AGALLAMH BEO
An tOllamh Ríonach Uí Ógáin, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann

Bhuail Catherine Foley isteach chuig an Ollamh Ríonach Uí Ógáin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath lena ceistiú faoina cuid oibre agus taighde i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. Thagair Ríonach ina cuid cainte do Mháirtín Ó Cadhain, do Shorcha Ní Ghuairim, do Séamas Ennis agus do mhórán nach iad.

Íomhá
Ríonach Uí Ógáin
Íomhá
Seal ciúnais
Íomhá
Lár Choláiste Ollscoile BÁC
Íomhá
Ríonach ar dheis
Íomhá
Séamas Ennis sna 50aidí
le Alan Lomax, SAM ar Vicipéid
Íomhá
Leabhar go barra bachall

CF: Tá an oíche ag titim lasmuigh ded’ oifig. Tá sé ina clapsholas anseo i gColáiste Ollscoile, BÁC, tráth an-oiriúnach mar is dócha go bhfuil spiorad na ndaoine go bhfuil taighde déanta agat orthu agus ar na hamhráin a bhailigh siad le mothú go láidir anseo ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Cad é an togra a thug an sásamh is mó duit, a Ríonach - as na rudaí ar fad atá déanta agat - cad é an bailiúchán is gaire dod’ chroí?

RUíÓ: Caithfidh mé a rá gurb é Sorcha Ní Ghuairim, agus ní mise a dhein an obair mar bhí an t-ábhar ann. Is eagarthóireacht a bhí i gceist. Ach is cuimhneach liom i gcónaí an lá ar tháinig mé ar an leagan clóbhuailte agus an méid a bhí le rá aici í féin faoi na hamhráin. D’inis sí óna chroi amach, agus an cur síos ar na hamhráin gur thug sé an amhránaíocht ar leibhéil eile dom féin go raibh an cnuasach seo aici agus ní raibh ceann ar bith acu ná raibh sí in ann cuntas a thabhairt faoi ghné éigint dhe, faoin tábhacht a bhain leis - agus gur thug sé sin breis tuisceana dom uirthi agus go raibh mé in ann dul níos faide leis. D’inis sí an tábhacht a bhain le hamhráin áirithe, ní hamháin díse, ach dá muintir agus dá ceantar agus is sampla iontach í den chinéal. Sa mbéaloideas, bíonn tagairt cuid mhór don uilechoiteann, ach sa rud áitiúil, bhí a baile fearann féin agus a muintir féin. Í féin sáite sna hamhráin ach chomh maith le sin tá croí an chine daonna i gceist insna hamhráin. Agus sílim gur léirigh sise é sin domsa ar bhealach nár léirigh duine ar bith eile. Ach is rud é chabhraigh liom le léamh a dhéanamh ar thraidisiúin áit ar bith eile.

Máirtín

CF: Tá an méid sin déanta agat! Sular tháinig an leabhar amach in éineacht le dlúthdhiosca mar gheall ar Shorcha Ní Ghuairim, chuir tú na hamhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain faoi chaibidil agus tá leabhar ann faoi. Cad faoi Mháirtín Ó Cadhain anois, ar bhuail tú leis agus cén saghas duine ab ea é, a mheas tú, tar éis duit a bheith ag plé leis an mbailiúchán?

RUíÓ: Bhí ard-ardmheas agam ar Mháirtín Ó Cadhain. Bhuail mé leis agus ní hé amháin sin ach bhí mé ag fanacht tigh a dhearthár, Pádraic, nuair a bhí mé seacht mbliain nó ocht mbliain déag d’aois. Ba nós nuair a bhí muid inár mic léinn san ollscoil, go gcuirfí siar go dtí an Ghaeltacht muid agus roghnaigh mise Conamara agus chaith mé coicís ar an gCnocán Glas sa Spidéal. Bhí Pádraic Ó Cadhain agus a bhean agus a gclann agus ansin tháinig Máirtín ar cuairt ag an teach. Is cuimhin liom go maith é agus bhí volkswagon aige an t-am sin agus thug sé mé féin agus Éilís Ní Bhrádaigh a scríobh an leabhar sin, ‘All in! All in!’, leabhar álainn ina bhfuil cluichí páistí as Baile Átha Cliath - as Cabhrach - , agus tá mé in ann Máirtín a fheiceáil i gcónaí agus é ag tiomáint an Volkswagon, agus na litreacha KID a bhí ar an gcarr. Agus thug sé soir go dtí cathair na Gaillimhe muid, agus bhí tréimhse caite agamsa ag obair agus …bhí an t-airgead seo coigilte agus bhí mé tar éis seinnteoir caiséid a cheannach dom féin agus rinne mé taifeadadh de Phádraic, d’fhear an tí, ábhar álainn, paidreacha agus dánta diaga ach an chaoi a ndúirt sé iad, cuirfeadh sé na deora leat, dáiríre, ach pé scéal é thug Máirtín mé féin agus Éilís agus an seinnteoir caiséid soir go dtí Mícheál Ó Concheanainn, scéalaí mór, agus is cuimhin liom i gcónaí an chaint a bhí ag Máirtín agus chomh humhal agus chomh lách is a bhí sé le Mícheál Ó Concheanainn. Is cuimhin liom ag pointe amháin gur shiúil cearc trasna an bhóthair agus stop Máirtín an carr agus dúirt sé “tá níos mó ceart ag an gcearc sin a bheith ag siúl ar na bóithre ná mar atá againn-ne a bheith ag tiomáint”. Bhí bealach an-nádúrtha ar fad leis agus an fháilte a chuir muintir na háite roimhe nuair a thagadh sé, chuaigh sé sin i bhfeidhm orm.

Séamas

CF: Nuair a bhí tú ag tosnú amach mar mhac léinn, dhein tú clárú ar na hamhráin i mBaile na hInse agus foilsíodh leabhar fúthu san. Chaith tú am ag plé le hamhráin Dhónaill Uí Chonaill agus foilsíodh leabhar faoi sin. Ach, abair liom mar gheall ar Shéamus Ennis, agus ‘Mise an fear Ceoil’, an leabhar inar chur tú a dhialann taistil ó 1942 go dtí 1946 faoi bhráid an phobail. Ar thóg sé mórán ama ort é sin a dhéanamh.

RUíÓ: Bhí mise an-mhall ar fad ag tabhairt faoi ach bhí fíor-sheans liom. Fuair mé bliain go leith le díriú go lánaimseartha air. Ach bhí mé ceithre bliain ag dul dó ar fad, is dóigh, ach fuair mé an scoláireacht seo agus chuir sé sin ar mo chumas taisteal timpeall na tíre agus bualadh leis na daoine, rud nár ghá a dhéanamh ar pháipear ach ó thaobh na hoibre bhí sé riachtanach, agus ar mo shon féin bhí sé riachtanach agus ar shon na daoine a thug an t-ábhar bhí sé riachtanach. Séard a rinne mé - an dialann a chur i bhfoirm leictreonach i dtosach agus na hainmneacha ar fad a bhí luaite ann a chur le céile agus iad a roinnt de réir chontae agus de réir cheantair agus ansin a dhul ar thóir a thuilleadh eolais.

CF: Bhí tú ar nós timire nó bailitheoir béaloideasa agus tú ag taisteal!

RUíÓ: Sea, cinéal obair bhleachtaire a bhí i gceist, is dóigh agus bhí sé an-éagsúil ó rud ar bith a rinne mé roimhe sin… Bhí go leor i gceist agus bhí mé ag iarraidh an t-athrú tírdhreacha, - tá athrú teangan, tá athrú tírdhreacha, tá athrú chaitheamh aimsire i gceist - ó bhí Ennis ag bailiú. Ach an rud a chuir iontas orm, ar bhealaí, an méid spéise a bhí ag daoine san obair ach daoine go háirithe nach raibh a fhios acu go raibh Séamus Ennis tagtha ag a mhuintir. Bhí siad an-bhrodúil as.

Domhnach Broc

CF: I dteannta leis na leabhar thuasluaite, tá taighde déanta agat ar an chuid eile - na hamhráin a tháinig as Oileáin an Bhlascaoid, tá Mám as Mála na mBailitheoirí agus tá taighde déanta agat ar Amhráin Mholta Bád ó Chonamara agus tá staidéar déanta agat ar Thomás Rua i Seanchas Béil Uíbh Ráthach. Cad as a dtáinig do chuid spéise sa cheol agus sa bhéaloideas i gcoitinne céad uair. Cé bhí freagrach as sin an chéad lá? Do mháthair, d’athair, do sheanmháthair nó do sheanathair? Múinteoir, nó an comhluadar inar fhás tú?

RUíÓ: Baile Átha Cliathach mé ó thús ach bhí an-tionchar ag m’athair agus mo mháthair go háirithe ar an spéis a chur mé sa mbéaloideas. Tógadh i nDomhnach Broc mé. Tógadh le Gaeilge mé. Ba as Conemara m’athair agus rugadh mo mháthair i gContae Luimnigh. Bhí an-bhaint aice le Contae an Chláir agus bhí gaolta againn i gCo. an Chláir agus nuair a bhí mé i mo pháiste, chaith muid tréimhsí fada ar laethanta saoire i gCo. an Chláir agus thiar i gConamara freisin. Agus chuir mé aithne ar chol ceathracha thiar agus ar ghaolta eile in áiteanna éagsúla, mar sin, is dóigh gur thaitin sé liom. Chonaic mé saol na tuaithe agus chonaic mé saol na cathrach freisin.

CF: Cá raibh tusa sa chlann?

RUíÓ: Mise an duine is óige. Tá cúigear ann.

CF: Ar chaith sibh mórán ama i gConamara?

RUíÓ: Chaith. Tá a fhios agam nuair a bhí mé an-óg go mbíodh muid thiar. Bhí cineál malartú tí ar siúl ag mo mhuintir. Teach béal dorais leis an teach inar dtógadh m’athair a bhi i gceist ag an am ach is beag cuimhne atá agam air sin dáiríre, seachas cuimhní fánacha ar an trá agus ócáidí thiar. Ansin théadh muid síos go dtí Co. an Chláir agus bhí m’athair agus mo mháthair go hiontach mar thugaidís ar saoire muid, an cúigear againn, go dtí áiteanna éagsúla, go dtí Co Mhaigh Eo, agus is cuimhin liom a bheith i gCorcaigh agus in Eochaill agus in áiteanna eile mar sin, agus bheadh teach ar chíos acu nó d’fhanadh muid i dteach loistín.

CF: Cad é an t-ainm a bhí ar d’athair agus cad é an jab a bhí aige?

RUíÓ: Máirtín Ó Flathartaigh an t-ainm a bhí air. Státseirbhíseach a bhí ann. Ach an cúlra a bhí aige ná go raibh sé ina mhac léinn in ollscoil na Gaillimhe. Agus bhí sé ag teagaisc ansin ar feadh tamaill, ag léachtóireacht. Ansin tháinig sé go BAC agus bhí sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus sa Roinn Oideachais agus ina dhiaidh sin arís, bhí sé ina rúnaí ag an Uachtarán.

CF: Agus cé tharraing isteach thú i dtreo an bhéaloidis, cé chuaigh i bhfeidhm ort an uair sin, in éineacht led d’athair agus do mhuintir agus an cúlra a bhí agat.

RUíÓ: Bhí rud éigin ionam féin, is dóigh liom, gur thaitin sé go mór liom, mar ábhar, an cinéal saoirse a bhaineadh leis. Agus gur bhain sé le aicme b’fhéidir ná raibh an oiread sin béime leagtha uirthi mar aicme agus bhí baint agam leis an gCumann Gaelach cuid mór freisin agus bhí daoine a bhí tagtha as na Gaeltachtaí agus bhí an-luí agam leo. Duine a chuaigh i bhfeidhm orm go han-an mhór ná Breandán Ó Buachalla. Sár-sárléachtóir a bhí ann. Agus ní fíú amháin ó thaobh an bhéaloidis dhe, ach an saibhreas cainte a bhí aige, is dóigh atá chomh lárnach sa bhéaloideas fein. Agus daoine eile ansin, bhí Tomás O Concheanainn mar léachtóir againn a bhí sár-mhaith. Tomás de Bháldraithe, deartháir do mo mháthair, ab ea é. Bhí an ceangal sin ón mbaile mar sin i gceist freisin. Is cuimhin liom go dtagadh Tomás agus a mháthair féin ar chuairt againn go rialta.

CF: Mar sin, bhí an léinn tábhachtach sa mbaile agaibh i gcónaí?

RUíÓ: Bhí, bhí an-bhéim air sa chlann. Bhíodh mo mhuintir i gcónaí ár spreagadh le, - ní mise amháin, ach cuile duine sa bhaile - le cur leis an léann, agus mar a déarfadh mo mháthair i gcónaí, ní haon ualach an t-oideachas agus bhí an ceart ar fad aici.

Taobh na Máthar

CF: Agus cad faoi do mháthair, cad é an t-ainm a bhí uirthi. An raibh do mháthair ar an ollscoil nó an raibh sí siúd ag obair lasmuigh den bhaile?

RUíÓ: Máire de Bhaldraithe an t-ainm a bhí uirthi. Bhi sí tamaill ar an ollscoil agus bhí sí sa Státseirbhís ach an t-am san nuair a phós sí bhí uirthi éirí as, ach bhí tréimhsí caite aice i dTír Chonaill mar tá na cóipleabhair agam i gcónaí nuair a scríobh sí na scéalta a bhailigh sí féin nuair a bhí sí ina cailín óg. Bhí spéis aice a bheith ag bailiú scéalta freisin agus théadh sí siar go Conamara chomh maith. Ach b’ea é Tomás de Bhaldraithe a mhol dom an chéad lá riamh, mar ábhar don bhuntráchtas, díriú ar na hamhráin agus bhí clárú déanta ag Proinséas Ní Dhorchaí a rinne clár amhrán den Achréidh tamall de bhlianta roimhe sin …. Mhol Tomás dom díriú ar bharúntacht Bhaile na hInse. Agus is dócha gurb shin an áit ba mhó ar airigh mé go raibh mé sa bhaile, ceantar Charna agus thart ar sin. Agus bhí an-áthas orm gur mhol sé é sin dom agus fuair mé cead dul i mbun na lámhscríbhíní agus innéacsú agus clárú a dhéanamh ar na hamhráin ... B’í an tráchtas sin a chur ar bhóthar go leor leor eile mé. Mar gheall air, is sa tráchtas sin a chur mé aithne ar an gceantar, ar amhránaíocht an cheantair, ar na hamránaithe, ar na bailitheoirí, ar na scéalta a bhain leis na hamhráin, ainmneacha ar nós Séamas Ennis ná raibh cloiste riamh roimhe sin agam.

CF: In éineacht le do chuid dualgaisí mar stiúrthóir ar CBÉ, agus mar thaighdeoir agus mar léachtóir ag na mic léinn, cad eile atá idir lámha agat na laethanta seo. Bhfuil aon rud mór, aon togra ar siúl agat?

RUíÓ: Tá mé ag obair in éineacht le Tom Sherlock faoi láthair ar eagarthóireacht ar dhá dlúthdhiosca atá críochnaithe agus leabhar agus grianghraifeanna ina mbeidh ceol agus amhráin a bhainfeadh leis an saol eile. Agus tá mé blianta fada ag obair ar sin. Tá sé ionann is réidh le cur ag na clódóirí.

CF: An í sin deacracht ag lárionad ollscoile mar seo, aird an phobail a dhíriú ar na leabhair tábhachtacha seo atá á bhfoilsiú agaibh, mar fágtar iad agus an t-ábhar atá sa chnuasach i leataobh go minic? Sin é an rud faoin mbéaloideas, nach gcuimhníonn daoine air go dtí go bhfuil sé ródhéanach.

RUíÓ: Is fíor san, cinnte, agus tá sé ráite ag go leor daoine a bhíonn ag plé leis an mbéaloideas faoin uair a chuimhníonn daoine ar ábhar a bhailiú, go mbíonn an t-ábhar sin ag imeacht, is nuair a thugtar faoi deara go bhfuil rud ionann is imithe, go minic, socraítear ar é a bhailiú agus sílim, má d’éirigh liom rud ar bith a chur in iúl do na mic léinn, b’fhéidir an tuiscint sin go bhfuil an béaloideas ionainn ar fad, go bhfuil sé an-lárnach do fhorbairt ar an mbéaloideas, go nglacfaimid leis go bhfuil agus go bhfuil ealaíon ag baint leis an mbéaloideas.

Ach is é Cnuasach Bhéaloideas Éireann ceann de na cnuasaigh is saibhre dá chineál ar domhan agus is acmhainn uathúil é ó thaobh staidéar chultúr traidisiúnta na hÉireann. Ní féidir an-iomarca béime a leagan ar an tábhacht a bhaineann leis maidir le taighde léannta i raon disciplíni ná ar a lárnaí is atá sé i gcur chun cinn chultúr na hÉireann i gcoitinne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.