Labhair Colm Mac Séalaigh le Curadh na hEorpa agus Curadh an Domhain dornálaíocht, Katie Taylor. Ní hé amháin gur scoth an domhain sa dornálaíocht í Katie, ach chaith sí cúig bliana ag imirt do fhoireann sacair na hÉireann san iliomad cluiche idirnáisiúnta, éacht ann féin mura mbeadh ann ach é. Tá a haird dírithe ar an mbliain seo chugainn, 2011, bliain cháilithe do na cluichí Oilimpeacha i Londain, 2012. Thagair Katie san agallamh don Chumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann, dá creideamh láidir agus don eachtra a shaighdigh í i mbun athfhoghlaim na Gaeilge.
Bean óg eisceachtúil í Katie Taylor. Ceannródaí í maidir le dornálaíocht na mban in Éirinn. Is í an t-imreoir spóirt is rathúla atá ag treabhadh sa ghort spóirt idirnáisiúnta a tháinig as an tír seo riamh. Trí huaire i ndiaidh a chéile, 2006, 2007 agus 2009, tá Craobh na hEorpa gnóthaithe aici agus dhá uair as chéile, 2006 agus 2008, bhain sí Craobh an Domhain.
CMS: Inis dom faoi d’óige.
KT: Rugadh mé in Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin, i gContae Átha Cliath, ach is as Bré, Contae Chill Mhantáin dom agus táim bródúil as sin. Ba áit dheas í Bré agus mé ag fás aníos agus táim an-sásta go bhfuil cónaí orm ann. Le linn m’óige d’imir mé a lán spórt éagsúil - sacar, dornálaíocht, an pheil Ghaelach, camógaíocht, lúthchleasa agus an chispheil. Bhí mé i gcónaí ag imirt spóirt.
CMS: An raibh tú go maith ag gach spórt?
KT: Bhí mé ceart go leor. (Katie ag gáire ag an bpointe seo). Bhínn ag imirt peile agus camógaíochta le cumann Feargal Óg ag an am ar thosaigh mé ag dornálaíocht is le cumann Naoimh Fergal. Athraíodh ainm an chumainn ó shin go Cumann Dornálaíochta Bhré (Bray Boxing Club). D’fhreastail mé ar scoil náisiúnta Naoimh Fergail, an bhunscoil áitiúil, agus ar Phobalscoil Naomh Killian (St. Killians Community School), Bóthar na Móna atá in aice le Naomh Fergal. D’imir mé a lán spóirt ar scoil, an chispheil go háirithe. Rinne mé an Ardteist in 2004 nuair a bhí mé ocht mbliana déag d’aois.
CMS: An raibh tú go maith ar scoil agus ar fhoghlaim tú mórán Gaeilge ar scoil?
KT: Bhí mé ceart go leor. Ní raibh mé dána. ‘Mharódh’ mo thuismitheoirí mé dá mbeinn i dtrioblóid leis na múinteoirí. Ní raibh siad géar mar thuismitheoirí, ach níor mhaith leo go mbeimis dána. Maidir le Gaeilge, d’fhoghlaim mé roinnt, ach ní raibh suim agam inti an t-am sin.
Tús na Dornálaíochta
CMS: Cén uair a thosaigh tú ar an dornálaíocht?
KT: Bhí mé deich mbliana d’aois nó mar sin nuair a thosaigh mé ar an dornálaíocht. Bhí m’athair ina dhornálaí agus bhí mo bheirt deartháireacha ag troid freisin agus, go deimhin, bhí mé an-tugtha do gach cineál spóirt. Bhímis i gcónaí ag dornálaíocht sa bhaile roimhe sin.
CMS: An mbíteá ag troid leis na deartháireacha?
KT: Ní bhíodh. Bhí siadsan níos sine ná mé agus bhíodar an-láidir; róláidir domsa, agus tá fós. Ní bheinn in ann iad a bhualadh inniu féin. Is dornálaithe an-mhaithe iad, ach níl an t-am acu anois le bheith ag traenáil go dian.
CMS: Cad as do d’athair?
KT: As Leeds Shasana do m’athair agus as Bré do mo mháthair. Is as Sasana do thuismitheoirí m’athair. Tháinig sé féin agus cara leis go hÉirinn le dul ag obair anseo. Bhuail sé le mo mháthair agus d’fhan sé. Bhí sé ocht mbliana déag d’aois. Bhíodh sé ag dornálaíocht agus bhí sé ina churadh náisiúnta ar Éirinn sa rannóg throm-mheáchan éadrom. Bhí sé an-mhaith, ach is dóigh go bhfuil mé féin leataobhach ar a shon! Is as Bré do mo mháthair. Bhí sí ina cónaí i gCiarraí nuair a bhí sí óg agus bhí sí líofa sa Ghaeilge deir sí, ach tá sí as cleachtadh anois.
CMS: Cén uair a thosaigh tú ag glacadh páirte i gcomórtais dornálaíochta?
KT: Bhí mé 15 bliain d’aois nuair a bhí mo chéad troid agam. Ní raibh mórán cailíní ag dornálaíocht ag an am sin agus bhinn agus bím fós ag traenáil le buachaillí. Bhí an chéad troid in aghaidh Alanna Audley as Béal Feirste agus bhuaigh mé. Ba shin an chéad troid ag mná in Éirinn, sa bhliain 2001. Bhí mná i mbun dornálaíochta cheana féin in áiteanna eile ar domhan ach ní raibh in Éirinn. Ní troid i gcomórtas náisiúnta a bhí ann, ach taispeántas sa Staid Náisiúnta a bhí ann. Bhí Andy Lee ag troid chomh maith ar an ócáid sin.
Dornálaíocht na mBan in Éirinn
CMS: An bhfuil cailíní eile ag dornálaíocht anois?
KT: Tá a lán cailíní ag dornálaíocht anois, ach níl siad i bhfad tosaithe. Níl mórán in Éirinn san aois chéanna nó sa roinn mheáchain chéanna liomsa.
CMS: Cad é an chéad chomórtas a bhuaigh tú agus cá raibh sé ar bun?
KT: Níor bhuaigh mé Craobhchomórtas Náisiúnta riamh ar an ábhar nach raibh aon chéile comhraic le fáil in Éirinn. Bronnadh an teideal orm i mbliana gan freasúra áfach. Bhuaigh mé mo chéad chomórtas, comórtas idirnáisiúnta a bhí ann, ag Tønsberg san Iorua, nuair a bhí mé 17 mbliana.
CMS: Cén uair a bhuaigh tú Craobhchomórtas na hEorpa?
KT: Bhí mé 18 mbliana d’aois nuair a bhuaigh mé Craobhchomórtas na hEorpa den chéad uair in 2005. Chaill mé sa chéad Chraobhchomórtas Eorpach ar ghlac mé páirt ann an bhliain roimhe sin. Bhuaigh mé arís in 2006, 2007 agus 2009. Ní thionóltar an Chraobhchomórtas Eorpach ach gach dara bliain ó 2007.
CMS: Cén chaoi ar bhraith tú nuair a bhuaigh tú den chéad uair?
KT: Bhí mé thar a bheith ríméadach agus an-bhródúil as bheith ag troid ar son na hÉireann. Bhí sé deacair troideanna a fháil sa bhaile mar nach raibh mórán cailíní in Éirinn ag gabháil don dornálaíocht. Bhíodh m’athair, mo thraenálaí, ag déanamh a lán oibre, agus bíonn fós, chun troideanna a fháil dom i gcoinne dornálaithe thar lear agus chun dornálaithe a mhealladh go hÉirinn. Ba rud an-speisialta ar fad é Craobh na hEorpa, agus Craobh an Domhain ina dhiaidh sin a thabhairt go hÉirinn.
Corn an Domhain
CMS: Bhuaigh tú Corn an Domhain ceithre bliana ó shin?
KT: Bhuaigh mé Corn an Domhain an chéad uair nuair a bhí mé 20 bliain d’aois in 2006. Chaill mé sa chomórtas an bhliain roimhe sin, ach bhí mé ag feabhsú an t-am go léir. Nuair a bhuaigh mé Corn an Domhain, fíorú m’aislinge a bhí ann go cinnte. San India a bhí an comórtas agus cé gurbh é an geimhreadh a bhí ann, bhí sé fós an-te ach níor chuir sé sin as dom. Bhuaigh mé Corn an Domhain arís in 2008 sa tSín. Chaill mé a lán troideanna freisin i gcomórtais idirnáisiúnta, ach tá mé níos fearr mar dhornálaí de bharr na dtroideanna a chaill mé mar d’fhoghlaim mé a lán as na troideanna sin. Creidim go bhfuil sé sin fíor ar fad.
CMS: Inis dom faoi bheith ag imirt sacair.
KT: D’imir mé le foireann sacair na hÉireann idir 2004 agus 2009. Thaitin sé go mór liom a bheith ag imirt sacair, agus fuair mé a lán cuirí ó chlubanna i Sasana agus ó choláistí i S.A.M. dul ag imirt leo. Murach an dornálaíocht is dóigh gur ag imirt sacair go gairmiúil i Sasana nó i Meiriceá a bheinn. Is í an dornálaíocht mo chéad rogha. Thóg mé cinneadh in 2009 go ndíreoinn ar an dornálaíocht amháin feasta.
CMS: Mura mbeifeá i do dhornálaí lánaimseartha, cad a bheadh á dhéanamh agat?
KT: Bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith ag plé le spórt ar bhealach éigin go gairmiúil, ach é sin ráite, níl fhios agam cén cineál comhthéacs a bheadh i gceist.
CMS: Mar dhornálaí amaitéarach lán-aimseartha conas a mhaireann tú – conas a choinníonn an tsnáithe faoin bhfiacail?
KT: Tá deontas ón Chomhairle Náisiúnta Spóirt agam agus cuidíonn sé sin liom maidir le costais mhaireachtála a íoc. Cónaím sa bhaile le mo mhuintir agus tugann mo mháthair agus m’athair an-aire dom! Agus tá gluaisteán nua agam a bhronn an chuideachta Toyota orm. Íocaim féin as an árachas.
CMS: Cén regime nó córas traenála atá agat?
KT: Bím ag traenáil cúig nó sé lá sa tseachtain agus dhá uair sa lá nuair a bhíonn comórtas ar na bacáin. Ar maidin, seisiún reatha nó seisiún fisiceach, ardú meáchan mar shampla, a bhíonn i gceist, agus sa tráthnóna, bíonn seisiún dornálaíochta i gceist. Ligim mo scíth idir na seisiúin, agus b’fhéidir go rachainn ar ais a chodladh idir na seisiúin. Bím tuirseach i ndiaidh seisiún traenála.
CMS: An mbíonn am saor agat agus cad a dhéanann tú id’ am saor?
KT: Bíonn lá amháin saor in aghaidh na seachtaine, Dé Domhnaigh de ghnáth, agus uaireanta bíonn lá i rith na seachtaine saor chomh maith. Ar an lá saor, rachaidh mé go dtí an phictiúrlann le mo chairde de ghnáth. Is beag eile a dhéanaim i ndáiríre.
Is é an Bia Capall na hOibre
CMS: Cén saghas aiste bia a leanann tú?
KT: Ithim go sláintiúil den chuid is mó. Aiste bia a bhfuil cothromaíocht ag baint léi a bhíonn i gceist – a lán torthaí agus glasraí go mór mór. Ithim a lán feola freisin, ithim uibheacha agus is maith liom iasc. Dáiríre, is breá liom mo chuid bia, ach ní maith liom sprouts! Is í mo mháthair an cócaire agus réitíonn sí mo chuid bia dom mar is ceart. Tá dúil mhór agam sa tseacláid áfach agus má ithim beagán seacláide, beidh béile níos lú agam ina dhiaidh sin. Toisc go gcaithfidh mé a bheith faoi 60 kg gar d’am comórtais, ní mór dom a bheith an-chúramach faoin méid a ithim. Bíonn ocras orm le linn na laethanta roimh chomórtas, ach tar éis chomórtais ithim gach sórt bia. Déanaim muc díom féin ansin!
CMS: Mínigh dom ról d’athar i do shaol.
KT: Is é m’athair mo thraenálaí agus is é an traenálaí is fearr ar domhan, is í mo thuairim meáite. Tugann sé spreagadh dom agus tacaíocht agus tá gaol iontach eadrainn. Chomh maith leis sin, is fear mór teaghlaigh é. Teaghlach an-dlúth atá ionainn agus is é an teaghlach an rud is tábhachtaí dúinn. Sa bhaile is é m’athair m’athair, ach sa halla gleacaíochta agus i gcró na dornálaíochta, is é mo thraenálaí é. Tá sé in ann an dá ról a chomhlíonadh. Ní bhíonn aon easaontas eadrainn riamh maidir le traenáil agus dornálaíocht, ach taobh amuigh de sin, ar nós aon iníon agus athair bíonn corrfhocal eadrainn anois is arís ach ní mórán é. Dáiríre, tá mé beannaithe ó thaobh mo mhuintire de agus bheinn caillte gan iad. Cé gurb é m’athair mo phríomhthraenálaí, tá traenálaithe eile ann a mbíonn plé agam féin agus ag dornálaithe eile leo: Zauri Anha, cóitseálaí teicneolaíochta agus ardghníomhaíochta, agus Billy Walsh, cóitseálaí ardghníomhaíochta. Ach ní bheinn i mo Churadh ar Domhan gan m’athair. Is é an príomhthraenálaí i gCumann Dornálaíochta Bhré chomh maith é agus bíonn dornálaithe óga eile faoina chúram.
An Gnáthamh
CMS: An mbíonn tú imníoch roimh throid agus an mbíonn plean nó straitéis agat?
KT: Bím i gcónaí neirbhíseach roimh throid. Tá sé sin normálta ceapaim. Ach is Críostaí mé agus cuidíonn mo chreideamh liom chun mé féin a ullmhú don troid. Éistim leis na hamhráin áirithe chéanna Críostaí ar mo iPod roimh throid agus léim na véarsaí céanna as an mBíobla freisin. Bíonn sé de nós agam féin agus ag m’athair dul ag siúl maidin na troda; nós nach mbrisimid riamh.
Tosaíonn an gnáthamh tar éis an phromhadh meáchain: ithim mo bhricfeasta, agus ansin téim ag siúl le m’athair. Bímid ag caint faoi gach cineál ruda agus b’fhéidir nach labhróimis faoi dhornálaíocht ar chor ar bith. I seomra an óstáin (bíonn formhór na dtroideanna ag Katie thar lear) éistim le ceol agus léim rannta as an mBíobla. Tá sé tábhachtach dom a bheith ag urnaí. Níl aon phaidir ar leith i gceist. Bím ag caint le Dia faoin troid mar is é Dia mo neart agus mo mhuinín. Ní bhím ag smaoineamh ar aon rud nó ar aon duine eile le fírinne. Ag teacht amach ón seomra feistis go dtí an cró dornálaíochta, bím neirbhíseach.
CMS: Ag an sos idir babhtaí le linn troda, an mbíonn tábhacht le focail an traenálaí - an gcloiseann tú cad deir sé?
KT: Cloisim. Ceithre bhabhta dhá nóiméad ar fhad a bhíonn i gceist i ndornálaíocht na mban. Ag na sosanna, tá an treoir a thugann m’athair, mo thraenálaí, an-tábhachtach. Éistim le gach rud a deir m’athair. Bíonn sé ag déanamh staidéir ar an dornálaí eile. Is é is fearr chun troid a léamh.
CMS: Nuair a bhíonn an troid thart, cad é an próiseas ansin, an mbíonn tú tuirseach?
KT: Bíonn próiseas a dtugtar an warm down air i mBéarla, nó an fuarú mall is dócha, is é sin scíth a ligean de réir a chéile. Bímid ag caint faoin troid atá díreach thart. Bím tuirseach de ghnáth. Uaireanta bíonn mo chuid matán an-tinn de bharr na mbuillí. Ní bhíonn sé éasca uaireanta. (“Bíonn sé níos déine ar an dornálaí eile” a deirimse léi. Tosaíonn Katie ag gáire!)
Cumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann agus Billy Walsh
CMS: An bhfuil aighneas idir tú agus Cumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann?
KT: Níl aon teannas idir mé agus an Cumann Dornálaíochta. Ní bhíonn mórán plé agam leo dáiríre. Ní raibh siad sásta go mbeinn ar chlár dornálaíochta gairmiúil, ach theastaigh an sórt sin ullmhúcháin uaim – a bheith ag troid in Éirinn ós comhair slua glórach faoi mar a tharla ar chlár Bernard Dunne. Bhí mé le bheith ag troid mar chuid de chlár gairmiúil i Luimneach le déanaí, ach briseadh mo shrón le linn babhta sparraíochta ag seisiún traenála. Mar sin a bhíonn an dornálaíocht uaireanta.
CMS: An raibh díomá ort faoi scéal Billy Walsh?
KT: Bhí díomá orm nár ceapadh Billy Walsh sa phost mar Stiúrthóir Ardghníomhaíochta Dornálaíochta. Ba é an fear ab fhearr don phost sin dar liom. Tá a lán aighnis ann i dtaobh an cheapacháin atá déanta ag Cumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann, an IABA mar a thugtar air. Níl an Chomhairle Náisiúnta Spóirt sásta ach oiread leis an mbealach ina ndearnadh an ceapachán.
CMS: Cad iad spriocanna atá agat i mbliana agus sna blianta beaga amach romhainn?
KT: Is é Craobh an Domhain i mí Mheán Fómhair príomhchomórtas 2010 agus beidh sé sin ar siúl i mBarbados. Tá súil agam go mbeidh an bua agam arís. An bhliain seo chugainn, bliain cháilithe do na cluichí Oilimpeacha a bheidh i gceist, agus mar sin bliain ollmhór a bheidh inti. Tá súil agam go mbeidh mé cáilithe do na Cluichí Oilimpeacha faoi 2011.
CMS: Cad is gá a dhéanamh chun cáilíocht a bhaint amach?
KT: Beidh Comórtas na hEorpa ar dtús – an chéad chomórtas cáilithe. Ina dhiaidh sin, nílim cinnte. Níl sé soiléir go fóill cén córas cáilithe a bheidh i gceist toisc gurb é an chéad uair a mbeidh dornálaíocht na mban ag na Cluichí Oilimpeacha. Beidh trí chomórtas cáilithe ag na fir in 2011. Ach, pé ní is gá a dhéanamh, is é m’aidhm ná cáiliú do na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012. Ba í an aisling a bhí agam i gcónaí a bheith san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha agus an bonn óir a bhuachan. Ach caithfidh mé cáiliú ar dtús!
CMS: Ó thaobh meáchan, an mbeidh fadhb a bheith fós faoi 60kg faoi cheann dhá bhliain eile?
KT: Is deacracht i gcónaí é ! Bím ós cionn 60k formhór an ama agus bíonn orm cúpla kg a chailliúint roimh throid nó comórtas. Ní bheidh ach trí roinn de réir meáchain sna Cluichí Oilimpeacha do na mná: 51 k, 60 k agus 75k agus is í an roinn 60k an sprioc atá agamsa.
An tUllmhúchán Roimh Ré
CMS: Cén cineál ullmhúcháin a bheidh á dhéanamh agat do na Cluichí Oilimpeacha?
KT: Ní bheidh aon ní difriúil á dhéanamh agam. Beidh mé ag ullmhú ar an mbealach céanna a mbím i gcónaí. Ní féidir liom traenáil níos deacra nó níos déine a dhéanamh ná mar atá ar siúl agam i gcónaí. Tá mé ag feabhsú an t-am go léir, ach níl a leithéid de dhuine ann agus dornálaí foirfe. Bím ag caint le Kenny Egan go rialta. Is cabhair mhór é agus tugann sé spreagadh dom. Beidh a lán brú i gceist roimh na Cluichí Oilimpeacha. Is comórtas níos mó é ná Craobh an Domhain fiú. Ní raibh mé ag caint le Kenny ná le Michael Carruth faoi na Cluichí Oilimpeacha per se. Tá físeán de throideanna Mhichael i mBarcelona agam agus féachaim air anois is arís. Tá sé inspioráideach. Ach tá gach duine difriúil. An rud a oibríonn do dhuine amháin, b’fhéidir nach n-oibreodh sé don duine eile. Maidir le céilí comhraic timpeall an domhain, tá físeáin againn díobh agus bíonn m’athair ag déanamh staidéir orthu an t-am ar fad.
CMS: Cén chaoi a bhfuil an saol sóisialta agat?
KT: Tagann an traenáil sa chéad áit roimh gach rud eile i láthair na huaire. Nuair a bhíonn am saor agam, is maith liom dul chuig an phictiúrlann le cairde nó chuig bialann le haghaidh béile seachas dul go dtí club oíche. É sin ráite, is breá liom a bheith ag damhsa. Maidir le caidreamh le fir, tá mé róghnóthach le haghaidh gaol fadtréimhseach le duine ar bith. Tá dlúthchairde agam ó bhíomar ar scoil le chéile agus buailim leo anois is arís. Bím ag díriú ar chomórtais, ar throid agus ar thraenáil.
CMS: Cad a spreag tú le dul i mbun foghlaim na Gaeilge arís?
KT: Bhí mé ag comórtas thar lear agus bhí mé ag caint le dornálaí ón Rúis. D’iarr sí orm rud éigin a rá i mo theanga féin ach ní raibh mé in ann. Bhí mé náirithe. Bhuaigh an cailín céanna orm freisin! Bheartaigh mé go dtabharfainn faoin nGaeilge a fhoghlaim arís. Táim an-sásta gur thóg mé an cinneadh sin. Bíonn dhá rang in aghaidh na seachtaine agam. Ceapaim gur féidir le gach duine é a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh gach duine ábalta a theanga féin a labhairt. Tá mé ag feabhsú, ach is teanga dheacair í. Faoi láthair áfach, níl mórán deis agam í a úsáid.
CMS: Is Críostaí thú. Cé chomh tábhachtach is atá an creideamh duit?
KT: Is é an rud is tábhachtaí i mo shaol. Ní mór dom onóir a bhronnadh ar Dhia faoi mar a bhronn Seisean onóir ormsa tríd an bheatha agus an saol seo a thabhairt dom. Creidim nach bhfuil aon rud dodhéanta ag Dia agus nach mbeinn i mo Churadh ar Domhan mura mbeadh Dia i mo shaol. Léim sliocht ón mBíobla gach lá. Téim chuig teach pobail Naomh Marc gach Domhnach ar Shráid an Phiarsaigh. Is é Dia mo neart agus mo mhuinín in gach rud a dhéanaim.
CMS: Guíonn BEO rath Dé ort sna blianta amach romhainn i gcró na dornálaíochta agus taobh amuigh de.
KT: Go raibh maith agat a Cholaim.