, ach cé go ndearnadh léirscrios ar na teangacha seo le cúpla céad bliain anuas, tá a lucht tacaíochta i mbun feachtais chun iad a athneartú. Ach déarfá, cad is brí le hathneartú teanga nuair nach bhfuil ach cúigear cainteoirí, nó níos lú, fágtha ag do theanga? Tá dlúthbhaint ag Leanne Hinton leis an scéal agus chuaigh John Walsh go Berkeley le déanaí chun a thuilleadh eolais a fháil uaithi. --------------JW: Bhí do leabhar Flutes of Fire (1994) á léamh agam ina luann tú an suirbhé a rinne tú ar theangacha bundúchasacha Chalifornia. Bhí tuairim is leathchéad acu fós ar marthain nuair a foilsíodh an leabhar sin níos mó ná cúig bliana déag ó shin. Conas atá cúrsaí sa lá atá inniu ann? LH: Bíonn sé an-deacair i gcónaí a rá cathain a bhíonn an cainteoir deireanach beo fós, nó caillte, toisc go dtagann daoine eile chun cinn i gcónaí a mbíonn an teanga ar a dtoil acu ach a bhíonn drogallach é sin a rá, ar pé cúis. Is minic go gceapann siad go raibh an cainteoir sin, an cainteoir deireanach mar dhea, ní ba dheisbhéalaí nó ní b’fhearr ná iad. Is éard atá ar siúl anois, ní hé gur féidir liom a rá go bhfuil a gcuid cainteoirí go léir caillte ag deich gcinn den leathchéad teanga sin, ach tarlaíonn sé i gcás go leor teangacha anois go bhféadfaí ‘leathchainteoirí’ a thabhairt ar na cainteoirí is fearr dá bhfuil acu. Is é sin, go bhfuil roinnt den teanga ar a dtoil acu, ach go bhfuil go leor den fhoclóir ligthe i ndearmad acu agus b’fhéidir nach féidir leo scéalta a insint a thuilleadh. Bíonn leibhéil éagsúla chumais acu atá níos laige ná cainteoir dúchais fíorlíofa a d’fhás aníos leis an teanga. JW: Chuaigh líon íseal na gcainteoirí sna teangacha ar fad, geall leis, i gcion orm go mór. Bhí ceann nó péire acu chomh hard le cúpla céad ach ní raibh ag a bhformhór ach cúpla cainteoir, nó fiche nó tríocha ar a mhéid. Chuirfeadh sé lagmhisneach ort. LH: Tá an ceart agat. Tráchtann cara liom, Nancy Steele, ar Karuk í, ar a hóige go minic. Tá tuairim is leathchéad bliain slán anois aici, ach nuair a bhí sí ní b’óige bhí dhá chéad cainteoir Karuk ann agus cheap sí go mairfeadh an teanga go deo na ndeor ach níl fágtha anois ach cúigear cainteoirí dúchais nó mar sin. Labhraítear an Karuk i dtuaisceart Chalifornia (http://www.karuk.net/). Tá suíomh gréasáin againne, ag an eagraíocht Advocates for Indigenous California Language Survival (http://www.aicls.org), agus ar cheann de na rudaí a dhéanaimid leis an suíomh sin, tá an marbhna a fhoilsímid nuair a chailltear duine de na cainteoirí. Tá sé an-bhrónach ar fad ach tá suas le deich gcinn de mharbhnaí crochta againn ann i mbliana in ómós do chainteoirí dúchais roinnt de theangacha bundúchasacha Chalifornia a cailleadh. Bíonn siad go léir an-aosta, an bhfuil fhios agat.

Athbheochaint Mhór

JW: Os a choinne sin, tráchtann tú i do leabhar ar an ngluaiseacht mhór athbheochana teanga atá ag titim amach in California, dar leat. I do leabhar eile, How to Keep Your Language Alive (2002), déanann tú cur síos ar an ‘Master Apprentice Program’ mar a thugtar air. An bhféadfá Clár seo an Mháistir agus a Dhalta a mhíniú dom?

LH: Nuair a bhunaigh mise agus dream d’Indiaigh Chalifornia Advocates for Indigenous California Language Survival, reáchtálamar comhdháil agus dúirt gach éinne: is éard atá uainn ná a thuilleadh cainteoirí, a thuilleadh cainteoirí; níl doiciméadú breise uainn, níl aon rud mar sin uainn, tá breis cainteoirí uainn. Agus bhíomar ag cíoradh na ceiste seo: conas is féidir é sin a dhéanamh nuair nach bhfuil fágtha agat ach dornán beag cainteoirí, nuair nach bhfuil ar do chumas cúrsaí ollscoile a chur ar bun a thabharfadh líofacht do dhaoine sa teanga ná faic mar sin, nuair nach bhfuil aon chóras scríbhneoireachta nó múinteoirí proifisiúnta ná ábhar teagaisc ag go leor de na teangacha seo? Agus sular tionóladh an chomhdháil sin, fiú, tháinig duine amháin, Karuk eile, ar an smaoineamh gur chóir Clár na Máistrí agus na bPrintíseach a bhunú. Dúirt sé nach raibh ach tuairim is fiche cainteoir Karuk fágtha an uair sin agus go rachadh an teanga in éag i gceann deich mbliana nó cúig bliana déag ach dá dtiocfadh duine amháin chun cónaí le gach duine de na cainteoirí sin agus an Karuk a fhoghlaim uathu, mhairfeadh sí go ceann caoga bliain eile (gáire). Agus sin é go díreach an bunchoincheap atá laistiar de Chlár na Máistrí agus na bPrintíseach. Mar sin, le cúig bliana déag anuas nó mar sin d’oibríomar le suas le céad foireann a raibh baint acu le tuairim is tríocha teanga éagsúil. Caithfear a rá nach n-oibríonn sé do gach éinne toisc nach mbíonn a ndóthain ama ag daoine don obair mhór ar uairibh. Ach trí scileanna tumoideachais agus cainte agus cumarsáid bhéil a bhaineann leis an saol réadúil, laethúil a mhúineadh do dhaoine, cruthaíodh cainteoirí nua, cainteoirí breátha cumasacha, i gcúig cinn agus fiche de theangacha éagsúla. Isteach is amach leis an méid sin, déarfainn. Ní cainteoirí fíorlíofa iad ar nós sheanóirí na treibhe, ach tá a ndóthain ar eolas acu chun cumarsáid a dhéanamh sa teanga. Tá líofacht thar na bearta bainte amach ag roinnt daoine agus tá go leor díobh ina múinteoirí teanga anois, nó tá siad páirteach i gcláracha teanga nó reáchtálann siad cúrsaí samhraidh agus a leithéid. Tá roinnt díobh ag úsáid na teanga sa bhaile, fiú, daoine a bhfuil páistí acu agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh a oiread agus is féidir den teanga a labhairt leo.

An Oiliúint agus an Taifeadadh JW: Tá údar dóchais ann, mar sin. An bhfuil aon sampla agat de theangacha ar leithligh ar éirigh go seoigh le Clár na Máistrí agus na bPrintíseach, abraimis gur cruthaíodh líon suntasach cainteoirí?LH: Tá go leor a bhféadfainn cur síos orthu. B’fhéidir go dtagróinn do mhuintir Kharuk arís toisc gur luaigh mé cheana iad. Anuas ar an gcúigear seanóirí Karuk ar cainteoirí líofa dúchais iad atá fágtha, déarfainn go bhfuil suas le deichniúr cainteoirí óga atá sna daichidí, tríochaidí nó fichidí anois. Tá aithne agam ar dhá theaghlach ar a laghad atá ag labhairt na teanga sa bhaile lena bpáistí beaga agus tá go leor cláracha eile á reáchtáil acu chomh maith. Faoi láthair tá Clár Máistrí agus Printíseach acu atá tiomnaithe do thaifeadadh agus do dhoiciméadú na teanga. Tá tuairim is cúig fhoireann ann, b’fhéidir beagán sa bhreis air sin, agus tugtar trealamh taifeadta den scoth dóibh agus oiltear iad chun go n-úsáidfidh siad i gceart é. Ansin, cuireann siad agallamh ar na seanóirí, iarrann siad orthu scéalta a insint agus déanann siad gach is féidir leo chun eolas na seanóirí ar an Karuk a thaifeadadh. Tá diosca crua acu in áit lárnach chun an t-ábhar ar fad a stóráil go slán. Anuas air sin tá foclóir ar líne acu. Go deimhin féin, beidh mé féin ag obair níos déanaí tráthnóna le ceathrar mac léinn Karuk atá ina bhfochéimithe anseo. Tá siad ag iarraidh a dteanga dhúchais a fhoghlaim ó na doiciméid toisc nach bhfuil aon chainteoir Karuk againn anseo in Berkeley. Sin sampla den sórt ruda atá á dhéanamh le roinnt treibheanna. D’fhéadfainn Kawaiisu a lua chomh maith (http://linguistics.berkeley.edu/~survey/languages/kawaiisu.php), agus Yurok (http://www.linguistics.berkeley.edu/~yurok/). Go deimhin, is treibheanna iadsan atá ina seanfhondúirí nach mór faoin tráth seo ar an athbheochan teanga. An rud eile atá ar siúl ná go mbíonn dreamanna nua ag teacht chun cinn i gcónaí in California atá ag iarraidh clár éigin san athbheochan teanga a chur ar bun. Tá an obair seo ag bláthú léi.

Maolú Naimhdis le Téaltú na Teanga

JW: An nglacann na pobail leis an obair seo nó an mbítear ag cur ina coinne ó thaobh na hidé-eolaíochta? Bhí comhrá agam le Lev Michael, ollamh eile in Berkeley atá ag obair ar theangacha bundúchasacha Pheiriú agus dúirt seisean nach mian le tuisimitheoirí áirithe go bhfoghlaimeodh na páistí an iomarca den teanga bhundúchasach uaireanta. Ba chuma leo blúirín beag a thabhairt dóibh ach bheadh eagla orthu go gcuirfeadh an iomarca isteach ar dhul chun cinn na bpáistí. An dtarlaíonn a leithéid in California chomh maith?

LH: Bhuel, an dtuigeann tú, is dóigh liom go mbaineann an dearcadh sin i bPeiriú le glúin atá níos cóngaraí don teanga ná mar atáimidne in California. Níl an teanga ar a dtoil ag tuismitheoirí óga a thuilleadh anseo agus mar sin bíonn ualach Béarla ag a bpáistí faoin am a dtosaítear ag caint ar athbheochan teanga. Tá siad glúin chun tosaigh san athrú teanga i ndáiríre. Mar sin féin, tá roinnt seanóirí ann nach bhfuil chomh siúráilte sin gur fiú an teanga a chaomhnú agus bíonn sé deacair orainn ar uairibh tathant orthu go dteastaíonn an teanga arís ó ghlúin níos óige. Sin ceann de na dúshláin, déarfainn, ach éiríonn linn de ghnáth agus tagann na seanóirí ar an tuiscint gur cheart go mbeadh an dá theanga ar marthain, ní hamháin an Béarla. Ach is cinnte go bhfuil ceisteanna móra idé-eolaíochta ann. Bíonn deacrachtaí go minic le rochtain ar na teangacha, mar shampla. Tá níos mó ná céad treibh i gCalifornia agus a thuilleadh ag teacht chun cinn i gcónaí (gáire). Cuireadh deireadh le go leor díobh sna 1950í faoin iliomad polasaithe aineolacha rialtais a bhí ann agus anois tá siad ag lorg aitheantais arís. Agus táthar ag iarraidh na treibheanna a choimeád beag ionas nach n-éireoidh an t-airgead gann.

Bíonn trioblóid lena leithéid ó am go chéile. Ach is measa an trioblóid a bhíonn ag na teangacha nach bhfuil aon chainteoirí in aon chor fágtha acu. Tá cláracha eile againn dóibhsean. Ar cheann acu tá an cheardlannBreath of Life’ do theangacha Indiacha Chalifornia nach bhfuil cainteoirí acu. Reáchtáiltear an ócáid sin gach dara bliain anseo in UC Berkeley. Cabhraímid le daoine rochtain a fháil ar a dteangacha, múinimid a ndóthain teangeolaíochta dóibh chun gur féidir leo an t-ábhar a léamh agus anailís a dhéanamh air agus oibrímid leo chun cláracha athbheochana teanga dá gcuid féin a fhorbairt, bunaithe ar na doiciméid. Mura bhfuil fágtha de theanga ach na doiciméid, d’fhéadfadh an teaghlach áirithe nó an pobal lena mbaineann siad a bheith fíorchosantach ar fad faoin ábhar sin. Mar sin is cinnte go mbíonn gné na hidé-eolaíochta ann.

Idirghabháil seachas Forghabháil

JW: Ceist chigilteach eile is ea ceist na hidirghabhála. Cén idirghabháil is féidir le clár athbheochana teanga ar bith a dhéanamh i réimsí pearsanta an tsaoil? Táimid ag caint anseo ar an gcistin agus ar an seomra suí, ná réimsí teanga is íogaire agus is príobháidí dá bhfuil ann. Tá teorainn leis an idirghabháil is féidir a dhéanamh i réimsí mar sin i ndaonlathas liobrálach. Cén idirghabháil atá inghlactha sna cúinsí sin, dar leat?

LH: Bhuel, creidim go gcaithfimid deiseanna a chur ar fáil. Siúráilte glan, ní thugtar go leor deiseanna do dhaoine sna Stáit Aontaithe a dteangacha oidhreachta a fhoghlaim. Teastaíonn deiseanna mar sin. Ar cheann de na slite chun é a dhéanamh, tá cláracha den scoth chun an dara teanga a fhoghlaim. Is féidir le scoileanna lámh chúnta a thabhairt chomh maith, scoileanna faoi mar atá agaibhse in Éirinn. Ach tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an cumas comhrá i lár an aonaigh sna scoileanna sin. In Albain, cuirim i gcás, tuigim go raibh an-deacracht acu le scoileanna a leag an iomarca béime ar litearthacht agus ar an tseanlitríocht agus a leithéid. Tá géarghá le clár scoile a mhúineann cumas cumarsáide do ghasúir. Is féidir linn go leor a fhoghlaim óna bhfuil déanta in áiteanna ar nós na Nua-Shéalainne leis an Ma?ri agus in Haváí leis an Haváis toisc gur chaith siadsan a oiread sin dua le cláracha dian-tumoideachais sa teanga agus sa chultúr. An tríú rud is gá, dar liom, ná cláracha tacaíochta teaghlaigh, cláracha a thugann tacaíocht do theaghlaigh ar mian leo an teanga a úsáid sa bhaile. Agus b’fhéidir gur gá múineadh na teanga a thabhairt san áireamh ansin chomh maith, toisc nach mbíonn an sprioctheanga ar a dtoil go maith ag an teaghlach i gcónaí. Nó d’fhéadfadh dreamanna a bheith i gceist. Is maith liom a bhfuil ar siúl acu in Albain sna cláracha tacaíochta teanga. Is gá meithleacha cócaireachta feoilséanta a bhunú i do theanga (gáire) nó buíonta adhmadóireachta. Is gá ceachtanna sa sórt teanga a d’úsáidfí sa bhaile, na nathanna a labhrófá le do leanbh nua agus a leithéid. Bheadh an-tábhacht le clár mar sin.

Stádas

JW: Maidir leis an bpolasaí oifigiúil, tuigim go bhfuil an Native American Languages Act ann ó 1990 agus gur leasaíodh é i 1992. Conas a sheasann an tacaíocht reachtúil faoi láthair agus ar imir an dúnghaois teanga seo tionchar dearfach ar chás na dteangacha?LH: Is dóigh liom gur chomharthaigh Acht 1990 gach ní, mar chuir sé feachtas dhá chéad bliain i gcoinne na dteangacha ar gcúl. Bhítí ag iarraidh na teangacha a mharú, ach bhí deireadh leis sin. Tá sé sin an-tábhachtach. Agus dar ndóigh, tá an t-airgead a chuirtear ar fáil faoin Acht an-tábhachtach. Sin an tacaíocht is mó atá ag beagnach gach dream sna Stáit Aontaithe atá ag iarraidh a dteanga a athbheochan.

JW: Mar sin, is dóigh leat gurb é an sruth maoinithe an toradh ba thábhachtaí a bhí ar an Acht?LH: Sea go deimhin. Cabhraíonn an maoiniú le daoine dul i mbun na hathbheochana teanga. Ní leor an t-airgead, dar ndóigh, sin í an deacracht. Ní féidir le gach éinne maoiniú a fháil agus ní féidir airgead a ghnóthú faoi dhó don chlár céanna. Ritheadh reachtaíocht eile i 2007, an Esther Martinez Native American Language Preservation Act, a mhaoiníonn cláracha leanúnacha tumoideachais, leithéidí scoileanna tumoideachais agus neadacha teanga, nuair a chuirtear na seanóirí ag obair go díreach le daltaí scoile.

Tús Teangeolaí agus Leas Mhuintir Havasupai a Dhéanamh

JW: An bhféadfá a rá liom cad go díreach a spreag thú chun suim a chur i gcúis seo na hathbheochana teanga? LH: Tionóisc ab ea é, i ndáiríre. Tharla sé nuair a bhí mé ag obair ar mo thráchtas faoi amhráin na Havasupai, treibh a mhaireann sa Grand Canyon in Arizona (http://www.havasupaitribe.com/). I dtosach báire, bhí fúm a bheith i m’eitnicheoleolaí ach tar éis tamaill chuir mé a oiread suime i dtéacsanna na n-amhrán gur cháiligh mé i mo theangeolaí ina ionad sin. Agus nuair a bhí mé ag obair ar an tráchtas, cuireadh tús leis an oideachas dátheangach agus d’iarr na Havasupai orm an bhféadfainn cabhrú leo córas scríbhneoireachta agus acmhainní teagaisc a fhorbairt dá dteanga. Ní hamháin nár bhain mé oiread taitnimh riamh cheana as aon rud eile (gáire), bhí sé ar fheabhas ar fad a bheith ag obair chun leasa an phobail seachas ar mhaithe le cúpla scoláire nach léifeadh mo thráchtas go deo, is dócha. Mar sin, mheall an teangeolaíocht fheidhmeach mé ní ba mhó ná aon réimse eile den teangeolaíocht agus nuair a tháinig mé ar ais go California, thosaigh mé ag scríobh colúin faoi theangacha bundúchais don iris News from Native California (http://www.heydaybooks.com/news/index.html). Agus cuireadh go leor de na colúin sin i gcló in Flutes of Fire. Bhí eolas éigin agam ar an gceist cheana toisc gurb as California dom ach thug an colún sin léaspairt i bhfad ní ba fhearr dom ar na teangacha.

Ba cheart dom a rá chomh maith go raibh céim agus iarchéim agam ó Roinn na Teangeolaíochta san University of California, San Diego. Reáchtálann an Roinn sin Clár na dTeangacha Iasachta, rud nach mbeifeá ag súil leis ó roinn teangeolaíochta (gáire), ach d’oibrigh sé domsa toisc go bhfuaireamarna, na mic léinn iarchéime go léir, deis iontach teangacha iasachta a mhúineadh ar chlár a leag béim láidir ar an tumoideachas agus ar chumas comhrá. Mar sin, d’fhoghlaim mé an-chuid go deo faoi mhúineadh teangacha agus foghlaim teangacha ansin. Sin iad na rudaí a spreag mé, is dócha. Agus chomh maith leis sin, dar ndóigh, spreag mo ghrá do theangacha mé. Is breá liom oibriú le daoine ar mhaithe leo féin. B’fhéidir go gcabhraíonn sé chomh maith go bhfuilim beagáinín amhrasach faoin saol acadúil!

Tagairtí breise:Survey of California and other Indian languages: http://linguistics.berkeley.edu/~survey/ Suíomh gréasáin Leanne Hinton: http://linguistics.berkeley.edu/people/person_detail.php?person=17

Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an Dr. John Walsh. Tá sé ina Scoláire Gaeilge Fulbright in Ollscoil Chalifornia, Santa Cruz, ó anuraidh. -------------------------Naisc bhreise:Muintir Kharuk le Dennis King http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/karuk/Muintir Apaisigh http://ga.wikipedia.org/wiki/ApaisighMuintir Navachó is eile http://ga.wikipedia.org/wiki/Catag%C3%B3ir:Bund%C3%BAchasaigh_Mheirice%C3%

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.