AGALLAMH BEO
Seosamh Ó hUiginn FPE / Joe Higgins MEP Sóisialach, Feisire Eorpach
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na ‘white collar unions’? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.

Íomhá
Seosamh Ó hUiginn
Íomhá
Ag léirsiú
le Socialistparty.net
Íomhá
Joe Higgins MEP ag caint i mBÁC
le Sponline, Vicipéid
Íomhá
30 Nollaig 2010 Sr. an Dáma
Íomhá
30 Nollaig 10 Sráid an Dáma
Íomhá
S Ó hUiginn
Íomhá
Seosamh Ó hUiginn FPE
le Lapsed Pacifist, Vicipéid

SMM: Do chéad míle fáilte go Beo.ie a Sheosaimh.

SÓhU: Go raibh maith agat.

SMM: Níl sé i bhfad ó shin ó shiúilís amach as cruinniú nuair a d’fhógair Olli Rehn go gcaithfeadh gach ní a raibh le rá aige fanacht ina rún. Cad déarfá faoi na feisirí a d’fhan sa seomra sin faoin gcoinníoll nach sceithfidís eolas Rehn lena gcuid vótóirí?

SÓhU: Caithfidh siad súd labhairt dóibh féinig, ach, cinnte ó mo pháirt féin, cuireadh é sin in iúl, ón gCoimisinéir. Ní rabhas sásta agus dúrt a leithéid. Dúrt gur cheapas go raibh sé siúd tar éis teacht go hÉirinn, cosúil leis an CAI mar ionadaí dos na Bainc mhóra, i ndáiríre, agus cheapas go rabhadar ag píonósú an ghnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean chun fiacha ollmhóra lucht specúiléireachta a íoc. Agus [dúras] nach raibh mise sásta dul taobh thiar de dhroim daoine a chur isteach i bPairlimint na hEorpa mé le caint rúnda d’aon tsaghas. Agus dúrt nach rabhas sásta fanacht sa chruinniú ar an mbonn san agus d’fhágas an cruinniú. Sin é.

SMM: Tá an dá ainm Líos Póil agus Liosbón ana-chosúil lena chéile. [SÓhU: gáire] Coimeádfaidh an saol mór agus cúrsaí polaitíochta thú i bhfad ó do cheantar dúchais féin, Lios Póil. An bhfuil aiféala nach bhfuilir in ann cónaí in áit chomh hálainn le do cheantar féin, Corca Dhuibhne?

SÓhU: Ar ndóigh, is álainn ar fad é an ceantar, Corca Dhuibhne, ach caithfidh duine a bheith in áit a bhfuil do chuid oibre, áit ina bhfuil obair le déanamh. Cinnte, táim sa phríomhchathair le fada an lá anois agus bhí de phribhléid agam tacú le muintir Bhaile Átha Cliath Thiar, an Dáilcheantar úd, ar feadh deich mbliana, agus ansin, a bheith curtha isteach i bPairlimint na hEorpa, ag an daonra ar fad abair, idir chathair agus chontae. Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag. Bíonn sé deacair an t-am a fháil anois agus arís leis an taisteal ar fad idir Baile Átha Cliath agus an Bhruiséal agus Strasbourg agus áiteacha nach iad.

An Polaitiú

SMM: Tá sé ráite ar an idirlíon (Vicipéid) gur aindiagaí thú. Luaitear agóidí faoi chogadh Mheiriceá i Vítneam le do dhearcadh a pholaitiú. An raibh aon eachtra amháin i gceist nó ar shraith tarlúintí a thit amach a chinn gur thugais droim láimhe don chreideamh i saol iarbháis, nó don chreideamh ann féin?

SÓhU: Bhíos sna Stáit Aontaithe nuair a bhí an cogadh ar siúl go tréan. Cogadh uafásach ina raibh na mílte de mhuintir Vítneam á marú agus á ngortú agus na mílte de shaighdiúirí óga as Meiriceá á gcur sall ansan ar mhaithe, i ndáiríre, leis an maorlathas agus leis an gcos ar bolg. Bhí forais na heaglaise ag tacú leis an gcogadh. D’ardaigh sé sin ana-chuid ceisteanna in ana-chuid daoine óga, mé féin ina measc agus is saghas dul chun cinn nádúrtha é as san, is dóigh liom, ceistiú a dhéanamh faoi rudaí agus aigne a athrú. Má thógann tú cúrsaí creidimh ar fud an domhain, braitheann sé ar an áit a saolaítear duine, an creideamh a bheidh aige nó aici. Ba cheart go n-ardódh sé sin ceisteanna in aigne daoine chomh maith. Agus tá gach dream cinnte go bhfuil an ceart agus an chóir agus an fhírinne acu súd. Measaim go ndéanann duine smaoineamh dó féin ann agus tharraingíos féin mo chuid tuairimí féin faoi i ndeireadh na dála agus b’shin é.

SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?

SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre. Ní raibh ach b’fhéidir dhá chéad vóta ann agus go mbeinn tofa dá mbeadh dhá chéad aistriúchán fiú amháin, tar éis imeacht ar an dtaobh eile. Ní dóigh liom go ndéanann sé aon chiall an chaint seo a bhíonn ins na meáin anois is arís gur diúltaíodh d’iarrthóir toisc nár éirigh leis nó léi suíochán a bhaint amach. D’fhéadfadh duine cailliúint le cúig vóta agus an ndéarfaí ansin gur dhiúltaigh na daoine leis agus d’fhéadfaí buachtaint le cúig vóta agus gur ghlac na daoine leis!? Féachaim air ar shlí eile, go gcuireann tú do chuid smaointí agus do chuid polaitíochta os comhair na ndaoine agus bíonn ana-chuid fáthanna go vótálann daoine.

Ní haon amhras ach gur cuireadh brú ar pháirtithe beaga go háirithe sa toghchán 2007. Measaim gur cheap daoine, b’fhéidir go raibh morgháistí ollmhóra acu is a leithéid, go bhféadfaidís saghas staid seasmhach a bhaint amach sa tír leis an rialtas céanna i ndeireadh na dála. Tá sé soiléir inniu nár tharla sé sin. Tá sé soiléir chomh maith agus dúirt ana-chuid daoine liom é ó shin, gur cheapadar go rabhas slán sábháilte cheana féin, agus gur thugadar vóta, b’fhéidir, do dhuine éigin eile a cheapadar a bheith sa fhreasúra nó ar an eite chlé chomh maith. Measaim mar sin gur meascán de rudaí a bhíonn i gceist. Caithfear glacadh leis an toradh i ndeireadh na dála agus leanúint ar aghaidh leis an obair.

An Ghéarchéim a Tuaradh

SMM: An €uro mar athá, an gcaithfidh sé titim mar airgeadra agus an gcaithfear córas airgid na dtíortha éagsúla teacht i bhfeidhm an athuair, an punt inár gcás féin?

SÓhU: Dúramar ins an eite chlé sular tháinig an €uro i bhfeidhm in aon chor nach n-oibreodh sé agus nárbh fhéidir le tíortha a raibh geilleagar lag, cosúil leis an tír seo, cosúil leis an bPortaingéil agus leis an nGréig, a bheith ar an mbóthar céanna leis na geilleagair siúd a bhí thar a bheith láidir cosúil leis an nGearmáin agus go mbeadh géarchéim dá bharr san. Chímid anois go bhfuil sé sin tar éis tarlú. Roimhe sin, do bhíodh sé mar uirlis ag an lucht polaitíochta agus geilleagair a bhí i gceannas díluacháil a dhéanamh ar a gcuid airgid féinig agus iarracht a dhéanamh ar an tslí sin, teacht thar n-ais agus níos mó earraí a chur thar lear agus a leithéid. Mar a chimse é, i ndáiríre, cé acu laistigh nó taobh amuigh den €uro, is é an córas athá lochtach agus a fhaid agus a bheidh an córas caipitleach agus an córas airgeadais faoi mar athá, beidh na tíortha úd i ngéarchéim. Ní dóigh liom mar san gur freagra ar an scéal teacht as an €uro, ná ní freagra fanacht san €uro faoi na coinníollacha céanna agus go mór mór anois le hairgead an Chiste Airgeadais Idirnáisiúnta agus Choimisiún na hEorpa, coinníollacha atá tubaisteach do mhuintir na tíre seo. Tá sé dochreidte i ndáiríre fiacha deicheanna de bhilliúin a aistriú ó bhainc phríobháideacha, ó lucht specúiléireachta príobháideach, ar ghuailne gnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean. Tá sé dochreidte, ach chuaigh na meáin chumarsáide príobháideacha ar fad - gur le billiúnaithe iad ar ndóigh, cuid mhór díobh -, an córas polaitíochta agus geilleagair taobh thiar den togra úd ar fad, mar gurb é a gcóras féin atá i mbaol agus chun a gcóras féin a shábháil. Ní féidir le gnáthmhuintir na tíre seo an t-ualach san a iompar agus an t-airgead a íoc.

Is é a deirimse, nár cheart na fiacha úd a íoc. Fiacha príobháideacha is ea iad agus ní fiacha poiblí. Ba cheart a rá leo dá bhrí sin, a bheith ag imeacht leo agus córas cánach, córas airgeadais a atheagrú ar bhonn Éireannach, agus ar bhonn Eorpach chomh maith; go mbeadh na forais airgeadais in úinéireacht phoiblí – ní chun bailout a dhéanamh orthu ach go mbeidís faoi smacht daonlathach, agus ins an tslí sin go mb’fhéidir airgead a thabhairt do dhaoine atá féinfhostaithe, do ghnónna beaga agus a leithéid chun forbairt a dhéanamh agus go mór mór, chun bonneagar athá riachtanach anso a chur chun cinn agus na mílte a chur ar ais ag obair. Caithfear an rud céanna a dhéanamh ar bonn Eorpach. Ba cheart go mbeadh lucht oibre na tíre seo ag seasamh gualainn le gualainn le lucht oibre na Portaingéile, na Spáinne, na Gréige mar go bhfuileann siad súd ag fulaingt an ruda chéanna agus tá siad deighilte lena chéile i ngach tír, na meáin ag cur isteach orthu, ag rá nach bhfuil an tarna rogha acu ach é sin a dhéanamh, ag inseacht éithigh don chuid is mó mar gheall ar ana-chuid des na rudaí seo. Mar sin, is athrú bunúsach, radacach, réabhlóideach athá ag teastáil agus comhghuaillíocht idir ghnáthdhaoine na hEorpa, mar is iad súd atá thíos leis an mbrabúsaíocht agus an specúiléireacht ins an gcóras mar atá i láthair na huaire.

Teip faoi Cheann Bliana nó Dhó

SMM: Ní dóigh leat go mbeadh an comhrialtas athá ann faoi láthair chomh cliste sin agus go loicfidh siad ar na bannaí go gairid roimh an gcéad ollthoghchán eile, rud a chiallódh deireadh leis an €uro agus ar an tslí sin, go bhfaighfidís a lán dá gcuid vótóirí ar ais ar a dtaobh?

SÓhU: Ní dóigh liom go dtarlódh sé sin. Tánn siad súd páirteach ins an gcóras, ó thús go deireadh, agus a fhaid agus is féidir leo, leanfaidh siad ar aghaidh leis an dúnghaois seo. Measaim nach féidir dul ar aghaidh. Measaim i gceann bliana, nó dhó, nó trí go mbeidh ag teip [ar an iarracht] an t-airgead seo a íoc agus ansan go mbeidh géarchéim de shaghas eile, ach ní tharlóidh sé sin go dtí nach mbeidh aon rogha eile acu. A fhaid is a cheapann siad gur féidir an fhuil a shú as muintir na tíre seo, déanfaidh siad amhlaidh, agus an dream a thiocfaidh i ndiaidh Fianna Fáil agus na nGlasach, is cosúil gur Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bheidh sa rialtas, tá siad súd le leanúint ar aghaidh leis na polasaithe céanna. Beidh fuath chomh mór céanna i measc daoine don rialtas nua i gceann bliain nó dhó is atá don dream atá ann i láthair na huaire.

Tá súil agam go mbeidh sa chéad Dáil eile freasúra le prionsabal den eite chlé, fiú amháin más ceathrar, cúigear nó seisear athá ansan, chun freasúracht de shaghas eile ar fad a chur ar siúl agus chun malairt polaitíochta agus malairt eacnamaíochta a chur faoi bhráid na ndaoine agus ins an tslí sin, abair, agus gluaiseacht nua a thógaint i measc cosmhuintir na tíre seo, chun polasaí agus polaitíocht agus eacnamaíocht nua ar bhonn nua a chur chun cinn. Is í mo thuairim mar sin, go n-athróidh ana-chuid rudaí idir na páirtithe ins an toghchán. Is é an t-athrú gur féidir a bheith níos radacaí ná aon ní eile, go mbeidh freasúra de shaghas nua ins an Dáil agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Murach san, beidh rialtas le tromlach mór, ins an fhreasúra beidh na páirtithe a thosnaigh an polasaí úd agus dá bhrí sin, ní féidir leo súd cur ina aghaidh. Beidh siad scriosta ar aon nós. Beidh Sinn Féin athá ag labhairt amach in aghaidh na bpolasaithe sin, ach, tá ceisteanna faoi Sinn Féin go gcaithfear a chur. Tá an páirtí úd ins an Tuaisceart sásta ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm anois ar ordú Londain, ar ordú an rialtais thall. Chomh maith leis an méid sin, bhíodar sásta ins an olltoghchán 2007, ach na torthaí a bheith ábhairín difriúil, dul isteach i rialtas le Fianna Fáil! An freasúracht cheart, dá bhrí sin, a bheadh i gceist ag Sinn Féin? Sin í an cheist. Caithfear plé oscailte agus macánta a dhéanamh ar na ceisteanna seo sna míonna amach romhainn agus ins an fheachtas toghchánaíochta go mór mór.

Blair

SMM: Níl a fhios agam cé dúirt é blianta fada ó shin, murach vóta Labour in Albain agus sa Bhreatain Bhig nach dtoghfaí rialtas de chuid an Lucht Oibre sa Bhreatain Mhór in am ar bith; go raibh na huimhreacha sin ansiúd ...

SÓhU: Ní ghlacfainn le sin i ndáiríre. Féach, tá tromlach daonra na Breataine, is oibritheoirí iad, nó lucht oibre proifisiúnta nó sna monarchana, sna seirbhísí is a leithéid. An fhadhb a bhí ag lucht oibre i Sasana agus sa Bhreatain i gcoitinne, bhí sé go díreach cosúil leis an bhfadhb anso; ná raibh rogha cheart acu i ndáiríre. Bhí na Tóraithe acu ar thaobh amháin agus Páirtí an Lucht Oibre faoi Blair, mar shampla, a bhí ag feidhmiú polasaithe na heite deise. Bhí na milliúin den lucht oibre dá bhrí sin, nár vótáil ar chor ar bith, nach bhfacadar aon rogha ann agus na Liobrálaigh, faoi mar is eol don domhan uilig anois, díreach cosúil leis na Coimeádaigh, ag tacú le polasaithe atá ag scriosadh caighdeán beatha agus seirbhísí gnáthlucht oibre Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige.

Tá an cheist chéanna le freagairt ansan, agus ar fud na hEorpa. Tá folús uafásach ar fud na hEorpa ó thaobh ionadaíocht lucht oibre mar go bhfuil na páirtí uilig a bhí uair amháin ar an eite chlé imithe anonn ar an eite dheis. Tánn siad i gcampa an mhargaidh, tánn siad i gcampa an mhaorlathais. Is iad súd atá ins an Phortaingéil, sa Ghréig agus sa Spáinn ag cur na bpolasaithe fíochmhara chun cinn. Tánn siad sa rialtas sna tíortha úd. Tánn siad súd ag leanúint orduithe an CAI agus an chórais airgeadais. Tá poll ollmhór mar sin, i bpolaitíocht na heite clé agus ins na blianta atá amach romhainn, tánn sé mar dhualgas orainn, mar fhreagracht tromchúiseach ar an eite chlé fíor, gluaiseachtaí nua a chur chun cinn a thabharfaidh ionadaíocht mhacánta radacach le malairt pholaitíocht, malairt eacnamaíochta a chur chun cinn.

An Ceardchumannachas

SMM: An bhféadfá a rá go bhfuil mórán an rud céanna ag tarlú sna ceardchumainn sa mhéid go bhfuil an saol ag feabhsú, táimid ag dul i dtreo tionscal an eolais agus go bhfuilimid ag teacht anois chuig an gceardchumann a dtugtar an ‘white collar union’ air, cumainn ar nós Irish Chapel an NUJ agus Amicus (MSF) agus féach go raibh Roger Lyons (MSF) ag labhairt amach go láidir ag an BCTU, ag moladh tacú le Blair nuair a tháinig Blair chun cainte leo roimh ionradh na hIaráice?

SÓhU: Tá fadhb mhór i measc na gceardchumann, pé acu anso, nó sa Bhreatain, nó i dtíortha eile na hEorpa ach ní de bharr go bhfuil athrú ar an lucht oibre. Luann tú an tionscal eolais, ach ins an tionscal san tá dúshaothrú fíochmhar ar siúl; pá an-íseal don chuid is mó agus coinníollacha oibre atá go huafásach, go minic, ins na lárionaid ghutháin agus a leithéid. Ach an rud céanna anois, go bhfuil fadhb le ceannaireacht na gceardchumann ins an tír seo, le fiche bliain anuas, ghlacadar páirt sa ‘pháirtnéireachas’ mar a ghlaodar air. Ní páirtnéireacht a bhí ann i ndáiríre, ach slí chun an lucht oibre a choimeád ciúin. Do bhí ceannairí na gceardchumann i ndáiríre, i bpócaí an rialtais agus bhíodar ag obair agus ag maireachtaint mar a bheadh príomhfheidhmeannaigh comhluchtaí móra príobhaideacha seachas mar ionadaithe a throidfeadh ar son an lucht oibre. Ansin nuair a bhuail an ghéarchéim anso, ní raibh neamhspleáchas ar bith le feiscint i measc cheannairí na gceardchumann. Ní raibh freagra ar bith acu mar go bhfuil glactha acu leis an margadh agus le rialacha an mhargaidh agus le rialacha an chórais mar atá. Tharla an rud céanna i dtíortha eile na hEorpa mar a chéile, na páirtithe den lucht oibre agus na Daonlathaigh Shóisialta is a leithéid agus ceannaireacht na gceardchumann, ar an eite dheis, mar aon leo. Is éard a deirimidne go gcaithfidh an gnáthlucht oibre na ceardchumainn a thógaint dóibh féinig. Iad [na ceardchumainn] a chur faoi smacht daonlathach, faoi smacht na mball.

An Daingean, Daingean Uí Chúis - Dingle

SMM: Níl a fhios agam ar mhaith leat labhair faoi chonspóid an Daingin? Tá an dá rud ann, An Daingean, Daingean Uí Chuis agus Dingle.

SÓhU: Caithfidh mé a rá nár thuigeas in aon chor an saghas conspóide a bhí anso. Féach. Is tír dhátheangach í an tír seo. Ní labhraíonn formhór na ndaoine an Ghaelainn, faraor. Tagann na milliúin cuairteoirí anso, nach bhfuil Gaelainn acu, ar ndóigh, agus chun a bheith cothrom do gach éinne, caithfear comharthaí dhátheangacha a chur – ins an Ghaeltacht – im’ thuairimse, agus in áiteacha eile ar fud na tíre - i ngach áit ar fud na tíre. Dá bhrí sin, Dingle Daingean Uí Chúis na comharthaí cearta a bheith thuas ar na bóithre i dtreo is go mbeadh eolas ag gach duine cad tá ar siúl. Ní dhéanann sé seo faic don dteanga. Tá an teanga faoi bhrú. Tá an Ghaeltacht faoi bhrú millteanach i láthair na huaire, ach is é atá ag teastáil ná gníomha réadúla cearta chun tacú leis an nGaeltacht. Mar shampla, tá na mílte duine óg ag imeacht arís as an nGaeltacht anois, thar lear, mar nach bhfuil postanna anso. Chun an Ghaeltacht agus an cultúr a bhaineann léi a choimeád, is ar na ceisteanna úd ba cheart do dhaoine a bheith a ndíriú féinig, má táimid chun an teanga a choimeád agus a fhorbairt chomh mór agus is féidir, mar ní bheidh an Ghaelainn riamh mar theanga labhartha na tíre. Ó thaobh cúrsaí staire, an chos ar bolg agus a leithéid, mar a d’fhág sé staid na tíre seo, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta go mór mór, is dá bharr san gur tháinig léig ar an nGaelainn. Ach an rud ná go bhfuil ana-chuid daoine, daoine óga, go dteastaíonn uathu go mbeadh aithne acu ar an nGaelainn, go bhfuil ana-chion acu ar an nGaelainn agus is é sin a chaithfear a chaomhnú agus a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Baineann sé, dá bhrí sin, go mór le infheistíocht ins an Ghaeltacht agus gach cothú a thabhairt, ó dhaoine i mBaile Átha Cliath agus in áiteacha eile, chun an teanga a úsáid chomh mór agus is féidir leo.

Muintir Nua na hÉireann

SMM: Thug na hÉireannaigh Nua ana-chuid teangacha isteach sa tír leo. Meastar go bhfuil 200 teanga á labhairt in Éirinn inniu. Is ana-acmhainn daonna é sin maidir le margaíocht agus tionscal an eolais. An bhfuil an tír seo ag misniú na nÉireannach Nua seo ina gcuid teangacha a choimeád agus a chaomhnú don ghlúin eile a thiocfas amach as an gcóras oideachais faoi cheann cúig bliana déag nó scór blianta, meas tú?

SÓhU: Tá ana-chuid fadhbanna ag baint leis an gceist seo. Má thosnaímid le leanaí óga nó le daoine fásta fiú amháin, a tháinig, athá anso agus a bheidh ag maireachtaint anso, gur cheart gach tacaíocht a thabhairt dóibh teangacha na hÉireann a fhoghlaim i dtreo is gur féidir leo idirghabháil lena gcomharsain maidir le cúrsaí oibre agus a leithéid. Ba cheart chomh maith leis sin, go ndéanfaí cothú chomh mór agus is féidir, i gcultúr agus i dteangacha na ndaoine a tháinig. Domsa, an rud is tábhachtaí, go labharfadh na tuistí a dteanga féin leis na leanaí, go mbeadh a saibhreas súd ag méadú, go mbeadh Béarla nó Gaelainn acu, nó an dá cheann agus go mbeadh teanga a muintire acu. Do bheadh ana-shaibhreas ansan, dóibh féin agus don dtír. Nuair a bhíonn duine ag foghlaim teanga eile, an Fhraincis, an Spáinnis, an Ghearmáinis, tugann sé solúbthacht aigne don duine, má bhíonn dhá nó trí theanga aige cheana féin. Má bhíonn dhá theanga ag duine ón gcliabhán ag duine, measaim go gcabhraíonn sé sin go mór le daoine óga a gcultúr féin nó cultúr na muintire a thuiscint, cultúir eile a thuiscint agus dearcadh níos leithne a bheith acu ar an saol.

SMM: Go raibh míle maith agat a Sheosaimh

SÓhU: Tá fáilte romhat.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.