AGALLAMH BEO
Rónán Mac Aodha Bhuí
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuig Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga leis an chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí a chur faoi agallamh. Bhí deis ag Rónán bualadh soir chuig a theach Cois Claidigh, braon tae is caife a réiteach don bheirt acu, aghaidh a thabhairt ar an mhicreafón agus labhairt amach, rud a bhfuil Rónán go maith in ann a dhéanamh. Cúrsaí ceoil, an Cabaret Craiceáilte, Oileán Thoraigh, Poblachtachas agus Aontachtachas, Raidió na Gaeltachta agus an iliomad gné eile de réabhlóid Rónáin, tháinig siad faoi thrácht aige.

Íomhá
Rónán Rí na nAerthonnta
Íomhá
RnaG sna Doirí Beaga
Íomhá
Nead na hoibre
Íomhá
Dónall Mac Ruairí, léirtheoir an chláir Rónán Beo @ 3
Íomhá
Ag fanacht le Micí Mag Aoidh agus Donncha Cassie Ó Baoill
Íomhá
Sos gairid ag an teach
Íomhá
Cúltaca na hEaragaile
Íomhá
In am úmachain do chlár eile

SMM: Is é do bheatha go BEO.ie a Rónáin! Bím ag síoréisteacht leis an raidió agus tugaim an-chluas agus an-taitneamh dó i rith an ama.

RMAB: [gáire agus meangadh] Go maith.

SMM: Do chúlra i dtosach a Rónáin, is taobh amuigh den Ghaeltacht a tháinig tú ar an tsaol?

RMAB: As Cill Briotáin, Corcaigh mo mháthair, gar do Dhroichead na Bandan. As an Muileann gCearr m’athair. Bhuail siad le chéile agus bhí siad ina gcónaí fud fad na tíre, i gCorcaigh, i gCiarraí, i nGaillimh, i Maigh Eo, i nDún Laoghaire agus bhí siad ina gcónaí sa chontae seo tamallt fiú, sula dtáinig mé ar an tsaol agus bhog siad ar ais go Corcaigh. Tháinig daoine ar an tsaol in áiteanna difriúla. Tháinig beirt den chlann ar an tsaol i dTrá Lí, beirt den chlann ar an tsaol i gCorcaigh, duine i nDún Laoghaire, duine i Leifear agus cúpla duine i nGaillimh. Bhí siad ag bogadh thart cuid mhór. Bhí m’athair ag obair le Roinn na Gaeltachta tamallt. Bhí sé ag obair le Bardas Chorcaí tamallt mar oifigeach pleanála. Bhog sé ansin go Leifear i 1980. Fuair sé post leis an Chomhairle Contae, leis an Oifig Pleanála. Tháinig mise ar an tsaol i gCorcaigh. Bhí mé trí mhí nuair a bhog siad go Gaoth Dobhair anseo. Bhí siad ina gcónaí i gcuid mhór áiteanna anseo, bhí siad in aice láimhe anseo i gCois Claidigh, i seanteach Jimí Dinny, amhránaí sean-nóis iomráiteach agus i Machaire Gathlán, toigh Jimí Neddy. Bhí siad sa teach seo 1991 is dócha. (Cill Briotáin http://www.kilbrittainfestival.ie/activities.php)(An Muileann gCearr http://ga.wikipedia.org/wiki/AnMuileanngCearr)(An áit chéanna http://www.youtube.com/watch?v=JO59JbRBKg&feature=related)(Gaoth Dobhair http://ga.wikipedia.org/wiki/GaothDobhair)

SMM: Fuair tusa Gaeilg na háite seo mar sin?

RMAB: Fuair. Bhfuil a fhios agat, d’fhoghlaim m’athair is mo mháthair, is dóigh, cineál Gaeilg na leabhar a bhí acu agus sin an cineál canúna a bhí againn sa bhaile, ach ansin am ar bith ..... SMM: .... Mhothaigh tú an peer group mar a déarfá.

RMAB: Seaidh, nuair a rachaidh mé i measc an dreama eile, is dóigh nach dtuigfeadh siad, ní thuigfeadh siad an cineál Gaeilge sin. Bhí Gaeilg ar achan rud, mar bhí siad iontach diograiseach. Bhí focal ar achan rud, ‘cuisneoir’ is na rudaí sin. B’fhéidir nach mbeadh na focail sin ag daoine, ach nuair a bhí mé óg bhí Gaeilg ag achan duine. Níor chuala mé Béarla ag duine ar bith, go dtí go raibh mé, b’fhéidir, ocht mbliana d’aois.

SMM: Le do shaolré féin a Rónáin, an bhfaca tú athruithe, an bhfuil sé feiceálach?

RMAB: Á Dhia, tá sé feiceálach. An t-am sin, tháinig go leor daoine abhaile as Albain, ach d’fhoghlaim siad Gaeilg ar scoil. Bhí sé nádúrtha daofa Gaeilg a fhoghlaim, ach d’athraigh rudaí go mór. Tá go leor daoine a bhfuil Gaeilg acu ag tógáil a gcuid páistí le Béarla. Rud nach bhfuil mé ábalta a thuigbheail. Tá mé ag iarraidh a thuigbheail, - b’fhéidir go bhfuil barúil agat féin cad é an fáth a bhfuil siad á dhéanamh - ní fhéadfadh siad a bheith á dhéanamh le drochrud, ach mar sin féin, tá siad ag déanamh dochair. An bhfuil siad a dhéanamh go bhfuil siad ag déanamh gair do na páistí, á dtógáil le Béarla? Tá sin iontach coitianta, aithníonn tú é. Cuirfidh sé iontas ort nuair a chluineann tú páistí ag labhairt i nGaeilg. Bhrisfeadh sé do chroí. Ansin a theacht isteach i roinnt de na siopaí corruair thart agus labhróidh tú Gaeilg leis na girseachaí óga, nó cibé tá ag obair sna siopaí – níl siad uilig mar seo – ach tá cuid acu, agus diúltaíonn siad Gaeilg a labhairt leat. Is cuma cad é, coinneoidh tú ort ag labhairt i nGaeilg. Labhróidh siad ar ais leat i mBéarla. Tá fuath de chineál ínneacht acu ar an Ghaeilg. Sin rud ínneach a chaithfeas muid aghaidh a thabhairt air. Cad chuighe a bhfuil an dearcadh sin acu? Tá athrú fiánta ann. Mar sin féin, tá cuid mhór daoine atá dílis don Ghaeilg.

An Saol Oibre

SMM: Thoisigh tú ag craoladh le Raidió na Gaeltachta?

RMAB: Níor thoisigh. Thoisigh mé le stáisiún bradach i mBaile Átha Cliath. Chuaigh mé go BÁC i 1987. Bhí mé ag obair le NDCR i mBÁC. Obair dheonach a bhí ann, go díreach deis chraolta. Thiocfainn abhaile ag deireadh na seachtaine ansin agus bheinn ag obair le DCR i Leitir Cheanainn. Ní raibh mé i mo bhall den cheardchumann ag an am is ní raibh mé ábalta obair a fháil le Raidió na Gaeltachta – gan a bheith insa cheardchumann. Chuaigh mé thart ag cnagadh ar dhoirse i mBÁC ansin agus chuaigh mé a fhad leis an Irish Press ag an am.

Thug Mícheál Mac Giolla Phádraig deis dom cúpla alt a scríobh don Press, Beoscéalta. Chuaigh mé ag Anois fosta. Bhí dream iontach deas ag obair ansin ag an am, Tomás Mac Síomóin, Mícheál Mac Aonghusa agus Mícheál Ó Cearúill agus bhí Catherine Foley atá san Irish Times. Bhí sé iontach deas a bheith obair leosan, ag foghlaim na ceirde, cineál. Bhí sé níos fusa deis oibre a fháil le RnaG ina dhiaidh sin, ag déanamh corrchláir, nuacht agus achan rud. Ar bhonn fánach a bhí mé ag obair, thall is abhus. Bhí mé ar an choláiste i mBÁC go fóill. Bhí mé ag cuidiú le cara de mo chuid a raibh iris aige i Leitir Cheanainn, ag scríobh thall is abhus. Fuair mé post le Century Radio 1988, nuacht na Gaeilge a léamh. (Anois http://historical-debates.oireachtas.ie/D/0441/D.0441.199404120028.html)(Raidió na hAoise http://www.youtube.com/watch?v=bu30mgMMRkw&feature=related; http://www.youtube.com/watch?v=6CBN3YEJ0B8) SMM: Cén coláiste a raibh tú i mBÁC?

RMAB: Coláiste Dhúlaigh, amuigh sa Chúlóg. Cúrsa cumarsáide a bhí ansin. Cúrsa teilifíse a bhí ann i ndáiríre. (http://www.rte.ie/tv/ttv/thecafe/ronnieblathnaid.html) Bhí mé le Raidió na hAoise ar feadh bliana agus bhog mé go RTÉ, ag obair ar Scaoil Amach an Bobailín le SBB agus Bláthnaid Ní Chofaigh, Michael Davitt agus Art Ó Briain. (http://www.rte.ie/tv/ttv/thecafe/ronnieblathnaid.html)

SMM: Cén uair a raibh tú ag obair as BÁC ag an tús, an clár tráthnóna?

RMAB: Bhí mé ag obair le Ecu, Ecu agus thairg Raidió na Gaeltachta clár cineál laethúil domh, ceithre lá sa tseachtain óna cheathair go dtín a sé. Bhí mé féin agus Seosaimhín Ní Bheaglaoich ag obair ar an chlár sin agus bhí daoine eile cosúil le Veróna Ní Bhroin agus Áine Ní Ghlinn agus Aodán Ó hEaghra. Bhain mé an-sult as.

SMM: Luaigh tú an coláiste cumarsáide ar ball. An raibh dúil agat san obair sin ón tús?

RMAB: Bhí. Ní raibh teilifís againn sa bhaile na blianta siar, nuair a bhí mé óg. Bhí mé ag brath ar an raidió agus na nuachtáin. Bhí mé ag iarraidh mo pháipéar féin a chur amach. Chuir mé mo pháipéar féin le chéile sa bhaile agus chuir m’athair i gcló é, amuigh i Leifear. Bhí páipéar míosúil agam, An tÉireannach! Ní raibh duine ar bith á léamh ach mé féin!! [Pléascann Rónán amach ag gáire]

SMM: Chuir tú aithne ar mhuintir Chonamara.

RMAB: Bhí mé trí bliana ag obair ar Chois Life le Raidió na Gaeltachta. D’fhág mé an chathair i mo dhiaidh, faoi thuirse. Chuaigh mé ag taisteal ansin, Cúba, Meiriceá, Ceanada agus mar sin. Nuair a bhog mé chun an bhaile, shocraigh mé síos i mBothúna, leis na ‘Bothúna Boys’, Caomhán Ó Scolaí, Ciarán Ó Cofaigh, Darach Ó Scolaí agus Pat Simmons as an Nua-Shéalainn, Gaeil uilig. Chaith mé bliain thiar ansin ar an Spidéal. Ní raibh mé ag déanamh oiread sin oibre, ach corrbhabhta sealadach do Raidió na Gaeltachta ag an am sular bhog mé ar ais go Gaoth Dobhair.

SMM: An taithí a fuair tú ar mhuintir Chonamara, ar mhothaigh tú go raibh fuinneamh ar leith iontu?

RMAB: Mhothaigh mé sin i gcónaí, fiú nuair a bhí mé óg ag éisteacht leo ar RnaG. Bhí cuma orthu go raibh neart níos mó iontu, bhí Cumann Cearta Sibhialtachta acu, Cumhacht, an teilifís bhradach i Ros Muc, agus roimhe sin, Saor-Raidió Chonamara. Bhí níos mó ceannairí acu i gConamara. Ceannairí pobail nár bhain le páirtithe polaitiúla. Caithfidh mé a rá go bhfuil ceannasaíocht an-mhaith curtha ar fáil dúinn ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus tá cuid mhór oibre á déanamh ins an Chrannóg ansin, cúrsaí ceoil, cúrsaí teangan agus tá daoine maithe ag cuidiú leis an Chomharchumann. (http://www.youtube.com/watch?v=jD-_l5p3MzI) Acadamh na hOllscolaíocht Gaeilge, sin ceann de na rudaí is mó atá ag gabháil chun tairbhe do chúrsaí teangan anseo le fada.

SMM: Thoisigh tú ag tarraingt cainteoirí maithe na háite isteach ar an chlár anuraidh go háirithe.

RMAB: Thoisigh. Mící Mag Aoidh agus Donncha Cassie Ó Baoill. Tá draíocht ar leith ag baint leis an tsaibhreas cainte atá acu. Níl an saibhreas sin ag mo ghlúinse, ar an drochuair. Is draíochtúil a bheith ag foghlaim focla úra, a bheith ag cur aithne ar na seanfhocla a bhíodh sa chaint, b’fhéidir fiú na téarmaí úra atá ag teacht isteach sa chaint, go dtiocfadh linn téarmaí níos nádúrtha a thabhairt isteach sa chaint. Beidh mé féin agus Dónal Mac Ruairí, mo léirtheoir, ag iarraidh níos mó focla úra a thabhairt isteach sa chaint, téarmaí a bhfuil dúchas iontu, a chumadh le Micí Mac Aoidh agus le daoine den chineál sin, Gaeil mhaithe a aimsiú insna Gaeltachtaí eile a mhealladh ar an chlár sa dóigh is go bhfuil siad ábalta cuidiú linn, agus cur leis an stór focal seo.

Ceol Rónáin

SMM: Cén ceol é ceol Rónáin a Rónáin? Ceol domhanda nó cad é?

RMAB: Is breá liom ceol as achan tír ar domhan. Is breá liom an ceol a tháinig as Cúba, ceol as an Afraic, ceol as Meiriceá Theas, ceol na hÉireann. Tá mé i ngrá le ceol na hÉireann, ceol traidisiúnta agus leithéidí Damo Dempsey, daoine a cheolann le paisean agus a chreideann sa rud a bhfuil siad a cheol fá dtaobh de. (http://www.youtube.com/watch?v=4z4cB5k-XA4) Is maith liom ceoltóirí a bhfuil rud ínteach le rá acu agus mar sin an chloch is mó ar mo phaidrín, ceol úr a spreagadh inár dteangaidh féin agus go mbeidh achan chineál ceol nua-aimseartha inár dteangaidh féin, go mbeidh cuid mhór dá bhfuil ag tarlú sa Bhreatain Bhig agus i dTír na mBascach. Sna tíortha seo, bíonn i bhfad níos mó ag tarlú, bíonn féilte ceoil ag tarlú ina dteangaidh féin. Bíonn lipéadaí ceirníní acu, bíonn staisiúin acu. Tá siad i bhfad chun tosaigh orainn.

SMM: An léann tú leabhair nó cad é an rud a spreagann thú, sa saol, ceol nó cibéard?

RMAB: Ceol is mó, agus comhluadar. Ba ghnách liom níos mó leabharthaí a léamh, nuair a bhí mé níos óige. Ní raibh caitheamh aimsire ar bith eile agam, ach an teilifís. Bhí mé níos tugtha do bheith ag léamh leabharthaí agus, ... thoisigh mé ag caitheamh barraíocht raithnigh! [gáire] Bíonn sé iontach doiligh d’aigne a dhíriú ar ábhar léitheoireachta. Dáiríre, le níos mó a léamh bheadh sos de dhíth, ón raithneach. Mar sin féin, tá mé ag léamh leabhair faoi láthair ar ‘The Lost Revolution’. Sin scéal faoi na greamaithe, na stickies, Official IRA agus Sinn Féin. (http://www.youtube.com/watch?v=kWLL4XUdUtU) Tá sé iontach suimiúil agus na carachtair atá luaite ann, cosúil le hEoin Ó Murchú agus le Séamus Ó Tuathail agus tá Gaeil mhaithe eile luaite insa leabhar. Agus cad é an stair uilig nuair a tharla an scoilt. Bhrisfeadh sé do chroí nuair a thoisigh siad ag titim amach lena chéile, ag marú a chéile agus achan rud eile. Bhí na haidhmeanna céanna ag achan duine agus thoisigh siad ag titim amach lena chéile. D’athraigh sé a ndearcadh s’acusan. Léim cuid mhór fá na sé chontae, fá rudaí a thiteann amach ansin. Tá chor a bheith achan leabhar ar an stailc ocrais léite agam. ‘Blanketmen’, leabhar a chuir isteach go mór orm, leabhar a scríobh Richard O Rawe. Leabharthaí faoi Bobby Sands, leabhar a scríobh Tim Pat Coogan, agus Robert Fisk, agus ‘Ten Men Dead’ le David Beresford. Na leabharthaí sin uilig. Is maith liom leabharthaí staire. (http://www.youtube.com/watch?v=zjxxxazZl0k&feature=related)

SMM: Scannáin?

RMAB: Ag amharc ar chuid mhór scannán eachtrannach. Is maith liom fíorscéalta.

SMM: Bhí tú ar laetha saoire ar na mallaibh. An maith leat taisteal thar lear?

RMAB: Ba ghnách liom taisteal thar lear. Cha dtearn muid sin i mbliana. Chuaigh muid go Corca Dhuibhne agus go Corcaigh agus áiteacha mar sin. D’fhan muid sa tír mar a déarfá.

SMM: Tusa is dóigh liom an chéad duine a chuir an Dr. Ian Malcolm, Aontachtach, os comhair an phobail, ar na meáin Ghaeilge. An rud tábhachtach é sin?

RMAB: Sílim gu’b é. Tá cuimhne agam fosta, nuair a bhí mé ag déanamh cláir i mBaile Átha Cliath, bhí bean againn, Heather Floyd as Bóthar na Seanchille, a raibh ciorcal comhrá ar siúl aici in ionad na mban ar Bhóthar na Seanchille. Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach, go bhfuil muid ag labhairt le leithéid s’aici agus le hIan agus ag fáil dearcadh na nAontachtaithe. Tuigeann Ian gur leis féin an Ghaeilg oiread agus achan duine eile agus tá mé ag déanamh go bhfuil sin iontach tábhachtach. Is maith liom an chraic le hIan agus tá dúil ag Ian i gceol Reggae agus bíonn muid ag caint ar cheol Jamaica agus rudaí den chineál sin chomh maith le bheith ag caint ar pholaitíocht. (Cúnant Uladh http://www.geocities.com/Athens/8308/conarthaibunaidh.html) (Bóthar na Seanchille http://www.beo.ie/index.php?archiveid=1205&page=archivecontent)

Toraigh na dTonn

SMM: Bhí dúil mhór agat san oileán, in Oileán Thoraigh riamh?

RMAB: Bhí i gcónaí. Chuaigh mé go Toraigh an chéad lá riamh in 1987 agus chuaigh Toraigh go mór i bhfeidhm orm. Arís, cionn is go raibh a lán daoine in Oileán Thoraigh agus go raibh Gaeilg ag achan uile dhuine. An Ghaeilg is deise dár chuala mé riamh. Bhí sé galánta, bhí na hamhráin acu agus bhí dúil acu sa cheol agus sa chraic agus sa chuideachta agus tá cairde déanta agam i dToraigh agus tá cuimhne agam ar an chéad lá i dToraigh go fóill. Níor chaill mé bliain i dToraigh go fóill. Bím i dToraigh uair nó dhó achan bhliain agus bainim an-sult as, - faoi dhó i mbliana. B’fhéidir go mbeidh mé ann an tríú uair i mbliana. Is maith liom na carachtair, tá aithne mhór agam ar Phól Mag Ruairí, Prionsa an Oileán - Mac Rí an Oileáin. B’fhéidir mí ó shin, bhí mé istigh go deireanach. Is maith liom an chuideachta sna toithe leis na daoine. (Toraigh http://www.rte.ie/tv/oilean/av_index.html)

Raidió na Life agus Raidió Fáilte

SMM: Cad é faoi Raidió na Life agus Raidió Fáilte? An dtiocfaí rud ar bith a dhéanamh leis an dá bhealach eile, go mbeadh níos mó ná Raidió na Gaeltachta i saol na Gaeltachta; tá a fhios agam go bhfuil fáil orthu sin ar an idirlíon, ar fud an oileáin agus ar fud an domhain, ach ar mhaith leat go mbeadh deis ag na bealaí eile a bheith ar fáil ar fud an oileáin- is é sin, go mbeadh siad amuigh ar aerthonnta eile? (http://www.raidionalife.ie//) (http://ga.wikipedia.org/wiki/Raidi%C3%B3naLife) (www.raidiofailte.com) (http://ga.wikipedia.org/wiki/Raidi%C3%B3_F%C3%A1ilte)

RMAB: Tá meas fiánta agam ar Raidió na Life agus ar Raidió Fáilte agus ar na daoine atá ag obair sa dá stáisiún sin. Ní fheicim cúis ar bith nach dtiocfadh leo a bheith ag craoladh go náisiúnta.

SMM: Ach deacracht an cheadúnais a réiteach -

RMAB: - Tuigim go bhfuil ceadúnas craolta áitiúil acu. Tá siad ag caint le fada ar stáisiún úr a bhunú, stáisiún a bheadh dírithe ar dhaoine níos óige agus ní fheicim fáth ar bith nach dtiocfadh le Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Raidió na Gaeltachta a bheith páirteach ansin, sa tseirbhís úr. – Agus nach mbeadh feidhm leis na liricí Béarla ar Raidió na Gaeltachta!

SMM: Ar mhaith leat ainm a roghnú don tseirbhís úr?

RMAB: Is é an t-ainm a bhí agamsa i gcónaí, Craic FM! B’fhéidir go bhfuil sin seanfhaiseanta anois! [gáire croíúil]

Raidió na Gaeltachta (http://www.rte.ie/rnag/)

SMM: An bhfuil aon fhorbairt ar leith ar mhaith leat a fheiceáil ar Raidió na Gaeltachta?

RMAB: Sílim go bhfuil Raidió na Gaeltachta ar an stáisiún is fearr sa tír. SMM: An stáisiún is fearr sna tíortha ceilteacha!

RMAB: Sea, an stáisiún is fearr sna tíortha ceilteacha, tá an gradam sin faighte acu. Tá rud iontach speisialta faoi bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Má tá tú ag éisteacht le hAthmhaidin nó leis na cláracha nuachta, bíonn gairmiúlacht ar dóigh ann, insna craoltóirí, insna láithreoirí. Tá ceisteanna curtha nach bhfuil curtha ar na stáisiúin eile, le, b’fhéidir, dearcadh nach gcluinfidh tú ar stáisiúin eile. An bhfuil a fhios a’t, tá siad ábalta labhairt le daoine ar fud an domhain agus gheobhaidh tú léargas ar scéalta nach bhfaighidh tú in áit ar bith eile. Tá mé ag déanamh go bhfuil Raidió na Gaeltachta mar atá sé, iontach, iontach maith, iontach cumhachtach. I dtaca le hathraithe, níl a fhios agam ...

SMM: .... Forbairt seachas athraithe?

RMAB: Níl a fhios agam caithfidh mé smaoiteamh. B’fhéidir, rud ínteach a dhéanamh leis an dream níos óige a mhealladh isteach agus go mbeadh siad a rá gurb é a stáisiún s’acu féin a bheadh ann, go mbeadh sé tábhachtach daofa. B’fhéidir nach bhfuil sin ann faoi láthair. Taobh amuigh de sin, níl a fhios agam an bhfuil dóigh le roinnt cláracha a chraoladh go háitiúil. Sílim go mbeadh sé sin iontach mealltach ag éisteoirí. Tá mé ag déanamh go mbíonn daoine ag éisteacht leis na cláracha áitiúla i dTír Chonaill, agus insna ceantracha eile, nach n-éisteodh leis na cláracha as na réigiúin eile. An méid sin ráite, i gcás an chláir seo againn féin, faigheann muidinne na céadta téacsanna, scairteanna isteach, as Conamara agus as Corcaigh agus as achan áit thríd an tír agus teachtaireachtaí as áiteachaí ar fud an domhain. B’fhéidir go bhfaigheann Máirtín Tom Sheáinín, agus na cláracha thiar, an rud céanna agus fiú na cláracha i gCiarraí, ó dheas. Tá daoine ag éisteacht leis na cláracha uilig, ach go mb’fhéidir, thall is abhus, craoladh as na cluichí, go díreach na rudaí a bhfuil suim ag daoine as na ceantracha sin iontu.

SMM: Tharraing tú roinnt daoine isteach ar na cláracha le roinnt míonna anuas. Bhíodar ag cailleadh meáchain. An raibh tú féin páirteach ann, an raibh tú féin páirteach san iarracht?

RMAB: Ní raibh. SMM: Ach chuaigh sé i bhfeidhm ort?

RMAB: Is í an fhírinne, bhí mise ag déanamh an chláir, mar a shocraigh muid leis an Chlub Chaol. Bhí tinneas goile orm ag an am agus d’fhág sé nach raibh mé in ann chuile rud a ithe níos mó. Chaill mé meáchan dá bharr sin, ach shíl achan duine go raibh mé leis an Chlub Chaol! Dá mbeadh sé le déanamh agam, bheadh sé iontach doiligh agam é a dhéanamh mar nach bhfuil an féinsmacht sin agam le tabhairt orm féin a bheith ag déanamh aclaíochta agus a bheith ag ithe na rudaí cearta. Ach tá mé ag ithe i bhfad níos mó anois, rudaí folláine, sa dóigh is nach mbeidh mé tinn. [pléascadh gáire]

Oireachtas na Gaeilge (http://www.antoireachtas.ie/staging_007/index.php)

SMM: Bíonn tú le feiceáil ag an Oireachtas i dtólamh. An mbraitheann tú go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an Oireachtas?

RMAB: Á tá an-tábhacht ag baint leis! Arís, bhí mé a ráit gur RnaG an stáisiún is fearr, mar stáisiún náisiúnta, sa tír agus mar fhéile Ghaeilge, sin í an fhéile is fearr sa tír. Téann sé i bhfeidhm go mór orm achan bhliain agus bíonn mo chairde ansin achan bhliain agus téann sé i bhfeidhm orthusan. Is maith liom an chraic ann agus nuair a bhuaileann an Gael le Gael eile, bíonn cineál draíochta ar leith ann láithreach. Ní bheadh an chraic chéanna ag féile Bhéarla go deo.

Nuair a bhuaileann Gael le Gael eile, níl amaidí ar bith leis, bíonn an nasc sin ann láithreach [baineann Rónán smeachanna ordóige mar threisiú anseo], tá sé sa bhád chéanna leat, go bhfuil muid iontach bródúil, ag iarraidh rud maith a dhéanamh ó thaobh na teangan. Tá mé ag súil go mór le hOireachtas na bliana seo. Beidh muid ag craoladh, mar a bhí anuraidh, ar feadh dhá uair an chloig [clár Rónáin féin]. Beidh muid ag déanamh clár beo ar an Aoine agus tá mé ag súil go mór le sin. An méid sin ráite, bheinn i bhfách le féile eile a bheith ann, an darna féile. Sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh an Fhéile Chraiceáilte a fhorbairt. Féile a mhealladh, b’fhéidir, dream eile, agus dream níos óige, dream a bhfuil dúil acu i gceol difriúil agus ceol nua-aimseartha agus achan rud eile. Chomh maith le sin, damhsa ar an sean-nós, ..... SMM: .... Nuair a bheadh siad cleachtaithe leis an fhéile sin, thiocfadh leofa gabháil chuig an Oireachtas?

RMAB: Séaidh! Tiocfaidh siad chuig an Oireachtas. Tá mé ag déanamh go dtiocfadh le gaol iontach deas a bheith idir an dá fhéile agus ní fheicim cúis ar bith nach dtiocfadh linn an dara féile a bheith againn. Ní bheidh an dara féile chomh mór choíche le hOireachtas na Gaeilge. (Oireachtas Chorcaí http://ioireachtas.wordpress.com/)

SMM: An dara ceist deiridh: an gcreideann tú sna Leipreacháin?

RMAB: Jez’, braitheann sé cé chomh mór is atá ólta agat agus cad é tá caite agat! [gáire croíúil]

An Cabaret Craiceáilte (http://www.craiceailte.com/eanair.html)

SMM: Agus an cheist deiridh, an bhfuil aon rud eile ba mhaith leat a rá?

RMAB: Níl mé a rá go bhfuil, eh -, bígí ag éisteacht le RnaG agus tabharaigí cuairt orainn ag an Cabaret Craiceáilte! Bíonn sé againn uair sa mhí, Toigh Hiúdaí, an satharn deireanach den mhí. Bíonn ceoltóirí ar dóigh againn. Bhí Séamas Ó Beaglaoich againn, Mairéad Ní Mhaonaigh, Tristan Rosenstock, bhí Johnny Connolly, Mattie Joe Shéamais, Máirtín Tom Sheáinín, bhí Beartla Ó Domhnaill, Clann Sonny Choilm Learaí uilig againn, bhí mórcheoltóirí áitiúla. Tá lúcháir orm gur spreag muid ceoltóirí áitiúla fosta, leithéidí Willy Beag Mac Giolla Bhríde agus Bríd Ní Ící agus ceoltóirí den chineál sin de cheol, go hiomlán i nGaeilg, agus Doiminic Mac Giolla Bhríde agus muintir Thoraigh, bíonn siad uilig go rialta ag an Chabaret.

(Séamas Ó Beaglaoich http://www.youtube.com/watch?v=pqDAUhQhapI)(Mairéad Ní Mhaonaigh http://www.youtube.com/watch?v=h4OAkUN-m3A)(Tristan Rosenstock le Téada http://www.youtube.com/watch?v=qQMBjpUhsPc)(Johnny Connolly http://www.youtube.com/watch?v=slI5cQNpEJ0&NR=1)(Mattie Joe http://www.bebo.com/PhotoAlbumBig.jsp?MemberId=5037430354&PhotoId=6175224664&PhotoAlbumId=6175193451)(Máirtín Tom Sheáinín http://www.youtube.com/watch?v=n4-7GdCcZmU)(Beartla Ó Domhnaill http://www.youtube.com/watch?v=1cpSii66HA)(http://www.bebo.com/PhotoAlbumBig.jsp?PageNbr=1&MemberId=5037430354&PhotoAlbumId=6175193451&PhotoId=6175213749)(Doiminic Mac Giolla Bhríde http://www.youtube.com/watch?v=mlW7I0kDaE)(http://www.youtube.com/watch?v=6izJX5aupQQ&feature=related)

Tá muid ag iarraidh sin a leathnú amach. Tugadh cuireadh dúinn dul chuig Fulacht na hAibhléise – Electric Picnic - i mbliana agus carachtar an-suimiúil, Tura Arutura as an tSiombáib, tá Gaeilg aige. D’fhoghlaim sé Gaeilg i mBéal Feirste. Tá sé ina chónaí ansin. (http://www.youtube.com/user/Arutura) Tá scoil damhsa aige i mBéal Feirste agus tá sé ar dhuine de na damshóirí is fearr a bhfaca tú riamh i do shaol. Déanann sé damhsa hip-hop, damsha traidisiúnta na hAfraice, damhsa Gaelach, damhsa ar an sean-nós agus ceolann sé amhráin. Ceann de na hamhráin atá aige, ‘Tír gan teanga, tír gan anam agus tá an teanga insan anam’. Bíonn sé linn ag an Chabaret go minic. Bhí sé linn ag an Picnic an deireadh seachtaine seo caite agus thóg na Gardaí é ar an bhealach go dtí an Picnic mar go raibh dath dubh ar a chraiceann! (http://www.electricpicnic.ie/music/) Thóg siad é go dtí an bheairic i nDún Dealgan agus labhair mise leis na Gardaí, ‘cad chuighe ar thóg sibh é?’, agus dúirt siad nach raibh ID ar bith aige. Ach ní raibh cárta aitheantais ag duine ar bith eile ach choinnigh siad é ar feadh cúpla uair an chloig agus faoin am gur éirigh leis theacht amach, bhí sé thart faoin a haon déag nuair a tháinig sé a fhad leis an Picnic, mar sin, ní raibh sé in ann a bheith páirteach insa Chabaret Dé Sathairn, ach bhí sé linn ag an Chabaret Dé Domhnaigh agus cuireadh an-fháilte roimhe. Agus ghlaoigh muid ar an bheairic ón stáitse ag iarraidh orthu a scaoileadh saor. Bíonn Tura linn ag an Chabaret.

SMM: Bhí tú ag Club Sult? (http://www.clubsult.com/)

RMAB: Bhí mé cúpla babhta. Bhí sé iontach maith. Agus tá club eile i mBÁC, ag Peadar Mac Gaoithín agus ag Cóilín Ó Cearbhaill. Agus tá club i mBéal Feirste agus chuala mé go bhfuil siad ag iarraidh club úr a bhunú i mBÁC agus tá cuireadh faighte againn anois gabháil siar Conamara, – an Cabaret Craiceáilte a léiriú Tigh Hughes, ar an Spidéal. Beidh muid á dhéanamh sin i mbliana. Tugadh cuireadh dúinn an Cabaret Craiceáilte a léiriú ar Oileán Thoraigh arís chomh maith. De réir a chéile, tá an soiscéal ag spréadh go bhfuil rudaí maithe ag tarlú, go bhfuil an chraic sa cheol agus go bhfuil muid bródúil. Tá an taobh sóisialta den Ghaeilg iontach tábhachtach. Mura bhfuil sin agat, níl daoine ag teacht le chéile, gan meascadh le daoine eile, níos mó agus níos mó, - an bhfuil a fhios agat, tá sé níos fusa sa Ghaeltacht, buailfidh daoine lena chéile sa teach leanna.

SMM: Sin é a Rónáin! Tá an réabhlóid ar bun!

RMAB: [ag gáire] Go raibh míle maith agat a Sheosaimh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.