CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Turasóirí
Pádraig Standún Pádraig Standún

Gearrscéal le Seán Ó Siadhail.

Íomhá
Íomhá

Cuairteoir beag saoithiúil a bhuail isteach chugam ar maidin is mé i mo phrochóg i gceann mo mharana - le fírinne bhí mé i gcás idir dhá bhuille de mo mheana, cé acu ba chóra dom a leithéid seo ná a mhacasamhail úd de stríoc a thriail. Ní rómhaith riamh an teoiric a thug mé liom. Dá n-éisteoinn le mo chuid oidí, dá ngníomhóinn mar a iarradh orm is ní mar ab fhearr a d’fhéad mé, nuair a bhí a sheans sin agam, ní i mbrocais dhorcha le m’aghaidh ar an bhalla a chríochnóinn.

Ach an cuairteoir seo atá mé a rá.

Sheas sé le m’uillinn, é ag amharc ar mo chuid oibre, ag stánadh uirthi go mínósach, nó b’fhéidir go raibh sé ag fanacht le go gcríochnóinn an léaráid áirithe sin sula gcuirfeadh sé forrán orm.

Mise chuaigh roimhe más ea. Is deacair agam aon dúil a chur sna línte nuair atá dúil bheo eile ina sheasamh idir mé agus cruinniú mo mheabhrach. Is frídín deannaigh faoi m’fhabhra orm í. Caithfidh mé aire a thabhairt uirthi. Air sa chás seo, firín beag fionn, a chraiceann glasuaine ar nós caimileoin, bhí súil agam i gcaitheamh an ama a raibh mé ag caint leis go n-athródh a dhath go donnliath na huaimhe. Níor athraigh. Feisteas coimhthíoch air, níor éirigh liom a fheiceáil cad é mar d’osclódh sé an chulaith. Ach ba seacht fairsinge a chraiceann ná a éide, leadhb leathan ris a sciathán is a chos is a mhuineál is gan rian ar bith den fhionnachrith orthu. As tír shioctha a tháinig sé nuair ab aoibhinn lena ghéaga aeráid fhionnuar s’againne.

“An dtig liom cuidiú leat?” arsa mise, ní raibh mé ag iarraidh bheith míbhéasach ar nós cuma liom, ach níor mhaith liom é a shílstean gur fíordhuine siopa mé!

“Huth? Ó sea, tuigim anois, Can I help you? Ní raibh mé ag súil leis an aistriúchán,” ar seisean.

“Cad é raibh tú ag súil leis, mar sin?”

“Leis seo,” ar seisean is d’ardaigh sé a lámha ionsar achan rud sa phluais: díon, urlár, ballaí, mise. Thug sé faoi deara go raibh mé á ghrinniú. “Mar sin atá sé san r-leabhar” – d’ardaigh sé a r-leabhar ina lámh dheas – “idir Cliseadh Shráid Wall is Géarchéim Munchen.”

Bhreathnaigh mé a lámh. Ba gheall le slis creige an rud a bhí ina dhorn aige. Solas beag a las i lár na slise, fuinneog, a d’ardaigh sé ionsorm. Chonaic mé liosta i dteanga éigin nárbh eol dom cén taobh den scáileán ar thosaigh sí, ná cén treo a léifinn í.

“Deir sé anseo” – d’éist sé le glór an r-leabhair – “nach bhfuil treoraithe ar bith ar fáil. B’fhéidir go mbeifeá féin toilteanach ár súile a dhéanamh dúinn thar do chuid oibre féin nó thar obair do chomhléaráideoirí? Íocfaimid.” Is mar chruthú ar an chéad phearsa iolra sin, seo anall chugainn cúigear glaschraicneach eile, iad feistithe mar mo dhuine ach brollach is másaí ar an triúr ban.

Thosaigh siad uilig ag sciolladóireacht ag an am chéanna, ba chosúil leis sin, b’fhéidir nach raibh ann ach go raibh siad ag fiafraí dá chéile cá raibh an leithreas.

“An mbeifeá sásta?” arsa an firín. Sheas duine de na mná lena thaobh, cluas uirthi. Dá mbeadh sí óg dathúil, is cinnte go mbeinn. Mar a bhí, dheamhan fonn orm. “Ní bhreathnaím ar ghréasobair na saothraithe eile,” arsa mise. “Ná ní mó a thiocfadh liom mo chuid líníochta féin a phlé le duine ar bith. Ní thuigim mo shamhlaíocht féin. Cad é mar a thiocfadh liom a míniú do dhaoine nach mé?”

“Éist, a dhuine uasail,” arsa an coimhthíoch. Thug mé cluas bhodhar dó. D’éirigh sé as, d’imigh mar a tháinig, gan choinne gan chuireadh.

Is rófhada san uaimh seo gan cuideachta cheart gan tinfeadh gan tuigbheáil mé. Tá an obair féin leamh, tá na coinníollacha níos fearr ag páistí fuaite earraí leathair i sclábhlanna Mharaicéise, ná atá againne Ealaíontóirí Uaimheanna Éireann, Teo. Éireoidh mé as, gheobhaidh r-leabhar fá mo choinne féin, cuirfidh mo chraiceann caimileoin orm, go dturasóirfidh mé, feiceáil an bhfuil a dhath ar bith níos suimiúla ná glasuaine na gcnoc i gceathrú inteacht eile den domhan.

Is as Doire ó dhúchas é Seán Ó Siadhail, ach tá sé ina chónaí i gContae na Mí anois, áit a bhfuil sé ag múineadh scoile. Tá úrscéalta agus gearrscéalta foilsithe aige agus duaiseanna Oireachtais gnóthaithe ag saothar dá chuid. Foilsíodh a úrscéal *Finnscéalaíocht an Ghrá ag deireadh 2004.*

Gluais • Glossary

cuairteoirvisitor

saoithiúilpeculiar

prochógcave, hovel

i gceann mo mharanaengaged in contemplation

meanaawl

a thriailto try

oidíteachers

dá ngníomhóinn mar a iarradh ormhad I acted as I had been told

brocaisden

le m’uillinnbeside my elbow

ag stánadh uirthistaring at it

go mínósachrudely

an léaráid áirithe sinthat particular sketch

sula gcuirfeadh sé forrán ormbefore he would address me

dúil bheolive creature

cruinniú mo mheabhrachthe gathering of my thoughts

frídín deannaighdust germ

m’fhabhramy eyelash

aireattention

glasuainevivid green

donnliath na huaimhethe grey brown of the cave

feisteas coimhthíochstrange attire

seacht fairsingeseven times more wide

leadhb leathana wide piece

fionnachrithgoose-flesh

tír shiocthafrozen country

géagalimbs

aeráid fhionnuar s’againneour cool climate

ionsar achan rud sa phluaistowards everything in the cave

Cliseadh Shráid Wallthe Wall Street Crash

Géarchéim Munchenthe Munich Crisis

slis creigea piece of rock

ina dhornin his fist

ionsormtowards me

cén treo a léifinn íwhat direction I’d read it

treoraitheguides

toilteanachwilling

comhléaráideoirífellow illustrators

cúigear glaschraicneach eilefive other green-skinned creatures

brollach is másaíbosom and thighs

ag sciolladóireachtscolding

ag fiafraí dá chéileasking each other

dheamhan fonn ormI wasn’t in the mood

ghréasobairfancywork

saothraithelabourers

mo chuid líníochta féinmy own drawing

mo shamhlaíocht féinmy own imagination

a míniúto explain it

tinfeadhinspiration

leamhdull

páistí fuaite earraí leathairthe children who sew leather goods

sclábhlannasweatshops

fá mo choinne féinfor myself

a dhath ar bithanything

i gceathrú inteacht eile den domhanin some other quarter of the world

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.