AGALLAMH BEO
Dáithí Ó Sé
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Ní hamháin gur fear gnaoiúil é, fear na Feothanaí, Dáithí Ó Sé, ach is fear machnamhach é chomh maith. Fear é a thugann am gach bliain do charthanachtaí go leor leis, ach mórán i ngan fhios do dhaoine, tá gné pholaitíochta ann a thabharfar fé deara amach anseo, dar le Seosamh Mac Muirí a bhuail isteach chuige i gceannáras TG4. Ní beag íomhá Fhear na Feothanaí fén am seo i measc lucht féachana teilifíse trí chéile in Éirinn. D’fhéadfaí a mhaíomh gur oidhre íomhá é ar Mhícheál Ó Muircheartaigh, fear a bhfuil ardmheas ag Dáithí air, agus go bhfuil a dhóthain freagrachta air dá réir. Braitheann Fear na Feothanaí freagracht air cheana féin agus liosta fada le háireamh de chláir éagsúla á éileamh i rith an ama.

Íomhá
Dáithí Ó Sé
Íomhá
Dáithí le Kenny Rogers
Íomhá
Dáithí leis an ardfhear é féin, Percy Sledge
Íomhá
Am ciúin de leataobh
Íomhá
Fear na Feothanaí
Íomhá
Obair an lae
Íomhá
Ionad na hoibre
Íomhá
Ag fágáil slán

SMM: Fearaim fíorchaoin fáilte romhat go BEO.ie a Dháithí.

DÓS: Go raibh maith agat.

SMM: Chonaiceamar thú ag taisteal i Meiriceá ar Highway 61 agus ar Route 66 roimhe a Dháithí. Ar thaithin na cláracha sin leat, nó a mhalairt? DÓS: Thaithin. Is dóigh, mé féin a tháinig aníos le Route 66 a dhéanamh mé féin, mar sin, .. - theastaigh uaim é a dhéanamh i gcónaí. Nuair a dhéanann tú é i bhfoirm clár teilifíse, bíonn sé difriúil. Bíonn roinnt rudaí le déanamh gach lá agat. Gan amhras, bíonn an bóthar le taisteal gach lá agat. Caithfidh tú, go díreach, suí isteach sa charr agus é a thiomáint, chomh maith leis an obair eile ar fad ina theannta san. Bhaineas ana-thaithneamh as ar fad. Bhí taithí agam, is dócha, ar chathracha ar nós Chicago, Nua-Eabhrac, agus áiteanna mar san, ach nuair a théann tú ar thros ar nós Route 66, nó Highway 61, buaileann tú leis na fíor-Mheiriceánaigh agus bhíodar díreach, is dóigh liomsa, fé mar a bhíomarna thart ar fiche bliain ó shoin. Daoine simplí. Bhí fear amháin leis ó Oklahoma agus mhair sé cúig míle déag as Texas agus ní raibh sé ann ach uair amháin ina shaol. Bhí mise i Meiriceá dhá uaire in aon seachtain amháin. Sin an sort daoine atá ann. ‘This is my patch’ agus is cuma liom cad tá ar siúl aige aon duine eile. Thaithin na daoine go mór liom agus thaithin an bia go mór liom chomh maith. Chuireas suas thart ar chloch meáchain nuair a bhíos ann. Nuair a bhíonn tú ar an mbóthar i gcónaí, bíonn tú ag ithe – ní bhíonn tú ag ithe sna háiteanna cearta, b’fhéidir, tarraingíonn tú isteach i Mundis, Dairy Queen, nó pé rud é. Do dheineamar tros eile i mbliana, do chlár a bheidh ag dul amach sa Mhárta. Ocht gclár faisnéise ar country music legends. Bhuaileamar le Merle Haggart, Kenny Rodgers agus iad so ar fad, daoine áilne. Is é seo an tríú bliain a rabhamar ann. Bíomar ocht seachtaine an samhradh so. Bhíomar an sé seachtaine an samhradh roimhe sin agus bhíomar ann sé seachtaine roimhe sin. As na trosanna ar fad, níor stopamar uair amháin ó thaobh na báistí. Bhí an aimsir go deas i gcónaí agus tá rud éigin ana-dheas mar gheall ar san. Nuair a théann tú amach ar maidin fén ngréin agus níl gá le haon rud ort ach léine in áit a bheith anseo agus an cac is ardship">ainnis is báisteach is ceo. Tá sé go deas. Bímse istigh sa stiúideo i rith na bliana ar fad, mar san, bíonn sé go deas a bheith ar an mbóthar ansan nuair a théann tú go Meiriceá.

Thug Dáithí ardmholadh ag an bpointe seo do Percy Sledge mar dhuine agus mar amhránaí agus sinn ag caint de leataobh ó na ceisteanna.

Imeacht as Ciarraí

SMM: Do chaithis seal blianta i Luimneach (i gColáiste Mhuire gan Smál), i Chicago, i nGaillimh, ag teacht is ag imeacht as Baile Átha Cliath – An airíonn tú uait Ciarraí in aon chor? An mbeifeá sásta socrú síos i nGaillimh, i mBÁC nó i gCorcaigh? DÓS: Thugas. An bhfuil a fhios agat, aon uair a théim abhaile go Ciarraí, bíonn áthas orm é a fhágaint mar maraíonn siadle deoch thíos! (Tosaíonn ag gáire) Bíonn ana-chraic agam nuair a théim abhaile agus go mór mór nuair ná téim abhaile go rómhinic. Tá sé go deas agus tá sé deacair bualadh le gach duine. Tá Gaillimh, gan dabht, ana-chosúil le Ciarraí. Tánn tú ar an gcósta. Ní mhairfinn i bhfad ó aon chósta, is dóigh liom, agus tá na daoine mar an gcéanna chomh maith. Tá an ceol traidisiúnta ann, tá traidisiún maith peile agus iomána san áit agus sin iad an saghas rudaí a bhfuil suim agam iontu. Gan dabht, tá sé go deas i gcónaí dul abhaile. Tá mo mhuintir aige baile i gcónaí.

SMM: An mbeifeá sásta socrú síos áit éigin i nGaillimh? DÓS: Tá mé anseo anois nach mór le deich mbliain. Tá tig ceannaithe agam. Tá sé go deas a bheith i gcúl do chinn agat go bhfuil saghas rogha agat dul thar n-ais go Ciarraí. Tá ana-chuid cairde déanta anso agam. Tá deartháir agam anso, pósta agus tá clann aige. Mar san, tá daoine muinteartha liom timpeall na háite agus tá sé go deas chomh maith, fiú amháin sa gheimhreadh, má theastaíonn uait dul amach oíche Dé Luain, bíonn cúpla duine thart. Bheadh sé i bhfad níos ciúine aige baile, i gCiarraí. Taitníonn sé liom gur féidir glaoch ar pizza agus tagann sé chun an dorais chugham anso! An sort san ruda.

SMM: Cén t-achar ama a thugais i Chicago? DÓS: Bhíos ann thart ar naoi mí ag obair agus thána thar n-ais. Chuir mo mháthair ceist orm teacht thar n-ais chun an ardteist a dhéanamh aríst agus chuas ar ais ar scoil. Oíche Dé Sathairn bhíos mar bouncer ag dioscó i Chicago agus maidin Dé Luain bhíos thar n-ais in éide scoile arís – bhí sé sin deacair! Bhí mo chuid cairde ar fad imithe chomh maith. Bhíodar san imithe ar aghaidh go dtí an coláiste. Ní hamháin go rabhas ag teacht abhaile ó Mheiriceá, ach bhí mo chairde imithe chomh maith! (Dáithí ag gáire anseo)

SMM: An raibh an doirseoireacht crua mar obair?

DÓS: Bhí agus, shamhlóinn an rud céanna leis in Éirinn agus i Meiriceá, daoine ag iarraidh dul isteach, daoine fé aois, is rudaí mar san, ach ní raibh bruíonta, ní raibh aon achrann ann, fé mar a chífeá -

SMM: - Bhíodar níos dea-mhúinte ná anso? DÓS: Is dóigh liom go raibh, mar chím daoine agus bíonn siad ag bruíon ar na sráideanna in Éirinn agus ní tharlódh sé sin i Meiriceá mar ní scaoilfeadh na gardaí leo. Bheadh póilíní istigh ar an bpointe boise.

Na Fothionscnaimh

SMM: Na fo-oibreacha so, nó na sideline jobs mar a thugais orthu, ar nós Celebrities go Wild, an bhfuil aon obair spéisiúil ar na bacáin agat faoi láthair? DÓS: Tá. Táimid thar n-ais leis an All Ireland Talent Show aríst. Bhuaigh an t-iarthar anuraidh é agus chaithfimid é a bhuachtaint aríst. Tá na héisteachtaí déanta. Thugamar cúigear linn anuraidh. Beidh ochtar i mbliana agus beidh babhtaí ceathrú ceannais, leath ceannais agus babhtaí ceannais. Beidh sé níos faide i mbliana. Tá sé seachtaine déag i gceist, beo, agus tá sé sin traochtúil go maith mar tá tú beo gach domhnach. Tá dhá seó le déanamh agat. Beidh mise ag teacht as Gaillimh agus tá mé ag obair anseo i dTG4 go lánaimseartha chomh maith. Tá sé tuirsiúil mar sin. Seó ana-dheas, bíonn lucht féachana ana-mhór, bíonn ana-chuid daoine ag caint mar gheall air. Sin ceann desna rudaí atá ar siúl agam fé láthair. Ansin, Podge agus Rodge, bhíos aréir air.

SMM: Chonaic mé aréir é, ach shíl mé go raibh tú air blianta ó shin? DÓS: Ó bhí, ach bhíos air aréir aríst agus bhíos ag rá leis na lads gan Gerry Ryan a thabhairt thar n-ais. Dheineas cúig uaire é agus dhein Gerry cúig uaire é. Dhein mise an séú uair aréir é. Bhí sé go deas. Dheineas The Restaurant chomh maith. Tá sé sin taifeadta agus beidh sé ag dul amach mí Feabhra. Bhí sé sin crua go maith. Bhí ort teacht suas leis an mbiachlár tú féin. Caithfidh tú a bheith in ann é a chócaireacht chomh maith. Ní déarfaidh mé leat conas ar éirigh liom. Bhí páirteanna ann agus cheapas go raibh an rud tite ar a thóin ar fad.

SMM: Léas ar an ríomhaire go rabhais ag ceannach spíosraí agus go raibh boladh deas ar fud an tí.DÓS: Bhíos ag déanamh rudaí aite is dócha. Bia a thaitníonn liom féin.

SMM: An bhfuil feabhas tagtha ar do chuid cócaireachta? DÓS: Taitníonn liom a bheith ag cócaireacht. Is maith liom a bheith ag cócaireacht. Dá mbeinnse saor, muna mbeinnse ag obair, thabharfainn an tráthnóna ag cócaireacht dom féin mar go mbím ar an mbóthar chomh minic agus ní bhíonn deis agam cócaireacht aige baile, seachas a bheith ag ithe amuigh an t-am ar fad.

SMM: Cad déarfá le Séamas Ó Maoldomhnaigh agus Maicréil an Airgid? DÓS: (Thosaigh ag gáire) Chonaic mé sin ceart go leor! Ara tá siad go maith. Píosa craic atá ann, gan dabht. Dúirt fear liom lá amháin, “there’s one thing worse than being talked about – not being talked about”, mar san! Agus sin é an saghas rud, tá sé ana-ghreannúr ar fad.

SMM: Cén cineál slatiascaireachta is fearr leat: loch, abhainn, nó farraige, de bhád nó le cladach? DÓS: Farraige. Is maith liom a bheith amuigh ar an bhfarraige. Anuraidh, thógas tros ar abhainn an Sionainne agus déanaim amach gurb é ceann desna laethanta ba deise a bhí agam ar aon bhád, mar bím ag imeacht i gcónaí agus bím ag imeacht ana-thapaig. Téann tú isteach sa mbád ansan agus níl sé ach in ann dul cúig míle san uair. Tosnaíonn d’aigne ag moilliú síos chomh maith ansin.

SMM: Cén baoite is fearr leat?DÓS: Eh, cleití is dócha is mó a úsáidimid.

Réalta Saol Fódlach

SMM: Is cáiliúla thú, ar shlí, i saol an Bhéarla – tarraingíonn tú an-aird ina measc, mar gur de threibh mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta thú. Tá tú ar an taobh amuigh, mar a déarfá. An airíonn tú go bhfuil freagracht, ar shlí, ort dá bharr san? - Gan an treibh a ligean síos? DÓS: Aon duine atá ar an teilifís, tá freagracht éigin orthu, iad féin a iompar i gceart. Is le bliain anuas atáim ag fáil tuiscint níos fearr ar seo, go mbíonn daoine aige baile agus tógann siad ana-aird agus ana-cheann do gach aon rud a bhíonn ar siúl agat. Níor thuigeas é sin, b’fhéidir, go dtí anuraidh. Agus creideann siad gach rud a scríobhtar sna páipéirí. Bhí sé i nuachtán an tseachtain seo caite go rabhas ag déanamh The Afternoon Show. Chuireadar fón orm. Dúras leo nach raibh aon suim agam ann. Ach tá daoine sa bhaile agus caithfidh aon duine atá ar an teilifís iad féin a iompar i gceart agus ansan ó thaobh na Gaelainne de, tá sé tábhachtach domsa. Fiú amháin ar Podge and Rodge aréir, dúirt na lads “Dáithí, conas tánn tú”, píosaí beaga mar san, agus comhairíonn siadsan ar fad. Tá líne ann chomh maith, gan amhras, gan a shá síos scornach aon duine ach an oiread, agus ansain, déarfaidís, “oh your man’s sort of cool”, labhraíonn sé Gaeilge, labhraíonn sé Béarla. Ní thugann aon duine aon cheann de. Sin é an saghas aidhme atá agamsa, saghas Gaelainn a thabhairt isteach ann, ach gan, is dóigh, é a shá síos scornach aon duine ionas mar san, go mbeidh sé nádúrtha ag duine í a úsáid. Chonac an nós san ag Mícheál Ó Muircheartaigh. Is dóigh liom gurb é an t-ambasadóir is mó atá ag an nGaelainn. Cuir i gcás, bíonn daoine ag caint mar gheall ar Ghráinne Seoige, Des Bishop, Hector agus iad san, tá siad so ana-thábhachtach, ach leithéid Mhícheáil Uí Mhuircheartaigh, bhris sé síos ana-chuid bacáin a bhí ann ó thaobh na Gaelainne. Dhein sé sin, an tslí a chuireann sé isteach ina chuid cainte í, is rudaí mar san. Is dóigh liom gurb é an duine is tábhachtaí.

SMM: Pearsa Teilifíse na Bliana – an Sexiest TV Star – Cé mhéad uair ar bhuaigh tú duaiseanna mar iad so? (Thosaigh Dáithí ag gáire láithreach)

DÓS: An Sexiest Thing, ní thugaim aon cheann do rudaí mar san leis an bhfírinne a insint, ach Pearsa na Bliana, tá sé fachta dhá uair agam ó lucht an Oireachtais, tá sé ana-thábhachtach. Faraor, an dá uair a fuaireas an gradam, ní rabhas in ann a bheith ann. Bhíos i Dubai i mbliana, ag déanamh gig amuigh ann.

SMM: Rós Dubai. DÓS: Rós Dubai! Sin ceann de na glaochanna deasa a fuaireas, ach faraor, ní rabhas in ann fanacht rófhada ann. Bhaineas Dubai amach deich a chlog oíche Dé hAoine, dheineas an seó oíche Dé Sathairn agus bhíos ar an eitleán abhaile ag a sé oíche Dé Domhnaigh, agus bhíos thar n-ais i gContae Mhaigh Eo an oíche sin!

SMM: An bhfuil aon bhlas imní ort faoin ‘lá amárach’, nó an éireoidh tú tuirseach de bheith faoi shúile an phobail an chuid is mó den am? DÓS: Faighim tuirseach de uaireanta. Ní théim amach oíche Dé Sathairn ná oíche Dé hAoine go dtí pubanna móra. Gheofá saghas clipthe ó dhaoine. Agus tá sé tábhachtach dul amach mar má bhíonn tú istigh an t-am ar fad, níl sé go maith duit. Yeh, gheobhaidh mé tinn de (-Dáithí ag gáire anseo-) t’r éis cúpla bliain eile! Tá mo dhóthaint de le deich mbliana chomh maith. Mar san, is achar fada é sin a Sheosaimh. Agus le dhá nó trí bliana anuas, ó dheineas Charity You’re a Star, bhí aithne ag níos mó daoine orm. Déanann tú an Late Late Show gach bliain agus Tubridy Tonight agus mar san agus faigheann daoine aithne ort agus gan amhras an All Ireland Talent Show, tá sé sin ollmhór ar fad – agus é sin ar fad a thabhairt ar ais go TG4, tá sé sin go maith do TG4 mé a bheith ar na cláracha san. An Late Late

SMM: Ar spéis leat gig Ryan Tubridy am éigin amach anseo?DÓS: Ah well, (ag gáire) dá mbeadh sé sa Ghaillimh! (Gáire croíúil) Bheadh leisce orm Gaillimh a fhágaint, ach is dócha, chun na fírinne a rá, dá mbeadh duine éicint ag teacht chughat le seó mar san, chaithfeá cuimhneamh air. Is é an seó is mó atá ann, agus tá sé ar nós peileadóra, teastaíonn uaidh siúd imirt do Chiarraí, do Ghaillimh nó do Liatroim, don gcontae. Tá a fhios agat, nuair a fhaigheann duine deis imirt don gclub, ba mhaith leo dul ar aghaidh ag imirt don gcontae, an rud céanna. Ach dá mbeadh an t-airgead i gceart!

SMM: Obair na carthanachta, an maith leat é?DÓS: Is ambasadóir mé le The Make a Wish Foundation i gcónaí. Táim leo le cúpla bliain. Tagann an t-uafás iarratas isteach charity gigs a dhéanamh agus caithfidh tú cuid acu a* *thabhairt san áireamh agus ní féidir gach ceann acu a dhéanamh. Déanaim gach rud leis an *Make a Wish Foundation *agus déanaim rud áitiúil i gCiarraí gach bliain agus anso sa Ghaillimh chomh maith, agus dá mbeinn in áit, rachainn isteach ann. Tá gníomhaire agam agus déanann sí sin an obair ar fad dom.

SMM: An mbeir ag obair Lá Nollag anso? DÓS: Beidh mé ag obair anseo Lá Nollag, beidh mé ag obair Oíche Nollag agus Lá Fhéile Stiofáin anseo, ar TG4. Beimid beo ansin Oíche Chinn Bhliana leis an All Ireland Talent Show, beimid thar n-ais anseo an tríú lá le seó beo eile. An t-aon rud is féidir liom a rá libh mar gheall ar sin, go mbeimid ag cur rud éigin le chéile, na moltóirí, mé féin ina measc, ag rince nó ag canadh. Tá mé ag cur rud éigin le chéile fé láthair leis na deartháireacha Maol Chiaráin. Beidh sin go húntach ar fad.

SMM: Gortaíodh tú blianta ó shin agus chuaigh sé sin idir tú féin an chaid. An ndéanann tú aon aclaíocht a Dháithí? DÓS: Déanaim. Bím ag iarraidh fanacht réasúnta aclaí. Siúlaim ar an prom nach mór gach lá, siúl réasúnta tapaig. Tá sé tábhachtach gan a bheith suite timpeall an t-am ar fad mar tugaim ana-chuid ama istigh sa chairt ag tiomáint. Fiú amháin do do cheann féin, tá sé ana-thábhachtach.

SMM: An maith leat an tiomáint? DÓS: Theastaigh uaim dul ag tiomáint riamh ó bhíos an-óg. Is breá liom a bheith ag tiomáint.

An Pholaitíocht

SMM: An fear léitheoireacht leabhair thú? DÓS: Braitheann sé, uaireanta. Léim leabhair staire agus beathaisnéise. Ní maith liom ficsean in aon chor. Tá céim staire agam. Tagann sé as san. Thaithin An Béal Bocht liom, thaithin Fiche Blian ag Fás liom, teastaíonn uaim leabhar Albert Reynolds a cheannach. Sin fear a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Fear a bhí ana-chliste ar fad.

SMM: Meas tú ar caitheadh go dona leis? DÓS: Caitheadh go han-dona leis, is dóigh liom. Is dóigh liom gur ghoid Bertie Ahern a chuid toirní. Nuair a chuimhníonn tú ar an obair a dhein an fear san ó thaobh thuaisceart na tíre, sin an fear a chuir an síol agus sin fear a raibh meas ag an ndá thraidisiún ó thuaidh air. Agus sin é meas an ghnáthdhuine anois. Ní dóigh liom go raibh an meas san bainte amach ag Bertie.

SMM: An fear scannáin thú? DÓS: Is breá liom scannáin. The Shawshank Redemption, tá sé go húntach ar fad. Tá gach rud ann. An scéal úntach, tá guthú Morgan Freeman dochreidte ar fad, ag rith tríd ar fad, agus ansan tá Andy Dufresne é féin, Tim Robbins, dhein sé an pháirt sin go húntach ar fad.

SMM: An taisteal a Dháithí, an maith leat é? DÓS: I mbliana, is obair ar fad a bhí i gceist. Ní raibh aon saoire i mbliana agam. Bhíos i Dubai, sna Stáit Aontaithe, thugas trí seachtaine i nGlaschú, bhíomar ag déanamh cláir The Celtic Connections ann. Bhíos sa Ghearmáin, sa Fhrainc, i Sasana. Ba dheas liom dul ar saoire, ach leis an All Ireland Talent Show beo gach Domhnach, ní féidir agus tá ceithre seó beo le Ceol Tíre ansan, an Nollaig, táim ag obair suas go Bealtaine.

SMM: Ag éisteacht leat a Dháithí, tánn tú ag obair ana-chrua, ná bhfuil? DÓS: Tá. Sin é an rud. Sa cheird seo, níl agat ach b’fhéidir, ..níl a fhios agat, b’fhéidir go mbeadh fear éigin ann an tseachtain seo chughainn chun tú a chur ar leataobh. Caithfidh tú é a dhéanamh.

SMM: Ceist mhór, do shlua ban Éireann a Dháithí. (Dáithí ag gáire) An bhfuilir gafascaoilte fé láthair? DÓS: Táim scaoilte. SMM: Anois, tá an scéal ag gabháil amach!DÓS: Tá. (gáire)

SMM: Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise ort féin, ar do mhuintir agus ar an bhfoireann a bheas ag obair anseo in éineacht leat ar Lá Nollag a Dháithí. DÓS: Go raibh maith agat a Sheosaimh.

Tháinig fear na Feothanaí amach chun an dorais le slán a fhágaint liom. Chuimhníos siar ar an gcomhrá ina dhiaidh sin. Fear díreach, cairdiúil, sochainteach, ard agus ardaithne ag óg is aosta na tíre air cheana féin. Ó ré Ted Nealon (RTÉ) agus Justin Keating (RTÉ) anuas go Máire Mhic Giolla Íosa (RTÉ) agus George Lee (RTÉ), tá daoine ag imeacht le polaitíocht. Cá bhfios?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.