Bronnadh duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas sa Cheoláras Náisiúnta ag tús mhí Dheireadh Fómhair. D’éirigh le Sadhbh Ní Cheallaigh, arb as an gCeathrú Rua di, duais chomórtas na hiriseoireachta idirlín a bhuachan. Seo é an t-alt lenar bhuaigh Sadhbh, atá sé bliana déag d’aois, an comórtas.
»»»Sa sliocht seo as leabhar taistil mar gheall ar an bPolainn atá á scríobh ag Alan Desmond agus a fhoilseofar i gceann cúpla mí, tá cur síos ar chuairt a thug an t-údar ar shluachampa géibhinn Majdanek in aice le Lublin, i gcuideachta an amhránaí John Spillane agus an fhile Louis de Paor.
»»»Seo sliocht as [i]Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil[/i], leabhar nua le Pól Ó Muirí a fhoilseofar ag deireadh na míosa seo.
»»»Seo scéal as cnuasach nua gearrscéalta le Gabhán Ó Fachtna, Bás is Beatha ar an Bhóthar Chreagach.
»»»Seo sliocht as “Jude”, le Micheál Ó Conghaile, ceann de na trí dhráma atá le fáil i leabhar a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta le gairid, Jude, Gaeilgeoir Deireanach Charna agus Incubus.
»»»Seo ceann de na scéalta atá le fáil sa leabhar Taisce Focal, bailiúchán de shé scéal déag a bhí i gcló san iris seo thar roinnt blianta. Is iad Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy údair na scéalta, atá bunaithe ar shaol an lae inniu agus a thugann léargas maith don fhoghlaimeoir ar leaganacha cainte agus struchtúir dhúchasacha. Tá gluais chuimsitheach ag deireadh gach scéil agus tá dhá dhlúthdhiosca leis an leabhar ar a bhfuil ceathrar cainteoirí dúchais as Rann na Feirste le cloisteáil ag léamh na scéalta. Tá an comhad fuaime a théann leis an scéal áirithe seo le fáil ag bun an leathanaigh.
»»»Seo sliocht as An Bóthar go Santiago (Cois Life, 2007), an chéad leabhar le Mícheál de Barra as Contae an Chláir. Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
»»»Seo sliocht as úrscéilín nua le Colm Ó Snodaigh, Pat the Pipe, Píobaire.
»»»Seo scéal as [i]Hormóin! agus Scéalta Eile[/i] (Comhar) le Pól Ó Muirí. Tá an leabhar dírithe ar dhéagóirí óga agus ar fhoghlaimeoirí fásta.
»»»Is sliocht é seo as úrscéal nua eachtraíochta le hAnna Heussaff, atá lán de theannas is de spleodar. Tá sé ag plé le saol samhlaíoch pháistí an lae inniu: gluaisteáin ghasta, ríomhchluichí agus turais i mórchathracha cáiliúla. Tá an saothar oiriúnach do dhaoine óga idir naoi mbliana agus dhá bhliain déag.
»»»Sliocht as úrscéal nua Dermot Somers, Buaic, an chéad saothar ficsin i nGaeilge ón sléibhteoir cáiliúil.
»»»Gearrscéal ón mbailiúchán nua le Daithí Ó Muirí, [i]Ceolta[/i], a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) i mí an Mheithimh.
»»»Tá an dán seo tógtha ó chnuasach nua dánta Choilm Bhreathnaigh, Chiaroscuro, a sheolfar an mhí seo.
»»»Tá glúin nua scríbhneoirí próis ag cur brí agus beatha sa litríocht ghaelach in Albain, agus tá an scríbhneoireacht Ghàidhlig ag dul ó neart go neart ó bunaíodh an fiontar foilsitheoireachta Ùr-sgeul. Tá na foilsitheoirí Éireannacha Cois Life i ndiaidh dul i bpáirt leo chun Hurlamaboc le hEilís Ní Dhuibhne a chur ar fáil i nGàidhlig agus cnuasach gearrscéalta le Màrtainn Mac an t-Saoir agus Donnchadh Mac GiollaIosa a chur ar fáil i nGaeilge. Is é ainm an chnuasaigh ná Malairt Scéil - Nuascéalaíocht as Albain, arna aistriú ag Antain Mac Lochlainn. Seo thíos scéal le Màrtainn Mac an t-Saoir.
»»»Is sliocht é seo as úrscéal nua le Pádraig Standún, Sobalsaol, atá díreach foilsithe.
»»»Is sliocht é seo as úrscéal nua le Pádraig Standún, Sobalsaol, atá díreach foilsithe.
»»»Seo gearrscéal le hEoghan Mac Giolla Bhríde a bheas le fáil sa chéad chnuasach eile scéalta uaidh, a sheolfar ag an Oireachtas i gCorcaigh an mhí seo chugainn.
»»»Seo sliocht as úrscéal nua le hÁine Ní Ghlinn a fhoilseofar go luath. Is scéal bleachtaireachta é faoi fhuadach páiste. Sa sliocht seo, tá gach duine réidh le haghaidh chuairt an Uachtaráin ar an scoil. Tá siad ag súil le lá mór – ach tarlaíonn eachtra a bhaineann preab uafásach as gach duine.
»»»Anseo thíos, tá roinnt dánta le Gabriel Rosenstock. Seo an méid atá le rá ag an bhfile féin mar gheall orthu:
»»»Seo sliocht as leabhar nua an Athar Pádraig Standún, Eaglais na gCatacómaí, ina bhfuil cur síos ar na trí bliana déag is fiche atá caite aige mar shagart i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Sa sliocht seo, tugann sé cuntas ar na deacrachtaí a bhí aige féin agus ag sagairt eile nuair a cuireadh iad chuig oileáin Árann den chéad uair.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.